tarraing anuas
—
+–
Bíonn leabhra tarraingthe anuas i gcomhnuidhe aige = é dhá léigheamh
Ní deas a' scéal atá tarraingthe anuas agad i láthair comhluadair = atá igceist agad; atá tú 'innseacht.
TUILLEADH (10) ▼
Sin é an scéal atá tarraingthe anuas aige, 'chuile ré soluis.
Tharraing sé anuas agam (chugam) é aréir, agus mé 'cainnt leis = thrácht sé air; chainntigh sé ar a' scéal.
Níl aon-scéal sa tír, nach gcloisfeá tarraingthe anuas sa teach céadna, agus ní h-iad na deagh-scéalta go minic iad.
Níl aon-mhaith agad ann, mara dtarraingighe tú mise anuas 's 'chuile áit dá mbíonn tú
Ná tarraing fataí Chuilm, anuas níos mó — go bhfága mise seo, ar aon-chaoi.
Pósadh 'bhío(nn)s tarraingthe anuas ann i gcomhnuidhe.
Corr-uair a tharraingea(nn)s siad anuas faoi'n talamh anois chor a' bith.
Is minice leis a' droch-rud a bheith tarraingthe anuas aige, ná pháidreachaí.
Ní h-iad 'ur bpáidreacha a tharraingeochadh sib anuas leath chomh maith = ní a' cainnt ar bheannuightheacht a bheadh sib, ach cainnteocha sib go maith ar a' rud nar ceart daoib cainntiú air.
Ba h-óg 'san oidhche a thosuigh sé a' tarraingt anuas achrainn = thosuigh sé ag ullmhuchán scléipe luath 'san oidhche.
·
Tharraing sé anuas agam, faoi'n lá a raibh muid ag gabhail le chéile thíos ar an aonach.
Dhá dtarraingeadh sé mórán eile síothmálachaí anuas agam, dheamhan mo chos a d'éistfeadh leis = dhá dtarraingeadh sé mórán eile sean-fhaltanais anuas chugam, bhuailfinn é.
tarraing anuas in iontrálacha eile (22)
→
fios
Níl aon-bhlas d'fhios do labharha agad ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
→
fánach
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
+
→
cleite
Ní cleite deas é sin, le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abró(chth)á fiú's a's ''gcead do'n chomhluadar', a's fios aghad na daoine gnaoidheamhla a bhí ann!
TUILLEADH (2) ▼
Ní minic cleite gnaoidheamhail tarraingthe anuas ag a' gceann céadna. Bheadh sé sin beo a' gráiscínteacht, a's a' radaireacht mar sin.
Cé'n cleite cainnte atá tarraingthe anuas anocht? = cé'n scéal atá dhá phléidh.
→
críoch
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air, nach baile reicthe é. Tá sí indon Crígh Mhuire a chur thrídh na chéile, a' seadú scéalta, a's a' tarraingt anuas sean-síothmálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar a' mbaile seo, nach a' maslú a chéile atá, 'chuile ré soluis, a's is ise is cionntach leis, ó thús deire go tosuigh.
→
buíog
Tharraing sé an mhóin as íochtar na cruaiche, a' rith ar a' bhfód tirm, a's seo anuas an gníomh in a bhuidheagrachaí in a mhullach.
+
→
anuas
Tá muinntear L. tarraingthe anuas orainn i gcomhnuidhe = tagann siad ar cuairt chugainn go minic (ó'n taobh ó thuaidh [a] thaga(nn)s siad)
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sean-róthar tarraingthe anuas i lár a' tighe aige agus é dhá dheasú.
Tarraing do bheart chomh maith a's fhéadfas tú, agus bí suas a's anuas le 'chaon dream aca(b) chomh maith le chéile.
→
fuaim
Bhí mise in mo shuí istigh san tsáinne siúd agus mé ag éisteacht leis an mbeirt. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. M'anam nach bréag ar bith é sin. Ba ghearr gur tharraing siad anuas na bóithrí … Bhí an báire liom annsin
→
abair
An uair a tharraing mé an ruadhóig anuas de dhrioball na budóige agus a shlíoc mé síos é, meastú nachar tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
→
daigéad
Tharraing se anuas daigéad mór de leabhar agus d'ionnsuigh air ag léigheamh dom féin aisti. Níl fhios agamsa beirthe beo ná baistighthe céard a bhí sé a léigheamh aisti. Badh é m'áird air é ar aon-chor!
+
→
dairt
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dubhairt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orra anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Leigfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shoin.
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ach ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag tabhairt leidí uaidh faoi na portaigh, ag ceapadh go dtarraing(eochth)aidhe anuas an mhóin. Is beag dá chuid cluanuidheacht' sin é deirim-se leat. Ní bheadh Rí na Méaracán suas leis
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
→
driog
Fuair mé an-tsuímneas (suaimhneas) óna daethachaí (doightheacha fiacal) anois ó a tharraing mé an dá chláirfhiacail, ach feicthear dhom — ní ag tabhairt gutha orra é — go bhfuil driog bheag ag spochadh liom aríst le seachtain. Ins na cúilfhiacla a airighim anois é. 'Sé'n faitchíos atá orm go siubhalfaidh siad leo mo dhrad fré chéile agus nach bhfágfaidh siad fiacal in mo dhranndal. Shaothruigh mise leo cheana é: in mo shuidhe ó oíche go maidin agus mo chloigeann leigthe anuas ar an teine agam ag glaodhach agus ag gárthaighil — nó gur tharraing mé iad
+
→
díle 1
Shílfeá gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bhí an oiread sin falrach cainte air … Mo dhubhshlán aon-smid a rádh annsiúd. Bhí sé in a chlaibín muilinn ó tháinig muid isteach gur imigh muid aríst, agus níl aon-cheo ó neamh go talamh nar tharraing sé anuas agus gan cuma ná caoi a chur ar scéal ar bith. Ní túisce a bheadh sé tosuighe ar scéal amháin ná a tharraingeochadh sé anuas scéal eile. Ach 'sé an cás é, bhí sé in a scéal an ghamhna bhuidhe ar fad aige faoi dheire.
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaghann sé ugach ar bith tiocfaidh an díle cainte dhó, agus sáróchaidh sé muid go h-am suipéir … Ara bíonn 'chuile shórt sean-síothmalachaí tarraingthe anuas aige; ag caitheamh agus ag cáineadh ar 'chuile dhuine agus ag baint fogha agus easbaidh as 'chuile fhear agus 'chuile bhean ins an tír. Níl caoi ar bith dhuit anois le déanamh, ach gan sásamh ar bith a thabhairt dó. Abair "thug tú h-éitheach" ar an gcéad iarraidh, agus feicfidh tú féin gur beag an chaint a fhanfas aige annsin
→
díol 2
Chuaidh sé ag déanamh ballséire orm-sa oíche annseo, a ndeacha sé thart deireannach. Bhí sean-asal dubh agam an uair sin agus é thiar annsin thiar ingarrdha an bhóthair. Bhí sean-asal eile ag J. Th. ins an ngarrdha ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharrdha-sa agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Marach gur eirigh lena h-asail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ó'n dúid aca as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráidhte orra. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chomhnuigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarrdha, agus as go bráth liom gur fhága mé thuas in éindigh le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go bráth liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar ins an ngarrdha aige [é], an áit a raibh an capall. "Bailigheadh leat" anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann, feadh agus mé a bheith ins an mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
Scaithtí bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus 'chuile shórt tarraingthe anuas aice, agus shílfeá go mbadh leat ar fad í. Ach ar ionntú do bhoise aríst, bíonn sí cho dúnárusach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luath-intinneach mar sin atá sí. Chonnaic mé ag dul siar trathnóna í, agus gothadh an-diúltach uirre. Ba bheag le gur bheannuigh sí dom. Sáthach deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach béidh a shliocht uirre, fanóchaidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirre.
→
dúradán
Níl aon-duine faoi bhéal an aeir nach bhfuil tarraingthe anuas agus liobruighthe gearrtha aice. Tá 'chuile locht ar 'chuile dhuine eile, ach bainfidh sí a muintir féin as margadh igcomhnuí. An lá faoi dheire a raibh sí ag ithe agus ag gearradh ar an dílleachta bocht sin thiar tigh Sh., agus a raibh sí ag rádh nach bhfágann sí amach an teach ag P. Dh. chor ar bith, tháinig sé go dtí an béal agam a rádh léithe go bhfeicfeadh sí an dubhradán i súil duine eile go maith, ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór in a súil féin chor ar bith. 'Sé a bhí agam a rádh léithe, ach leig mé tharm í in a dheidh sin, leisce clampar a tharraint