Dul idir
—
+–
Níl ag dul idir é agus codladh na h-oíche anois ach an duine bocht sin a chur de thaobh tighe
'Sé a bhfuil ag dul idir é agus grásta Dé na damhsaí
TUILLEADH (4) ▼
Sin é a bhfuil ag dul idir thú agus do leas: cead bóithreoireacht' a bheith agad
Níl ag dul idir é anois agus an pósadh ach na cupla punt sin, ach sílim mara bhfaghaidh sé iad nach ngabhfaidh aon-bhrat air an "turn" seo
Dhá mbeadh gan a bheith ag dul idir thú agus sógh an tsaoghail ach na cupla scilling sin a fháil, bíodh a fhios agad nach bhfuighidh tú uaithe siúd iad. Cnuastóir ceart í
Dhá mbeadh gan a bheith ag dul idir mé agus flaithis Dé ach é, ní thiubharfadh sé dhom ar an gcuntar sin féin é
Féach freisin
→
idir
Dul idir in iontrálacha eile (25)
→
feadhain
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
→
aer
Chonnaic sé an sonnda a' dul thairis; idir a' t-aer 'sa' talamh — a cheann ionann's buailte ar an aer aige, agus a cosa indáil le scríobadh na talmhana.
→
buinne 1
Tá'n braon a' dul isteach idir a' dá bhonn. Airighim an fhraigh-fhliuchas ar mo chois. Ach ní bheidh mé mar sin feadh's mé a dhul go dtí an baile mór. Gheobha mé gréasuidhe eicínt a chuirfeas buinne leathair innte dhom.
→
airigh
→
áirgiúil
Tá potaí na mballach níos leithne sa mbearrach, a's níos áirgeamhla idir béal an bhearraigh a's tóin an phota, arae ní mór do'n bhallach bealach níos leithne ná an gliomach le dhul síos (l. 14. Obair is Luadhainn — Colm Ó Gaora).
→
fiannach
Is fada fiannach san bpobal seo é anois. Indar liom fhéin ba chóir dó a bheith idir deich mbliana agus trí fichid agus na ceithre scóir. Tá sé annseo ag dul un dhá scór
→
fiúntach
B'fhiuntaí go mór duit a dhul isteach ann idir chlár agus chuinneóg agus an bhean a iarraidh (le pósadh) go breá slachtar, ná a bheith ag imeacht i bpoill agus i bpruchógaí, agus dhá hiarraidh ar nós chuma liom
→
dairt
B'fhearr duit tosuighe ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistighe sin a fheiceas tú ins an aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Mío-Chomhairle. Fuair Mac na Mío-Chomhairle grásta idir an stioróib agus an talamh, ach é sin: mara bhfuil ag Dia níl indán grásta dhó go ndéantar dhá leith glan-eascartha dhá mhuineál idtosach
→
daor 1
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearrbóir, agus b'éigin dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach in a' (ar) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam ach seasamh do'n bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigin dom íoc uirre. Idir 'chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é ins an deireadh
→
dealbh 1
Cho luath agus a chonnaic sé a dhealbh ag teacht ar an tsráid siar leis de rithte-reathach ins an seomra agus as sin, ní chorróchadh sé, gur bhailigh sé leis aríst. Níl iarracht ar bith aige air, ná ní raibh ariamh. Is suarach an t-íongnadh sin, lá agus gur shíl sé é féin agus a bhean a chur in aghaidh a chéile. Ní shílfeadh duine ar bith a dhul idir lánamhuin phósta mar sin ach aidhbheirseoir de dhuine. Ach bíonn siad sin féin ann
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
→
dia 2
'Ar ndú' sí an Aoine í, agus caithfidh sí a bheith in aghaidh na seachtaine. Lá idir dhá shíon é déarfainn. Feicfidh tú an lá amáireach in a dhórtadh aríst, nó tá mise ag dul amú go mór
→
dol 1
Pé'r bith cé'n t-airgead atá sé a dhéanamh ná nach bhfuil, tá sé báithte i bhfiacha. Is furasta a rádh go bhfuil sé ag saothrú an oiread seo céadta punt. Ach cá'il a bhfuil de chéadta de dhola air. Tá seisear cloinne aige ag dul ag coláistí, agus measann tusa nach gcoisnigheann siad sin airgead, idir éadach, leabhra agus luach na scoile. Bí siúráilte go gcoisnigheann
→
dreach
Ní fhaca tú aon-chlann ariamh is lugha atá ag dul i gcosamhlacht le chéile as a ndreach ná iad. Tá inghean ann agus tá sí cho círíneach dearg le búistéara, agus annsin an bheirt mhac in a mbás ar sliobarna. Sin é é. Is mór a bhíos idir na daoine
→
driog
Tá driogannaí eicínt isteach idir m'asnachaí an uair a chromaim síos. Ní mheasaim gur araingeacha iad. Le goirid a d'airigh mé iad. Beireann siad ar m'anáil scaithtí. Is minic a bhí araing orm ach ní mar sin a bhíodh sí ag dul dom
→
dris
Bhí an cine céadna — Cloinn Mhac C. — in a ndris-chasáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh goir aca a dhul siar nach mbeidís eirighthe rómpa le dual na druinne a bhualadh orra, agus ar an gcóir chéadna dá dteighidís soir idir ord agus inneoin
→
duifean
Dar brí an leabhair muis, tá duifean teasbaigh annsin. An bhfeiceann tú é? Bail ó Dhia ort féin agus ar do smúit rabharta! Céard a bhéarfadh smúit rabharta cho fada seo isteach faoi shliabh? Dhá mbeitheá ar bhrollach an Achréidh, ba cladóir a bheadh ionnad i gcomhnaí! Tá an sean-rabharta sin agus an tsean-fhairrge sin agus an tsean-fheamainn dearg sin ag dul idir thú agus codladh na h-oíche. Bheadh cumha ort is dóigh, mara mbeadh clagarnaíl na fairrge le cloisteáil agad!
→
díocas
Níl aon-fhéith thuas ar a chorp nach gcuirfidh sé faoi dhíocas oibre nó go mbuailfidh sé amach an fear thoir. Níl ag dul idir é agus codladh na h-oíche ach an fear thoir.
→
díolaí
Deir siad go mbadh an-díolaidhe é an t-Athair M. ach nach raibh rath ná rígheacht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeracht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus 'chuile shórt dhá dteastuigheadh uaidh chuige. Bhí dubh-phlód beithidheach aige agus bheathuigheadh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir 'chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar 'chuile lá, nó ionann agus é. Meastú 'chuile uair a dteastuigheadh a pháighe uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú do'n tsagart, agus annsin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí h-uaire, shul a gheobhadh sé aon-phighinn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaidheacht a bhaint as
→
dúnáras
Chonnaic mise iad sin roimhe seo agus gan gráinne plúir in a dteach. Bhí "Committee" dhá leigean amach an t-am céadna. Le teann dúnáruis ní chuirfidís isteach air: gurb é N. Th. a mb'éigin dó a dhul suas, agus a dhul isteach ar an urlár aca idir chlár agus chuinneog, gur chuir sé faoi ndeara dóib a dhul siar agus a gcuid mine a fháil. Is túisce a chaillfí istigh ins an teach iad fhéin ná a chorróchaidís … Móiréis mo chreach! Ní móiréis ar bith a bhí orra, ach dúnárus agus coimhthigheas — an rud atá ionnta go fairsing anois agus an uair sin
→
téigh ar
D'fhastuigh sé ins an áit chontráilte mé: istigh i ngeáird (yard) Sh. D. Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam. Bhí mé idir dhá theine Bhealtaine. Dhá dteighinn isteach ins an teach, bhí cut crochta romham ann, agus dhá dteighinn amach doras an gheáird, d'áiteochadh seisean mé. Ní raibh agam ach cur díom cho maith agus a d'fhéad mé
→
téigh i
Ní raibh ag dul síos len athair fhéin 'chuile lá ariamh ach a dhul ins na fir mhóra. Bhí sé cho suimeamhail le pisín chuit. Ní raibh ariamh aige, aindeoin sin ach ag mianadóireacht idir dhá leachta thiar annsiúd
+
Níl ag dul síos leis — 'sé a bhfuil ag dul idir é agus codladh na h-oíche — ach "mótar-bicycle" a fháil, go bhféadaidh sé an tír a shiubhal
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh ag dul síos linn an uair sin ach ceol agus spóirt agus míádh. Dhá gcloiseadh muid go mbeadh damhsa áit ar bith idir [seo] agus U. níorbh fhéidir muid a choinneál as. Nach hé an cnáimh a lúb ó shoin! Is furasta a (ar) ndóthain damhsa a thabhairt duinn anois faraor
→
téigh ó
Mara bhfuil a dhul uaidh agad, buail faoi ar an bpuinte agus bíodh sé dhíot, cho luath in Éirinn agus a fhéadfas tú. Níl maith ar bith duit a dhul 'un drugaill ná a bheith idir dhá chomhairle, má's rud é atá romhat.