1.
a.
dochar, millteanas, damáiste, go háirid de bharr bradaíl beathach.
+–
Tá foghail déanta ag na beithígh sna goirt sin síos. Tá garraí coirce Mh. millte ar fad
Is mór an fhoghail atá beathach in ann a dhéanamh leis an sracadh thar claí féin. An bhfeiceann tú an gort eorna sin thiar ag mac Sh. Tá a bhfuil aníos le claí ann ó rath
TUILLEADH (2) ▼
'Sí an bhó is bradaí í dhá bhfaca mé ariamh. Níl a fhios cén fhoghail atá déanta aici ar fud an bhaile i ngarrantaí goirt ó ceannaíodh í
Fadó dhá ndéanadh beathach foghail, thabharfaí amach an measadóir leis an bhfoghail a mheas agus an méid a mheasfadh sé ina hómós, chaithfeadh fear na foghla a íoc
+–
Rinne an sionnach foghail anseo soir inné — cearca a mharú
Tá foghail dhá dhéanamh ag an spailpín atá aige ar chaoi ar bith. Dheamhan ceann ar bith de na fataí nach bhfuil sceanta aige
TUILLEADH (3) ▼
Tá foghail déanta acu inniu thar is ariamh. Dheamhan sop feamainne fágtha ag neach an aoin ar an mbaile ach í craptha acu dóibh fhéin
Théis go bhfuil a bhean fhéin aige, níl sé sásta gan foghail a dhéanamh ar mhná eile
Tá foghail déanta aige sin ag fágáil na tíre dhó: triúr gearrchailí ó chrích aige
+–
Tá foghail speile déanta ag an spealadóir mór seo thoir. Dheamhan a bhfuil sé ach ag sceadadh an fhéir. Dhá bhfeictheá na cuislíochaí atá sa móinéar aige. Caithfidh sé a dhul air siúd aríst lena chorrán.
Níl foghail ar bith is measa ná foghail chorráin — an t-arbhar a bhaint glas
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé chomh hantlásach agus nach bhfuil breith aige ar thada nó go mbeidh sé déanta de rith is de léim aige. Déanann sé foghail chorráin chuile bhliain, agus deir siad nach bhfuil foghail ar bith a chinnfeadh uirthi
+–
Fál ar an ngort i ndiaidh na foghlach; 'sé fálú an ghoirt (an ghairdín) é théis na foghla — an rud ba chóir duit a dhéanamh roimh ré, é a dhéanamh nuair a bheadh an millteanas déanta
Ní thabharfadh sé aon fhód móna don fhear chneasta féin anois gan a híoc ar an tairne ó d'imigh an fear siúd lena chuid airgid. 'Sé fálú an ghoirt é théis na foghlach. Ní dhearna sé in am é
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé ag dul ag cuartaíocht chor ar bith anois ann ó héiríodh roimhe ag teacht abhaile as. Fál ar an ngort théis na foghla. Ní bhfaighidh sé aon fhios go deo cé a d'éirigh roimhe
+–
Bíodh cluais bhodhar ag fear na foghla; cluas bhodhar ag fear na foghla — is mór adéarfar leis, agus a chaithfeas sé a ligean thairis, má bhíonn an millteanas déanta aige féin ná ag a chuid beathach
D'ith sí agus liobair sí mé ach níor dhúirt mé fhéin tada. Cluais bhodhar ag fear na foghla ar ndóigh!
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhéadfainn a rá? Nach raibh a iothlainn ar fad millte acu. 'Sé an rud is lú d'fhear na foghla cluais bhodhar a bheith aige
b.
caitheamh, ídiú, ithe, obair, saothar, iarracht.
+–
Is beag é foghail duine ar an ngarraí siúd — is gearr a rachas saothar duine aonraic air; níor mór beirt nó triúr le éadan a chur air
Tá an oiread fataí le baint agam ar chaoi ar bith agus gur beag é foghail duine orthu. Tá cion cheithre pholl mhaith eile le baint agam
TUILLEADH (6) ▼
Is gearr é m'fhoghailse ar an bportach siúd — níl mé in ann brí a dhéanamh le hais mar atá le déanamh
Tá dhá ghort coirce le baint agam ach is beag é foghail duine dona mar mise orthu. Fear óg luath láidir mar thusa bail ó Dhia ort nár mhór dom do chúnamh dhom
Is gearr é foghail mná ar an trá fheamainne siúd — níl bean in ann mórán den fheamainn a bhaint ar ghualainn a bhfuil le baint
Ba bheag é a fhoghail sin ar na fataí. Ar ndóigh ní in ann fataí a ghortghlanadh atá sé sin
Ba bheag í m'fhoghailse feasta choíchin ar scramaire mar é sin. Mharódh sé sin triúr de mo leithide — ní bheadh aon ghair agam air ag troid
A dhuinín dhona, ba bheag í t'fhoghail ar T. Mór an reacht ab fhearr a raibh tú de do shaol, ní áirím anois
+–
Nach beag an fhoghail a rinne tú — duine nach n-íosfadh ach teirgéis
Seo riu! Níl foghail ar bith déanta agat fós. Ná déan drochoineach ort féin. Ní taobh leis an méid a fheiceas tú in do mhínis (fhianais) atá muid míle buíochas le Dia
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé sin foghail, a dhuine sin. Bhí an chiseog (fhataí) feidheartha go maith nuair a bhí sé réidh léithe
Is beag é m'fhoghailse ar bhia ná ar bheatha. D'íosfadh dreoilín an oiread liom, ní ag ceasacht ar Dhia é
c.
·
Tá an obair ag dul thar m'fhoghail — níl mé in ann freastal di ar fad; tá go leor di nach bhfuil aon ghair agam a dhéanamh
M'anam agus ná raibh ag an diabhal go ngabhfaidh an cúilín gágach seo thar m'fhoghail. Cinnfidh orm a bhaint choíchin mura bhfuil ag Dia
2.
mísc, donacht, faltanas.
·
Théis nach raibh focal cainte fágtha ag Colm, bhí J. dhá shaighdeadh le gleadhradh eile a bhualadh air. Bhí an fhoghail in J., go ndéana Dia grásta air — olc, faltanas, mísc
Fan glan air sin. Is duine é sin a bhfuil foghail (olc) ann, ach cá bhfágfadh sé í?
foghail in iontrálacha eile (48)
→
foirgthe
Ní raibh muid foirgthe ariamh go dtí anois muis, má chuirtear an fhoghail a rinneadh ansin thiar sna rates orainn
→
frídeoir
Shoraidh dhó, an frídeoirín! Ar ndóigh, ní foghail fir atá sé sin in ann a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é ina dhiaidh sin
→
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag titim dhá cheann
→
fáinnigh
Caithfidh mé éirí le fáinniú lae amárach agus a dhul i ndiaidh coiníní. Tá foghail déanta acu sa ngeamhar sin thuas
Ná raibh Dia leis anois mura bhfuil na físeachaí agus na pínneachaí corra aige de bharr a aistir! A theacht aniar anseo ag ropaireacht i ngeall ar uan a dhul thar claí air! Agus a chuid beathach féin i bhfoghail orainne chuile ré solais!
+
Bhí achrann ar an mbaile seo thiar inné. P. a chuaigh ag fuagairt foghla do N. agus d'ionsaigh N. é. Dar mo choinsias, tá a bhfuil d'fhataí ag P. i mbarr an bhaile foghlaithe millte. Beithígh N. a rinne é. Leag siad an claí teorann
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh plandaí agamsa murach gur foghlaíodh iad. Dar fia bhí siad ag fás go breá. Ach chart na cearca atá ag an rúisc sin thoir iad. Níl foghail ar bith is luar liom ná foghail chearc. Is measa í ná an fhoghail chorráin féin
Bhíodh fál buaile ann sa seanreacht. Ní bhíodh cuid den talamh roinnte chor ar bith ach cead ag chuile fhear a chuid fhéin a chur air agus duine a chur amach ag fosaíocht ina gcionn ansin. Ag pailitéaraí is mó a bhíodh sé … Dheamhan binn ná binn a shocraítí ar thalamh den tsórt siúd. Bhíodh an talamh cuir agus an cimín chomh maith le chéile gan claí ná fál. Dhá mbeadh drochfhosaíocht ann, an té a mbeadh foghail déanta air, bíodh
→
foscadh
Is furasta leis daoine a fháil le dhul ag baint fheamainne agus dhá scaoileadh le gaoith. Má théann a mh'anam, beidh seisean ar thaobh an fhoscaidh. Dheamhan mórán foghail a dhéanfas seisean ar fheamainn — ní dhéanfaidh sé brí oibre, nó má níonn sí an obair is lú, sclábhaíocht í. D'fhanfadh sé ar na bráideannaí tirime ag baint na feamainne agus thabharfadh sé cead don dream eile iad fhéin a fhliuchadh
→
fuagair
B'fhearr daoibh fuagairt air breathnú i ndiaidh a chuid beathach nó go ndéana siad foghail
→
furú
Cén sórt furú atá air seo suas? Níl breith bonn báis aige go mbeidh sé thuas ag tolladh sna clochair sin. M'anam muise nach lena fhoghail ann é! Bheadh an oiread talúna deargtha ag fear roimh a bhricfeasta agus atá deargtha aige ann le coicís
→
faobach
Déanfaidh na beithígh sin faobach san iothlainn má théann siad i bhfoghail inti, agus gabhfaidh
Tá sé thar cionn ag fiagaíocht sna locháin, i ndiaidh iascáin agus portáin, ach ní mórán foghail a dhéanfas sé ar an bhfeamainn — ní ag baint na feamainne a bhíos sé, mar ba chóir dó a bheith, ach ag tógáil iascáin agus portáin
→
foithnín
Bhearr mé na cearca inniu. Níor fhága mé foithnín amach ón dúid orthu. Bhí siad ag dul i bhfoghail ar T. Mh. sa ngarraí sin amuigh
→
fálaigh
'Sé fálú an ghairdín é théis na foghla(ch) — fál ar an ngort i ndiaidh na foghlach srl. (fc. foghail)
→
fír
Cá bhfaigheadh sé sin fír ar bith a bheith ann dhá dtéadh sé leis an dreoláinín is athair dó? Ba é a chlochneart chuile lá ariamh siúl go dtí an garraí, ní áirím aon fhoghail a dhéanamh ann
→
fód
Is foghail cheart atá sé a dhéanamh ansiúd. Cuirfidh sé an talamh ó rath. Ní chuirfeadh fear ar bith ach amadán an taobh dearg den fhód aníos ó thalamh íochtair mar siúd. Brioscóidh na boird uileag feicfidh tú féin air
Sin í a cheird i gcónaí: fruch frach mar sin air. Ní fhaca tú aon duine ariamh is antlásaí ná é. Bíonn teas an aithinne ina thóin ag dul ag déanamh chuile rud. Agus ní lena fhoghail é. Dheamhan maith a fheiceas muid ar a gharraí ach an oiread le duine ar bith eile
→
fuaraigh
Níl aon fhear oibre faoi na brait a chinnfeadh air in imeacht uair an chloig ach uaidh sin amach ná bac leis. Dhéanfadh páiste an oiread foghail leis. Níl ann ach an spadhar sin. Fuaraíonn sé sa bpoll a dtéann sé
→
dallán
Dar uacht an tseangáin duit, níl aon dallán ag gabháil leo. Á nach é an fhoghail é! Tá mé as síolta muis i mbliana. Mar a chéile uileag iad. Dheamhan ceann go tóin acu nach é an chaoi chéanna leis é
→
danra
Séard a bhí agat a dhéanamh, má tá rún agat bualadh faoin riasc siúd, na cliamhaineachaí móra atá ansin thiar agat a thabhairt aniar go ceann seachtaine agus neart mairteola a thabhairt dóibh. Tá an talamh siúd chomh danra agus nach gcuirfidh duine ar bith é ach fir urrúnta a bhfuil smior iontu. Maidir le duine dona mar thusa a dhul ag plé leis, is beag é t'fhoghail air
→
deachma
Is beag an fhoghail atá Páidín bocht in ann a dhéanamh feasta choíchin i ngarraí ar bith. Tá deachma na sláinte ar an duine bocht
→
deara
Tabhair faoi deara go bhfuil rud eicínt air, ar ala na huaire (fainic nach bhfuil rud eicínt air; tá rud eicínt air). Dhéanfadh páiste an fhoghail atá déanta aige sa ngarraí le coicís. Ní théann sé amach ar aon chor, go n-ársaíonn an mhaidin amach, agus sin iontas d'fhear a bhí ina mhochóireach chomh maith leisean chuile lá ariamh
→
deascán
Rinne deascán bulláin le S. Ph. Mh. foghail air anseo an bhliain cheana. Ba bheag acu a bhí ann déarfainn, ach má ba bheag mór é, soir leis de mhaoil a mhainge gur fhuagair sé do na póilíos é. Sin é an fear atá géar faoi fhoghail. Agus cuid chuile dhuine foghlaithe aige féin. Ach bíonn daoine ann mar sin
→
dlúth 1
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach iontu go tóin. B'uafás é a seanathair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí sa teach a bhfuil T. Ó C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarraí fataí leis thuas i mbarr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghlaithe ag an ngamhainín. D'fhága sé ansin é agus tháinig sé anuas go teach de mhaoil a mhainge go bhfuair sé láí agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láí agus leis an bpíce. Cén bhrí ach chuaigh sé suas agus anuas thar teach na baintrí gan caidéis ar bith a chur uirthi. Ghiorraigh sé leis an ngamhainín ar aon chor agus d'fheann sé é, agus d'ardaigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrí dhó, d'fhuagair sé uirthi: 'Gabh suas agus cuir do ghamhain,' adeir sé. 'Thug mise an craiceann liom in ómós foghla'
+
→
dochar
Tá foghail mhór déanta ort, agus ní hé a d'fheil duit a dhuine bhoicht, ach níl rud ar bith is fhearr duit anois ná an buille réidh. Nuair is mó an dochar sea is fhearr an fhoighid
TUILLEADH (1) ▼
Is fada fada a bheinnse ag dul an bóithrín shula chuimhneoinn dochar ná díobháil a dhéanamh do do cheapachín phlandaí. Leag ar an dream é a bhíos tugtha síos leis an bhfoghail i gcónaí
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
→
dris
'Sé an dris chéanna ag abhlóireacht i gcónaí é. Ní raibh ann an tráthnóna faoi dheireadh ach gur thug bodóg le P. Mh. sracadh thar claí ina chuid coirce, agus thosaigh sé ag gabháil le buile. Cén bhrí dhá mbeadh foghail déanta aici, ach ní raibh
Níl a fhios agam nach ndearna tú drochoineach ort fhéin. Ní mórán foghail a rinne tú ar chaoi ar bith
→
dualgas
Gheobhaidh sí sin dualgas an tslisne uaimse fós in ómós na foghla sin. Cuirfidh mise cuid is mó ná sin as di feicfidh tú féin
→
dubh 2
Bíonn sé amuigh leis an dubh (dubh na maidne; leis an réalt) chuile mhaidin, agus is beag í a fhoghail ina dhiaidh sin
Seo í an dubhluachair. Ar ndóigh ní dochar cead scoir a bheith ag caoirigh anois. Níl foghail ar bith le déanamh acu
→
duine
A dhuine chroí na páirte, an dáiríre atá tú? Ar ndóigh ní ag síleachtáil atá sí go bhféadfaidh sí foghail a dhéanamh orainne as éadan
→
déan le
Abair go bhfuil rud a dhéanamh leo: an rud a rinne P. Ph le asal an tincéara nuair a rinne sé foghail air: é a chur ar thaobh cúl a chinn i gclaise, agus créafóig a chur uileag air, le nach mbeadh aníos ach a dhá shúil
'Sé a rinne díbheirgeach ar an mbó é agus gob an chorráin a chur dhá bháthadh ina glota. Tá sí réidh sílim. Ní bhuachfaidh an fear ar leis í aon phínn go deo uirthi. Shílfeá nach ndéanfadh sé cleas mar sin, faoi nach ndearna an bhó foghail ar bith, ach a dhul thar claí isteach sa gcimín. Diabhal mé go ndéanfadh duine rud as taghd b'fhéidir dhá mbeadh ciseach déanta de chur — ach talamh bán. Is daor a bheadh sí air muis, murach go raibh sí istigh ar a chuid talúna féin. Ach ní bhfaigheadh an ceann eile (an té ar leis í) comhaireamh na sop. Bhí an bhó ar chuid an fhir eile agus mhionnódh sé siúd, ní dhá roinnt leis é, a dtáinig ariamh le é féin a shaoradh. Is air nach mbeadh an mhoill
→
díle 1
Mo chreach muise a mbainfidh mise d'fhéar leis an miodachín speile sin atá ann ón Díle. B'fhéidir dhá bhfaighteá speal nua dhom go mbeinn in ann foghail eicínt a dhéanamh air … Má tá spealta chomh gann sin bainidh le corráin é. An bhfuil a fhios agat cá bhfaca mé fear ag sá speile isteach i móta: thíos ar an E. Mh. Mura bhfuil aon drogall ort, gabhfaidh muid síos anocht agus goidfidh muid í: síos trasna. Is beag an bhrí é: naoi nó deich de mhílte
Bhíodh an ghráin dhíobhálach aige sin ar mhná fadó. Ní bheadh gair ar bith agat a dtarraingt anuas os a chomhair. Ach chuir na Cáiteannaí an chluain Mhuimhneach air. Is ann atá móin dhá dó dhó anois. Is beag é a fhoghail i ngort ná i ngarraí ó thaithigh sé sa teach sin
+
→
díocas
Bíonn díocas ar an aineolaí i gcónaí, go dteaga sé isteach ar an obair. Glacann sé é féin go réidh ansin, agus is fearrde é freisin é. Ainneoin a bhfuil de dhíocas air seo thíos, is suarach le rá an fhoghail atá déanta aige le dhá lá. Diabhal mé dá mba gasúr a bheadh ann go mbeadh an oiread céanna déanta aige
TUILLEADH (1) ▼
M'anam muise gur furasta dhomsa ar leathuinsín gágach tae sa tseachtain chuile fhéith in mo chorp a chur faoi dhíocas ag obair. Ní hea, ach is mé is fearr ar bith agus a bheith in ann aon bhuille a dhéanamh ar an mbod siar eile sin (coffee). Ní mó ná dhá bhfaighinn dalladh feola agus dalladh pórtair go mbeinn in ann foghail eicínt a dhéanamh. Maidir le go bhfuil cothú fear oibre sa mbeatha atá ag imeacht anois — níl muise. Is ait atá na daoine ag cruthachtáil go bhféadann siad breith ar láí ar bith léithe
→
díol 2
Níl aon díol faoin domhan nár thug sí orainn scáth gamhain a dhul isteach i ngarraí fataí ansin thuas uirthi. Má chuaigh féin, ní dhearna sé aon fhoghail: cupla sracadh le colbha. Is féidir lena cuid sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingíonn tú anuas aici é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!
→
díthrá
Ní bhainfidh tú mórán feamainne duibhe sna bráideannaí sin ar dhíthrá meathrabharta. Níorbh fholáir duit rabharta mór féin le aon fhoghail a dhéanamh ann
→
dúchan
Dhá bhfaigheadh siad freastal is orthu nach mbeadh an mhoill dúchan a dhéanamh, ach d'uireasa an fhreastail, tá siad coinnithe siar. An té a chaithfeas síolta a ghearradh agus a scaradh agus aoileach a chur amach, is beag é a fhoghail
→
dúlaí
Is minic a chonaic mé duine a bheadh i bhfad ina throscadh dúlaí i mbeatha nuair a gheobhadh sé ligean uirthi; ach maidir leis siúd, chaithfeadh sé go raibh sé ina throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste ina mhínis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne ramhar, a bhollóg aráin mar adeireadh N. Ph., agus taepot tae. Nuair a d'altaigh sé an bia, ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaíochtáil air é! — agus a shlogfadh dreoilín. Cén bhrí ach an rud adúirt sé i dtosach: 'is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le gairid — is beag sin.' Dar láthar Dé dúirt. Is fear é a fuair anó le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoin bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus chomh mórthráthach agus atá. 'Go méadaí Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh,' adeir sé. M'anamsa muis nár mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sách minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mura ndéanadh, is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
Tá mé ag dul faoi dhuit nach raibh baint ná páirt agamsa le do reithe. Ní bhfuair mise ariamh ar mo chuid é ach uair amháin, agus ní dhearna mé níos airde leis an uair sin ná a dhíbirt soir thar tórainn aríst. Dar a shon a rachainnse ag déanamh créatúlacht ar do reithe. Má rinneadh leis é, ní mise ná aon duine in mo theach a rinne é. B'fhearr liom go mór thú a thabhairt chun dlí faoi fhoghail ná a dhul ag déanamh a leithide de chleas