Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dólom
aidiacht
fuaim: dó-lúm
lom, bocht, folamh, feidheartha, gan bonn bán, lom scabhartha.
+
Tá an duine bocht dólom gan faice aige
Tá siad bocht dólom anois le na cianta, ainneoin go bhfuil sé ráite go raibh fuíoll na bhfuíoll acu roimhe seo. Sin é an chaoi: thíos seal agus thuas seal
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé chomh dólom inniu agus atá mise, théis a liachtaí airgead a chuaigh thrína lámha ariamh. Ba dona é faoi freisin. Ach deir siad gur mairg a bheadh go holc agus go bocht ina dhiaidh
Cá bhfaigheadh sí sin céad punt spré dá hinín agus í dólom. Tá sí chomh bocht le ní mé cé hé
Ara beannacht Dé dhuit, tá an áit sin dólom ar fad. Níl slí ná fáltas ann. Cén chaoi a mbeadh agus chomh maolscreamhach agus atá an droim siúd soir ar chúla na dtithe. Níl cion píosa talúna ar a fhuaid, ach leac ar fad. Sin é an méid
Bíodh unsa céille agat. Ar ndóigh níl slí do choise de thalamh istigh ar do bhaile, agus an méid sin féin dólom. An dtabharfá talamh ar na breaclachaí siúd taobh thiar. Ní thabharfainnse ar chaoi ar bith
Ní fhaca mé aon fhear ariamh ag plé leis an gceird chéanna nach dólom a bheadh sé as a dheireadh. Breathnaigh thú féin orthu, agus bréagnaigh mé má fhéadann tú. Gabhfaidh sé rite leat
Níl sé chomh dólom críochnaithe agus atá an deartháir, ach dheamhan mórán le reic aige ach an oiread. Agus tá lán púirín na hátha de mhuirín ar an duine bocht