Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cúrsa (21)

 
Bainfidh siad an dara thairt as an Jap bocht anois, má's cúrsaí mar sin é. Ach diabhal a bhfuil daor-bhasctha de'n Jap fhéin déarfainn. Fágfaidh sé cuid mhaith aca ag craitheadh na gcrúb, shul a chuirfeas siad i dteanta é
 
Séard a theastóchadh deis eicínt annsin a dhealóchadh an droch-bhainne ó'n deagh-bhainne, má's cúrsaí de'n tsórt sin é. Ach níl leath-chreisteamhaint agam féin go dtolgann bainne daoine ar an gcaoi sin.
 
déan 1
Tá tú in éadan na dtéadrachaí sin le uair agus gan seol déanta fós againn. Nach bhfeiceann tú go bhfuil againn an ghaoth sin a thapú má's linn ceann cúrsa a dhéanamh anocht
 
deifir
Marach gur chuir mé deifir leo, ní bheadh an teach déanta go ceann bliana fós aca. Is cuma sa diabhal leo sin é ach cupla cúrsa a bhualadh air agus é a fhágáil annsin
 
deilbh 1
'Ar ndú má's cúrsaí mar sin é, níor cheart d'aonduine buille ar bith a dhéanamh. Tá an aimsir mar is toil le Dia í, agus níl aon-neart againne uirre. Bain amach do chuid féir, agus leig de do chuid bundúin. Beidh grian fós ann len a thriomú. Deilbh an saoghal agus gheobhaidh tú inneach dó
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
 
Bhí sé ráidhte ariamh nach raibh sé dlighmhear ag póilíos a dhul ag tógáil fuisce ar shochairdeacha (sochraideacha) ach an bhfeiceann tú an chaoi atá orra anois. Chuartuigh siad istigh faoi'n gcorp annsin thiar an lá faoi dheireadh. Fhobair gur thóig siad an corp anuas de'n bhord. Diabhal an gceapfainn féin go gcuirfí mórán ar fhear poitín nuair is cúrsaí sochraide é
 
dligh
Deir siad (deirtear) gur mór a dligheadh dóibh ó'n údhachta nach bhfuair siad chor ar bith. Dar ndóigh má's cúrsaí de'n tsórt sin é, 'séard a bhí aca a dhéanamh dlighe a fháisceadh ar an dream thall aríst agus é a bhaint amach as a gcreatalaigh. Nach deacair le na diabhail scaradh leis. Ghreamuigh an tsaint dóibh i bhfus agus thall — ghreamuigh sin
 
Níl sé dlisteanach ag fear ar bith deirbhshiúr a mhná a phósadh. Má's cúrsaí de'n tsórt sin é nach bhféadfadh duine a dheirbhshiúr féin a phósadh
 
Tuigim do chuid cúrsaí go maith. Ní thaithnigheann an obair leat agus 'sí do leas-mháthair a thóigfeadh ort é, ach oiread. Ach fan ann go gcastar rud eicínt níos fearr in do bhealach. Níl aon-pháighe innte le h-ais Shasana faoi láthair, ach bainfidh tú riar do cháis aisti, agus beidh tú i súile na ndaoine. Cá bhfios do'n té sin? Is fánach an áit a bhfuightheá gliomach. Fan mar atá tú go bhfeicidh tú leat. Níl a fhios nach mar is doilighe is fhearr, cé gur deacair a rádh gurb eadh.
 
dóirt
Bhí muid creinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scathamh maith. Ach an uair a tháinic sí teann (an ghaoth) agus as sin in a gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fánaidh roimhe, in a cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
 
don
Ná raibh dan iaraí ort agus éist do bhéal! Cá bhfios domsa céard is cor dóib, agus ní miste liom cá dtuitfidh a gcodladh orra mar ní hé a gcuid cúrsaí atá ag déanamh imní dhom
 
dorn
Má's cúrsaí de'n tsórt sin é, ní bheidh mise falamh ach an oiread le duine. Chreidim gurb é an fear is fhearr dorna gurb é is fhearr corna de'n fheoil annseo
 
Glac comhairle ó dhuine dhoscudhach a mhic ó, agus teirigh agus pós í. Tuigimse go maith do chúrsaí. Níl tú luighteannach leis an mbean. Bhí mise ar an gcóir chéadna. D'iarr m'athair — go ndéanaidh dia grásta air! — mé a chur isteach annsin thiar tigh Sh. Ch. Spréach mé go ndéanfaí a shamhailt liom. Bhí láimh agus focal idir mé féin agus bean eile. Leath-bhliain ó'n lá sin bhí an bhean sin pósta, agus mise gan Murrchadha gan Maghnus. Seachain thusa a n-eireochadh an rud céadna dhuit. Ar chuala tú ariamh é. "Bíonn cuid de na mná agus an grádh aca ar bharrú (barradha) a méar; Tá a n-intinn agus a n-aigne le fáil ag fearaibh an tsaeghail." Ná h-imrighidís ort-sa cho maith le duine
 
Leig de do chuid draoidheadóireacht anois, agus labhair go céillidhe mar a dhéanfadh fear. Ní cúrsaí mugadh magadh é seo chor ar bith
 
Má's cúrsaí drisíneacht' é, níl duine ar bith cho drisíneach leis an amhalóir de ghasúr atá aice féin. Chloisfeá thiar adtuaidh ag screadach amanntaí é. Amanntaí eile, tosuigheann sé ag diabhlóireacht, agus do pháiste cho h-óg, dar príosta 'sé atá deas air.
 
droim
Má's leat gan a bheith de dhruim tighe, leigfidh tú de chúrsaí de'n tsórt sin. Dheamhan duine ariamh dhá bhfaca mé ag plé leo, nach hé mála na déirce a d'fhágfaidís air ins an deireadh. Ag súil le gnóthachan a chailleas an cearrbhach adeir siad.
 
Chuala mé Michael se'agaibhse ag rá go raibh sé ag obair san taebh ó dheas do Shasana — Bournemouth — "D day" agus go raibh dúachan na gcéadta de bháid aeir ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer dubh uiliog aca, adeir sé. Nach h-iad a rinne an íosbairt ach a chuaigh siad go ceann cúrsa
 
duine
Duine thuas agus duine thíos: sin é cúrsaí an tsaoghail a mhic ó!
 
Caithfidh muid a dhul ar chúrsaí sílim. Tá sí an-ghártha (fc. cúrsaí)
 
Is beag nach ndeachaidh leis an bhfear sin a chuir a bhean ins an tobar. Ach chionntuigh sé féin é féin in a dheidh sin. Dá fheabhas a mbíonn de phleaineannaí aca, fágann siad marach eicínt ar a gcuid cúrsaí i gcomhnaí. Marach go bhfágann: ní bheadh duine ar bith ins an tír ins an gcomhaireamh ceann. Bheadh 'chuile dhuine marbhuighthe ag duine eicínt eile