Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cúrsa (50+)

+
fios
Níl fios a chúrsaí sin ag aon duine ach aige féin — na rudaí a bhaineas dó; a knowledge of his affairs; nobody knows his business
TUILLEADH (1) ▼
Go gcuire Dia an t-ádh ort agus lig dhom. Níl fios rúin ná mioscais agamsa faoi fhéin ná faoina chuid cúrsaí. Muise nach aisteach an cleite comhrá a tharraing tú chugam i mbrollach an lae?
 
Trí huaire a chuireas siad (na capaill) an cúrsa i bhfáinne sa rása mór i mBaile an Bhriotaigh.
+
fána
Bhí muid ag dórtadh le fána. Chuir muid cúrsaí isteach agus barróg ar an seol ach má chuir fhéin, bhí sé ina fhaitíos orainn, mar bhí sé ag teacht ina chreatlach
TUILLEADH (1) ▼
Caith ar an luí chuige í nó go gcuire muid cúrsaí isteach. Ní féidir tada a dhéanamh chomhuain is bheas sí ag doirtim le fána mar seo (an bád)
 
Dhá mbeadh sé chomh maith lena dtáinig ariamh, dheamhan gnaithe aige aon léargas a fháil ar na cúrsaí seo, arae ní ligfeadh an chabaíl dhó é a choinneáil aige fhéin.
 
Dhá mbeadh cupla cúrsa eile air, bheadh an choirpéis réidh, ach beidh moill ar an gceann.
 
Sin é cúrsaí an tsaoil. Níl aon séanadh ar an mbás, go bhfóire Dia orainn! Tiocfaidh muid uilig abhaile lá eicínt, más fada gearr é.
 
baing
B'fhurasta a aithinte go scarfadh an balla céanna. Is iomaí cúrsa a d'fhága sé gan oiread agus baing a chur ann.
 
beann
Dhá gcuirtheá cupla cúrsa eile d'ardú ar na beanna, d'fhéadfá ceann slinne a chur air.
+
crinn
B'fhiú dhuit an churach thiar agus curach an bhaile seo a fheiceáil ag crinneadh a chéile sna geallta. Dheamhan ionga ná orlach a bhí ag ceachtar acub ar a chéile nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaigh na maidí in ascar ar an dream thiar, agus chailleadar an geall.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh ciall ar bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sibh fhéin agus an bád eile ag crinneadh a chéile. Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin, scód a thabhairt di. Ní raibh baol ar bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dté sibh ar chlár na himeartha. Ní fhanann fuis nó fais oraibh ansin.
 
Más cúrsaí crochaillí é, m'anam nach bhfuil ceachtar againn saor, ní ag ceasacht ar Dhia é.
+
Ó tarraingeadh anuas cúrsaí pósta, níor mhian leis moill ar bith a dhéanamh ní ba mhó. Shíl sé chreidim — agus ba mhaith an síleachtáil dó é, arsa tusa — nár áit buaile ná seanbhaile ar bith dhó teach a bhfuil triúr iníon le cur i gcrích ann fós.
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath agus ar samhlaíodh an pósadh, dúirt sé liom fhéin de chogar nach mba áit buaile ná seanbhaile d'aon duine an áit seo. Ní luar leis an sioc, ná cúrsaí pósta a tharraingt anuas chuige beag ná mór.
 
biorach 1
Is ait a chruthaigh mo thrí agus an cúrsa a dhéanamh biorach.
 
Ní cúrsaí aiféala ach cúrsaí cúiteamh anois é (adéarfadh duine leat a bheadh ag iarraidh cúitithe ort faoi rud eicínt a chuir tú as dó agus a chásaigh tú leis)
 
Má imíonn tú anois, rachaidh mise faoi dhuit nach mbuailfear oiread agus deoir bháistí ort go mbeidh tú ag ceann cúrsa. Má tá an duifean thiar fhéin, ní chaithfidh sé chomh tobann sin í.
 
Bhí bualadh croí orm le neart imní agus anbhá: is olc an saighdiúr mé i gcúrsaí den tsórt sin.
 
buille
Ní cúrsaí cuarta é agus buille an naoi bainte aige (an naoi buailte ag an gclog) — tá sé ródheireanach le cuairt a dhéanamh.
 
aire
Caithfidh tú foighid thairis sin a bheith agat le fear a bhfuil cúrsaí na tíre uilig ar a aire
+
amach
Más cúrsaí a dhul amach é, tabharfaidh mise mo chóta mór liom — má tá muid le dhul amach srl.
TUILLEADH (1) ▼
Ar ndóigh, ní cúrsaí dul amach é an tráth seo d'oíche agus chuile theach ag stócáil a dhul a chodladh — ní tráth ar bith a bheith ag dhul amach anois (ar cuairt) agus chuile theach faoi réir le dhul a chodladh.
 
anáil
Ní mó ná dhá gcuireadh sé cupla cúrsa eile ar an mballa go mbeadh a dhóthain anála ag an teach.
 
Caithfidh mé ardú — cúrsa nó dhó — a chur ar an mballa.
 
fraigh
Cuirfidh cupla cúrsa eile go fraigh é. Ní bheadh stró ar bith orainn ach nach bhfuil aon chloch cuir againn
 
Más cúrsaí imeacht as é, níl mórán le cois na sláinte ag ceachtar againn, ní ag ceasacht ar Dhia é — deirtear seo i gcomhrá nuair adéarfadh duine amháin go raibh sé imithe as ar fad. Déarfadh an duine eile an leagan réamhráite le hinsean, ós ag caint dóibh ar imeacht as é, go raibh sé féin chomh himithe as leis an té a labhair. Sin caint nach gcloisfeá ag fir. Ag mná a chloisfeá an leagan sin agus a mhacasamhail i gcónaí
 
imigh
Cén chaoi a bhfuil cúrsaí an tsaoil ag imeacht chor ar bith
+
imní
Más cúrsaí imní é, tá sé chomh córa dhúinn uilig imní a bheith orainn leatsa — más rud é go bhfuil imní ortsa, ba cheart go mbeadh imní ar an gcuid eile againn chomh maith {{(le foighid a chur i nduine, nó lena chuid imní a mharú, deirtear é — deirtear ar bheagán sásaimh é freisin)
TUILLEADH (1) ▼
Cúrsaí mná atá ag cur imní air
 
istigh
Ní túisce an capall istigh gnóiteach ná d'éalaigh an marcach de chúrsa an rása i ngan fhios de chuile dhuine
 
Go díreach agus í ag teacht isteach gnóiteach, ar an gcúrsa deiridh, scoith capall eile í
 
An cúrsa íochtair — an chéad chúrsa a déantar i bhfoirgniú (i bhfoirgneamh)
 
Tá sé ag teacht chomh fairsing anois agus nach mór a dhul ar chúrsaí
 
Ní theagann iamh ar a bhéal ach ag fuasaoid. Nuair a bhíos sé tuirseach ag fuasaoid faoi chúrsaí an tí, agus na talúna, tosaíonn sé ag fuasaoid faoin saol agus faoin aimsir.
 
fuath
Níl fios fuath ná feannóige agam faoi sin. Ní bhíonn a fhios agam céard is cor dhó fhéin ná dhá chúrsaí chor ar bith. Is maith an rud do chuile dhuine a bhealach féin a dhéanamh, agus dhá laghad dhá mbainfidh do dhuine ar an saol seo, is ea is fhearr dhó é
 
Más cúrsaí talúna é, tá sin go fuílleach aige. Níos mó ná díol a fhreastail
 
Bainfidh siad an dara hairt as an Jap bocht anois más cúrsaí mar sin é. Ach diabhal a bhfuil daorbhasctha den Jap fhéin déarfainn. Fágfaidh sé cuid mhaith acu ag croitheadh na gcrúb shula chuirfeas siad i dteannta é
 
Ní dea-chúrsa ar bith dhuit an rud sin a dhéanamh — ní rud maith é
 
Séard a theastódh, deis eicínt ansin a dhealódh an drochbhainne ón dea-bhainne, más cúrsaí den tsórt sin é. Ach níl leathchreistiúint agam féin go dtolgann bainne daoine ar an gcaoi sin
 
deifir
Murach gur chuir mé deifir leo, ní bheadh an teach déanta go ceann bliana fós acu. Is cuma sa diabhal leo sin é ach cupla cúrsa a bhualadh air agus é a fhágáil ansin
 
deilbh 1
Ar ndóigh más cúrsaí mar sin é, níor cheart d'aon duine buille ar bith a dhéanamh. Tá an aimsir mar is toil le Dia í, agus níl aon neart againne uirthi. Bain amach do chuid féir, agus lig de do chuid bundúin. Beidh grian fós ann lena thriomú. Deilbh an saol agus gheobhaidh tú inneach dó
 
Bhí sé ráite ariamh nach raibh sé dlifear ag póilíos a dhul ag tógáil fuisce ar shochraideacha, ach an bhfeiceann tú an chaoi atá orthu anois. Chuartaigh siad istigh faoin gcorp ansin thiar an lá faoi dheireadh. Fhóbair gur thóg siad an corp anuas den bhord. Diabhal a gceapfainn féin go gcuirfí mórán ar fhear poitín nuair is cúrsaí sochraide é
 
dligh
Deir siad (deirtear) gur mór a dlíodh dóibh ón uachta nach bhfuair siad chor ar bith. Dar ndóigh más cúrsaí den tsórt sin é, séard a bhí acu a dhéanamh, dlí a fháscadh ar an dream thall aríst agus é a bhaint amach as a gcreatlaigh. Nach deacair le na diabhail scaradh leis. Ghreamaigh an tsaint dóibh abhus agus thall — ghreamaigh sin
 
Níl sé dlisteanach ag fear ar bith deirfiúr a mhná a phósadh. Más cúrsaí den tsórt sin é, nach bhféadfadh duine a dheirfiúr féin a phósadh
 
Tuigim do chuid cúrsaí go maith. Ní thaitníonn an obair leat agus 'sí do leasmháthair a thógfadh ort é ach oiread. Ach fan ann go gcastar rud eicínt níos fearr in do bhealach. Níl aon pháí inti le hais Shasana faoi láthair, ach bainfidh tú riar do cháis aisti, agus beidh tú i súile na ndaoine. Cá bhfios don té sin? Is fánach an áit a bhfaightheá gliomach. Fan mar atá tú go bhfeice tú leat. Níl a fhios nach mar is doilí is fhearr, cé gur deacair a rá gurb ea
 
don
Ná raibh don fhiafraí ort agus éist do bhéal! Cá bhfios domsa céard is cor dóibh, agus ní miste liom cá dtitfidh a gcodladh orthu mar ní hé a gcuid cúrsaí atá ag déanamh imní dhom
 
dorn
Más cúrsaí den tsórt sin é, ní bheidh mise folamh ach an oiread le duine. Chreidim gurb é an fear is fhearr dorna, gurb é is fhearr corna den fheoil anseo
 
Glac comhairle ó dhuine dhoscúch a mhic ó, agus téirigh agus pós í. Tuigimse go maith do chúrsaí. Níl tú luiteanach leis an mbean. Bhí mise ar an gcóir chéanna. D'iarr m'athair — go ndéana Dia grásta air! — mé a chur isteach ansin thiar tigh Sh. Ch. Spréach mé go ndéanfaí a shamhailt liom. Bhí láimh agus focal idir mé féin agus bean eile. Leathbhliain ón lá sin, bhí an bhean sin pósta agus mise gan Murchadh gan Mánas. Seachain thusa a n-éireodh an rud céanna dhuit. Ar chuala tú ariamh é. "Bíonn cuid de na mná agus an grá acu ar bharrú (barra) a méar; Tá a n-intinn agus a n-aigne le fáil ag fearaibh an tsaoil." Ná himrídís ortsa chomh maith le duine
 
Lig de do chuid draíodóireacht anois, agus labhair go céillí mar a dhéanfadh fear. Ní cúrsaí mugadh magadh é seo chor ar bith