Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
tarraing anuas
+
Bíonn leabhra tarraingthe anuas i gcónaí aige — é dhá léamh
Ní deas an scéal atá tarraingthe anuas agat i láthair comhluadair — atá i gceist agat; atá tú a inseacht
TUILLEADH (10) ▼
Sin é an scéal atá tarraingthe anuas aige chuile ré solais.
Tharraing sé anuas agam (chugam) é aréir agus mé ag caint leis — thrácht sé air; chaintigh sé ar an scéal
Níl aon scéal sa tír nach gcloisfeá tarraingthe anuas sa teach céanna, agus ní hiad na dea-scéalta go minic iad.
Níl aon mhaith agat ann, mura dtarraingí tú mise anuas i chuile áit dá mbíonn tú
Ná tarraing fataí Choilm anuas níos mó — go bhfága mise seo ar aon chaoi.
Pósadh a bhíonns tarraingthe anuas ann i gcónaí.
Corruair a tharraingeanns siad anuas faoin talamh anois chor ar bith.
Is minice leis an drochrud a bheith tarraingthe anuas aige ná a phaidreachaí.
Ní hiad bhur bpáidreacha a tharraingeodh sibh anuas leath chomh maith — ní ag caint ar bheannaitheacht a bheadh sibh, ach cainteoidh sibh go maith ar an rud nár ceart daoibh caintiú air
Ba hóg san oíche a thosaigh sé ag tarraingt anuas achrainn — thosaigh sé ag ullmhúchán scléipe luath san oíche
·
Tharraing sé anuas agam faoin lá a raibh muid ag gabháil le chéile thíos ar an aonach.
Dhá dtarraingeadh sé mórán eile síomálachaí anuas agam, dheamhan mo chos a d'éistfeadh leis — dhá dtarraingeadh sé mórán eile seanfhaltanais anuas chugam, bhuailfinn é

tarraing anuas in iontrálacha eile (32)

 
fios
Níl aon bhlas d'fhios do labhartha agat ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
 
Buail isteach ann go fánach mar dhóigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaigheann tú deis ar bith tarraing anuas é
 
Baineann sé an lá as chuile shórt, agus dheamhan ceartú a bhíonns aige ar aon scéal ina dhiaidh sin. Tharraingeodh sé anuas míle scéal agat in éindí, agus dheamhan adhmad a bheifeá in ann a bhaint as aon cheann acub.
+
cleite
Ní cleite deas é sin le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abrófá fiú is i gcead don chomhluadar, agus fios agat na daoine gnaíúla a bhí ann!
TUILLEADH (2) ▼
Ní minic cleite gnaíúil tarraingthe anuas ag an gceann céanna. Bheadh sé sin beo ag gráiscínteacht agus ag radaireacht mar sin.
Cén cleite cainte atá tarraingthe anuas anocht? — cén scéal atá dhá phlé.
 
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air nach baile reicthe é. Tá sí in ann Crígh Mhuire a chur thrína chéile, ag seadú scéalta agus ag tarraingt anuas seansíomálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar an mbaile seo nach ag maslú a chéile atá, chuile ré solais, agus is ise is ciontach leis ó thús deireadh go tosaigh.
 
agair
Nár agraí Dia orainn é mura gnaíúil an chaint atá tarraingthe anuas againn!
 
buíog
Tharraing sé an mhóin as íochtar na cruaiche, ag rith ar an bhfód tirim, agus seo anuas an gníomh ina bhuíograchaí ina mhullach
+
anuas
Tá muintir L. tarraingthe anuas orainn i gcónaí — tagann siad ar cuairt chugainn go minic (ón taobh ó thuaidh a thaganns siad)
TUILLEADH (3) ▼
Tarraingeoidh sé anuas le farraige ar athrú aeir.
Bhí seanrothar tarraingthe anuas i lár an tí aige agus é dhá dheasú.
Tarraing do bheart chomh maith agus a fhéadfas tú, agus bí suas is anuas le chaon dream acub chomh maith le chéile.
 
Nach frithmhagúil an comhrá atá tarraingthe anuas agat i dtús oíche. Síleann tú go n-éistfidh an lucht airneáin a thiocfas anseo ar ball leat ar an gcaint sin! Bí ar do shon fhéin in am!
 
fuaim
Bhí mise in mo shuí istigh sa tsáinne siúd agus mé ag éisteacht leis an mbeirt. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. M'anam nach bréag ar bith é sin. Ba ghearr gur tharraing siad anuas na bóithrí … Bhí an báire liom ansin
 
Is mór adúirt sí. Níl aon cheo ó fhlaithis Dé nach raibh tarraingthe anuas aici. Ach b'fhearr go mór do dhuine dhá chuid dhár dhúirt sí a choinneáil faoin gcúlfhiacail. Ní le aghaidh an réitigh a bhíos sí ag caint
 
abair
Nuair a tharraing mé an ruóig anuas de dhrioball na bodóige agus a shlíoc mé síos é, meas tú nár tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
 
Tharraing se anuas daigéad mór de leabhar agus d'ionsaigh air ag léamh dom féin aisti. Níl a fhios agamsa beirthe beo ná baistithe céard a bhí sé a léamh aisti. Ba é m'aird air é ar aon chor!
+
dairt
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dúirt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orthu anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Ligfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shin
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ach ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag tabhairt leidí uaidh faoi na portaigh, ag ceapadh go dtarraingeofaí anuas an mhóin. Is beag dá chuid cluanaíochta sin é deirimse leat. Ní bheadh Rí na Méaracán suas leis
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
 
Tá siad ag diogáil an tí ar an aimsir seo faoi chomhair an tsagairt. Is ann a bheas sé i mbliana. Chuir sé féin stróic mhór thuí ar an teach an tseachtain seo caite. Tá siad le spiarradh nua a chur istigh ann freisin agus leis an simléar caolaigh a chaitheamh anuas an áit nach bhfuil tarraingt ar bith ann le gairid … ní gan uí gan ó sagart a chur amach as teach ach oiread
 
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mara anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
An té nach dtarraingeoidh braonachaí fuisce agus bronntanais aici siúd, ní bheidh roimhe aici ach fáilte an doichill. An bhfeiceann tú an ghairm atá roimh Ph. J. ann. Is maith an fáth muis. Tá sé sin suas anuas B. chuile ré solais ag tarraingt fuisce chuici. Cuirfidh mise geall leat nach mórán suáilce a bheas aici linne nuair a bhuaileas muid isteach aici. Tá baol uirthi
 
driog
Fuair mé an-tsuaimhneas ó na daitheachaí (daitheacha fiacal) anois ó tharraing mé an dá chlárfhiacail, ach feictear dhom — ní ag tabhairt gutha orthu é — go bhfuil driog bheag ag spochadh liom aríst le seachtain. Sna cúlfhiacla a airím anois é. 'Sé an faitíos atá orm go siúlfaidh siad leo mo dhrad fré chéile agus nach bhfágfaidh siad fiacal in mo dhrandal. Shaothraigh mise leo cheana é: in mo shuí ó oíche go maidin agus mo chloigeann ligthe anuas ar an tine agam ag glaoch agus ag gárthaíl — nó gur tharraing mé iad
 
droim
Bhí an lá ag dul thar droim agus gan é ag tarraingt anuas tada. Nuair ab fhada liom féin faoi dheireadh é, thosaigh mé ag baint spreabannaí ag an scéal, ach ní raibh faice le fáil uaidhsean ach an nathaíocht bheag sin a bhíos aige i gcónaí …
+
díle 1
Shílfeá gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bhí an oiread sin falrach cainte air … Mo dhúshlán aon smid a rá ansiúd. Bhí sé ina chlaibín muilinn ó tháinig muid isteach gur imigh muid aríst, agus níl aon cheo ó neamh go talamh nár tharraing sé anuas agus gan cuma ná caoi a chur ar scéal ar bith. Ní túisce a bheadh sé tosaí ar scéal amháin ná a tharraingeodh sé anuas scéal eile. Ach 'sé an cás é, bhí sé ina scéal an ghamhna bhuí ar fad aige faoi dheireadh
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaigheann sé ugach ar bith, tiocfaidh an díle cainte dhó agus sáróidh sé muid go ham suipéir … Ara bíonn chuile shórt seansíomálachaí tarraingthe anuas aige; ag caitheamh agus ag cáineadh ar chuile dhuine agus ag baint fogha is easpa as chuile fhear agus chuile bhean sa tír. Níl caoi ar bith dhuit anois le déanamh ach gan sásamh ar bith a thabhairt dó. Abair "thug tú héitheach" ar an gcéad iarraidh agus feicfidh tú féin gur beag an chaint a fhanfas aige ansin
+
díol 2
Chuaigh sé ag déanamh ball séire ormsa oíche anseo a ndeachaigh sé thart deireanach. Bhí seanasal dubh agam an uair sin agus é thiar ansin thiar i ngarraí an bhóthair. Bhí seanasal eile ag J. Th. sa ngarraí ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharraíse agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Murach gur éirigh le na hasail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ón dúid acu as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráite orthu. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chónaigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarraí, agus as go brách liom gur fhága mé thuas in éindí le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go brách liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar sa ngarraí aige é, an áit a raibh an capall. 'Bailíodh leat,' anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann feadh is mé a bheith sa mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon díol faoin domhan nár thug sí orainn scáth gamhain a dhul isteach i ngarraí fataí ansin thuas uirthi. Má chuaigh féin, ní dhearna sé aon fhoghail: cupla sracadh le colbha. Is féidir lena cuid sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingíonn tú anuas aici é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!
 
Scaití bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus chuile shórt tarraingthe anuas aici, agus shílfeá go mba leat ar fad í. Ach ar iontú do bhoise aríst, bíonn sí chomh dúnárasach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luathintinneach mar sin atá sí. Chonaic mé ag dul siar tráthnóna í agus gotha an-diúltach uirthi. Ba bheag le gur bheannaigh sí dom. Sách deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach beidh a shliocht uirthi, fanóidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirthi
 
Níl aon duine faoi bhéal an aeir nach bhfuil tarraingthe anuas agus liobraithe gearrtha aici. Tá chuile locht ar chuile dhuine eile, ach bainfidh sí a muintir féin as margadh i gcónaí. An lá faoi dheireadh a raibh sí ag ithe agus ag gearradh ar an dílleachta bocht sin thiar tigh Sh., agus a raibh sí ag rá nach bhfágann sí amach an teach ag P. Dh. chor ar bith, tháinig sé go dtí an béal agam a rá léithe go bhfeicfeadh sí an dúradán i súil duine eile go maith, ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór ina súil féin chor ar bith. 'Sé a bhí agam a rá léithe, ach lig mé tharam í ina dhiaidh sin, leisce clampar a tharraingt