Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Foghail
Ainmfhocal, Buineann
Geiniúnach Uathaidh: na foghla; na foghlach
Iolraidh: foghaileanna
1.
a.
dochar, millteanas, damáiste go háirid de bharr bradaíl beitheach.
+
Tá foghail déanta ag na beithigh sna goirt sin síos. Tá garraí coirce Mh. millte ar fad
Is mór an fhoghail atá beitheach indon a dhéanamh leis an sracadh thar claidhe féin. An bhfeiceann tú an gort eorna sin thiar ag mac Sh. Tá a bhfuil aníos le claidhe ann ó rath
TUILLEADH (2) ▼
Sí an bhó is bradaí í dhá bhfaca mé ariamh. Níl a fhios cén fhoghail atá déanta aice ar fud an bhaile ingarrantaí goirt ó a ceannaíodh í.
Fadó dhá ndéanadh beitheach foghail thiúrfaí amach an measadóir leis an bhfoghail a mheas, agus an méid a mheasfadh sé in a hómós chaithfeadh fear na foghla a íoc
+
Rinne an sionnach foghail annseo soir inné = cearca a mharú
Tá foghail dhá dhéanamh ag an spailpín atá aige ar chaoi ar bith. Dheamhan ceann ar bith de na fataí nach bhfuil sceannta aige
TUILLEADH (3) ▼
Tá foghail déanta aca inniu thar agus ariamh. Dheamhan sop feamainne fágha ag neach an aoin ar an mbaile, ach í crapha aca dóibh fhéin.
Théis go bhfuil a bhean fhéin aige, níl sé sásta gan foghail a dhéanamh ar mhná eile
Tá foghail déanta aige sin ag fágáil na tíre dhó: triúr gearrchaileadha ó chrích aige
+
Tá foghail speile déanta ag an spealadóir mór seo thoir. Dheamhan a bhfuil sé ach ag sceadadh an fhéir. Dhá bhfeictheá na cuislíochaí atá san móinéar aige. Caithfidh sé a dhul air siúd aríst len a chorrán.
Níl foghail ar bith is measa ná foghail chorráin = an t-arúr a bhaint glas
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé cho hantlásach agus nach bhfuil breith aige ar thada nó go mbeidh sé déanta de rith agus de léim aige. Déanann sé foghail chorráin chuile bhliain, agus deir siad nach bhfuil foghail ar bith a chinnfeadh uirre
+
"Fál ar an ngort indiaidh na foghlach"; "sé fálú an ghoirt (an gháirdín) é th'éis na foghla" = an rud ba chóir duit a dhéanamh roimhré, é a dhéanamh nuair a bheadh an millteanas déanta
Ní thiúrfadh sé aon-fhód móna don fhear chneasta féin anois gan a híoc ar an táirne, ó d'imigh an fear siúd len a chuid airgid. Sé fálú an ghoirt é th'éis na foghlach. Ní dhearna sé in am é
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé ag dul ag cuartaíocht chor ar bith anois ann, ó heiríodh roimhe ag tiacht abhaile as. Fál ar an ngort th'éis na foghla. Ní bhfuighidh sé aon-fhios go deó cé a d'eirigh roimhe
+
"Bíodh cluais bhodhar ag fear na foghla"; "Cluas bhodhar ag fear na foghla" = is mór adéarfar leis, agus a chaithfeas sé a leigean thairis, má bhíonn an millteanas déanta aige féin ná ag a chuid beithioch
D'ith sí agus liobair sí mé, ach níor dhúirt mé fhéin tada. Cluais bhodhar ag fear na foghla 'ar ndú'!
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhéadfainn a rádh? Nach raibh a iothlainn ar fad millte aca. Sé an rud is lú d'fhear na foghla cluais bhodhar a bheith aige
b.
caitheamh, ídiú, ithe, obair, saothar, iarracht.
+
Is beag é foghail duine ar an ngarraí siúd = is gearr a rachas saothar duine aonraic air; níor mór beirt nó triúr le éadan a chur air
Tá an oiread fataí le baint agam ar chaoi ar bith agus gur beag é foghail duine orra. Tá cion cheithre pholl mhaith eile le baint agam
TUILLEADH (6) ▼
Is gearr é m'fhoghail-sa ar an bportach siúd = níl mé indon brí a dhéanamh le hais mar tá le déanamh
Tá dhá ghort coirce le baint agam ach is beag é foghail duine dona mar mise orra. Fear óg luath láidir mar thusa bail ó Dhia ort nar mhór dom do chúnamh dhom
Is gearr é foghail mná ar an tráigh fheamainne siúd = níl bean indon mórán den fheamainn a bhaint ar ghualainn a bhfuil le baint
Ba bheag é a fhoghail sin ar na fataí. 'Ar ndú' ní indon fataí a ghortghlanadh atá sé sin
Ba bheag í m'fhoghail-sa feasta choichín ar scramaire mar é sin. Mharódh sé sin triúr de mo leithide = ní bheadh aon-ghoir agam air ag troid
A dhuinín dhona ba bheag í t'fhoghail ar T. Mór an reacht ab fhearr a raibh tú de do shaol, ní áirím anois
+
Nach beag an fhoghail a rinne tú = duine nach n-íosfadh ach teirgéis
Seo riu! Níl foghail ar bith déanta agad fós. Ná déan droch-einneach ort féin. Ní taobh leis an méid a fheiceas tú in do mhiainis (fhiainis) atá muid míle buíochas le Dia
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé sin foghail, a dhuine sin. Bhí an chiseóg (fhataí) feidhearha go maith nuair a bhí sé réidh léithe
Is beag é m'fhoghail-sa ar bhiadh ná ar bheatha. D'íosfadh dreóilín an oiread liom, ní ag ceasacht ar Dhia é
c.
·
Tá an obair ag dul thar m'fhoghail = níl mé indon freastal di ar fad; tá go leor di nach bhfuil aon-ghoir agam a dhéanamh
M'anam agus ná raibh ag an diabhal go ngabhfaidh an cúilín gágach seo thar m'fhoghail. Cinnfidh orm a bhaint choichín mara bhfuil ag Dia
2.
mísc, donacht, faltanas.
·
Théis nach raibh focal cainte fágha ag Colm, bhí J. dhá shaghdadh le gleáradh eile a bhualadh air. Bhí an fhoghail in J., go ndéanaidh Dia grásta air = olc, faltanas, mísc
Fan glan air sin. Is duine é sin a bhfuil foghail (olc) ann, ach cá bhfágfadh sé í?

Féach freisin

Foghail in iontrálacha eile (50+)

 
Thearasbár cuthach a bhuail é nuair a chonnaic sé fear na foghla ag árdú an chlaidhe
 
Ní raibh muid foirghe ariamh go dtí anois muis, má chuirtear an fhoghail a rinneadh annsin thiar sna "rates" orainn
 
Sharaí dhó, an frídeóirín! 'Ar ndó, ní foghail fir atá sé sin indon a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é in a dhiaidh sin
 
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag tuitim dhá cheann
 
Caithfidh mé eirí le fáinniú lae amáireach agus a dhul indiaidh coiníní. Tá foghail déanta aca san ngeamhar sin thuas
 
Ná raibh Dia leis anois mara bhfuil na físeachaí agus na pínneachaí corra aige de bharr a aistir! A theacht aniar annseo ag ropaireacht ingeall ar uan a dhul thar claidhe air! Agus a chuid beithioch féin i bhfoghail orainne 'chuile ré solais!
 
'Sé anois a thráth muis, a' biorrú an chlaidhe, nuair atá an fhoghail déanta.
+
Bhí achrann ar an mbaile seo thiar inné. P. a chuaigh ag fuagairt foghla do N. agus d'ionnsuigh N. é. Dar mo choinsias tá a bhfuil d'fhataí ag P. imbarr an bhaile foghluithe, millte. Beithigh N. a rinne é. Leag siad an claidhe teorann
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh planndaí agamsa marach gur foghluíodh iad. Dar fiadh bhí siad ag fás go breá. Ach chart na cearca atá ag an rúisc sin thoir iad. Níl foghail ar bith is luar liom ná foghail chearc. Is measa í ná an fhoghail chorráin féin
 
Bhíodh fál buaile ann san sean-reacht. Ní bhíodh cuid den talamh roinnte chor ar bith, ach cead ag chuile fhear a chuid fhéin a chur air, agus duine a chur amach ag fosaíocht in a gcionn annsin. Ag pailitéaraí is mó a bhíodh sé … Dheamhan binn ná binn a shocruithí ar thalamh den tsórt siúd. Bhíodh an talamh cuir agus an cimín cho maith le chéile gan claidhe ná fál. Dhá mbeadh droch-fhosaíocht ann, an té a mbeadh foghail déanta air, bíodh
 
Is furasta leis daoine a fháil le dhul ag baint fheamainne agus dhá scaoileadh le gaoith. Má theigheann a mh'anam, beidh seisean ar thaobh an fhascadh. Dheamhan mórán foghail a dhéanfas seisean ar fheamainn = ní dhéanfaidh sé brí oibre, nó má níonn sí an obair is lú sclábhaíocht í. D'fhanfadh sé ar na bráideannaí tirme ag baint na feamainne agus thiúrfadh sé cead don dream eile iad fhéin a fhliuchadh
 
B'fhearr daoib fuagairt air breathnú indiaidh a chuid beitheach nó go ndéana siad foghail
 
furú
Cén sórt forú atá air seo suas? Níl breith bonn báis aige go mbeidh sé thuas ag tolladh sna clochair sin. M'anam muise nach len a fhoghail ann é! Bheadh an oiread talúna deargha ag fear roimh a bhricfeasta agus atá deargha aige ann le coicís
 
Déanfaidh na beithigh sin faobach san iothlainn, má theigheann siad i bhfoghail innte, agus gabhfaidh
 
Tá sé thar cíonn ag fiagaíocht sna locháin, indiaidh iascáin agus portáin, ach ní morán foghail a dhéanfas sé ar an bhfeamainn = ní ag baint na feamainne a bhíos sé, mar ba chóir dó a bheith, ach ag tógáil iascáin agus portáin
 
Bhearr mé na cearca inniu. Níor fhága mé fúinín amach ón dúid orra. Bhí siad ag dul i bhfoghail ar T. Mh. san ngarraí sin amuigh
 
Sé fálú an gháirdín é th'éis na foghla(ch) = fál ar an ngort indiaidh na foghlach etc. (fc. foghail)
 
fír
Cá bhfuigheadh sé sin fír ar bith a bheith ann, dhá dteigheadh sé leis an dreoláinín is athair dó? Ba é a chloch neart chuile lá ariamh siúl go dtí an garraí, ní áirím aon-fhoghail a dhéanamh ann
 
fód
Is foghail cheart atá sé a dhéanamh annsiúd. Cuirfidh sé an talamh ó rath. Ní chuirfeadh fear ar bith ach amadán an taobh dearg den fhód aníos ó thalamh íochtair mar siúd. Brioscóidh na boird uiliog feicfidh tú féin air
 
Sin í a cheird i gcomhnaí: fruch frach mar sin air. Ní fhaca tú aon-duine ariamh is antlásaí ná é. Bíonn teas an aithinne in a thóin ag dul ag déanamh chuile rud. Agus ní len a fhoghail é. Dheamhan maith a fheiceas muid ar a gharraí, ach an oiread le duine ar bith eile
 
Níl aon-fhear oibre faoi na broit a chinnfeadh air in imeacht uair an chloig, ach uaidh sin amach ná bac leis. Dhéanfadh páiste an oiread foghail leis. Níl ann ach an speidhear sin. Fuaraíonn sé san bpoll a dtéann sé
 
Dar udhacht an tsiogáin (seangáin) duit níl aon-dallán ag gabhail leo. Á nach hé an fhoghail é! Tá mé as síolta muis i mbliana. Mar a chéile uileag iad. Dheamhan ceann go tóin aca nach hé an chaoi chéadna leis é
 
danra
Séard a bhí agad a dhéanamh má tá rún agad bualadh faoi'n riasc siúd na cliamhanachaí móra atá annsin thiar agad a thabhairt aniar go ceann seachtaine agus neart mairtfheola a thabhairt dóibh. Tá an talamh siúd cho dan(d)ra agus nach gcuirfidh duine ar bith é ach fir urradhanta a bhfuil smior ionnta. Maidir le duine dona mar thusa a dhul ag plé leis, is beag é t'fhoghail air
 
Is beag an fhoghail atá Páidín bocht indon a dhéanamh feasta choichín i ngarraí ar bith. Tá deachma na sláinte ar an duine bocht.
 
deara
Tabhair faoi deara go bhfuil rud eicínt air, ar ala na h-uaire (fainic nach bhfuil rud eicínt air; tá rud eicínt air). Dhéanfadh páiste an fhoghail atá déanta aige ins an ngarrdha le coicís. Ní theigheann sé amach ar aon-chor, go n-ársuigheann an mhaidin amach, agus sin iongantas d'fhear a bhí in a mhochóireach cho maith leis-sean 'chuile lá ariamh
 
Deasuigh uaim do láimh. Tá sí ag dul i bhfoghail = cailín óg le buachaill
 
Rinne dioscán buláin le S. Ph. Mh. foghail air annseo an bhliain cheana. Ba bheag aca a bhí ann déarfainn, ach má ba bheag mór é, soir leis de mhaol a mhainge gur fhuagair sé do na póilíos é. Sin é an fear atá géar faoi fhoghail. Agus cuid 'chuile dhuine foghluighthe aige féin. Ach bíonn daoine ann mar sin
 
Is beag é m'fhoghail-sa anois. Tá mé indeireadh mo shaoghail agus mo mhaitheasa = níl mé indon faice oibre a dhéanamh. Tá mo chuid oibre ar iarraidh
 
dlúth 1
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach ionnta go tóin. B'uathbhás é a sean-athair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí 'sa teach a bhfuil T. Ó. C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarrdha fataí leis thuas imbárr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghluighthe ag an ngamhainín. D'fhága sé annsin é agus tháinic sé anuas go teach de mhaol a mhainge go bhfuair sé láighe agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láighe agus leis an bpíce. Cé'n bhrigh ach chuaidh sé suas agus anuas thar teach na baintrighe gan caidéis ar bith a chur uirre. Ghiorruigh sé leis an ngamhainín ar aon-chor agus d'fheann sé é, agus d'arduigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrighe dhó d'fhuagair sé uirre: "Gabh suas agus cuir do ghamhain" adeir sé. "Thug mise an craiceann liom in omós foghla".
+
dochar
Tá foghail mhór déanta ort, agus ní hé a d'fheil duit a dhuine bhoicht, ach níl rud ar bith is fhearr duit anois ná an buille réidh. An uair is mó an dochar 'seadh is fhearr an fhoighid
TUILLEADH (1) ▼
Is fada fada a bheinnse ag dul an bóithrín shul (dh)a chuimhneóchainn dochar ná díobháil a dhéanamh do do cheapaichín phlandaí. Leag ar an dream é a bhíos tugtha síos leis an bhfoghail i gcomhnuí
 
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
 
Ó muise a dhreoilín is beag é t'fhoghail-sa ar aon-chor (fc. dreólán) = níl tú indon faice a dhéanamh
 
dris
'Sé an dris chéadna ag amhlóireacht i gcomhnuí é. Ní raibh ann an trathnóna faoi dheire ach gur thug budóg le P. Mh. sracadh thar claidhe in a chuid coirce, agus thosuigh sé ag gabhail le buile. Cé'n bhrigh dhá mbeadh foghail déanta aice, ach ní raibh
 
Níl a fhios agam nach ndeárna tú droch-eineach ort fhéin. Ní mórán foghail a rinne tú ar chaoi ar bith
 
Gheobhaidh sí sin dualgas an tslisne uaimse fós in omós na foghla sin. Cuirfidh mise cuid is mó ná sin as di feicfidh tú féin
 
dubh 2
Bíonn sé amuigh leis an dubh (dubh na maidne; leis an réalt) chuile mhaidin, agus is beag í a fhoghail in a dheidh sin
 
Seo í an dubhluachair. 'Ar ndú 'ní dochar cead scuir a bheith ag caoirigh anois. Níl foghail ar bith le déanamh aca
 
duine
A dhuine chroidhe na páirte, an dáiríre atá tú? 'Ar ndú' ní ag síleachtáil atá sí go bhféadfaidh sí foghail a dhéanamh orainne as éadan
 
Abair go bhfuil rud a dhéanamh leo: an rud a rinne P. Ph le asal an tincéara an uair a rinne sé foghail air: é a chur ar thaobh cúl a chinn i gclaise, agus créafóig a chur uiliog air, le nach mbeadh aníos ach a dhá shúil
 
'Sé a rinne díbheirgeach ar an mbó é agus gob an chorráin a chur dhá bháthadh in a glota. Tá sí réidh sílim. Ní bhuachfaidh an fear ar leis í aon-phighinn go deo uirre. Shílfeá nach ndéanfadh sé cleas mar sin, faoi nach ndearna an bhó foghail ar bith, ach a dhul thar claidhe isteach ins an gcimín. Diabhal mé go ndéanfadh duine rud as taghd b'fhéidir dhá mbeadh ciseach déanta de chur — ach talamh bán. Is daor a bheadh sí air muis, marach go raibh sí istigh ar a chuid talmhana féin. Ach ní bhfuigheadh an ceann eile (an té ar leis í) comhaireamh na sop. Bhí an bhó ar chuid an fhir eile agus mhionnóchadh sé siúd, ní dhá roint leis é, a dtáinic ariamh le é féin a shaoradh. Is air nach mbeadh an mhoill
 
díle 1
Mo chreach muise a mbainfidh mise d'fhéar leis an miodaichín speile sin atá ann ó'n Díle. B'fhéidir dhá bhfaighteá speal nua dhom go mbeinn indon foghail eicínt a dhéanamh air … Má tá spealta cho gann sin bainighidh le corráin é. 'Bhfuil fhios aghad cá bhfaca mé fear ag sáthadh speile isteach i móta: thíos ar an E. Mh. Mara bhfuil aon-drugal ort, gabhfamuid síos anocht, agus goidfeamuid í: síos treasna. Is beag an bhrigh é: naoi nó deich de mhílte
 
Bhíodh an ghráin dhíobhálach aige sin ar mhná fadó. Ní bheadh goir ar bith agad a dtarraint anuas as a chomhair. Ach chuir na Cáiteannaí an Chluain Mhuimhneach (buidhneach?) air. Is ann atá móin dhá dóghadh dhó anois. Is beag é a fhoghail i ngort ná ingarraí ó a thaithigh sé san teach sin
+
Bíonn díocas ar an aineoluidhe i gcomhnuí, go dteagaidh sé isteach ar an obair. Glacann sé é féin go réidh annsin, agus is fearrde é freisin é. Aindeoin a bhfuil de dhíocas air seo thíos, is suarach le rádh an fhoghail atá déanta aige le dhá lá. Diabhal mé dá mbadh gasúr a bheadh ann go mbeadh an oiread céadna déanta aige
TUILLEADH (1) ▼
M'anam muise gur furasta dhomsa ar leath-uinsín gágach tae ins an tseachtain 'chuile fhéith in mo chorp a chur faoi dhíocas ag obair. Ní h-eadh ach is mé is fearr ar bith agus a bheith indon aon-bhuille a dhéanamh ar an mbod siar eile sin (coffee). Ní mó ná dhá bhfaghainn dalladh feola agus dalladh pórtair go mbeinn in dan foghail eicínt a dhéanamh. Maidir le go bhfuil cothú fear oibre ins an mbeatha atá ag imeacht anois — níl muise. Is ait atá na daoine ag cruthachtáil go bhféadann siad breith ar láighe ar bith léithe
 
díol 2
Níl aon-díol faoin domhan nar thug sí orainn, scáth gamhain a dhul isteach i ngarrdha fataí annsin thuas uirre. Má chuaidh féin, ní dhearna sé aon-fhoghail: cupla sracadh le colbh. Is féidir len a cuid-sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingigheann tú anuas aice é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!
 
Ní bhainfidh tú mórán feamainne duibhe is na bráideannaí sin ar dhí thráigh meath-rabharta. Níor bhfuláir duit rabharta mór féin le aon-fhoghail a dhéanamh ann
 
Dhá bhfaghadh siad "freastal" is orra nach mbeadh an mhoill dubhachan a dhéanamh, ach d'fhuireasbhaidh an fhreastail, tá siad coinnighthe siar. An té a chaithfeas síolta a ghearradh agus a scaradh agus aoileach a chur amach, is beag é a fhoghail
 
Is minic a chonnaic mé duine a bheadh i bhfad in a throscadh dúlaidhe imbeatha an uair a gheobhfadh sé leigean uirre; ach maidir leis siúd chaithfeadh sé go raibh sé in a throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste in a mhiainis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne reamhar, a bhulóg aráin mar deireadh N. Ph. agus "taypot" tae. An uair a d'altuigh sé an biadh ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaoidheachtáil air é! — agus a shluigfeadh dreoilín. Cé'n bhrigh ach an rud adubhairt sé i dtosach: "is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le goirid — is beag sin." Dar láthar Dé dubhairt. Is fear é a fuair anshógh le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoi'n bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus cho mór-thráthach agus atá. "Go méaduighidh Dia 'chuile shórt ar fheabhas agaibh" adeir sé. M'anamsa muis nar mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sáthach minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mara ndéanadh is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
 
dún
M'anam nach ag ceasacht ar Dhia é muis gur beag é m'fhoghail-sa air. Tá mo ghoile dúinte uiliog. An oiread agus a bhuailfeá ar shúil dreoilín, ní bheadh ithte agam go ceann seachtaine