Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

deisiú (34)

 
Tá deisiú daingean ar an mbróig sin anois. Ní scoithfidh tú an crú sin deirimse leat
+
Caitheann sí sin an lá dhá deisiú féin. Bíonn a shliocht uirthi. Seoid cheart í ar a theacht amach di
TUILLEADH (31) ▼
Cheal nach bhfuil tú deisithe fós? Shoraidh dhíot! Beidh muid deireanach ag an aifreann
Ní raibh sí deisithe le n-imeacht nuair a chuaigh mise ag glaoch uirthi, agus d'imigh liom ar m'aghaidh féin
Nach gránna an deisiú atá uirthi — feisteas, gléas
Tá sé ag deisiú an jaunt na laethantaí seo, le dhul ag saothrú ar an rástaí. Is fadó an lá nár thug sé amach cheana é
Tá sí seo thuas ag deisiú tuirne le dhul ag sníomhachán. Bhí T. ag cur cluasa ann aréir agus dhá sciúradh. A Dhia dhá tharrtháil! Tá sé na cianta ó chonaic mé aon tuirne cheana
Séard a bhí sé a dhéanamh, ag deisiú cochaill le dhul ag saighdeadh. Sin é an fear agat, agus deireadh a gcuid allais tugtha ag a bhfuil sa tír ag crapadh móna roimh na tuiltí
Tá sé ag deisiú an chairr sin le dhá uair, agus dheamhan a bhfuil deisithe fós dhó
Tá an teach deisithe aici anois le aghaidh Gaeilgeoirí
Bhí an crann deilbhe deisithe aici ar m'aghaidh isteach inniu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraí í, go dtéann sí ag deilbh fós
Dhá mbeadh an chruachín choirce sin amuigh deisithe agam, d'fhéadfainn mo scíth a ligean go ceann cupla lá — súgáin agus díon uirthi
Tá bád deisithe aige seo thíos anois faoina cuid seolta bocóideacha bacóideacha … Cé nach bhfaca tú í ó chuir sé an seol uirthi? Is breá an ball i mbéal dorais anois í. Tá sé ag brath air a dhul ag déanamh aeir go hÁrainn agus go Contae an Chláir i mbliana léithe
Bhí sé deisithe amuigh i dtosach an bhus, agus drad flithmhagadh air
Ní raibh mé ach deisithe ar an leaba go díreach nuair a chuala mé an chnagairt ar an doras
Nach air atá an deisiú istigh ar an teallach. Is agam a bheadh an sásamh anois splanc dhearg a ghreamú dhá thóin, dhá mba rud é a chuirfeadh as a shó é beagán
Bhí sé deisithe ceart ar achrann muis — faoi réir le dhul ag troid
Sin é an bhuac siúd. Tá sé deisithe ar achrann i gcónaí
Tá tú deisithe amach ceart ar dhamhsa bail ó Dhia ort — faoi réir agus fonnmhar
Uair í cheapfainn, atá deisithe amach ar bháistigh. Is olc an gotha atá air. Tá sé dhá cothú rófhada, dhá mbeadh neart air
Sin ó thuaidh spéir atá deisithe amach ar shneachta. Is furasta a aithinte uirthi é! An bhfeiceann tú an dreach atá uirthi?
Tá sé siúd deisithe i gcónaí le dhul chun cainte lena rogha fear a chasfar thart
Sin oíche, dar leat, atá deisithe amach ar ghála. An gcloiseann tú na soinneáin sin? Diabhal cleith a fhágfas siad ar an teach mura bhfuil ag Dia
Deir siad go bhfuil an bheirt deisithe le dhul go Meiriceá más fíor é. Chreidfinn go bhfuil ar chaoi ar bith. Rugadh thall eisean, agus bhí sise ann cheana freisin
Níl mé deisithe ar a dhul ag baint mhóna fós
Níl mé deisithe a dhul ag cur fós. Is iomaí stócáil bheag a chaithfeas mé a dhéanamh shula fhéadfas mé a rá: 'chugat a gharraí'
Teach deisithe é anois deirimse leat. An bhfaca tú an foireann nua a chuir sí isteach. Bhainfidís an solas as do shúile leis an loinnir atá iontu, idir chathaoireachaí boga agus boird
Tá teach deisithe aici sin mo léan, ach d'éireodh di, agus gan í ag déanamh aon bhuille eile, ach ag sciúradh agus ag glantachán agus ag socrú
Is bicycle deisithe ceart anois aige é. Is mór an feall nach bhféadann sé three speed a fháscadh air
Is bean deisithe ceart inniu í faoina hata dearg agus cleitiúchaí ann, agus bróga ar dhath na láibe atá thuas ansiúd thuas sa bportach agam
Nach é atá deisithe amach! Ach cá bhfuair sé an parasól, nó cén ghnaithe atá aige dhó?
Tabhair seomra deisithe ar an bparlús atá acu sin anois! Dheamhan ceo dhá mbeadh istigh i bparlús an tsagairt nach bhfuil ann. Is mór an áilleacht é
Beidh carr deisithe aige sin má bhíonn sé ag aon duine. Mo léan géar thú! Nach ag imeacht ag ealaín le rudaí mar sin a chaitheas sé a chuid aimsire
 
Bhí mé ag breathnú istigh ag an aifreann inniu air. Tá a chloigeann chomh bearrtha chomh diogáilte aige. Agus tá plait in uain a chinn, agus na cupla ribe fada atá ar chaon taobh di slíoctha sall (anonn) ar an bplait i riocht is nach mbeadh sí le feiceáil. 'Sé atá deisithe go deas aige