diaidh, i ndiaidh
—abairt réamhfhoclach nó réamhfhocal dúbalta.
—fuaim: ia ach amháin sa dá leagan; ina dhiaidh sin, ina dhiaidh sin fhéin, ina dhiaidh sin is uilig (tar éis sin, ainneoin sin, pé acu sin, cé go bhfuil sin amhlaidh srl.). Fuaim ei (feic, beir srl.) a bhíos ar iai sa dá leagan sin. Deirtear dhéidh i leaba dhiaidh in amhráin go minic.
—
a.
tar éis, iar.
+–
Is maith an earra é sin i ndiaidh slaghdáin
Ní cuibhiúil an rud le déanamh é i ndiaidh sochraide
TUILLEADH (14) ▼
'Sé an chéad bhall é a chonaic mé i ndiaidh éirí dhom
I ndiaidh imeacht di a frítheadh é
Tá sí i ndiaidh clainne aríst — i ndiaidh páiste
Dhá mbeinnse chomh críonna roimhe agus a bhí mé ina dhiaidh, is fada go mbeadh mo láimh ann, ach ní fhaigheann duine ar bith a chomhairleachan in aisce chreidim
Ní raibh a fhios agam é go dtí ina dhiaidh sin. Bhí sé buille mall ansin — tar éis sin; tar éis an ruda
Dhá bhfanainn go dtí ina dhiaidh sin, bhí agam, ach níor fhan. ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas i gcónaí
Breá nár fhan tú go dtí ina dhiaidh sin agus bheadh breith mhaith agat air
Fuair mé amach ina dhiaidh sin nár dhúirt sé é chor ar bith ná gan diabhal rá, ach bréag a dhul air
Is fada ina dhiaidh sin go ndearnadh é sin
Dúirt Mac Dé nuair a bheadh an dá mhíle seo caite (suas go dtí 2000 A.D.) nach raibh a fhios cé is mó a bheadh ina dhiaidh ná roimhe
I ndiaidh an méid sin ar fad cén bhail atá anois air. Nach bhfuil sé i gcruth a dhul ag iarraidh a chodach. Chuala mise ariamh é gur mairg a bheadh go holc agus go bocht ina dhiaidh
Ná bíodh faitíos ort. Rachaidh mise faoi dhuit nach gcloisfidh tú aon cheo ina dhiaidh sin. Tá sé in ann a bhéal a choinneáil ar a chéile, ní hé sin do thuilleadh é
D'imigh gasúr de thamhnóig shléibhe thuas ansin an bhliain cheana. Dheamhan a fhios agam nach as L. é. Ceann eicínt de na tamhnachaí iargúlta sin ar chaoi ar bith. Ní raibh sé ach haon déag nó dó dhéag de bhlianta. Tháinig sé abhaile deich mbliana ina dhiaidh sin, agus níor aithin duine ar bith é, nó gur lig sé a aithne leo. Shíl siad gur báite nó marbh a bhí sé le na cianta roimhe sin. Bhí dalladh airgid aige
Bonn an aoin seo thoir atá sé a fháil. Is gearr go dté sí amach ag spaisteoireacht di fhéin anois, ar theacht don tráthnóna, i ndiaidh a loirgne a bhreacadh sa tine ó mhaidin. Nach í iníon an duine bhoicht í!
b.
i ngeall ar, de bharr.
+–
Is beag atá aige i ndiaidh na saighdiúir — bhí sé scaitheamh sna saighdiúir, ach níl mórán dhá mbarr aige
Shílfeá go mbeadh pínneachaí eicínt thairis sin aige i ndiaidh Shasana, nó an raibh tada aige? Ba é cuid an bheagáin é déarfainn
TUILLEADH (6) ▼
Sin é an chaoi a bhfuil sé anois i ndiaidh a shaoil, gan luach a bhéilí aige
Is beag a bheas agat i ndiaidh do shaoil má fhanann tú ansin. B'fhearr dhuit imeacht go fada
Ná bac le tada a bheith ag duine i ndiaidh na móna. Dheamhan ceo a bheadh agat go brách ina diaidh
Ní bheidh mórán ag duine ar bith i ndiaidh na talúna, ach do dhá cheann sa talamh, ó mhaidin go faoithin agus gan cuid an fhiúntais agat ina dhiaidh sin i ndeireadh na bliana
Bíonn sprus mór airgid anois i ndiaidh na móna ó thosaigh an cogadh. Roimhe sin, dheamhan mórán a bhíodh dhá barr ná cuid de mhórán
Duine ar bith atá i gcleithiúnas carraigín, 'sé cuid an bheagáin a bheas ina dhiaidh aige. Níorbh fhiú do dhuine a bheith dhá mhearú féin le rudaí den tsórt sin ar scáth a luach saothair
+–
Ní fhaca mé an oiread sin de bhrabach ina diaidh riamh cheana — dá barr; níor frítheadh an oiread sin brabaigh uirthi ariamh
Is beag a bhrabach a gheobhas tú ina dhiaidh sin, deirimse leat. Chuile phínn ag dul sa stoca.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfaighidh bean an ósta aon bhrabach ina dhiaidh nó d'athraigh sé. Ar ndóigh mo léan níor athraigh
Ní raibh an chianóg rua (de bhrabach) agamsa ariamh ina dhiaidh
c.
le droim, le punt.
+–
Tá na tithe i ndiaidh a chéile
Bhí na daoine in aon scuaidrín amháin i ndiaidh a chéile ar an tsráid
TUILLEADH (16) ▼
Leag mé ansin i ndiaidh a chéile iad. Tá siad corraithe aríst agaibh
Abair i ndiaidh a chéile iad
Cuir i ndiaidh a chéile ansin ar an mbord iad, go bhfeice muid cé acu is mó
Tá scór braillíní i ndiaidh a chéile amuigh ar an gclaí aici.
Bhí chomh maith le scór mótair i ndiaidh a chéile ann, má bhí sé taobh leis
An bhfuil tusa in ann na strácaí a chomhaireamh sa tuí sin. Sílimse go bhfuil naoi stráca i ndiaidh a chéile ann
Bheadh doiséinne ann, dá mbeidís i ndiaidh a chéile — ach níl
Cén chiall nár chuir sé na hiomrachaí oinniúin i ndiaidh a chéile agus na meacna a choinneáil astu féin. Ní fhaca mé an ceann céanna ariamh féin nach gcaithfeadh sé cóirí catha a bheith aige nach mbeadh ag aon duine eile
Tá sé siúd in ann a raibh de ríthe ariamh in Éirinn a chur i ndiaidh a chéile
Níl ceathrúnaí an amhráin chor ar bith i ndiaidh a chéile aige. Tá siad thrína chéile
Cheal nach bhfuil siad agat i ndiaidh a chéile. Tá siad sin ar fad thrína chéile
Chaithfidís seasamh ansiúd i ndiaidh a chéile nó go nglaoití orthu. Bhí muid préachta ag fanacht ann
An bhfuil tú in ann an t-amhrán sin a rá i ndiaidh a chéile? — sa gcaoi a bhfuil sé, agus gach ceathrú ina háit féin
Bhí sé agam ar fad tamall, ach níl mé in ann dhá fhocal dó (dhe) a chur i ndiaidh a chéile anois. Tá an chuimhne uileag imithe uaim
Níl aon aithrí a rinneadh ariamh nach raibh sé in ann a chur i ndiaidh a chéile. Ba bhreá uaidh píosa cainte a rá
'Sé a bhí in ann an scéal a chur i ndiaidh a chéile. Mar adeireadh sé féin, ní dhá changailt ná dhá chomhchangailt a bhíodh sé, ach dhá chur amach go tóin an tí
+–
Dar príosta tá an t-amhrán sin i ndiaidh a chéile go maith hé brí cé a rinne é (déanta go maith). Ní hé filí (file) Bh. na mB. a rinne é sin, ab é?
'Sé atá in ann an phait de bhréag a chur i ndiaidh a chéile (a chumadh). Dá mbeadh sé in ann a dhul amach agus gnaithe a dhéanamh chomh maith ina gharraí, ba mhór ab fhiú dhó é
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé i ndiaidh a chéile ná baol air chomh mhaith agus a chuirfeadh M. i ndiaidh a chéile é. Tá M. tógtha ag déanamh amhráin.
Go deimhin tá sé in ann béadán agus cúlchaint agus bréaga a chur i ndiaidh a chéile. Ní mé an bhfuil sé in ann a phaidreacha a chur i ndiaidh a chéile leath chomh maith. Ní beo é mura mbeidh sé ag coiriúint ar dhuine eicínt
Níl sé in ann dhá fhocal cainte a chur i ndiaidh a chéile, ní áirím speech fada a dhéanamh
+–
"I ndiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin" — "I leaba a chéile a dhéantar na caisleáin"; ní féidir gach uile shórt a dhéanamh de rith is de léim. Caithfidh duine foighid a bheith aige, agus a ionú a ghlacadh, agus oibriú leis de réir a chéile; Rome was not built in a day
Glac t'ionú a dhuine sin. Nach breá nach gcuirfeá stuaim ar an bhfoighid. I ndiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí an t-uafás a bhíos ort. Nach bhfuil a fhios agat go ndéanfaidh mé é ach a mbeidh mé réidh go dtí é. I ndiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Níl aon tsástaíocht agatsa ann mura ndéantar chuile shórt de léim
Ní beag dhúinn a bhfuil muid a dhéanamh faoi láthair, agus gan bacadh le teach. I ndiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Déanfar an teach ach a bhfaightear an deis amach anseo faoina bheith slán do na daoine
·
Beidh tú ag teacht isteach uirthi i ndiaidh (i leaba) a chéile. Deir siad gur teanga chrua í an Ghaeilge le foghlaim
d.
i ndiaidh a chéile: beo, ar marthain, ag coinneáil le chéile, inchaite, gan a bheith ina cheirteachaí amach is amach.
+–
Níl ann ach go bhfuil sé i ndiaidh a chéile anois. Ní fhaca mé duine ar bith ariamh, is mó a d'ídigh ná é le gairid. Níl bior eanga féin air
Is maith an mhaise aige é agus é bheith i ndiaidh a chéile chor ar bith agus chomh maith agus a shaothraigh sé an tinneas sin le bliain. Murach chomh láidir agus a bhí sé, is fadó a bheadh sé scuabtha. Ach bhí sé an-righin
TUILLEADH (10) ▼
Ara a dheartháir mo chroí thú, is beag nár ghiorraigh sé liom. Dheamhan a leithéid de ruaig a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil mé i ndiaidh a chéile chor ar bith aige
Tá sí i ndiaidh a chéile ar éigean anois. 'Sé a bhfuil ann é. Ar ndóigh is beag an dochar di agus an aois atá aici. Nach bhfuil sí bord ar bhord leis an gcéad
Ní féidir go bhfuil an seantseaicéad sin i ndiaidh a chéile fós. Dar mo choinsias is mór an seasamh aige é. Tá dhá chulaith caite agamsa ó fuair tusa é sin. Thug tú an-aire dhó. Murach gur thug is fadó a bheadh sé ag ceannaí (fear ceirteachaí)
Fuair sé an leabhar sin tá trí seachtainí ó shin, agus níl a dhath di i ndiaidh a chéile anois aige. Sin é an diabhlánach agat. Nach beag an tsuim atá aige cá bhfaighfear airgead
Níl an tseanchrupach siúd ach i ndiaidh a chéile. Mura bhfuil aon cheann aige thairti siúd, tá sé d'uireasa bó — tá sin. Ní sháróidh sí siúd geimhreadh eile go deo
Is maith an dícheall do na daoine a bheith i ndiaidh a chéile chor ar bith agus an aimsir a bhí ann le fada. Tá chuile dhuine ag fuasaoid slaghdáin, agus má tá féin is beag an dochar dóibh. B'uair mhínádúrtha í. Níor thada eile í
Theangmhaigh an toirneach leis agus níl ann ach go bhfuil sé i ndiaidh a chéile ó shin. Ná bac thusa le balla ar bith a scríobfaidh an cailín sin leis. Scoilteann sí ar fad é. Ach bhí muid saor go leor míle buíochas le Dia, nach ndearna sí thairis sin de dhamáiste
Is maith atá an seanbhicycle sin ag cruthachtáil agus é a bheith i ndiaidh a chéile fós. Is maith an t-achar agat é sin anois. Ní mheasaim go mbeidh sé i bhfad eile i ndiaidh a chéile muis. Tá cosúlacht an-chroite anois air
Níl in Peadar ach na cheithre eite anois. Tá sé tugtha anuas go mór ó chonaic mise go deireanach é. Ach is mór an t-ionadh go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith agus chomh gar don bhás agus a bhí sé. Shíl mé nach srianfadh sé thríd go brách
Is diachta don leaba chéanna a bheith i ndiaidh a chéile chor ar bith agus an macnas agus an éirí in airde a bhíos orthu sin inti chuile oíche. Dheamhan aithne orthu nach amuigh ar na cnocáin a bhíos siad. Beidh a shliocht orthu: ar feadh iad an leaba sin a bhriseadh, codlóidh siad ar an talamh, agus comhairleoidh sin iad, feicfidh tú féin air.
e.
ar sháil.
+–
Bíonn a bhean ina dhiaidh aniar in chuile áit — lena shála, ina chosamar
Tá a mhadadh ina dhiaidh aniar
TUILLEADH (9) ▼
Níor bhreathnaigh mé tharam ariamh go raibh mé ag dul isteach doras an tí ósta, agus sin é an uair a chonaic mé in mo dhiaidh aniar é. Nár thútach an mhaise dhó anois mé a leanacht mar sin
Cuirfidh sí siúd na póilíos in do dhiaidh aniar má chuireann tú aon araoid uirthi. 'Sí atá deas air
Bhí dhá mhíle de thosach agam air, ar a laghad ar bith, agus cé a d'fheicfinn in mo dhiaidh aniar ag dul isteach ag ceann Bhóthar na T. ach é. Ba mhaith an deifir a rinne sé sin
Chuir sí an-náire ar Ch. Chaith sí an lá ina diaidh aniar ar fud na Gaillime ag sciolladóireacht uirthi. Ní scarfadh sí uaithi ar ór ná ar airgead
Cé a bheadh in mo dhiaidh aniar ag dul isteach ag an aifreann inniu ach é. Chuaigh sé ar a ghlúine le m'ais, agus go maithe Dia dhom é, níor dhúirt mé a dhath de m'urnaí ach ag cogarnaíl leis ar feadh an aifrinn. Tá sé mallaithe, agus níl aon duine dhá mbíonn ina aice nach mbíonn mallaithe chomh maith leis féin
B'aisteach an rud é sin, nárbh aisteach. Deir sé gur chuala sé an choisméig ina dhiaidh aniar aníos ar feadh an bhóithrín uilig. Sheas sé míle uair, agus sheasadh an choisméig freisin. Chinn air duine ná deoraí a fheiceáil luath nó mall
Bhí sé ina diaidh aníos an bóithrín anocht
Nach raibh sé in do dhiaidh anoir
Beidh sé in do dhiaidh amach as an séipéal agus tapaigh é
+–
Tá a chois ina diaidh i gcónaí — fear a bheadh mór le bean agus a chothódh an tsáil aici
Níl gair aici a dhul taobh amach de dhoras nach bhfuil a chois ina diaidh
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca aon duine í i mbóthar ná i mbealach le cúig nó sé de bhlianta nach bhfeicfí eisean agus cois ina diaidh aige
+–
Ní raibh sé ariamh nach mbeadh cois i ndiaidh na huaisle aige — ag cuimilt leis an uaisle; fonn caidrimh leis an uaisleacht
Bhí cois i ndiaidh na huaisleachta aige chuile lá ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Ó, tuige nach mbeadh. Ghreamaigh dhó cois i ndiaidh na huaisle a bheith aige.
Caithfidh sé an chois a choinneáil i ndiaidh na huaisle i gcónaí. Sin é a bhuac
+–
Tháinig sé anoir an bóthar agus cois i ndiaidh na coise eile aige — ag siúl go righin, go támáilte, go tuirseach nó go tomhaiste; ag siúl ar nós chuma liom faoin áit a mbeadh sé ag dul nó faoin obair a mbeadh a phlé léithe an uair sin
Tháinig M. Ph. Sh. anoir inniu agus cois i ndiaidh na coise eile aige. Déarfainn gur fear é a raibh braoinín ar bord aige
TUILLEADH (4) ▼
An bhfeiceann tú anuas é; agus cois i ndiaidh na coise eile aige. Síos tigh B. atá sé ag dul anois. Chuir an bhean amach ann é gan bhuíochas. Is furasta a aithinte air gur beag a fhonn atá air a dhul ann
An bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil cois i ndiaidh na coise eile aige. Meas tú an tuirseach atá sé. Is maith an scaitheamh go mbeidh sé sa mbaile ar an deis sin
Tá drogall an mhí-áidh air a dhul siar anois san áit a bhfuil sé ag dul: tigh na deirfíre. Féacha an chaoi a bhfuil cois i ndiaidh na coise eile aige. Choinneodh adhastar sneachta as anois é. Ní bhíonn grásta ar bith aige a theacht anoir thar cheann an bhóithrín chor ar bith … aistiúlacht. Deile?
Déarfainn leis an gcaoi a bhfuil cois i ndiaidh na coise eile aige nach luar leis an sioc ná a dhul 'na chladaigh. Bíonn an-drogall aige roimh an gcladach i gcónaí. Goróir an-fhuar é. Dar príosta muis, níl an fheamainn an-te inniu
f.
ar chúl.
+–
Tá sé in mo dhiaidhse
D'airigh sé rud eicínt ina dhiaidh ar an mbóthar.
TUILLEADH (4) ▼
Is gearr in mo dhiaidh é. Níl a fhios agam nach é is gaire dhom
Ní raibh sé mórán le míle ina diaidh. Is diabhlaí nár scoith sé í
Bhí sé ag breathnú ina dhiaidh (in a dhiaidh siar)
D'fhéach sé ina dhiaidh siar agus chonaic sé an fear ag teacht
+–
Tá sé ag teacht agus a thóin ina dhiaidh — duine a bheadh tuirseach seangaithe nó craplaithe
An bhfeiceann tú anoir é agus a thóin ina dhiaidh. Féachfaidh an spealadóireacht é
TUILLEADH (2) ▼
Tháinig sé tráthnóna agus a thóin ina dhiaidh, théis a bheith trí lá imithe dó. Is furasta a aithinte air gur beag a chodladh a rinne sé ó shin, má rinne sé néal ar bith. Nach bhfuil a fhios agat go maith gur le ól agus le ragairne a bhí sé sin ó shin
Má spréann tú an méid sin coirce, tiocfaidh tú abhaile tráthnóna agus do thóin in do dhiaidh. Dar mo choinsias, tá stróic mhaith sa méid sin
+–
Níl sé ach ag tarraingt a chosa ina dhiaidh de bharr a lae — tá sé buailte suas sna cosa de bharr saothar an lae; tá sé tuirsithe
Is beag le go raibh mé in ann mo chosa a tharraingt in mo dhiaidh abhaile. Sháraigh an t-aistir ar fad mé
TUILLEADH (2) ▼
M'anam a Dhia agus do Mhuire! Tá mé seangaithe. 'Sé a bhfuil mé in ann a dhéanamh mo chosa a tharraingt in mo dhiaidh. Dar fia, ní gan uí gan ó fataí a chur
Má tá tú in ann do chosa a tharraingt in do dhiaidh chor ar bith, ní loicfidh tú anocht. Beidh an-oíche ann — oíche go maidin. Teara uait ann!
+–
Fág i do dhiaidh é
D'fhága sé an bhochtaineacht ina dhiaidh an lá ar phós sé — thug sé cúl don bhochtaineacht
TUILLEADH (6) ▼
Náire ortsa go deimhin! Is fadó an lá a d'fhága tú in do dhiaidh í — is fadó an lá ó scar tú léithe
Ná caintíodh sí ar náire liomsa. Is fadó an lá ó d'fhága sí ina diaidh í
Fuair tú amach an té a mbeadh gnaíúlacht ann. Mo chreach mhaidne, is fadó a d'fhága sé ina dhiaidh a raibh de ghnaíúlacht ag siúl leis. Diabhal a raibh de chailleadh air shula phós sé, ach bhí sé bocht an uair sin. Chomh luath agus a thosaigh an saol ag féithiú leis, chaith sé an bhogshíneadh in aer
Do dhúshlán an bhochtaineacht a shamhlú anois leis. Is maith an scaitheamh ó d'fhága sé ina dhiaidh í. Dhíol sé an déirce mar adeir an ceann eile.
D'éirigh sé as an nathaíocht sin. D'fhága sé ina dhiaidh í. Níl a fhios agam nach bhfuair sé a sháith di. Bhí sé ag tarraingt an iomarca síomálachaí air féin lena chuid dea-chainte. Is maith an bannaí ar an teanga a mhic ó, corrchniogaide a fháil
D'fhága sé an tsleamchúis sin ina dhiaidh an lá ar phós sé. Is fear sách críonna ó shin é. Mhúinfeadh an bhean siúd aige ciall do na luchain. Mhúin sí ciall dósan ar aon chor
+–
"Is fhearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh" (seanfhocal) — is fhearr duit cuimhniú ar an rud atá fút a dhéanamh, i riocht is gurb í do chríonnacht a dhéanfá, ná a bheith in aiféala faoi agus é déanta agat. Ní miste dhuit cén smaoitiú a dhéanfas tú ansin air, bíonn an anachain déanta
Ní anois atá agat a bheith ag cuimhniú air. Breá nár bhreathnaigh tú romhat shula ndearna tú é. Is minic a chuala tú gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé mall agat anois fios a bheith agat céard a bhí agat a dhéanamh, agus an rud déanta. B'fhearr dhuit breathnú amháin romhat an uair sin, ná dhá bhreathnú in do dhiaidh anois
Sásaigh thú féin go maith anois agus ná bí in aiféala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon scaoileadh i ndán duit mura scaoile an bás thú, go sábhála Dia sinn. Mar sin, breathnaigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubhléim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág i do dhiaidh í. Sin é a bhfuil ina thimpeall
Níor bhreathnaigh sé roimhe féin in am. Anois bíodh sé ag breathnú ina dhiaidh go mbeidh sé tuirseach. Is aon mhaith amháin dó é
Murar bhreathnaigh sé roimhe, féadfaidh sé breathnú ina dhiaidh anois, ach sin é a bhfuil de mhaith dhó ann. Ní fheicfidh sé aon sciúrtóg dhá chuid airgid go héag. Is maith nach mór do dhuine a bheith san airdeall air féin ag plé le cneámhairí
Níor bhreathnaigh sé roimhe nó ina dhiaidh, ach imeacht leis gan méir a bhaint dhá shrón gur shiúil sé isteach sa teach
Ná breathnaigh romhat ná in do dhiaidh anois go dté tú ann agus go bhfaighe tú é sin domsa
Níor bhreathnaigh sé ina dhiaidh amháin. Sin é an fear nach raibh mórán cumha air i ndiaidh an bhaile
+–
Céard atá muid a dhéanamh? Ag cruinniú romhainn agus ag bailiú inár ndiaidh, a dheirfiúr — déarfadh dream nó duine é a bheadh ag cruinniú airgid, nó lucht iarrtha a gcodach srl.
Ag cruinniú romhainn agus ag bailiú ina (ár) ndiaidh atá muid ó mhaidin. Más ea féin, is beag atá dhá bharr againn
TUILLEADH (2) ▼
Céard adeir tú! Ag cruinniú romhaibh agus ag bailiú ina (bhur) ndiaidh! Tá faitíos orm nach bhfuil mórán le cruinniú ná le bailiú agaibh uaimse, ní ag ceasacht ar Dhia é, ach ní bheidh mé gortach faoin mbeagán féin
Tá muid ag cruinniú romhainn agus ag bailiú inár ndiaidh ó mhaidin inniu; agus 'sé a bhfuil againn fós coróin. Tá faitíos orm nach mórán gnaoi atá ag muintir na háite seo ar a (ár) gcuid spóirteannaí. Dhá dtéadh fear thart le aghaidh elections nó rud mar sin, is maith teann an spaga a bheadh tráthnóna aige.
+–
D'fhága sé go leor airgid ina dhiaidh — lena uachta; tar éis bás a fháil
An raibh mórán ina dhiaidh meas tú? Cupla céad?
TUILLEADH (3) ▼
Sílim gur beag a bhí i ndiaidh Sheáin, ach bhí sé i ndiaidh an dearthár eile — lán mála dhe
Tá tú ag déanamh airgid as éadan agus fágfaidh tú in do dhiaidh uileag ar ball é. Dheamhan pínn dhe a thabharfas tú leat ach an oiread liomsa
D'fhága sé saibhreas na saibhreas ina dhiaidh, agus tá a chuid daoine muintreacha ag scliúchas faoi ó shin. Is minic, ar ndóigh, a lig béal na huaighe rud le béal na trua
+–
Ní fheicfidh muid é sin, ach b'fhéidir go bhfeicfeadh an dream a thiocfadh ina (ár) ndiaidh é
Ní chuirfidh mise mórán anró orm féin ag réiteach talúna. Déanadh an dream a thiocfas in mo dhiaidh a rogha rud — na línte atá le theacht
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh aon rath air féin ná ar a chlann ina dhiaidh
D'fhan siad mar sin, agus a gclann ina ndiaidh
Chonách sin ort agus ar do chlann in do dhiaidh
Ní bheidh lá foráis air, ná ar a chlann ina dhiaidh, má fuair sé an t-airgead chomh mídhlisteanach sin
Beidh feamainn ann i ndiaidh a bháis. Shílfeá nach mbeadh sé chomh santach sin ag an saol
Diabhal bacadh a dhéanfas mise air, ná cuid dhe bhacadh: oibríodh sé leis. Beidh talamh ann i ndiaidh a (ár) mbáis. Fágfaidh muid inár ndiaidh uilig é, fágfaidh sin
g.
gan aon duine ina dhiaidh: duine ar bith le obair a dhéanamh.
+–
Tá sé féin ag obair ar na bóithrí, agus gan aon duine ina dhiaidh sa mbaile ach an stóicín sin nach bhfuil in ann mórán a dhéanamh fós
Ní fhéadfainn an teach a fhágáil agus gan aon duine in mo dhiaidh. Cé a sheolfas bó nó gamhain?
TUILLEADH (9) ▼
Níl duine ar bith i ndiaidh an duine bhoicht sin, agus caithfidh sé a dhul ag saothrú ina dhiaidh sin
Nach maith an chiall agamsa é, nach bhfuil in mo dhiaidh ach girseachín nach bhfuil in ann freastal ar bhó ná ar ghamhain
Is furasta dhó sin a bheith ag bóithreoireacht, agus triúr riadairí ina dhiaidh. Ní hé sin don té é nach bhfuil duine ná deoraí ina dhiaidh
Dá mbeadh aon duine in mo dhiaidh ghabhfainn in éindí leat ar an bpointe, ach níl ag baile ach mé féin
Má imíonn tusa, cé a bheas in do dhiaidh?
Ba deacair é sin a choinneáil sa mbaile roimhe seo, ach níl aon duine ina dhiaidh anois
Níor chás liom é dhá mbeadh aon duine in mo dhiaidh, ach níl ná ginealach an bhéil bheo — níl sin
Is lag lúbach an mhuirín atá ina diaidh — an bhean bhocht — máthair a fuair bás
Cailleadh óg í agus áilín ar aon chéill ina diaidh
h.
greamaithe, i bhfostú.
+–
Bhí sí i ndiaidh Chlainn Mhac Confhaola sin ariamh — bhí an eitinn iontu; ghreamaigh an eitinn dóibh
Bhí an tsaint i ndiaidh an dream céanna chuile lá ariamh. Ba mhian leo a dhá láimh a chur timpeall ar an saol agus é a bheith acu féin ar fad.
TUILLEADH (7) ▼
Ní raibh aon lá ó rugadh an chéad fhear acu, nach raibh an dea-chaint i ndiaidh na nÉamainn sin. Ar chuala tú aon nathaíodóir beo mar Joe sin. Bhuel ní raibh tada dhá thais ag Pádraig, agus, ar ndóigh seanÉamann féin, deir an dream a chonaic é nach raibh cinneadh go deo leis
Ní raibh aon duine ar an bhfeadhain acu sin ar chuile thaobh nach raibh buannaíocht eicínt den tsórt sin ina dhiaidh. Shílfeá dheamhan mórán ainnis a bhí iontu, agus ina dhiaidh sin féin, d'éirigh fir thar cionn le chuile dhuine acu … Bail ó Dhia ar do chuid spré. Cá bhfaighidís spré. Ní raibh a leithide acu. Ach bhí siad in ann na fir a fhostú pé acu sin é
Tá an t-ól i gcónaí i ndiaidh na Maidhceannaí. Is faisean é a bhí acu uileag
Ní fhaca mé aon duine de na Loideáin chéanna ariamh nach mbeadh an creatán sin ina dhiaidh. Bhí sé ina leannán ag Micil, agus ní fhaca tú Peait aon lá sa mbliain — an lá a mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach chomh maith le chuile lá eile — bheadh slócht air
Tá an nathaíocht in do dhiaidh i gcónaí. Níor scar sí ariamh leat. Dheamhan é muis ná go dté na hordógaí ort
Nach diabhaltaí atá an ghaisce ina dhiaidh i gcónaí. Tá muis, agus beidh. Ní bheadh sé beo mura mbeadh an áibhéil bheag sin aige. Ach dheamhan dochar ann thairis. Duine soilíosach é lá an anó
Mise i mbannaí go bhfuil an furú ina dhiaidh. Is dual dó sin mar bhí sé i ndiaidh a athar féin
i.
ina bhéal, ina bharr.
+–
Nach leis féin a chuid talún. Cé a thiocfas ina dhiaidh air? — cé a thiocfas ina bhéal (nó ina bharr) air; cé a éileos a bhaint dhe
Coinníodh sé a uachta. Tuige nach gcoinneodh. Níor chuala muide go raibh duine ar bith ag iarraidh a dhul ina diaidh air. Ní bheadh aon ghair ag aon duine a dhul ina diaidh air ar aon nós. Tá siad rófhada amach i ngaol uaidh
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal aithne air, leis an gcaint atá air, nach duine eicínt atá ag iarraidh a dhul i ndiaidh an gharraí sin air. 'Sé an frae é go deimhin. Ní fiú do sheacht mallacht é
Tá sé mall acu anois a dhul ina dhiaidh air, agus é dhá bhliain ann. Dhá dtapaídís é nuair a tháinig sé isteach sa ngabháltas i dtosach, b'fhéidir go n-éireodh leo a chur as amach, ach an rud a théas i bhfad, mar adeir an seanfhocal, téann sé i righneadas
Coinnigh do sheandúda lofa. Níl duine ar bith ag dul ina dhiaidh ort. Is suarach an éadáil é ar aon chor ag aon duine.
j.
i gceann, i dteannta.
+–
Cuir thú féin anois i ndiaidh an méid sin — cuir tuilleadh (cainte, airgid srl.) ina cheann sin
Dúirt mise an méid sin den amhrán. Cuir thú féin ina dhiaidh sin anois
TUILLEADH (14) ▼
Sin é a bhfuil agamsa anois. Cuir thú féin ina dhiaidh sin
M'anam nach bhfuil mise in ann cur ina dhiaidh sin, ná aon fhear eile sa teach sílim
"'S óra mhóra mhóra agus óra mhíle grá; tá bricíní ina mbuilcíní i bpluicíní mo ghrá". Cuir thú féin ina dhiaidh sin anois
Thug sé gob géar do J. agus ní raibh J. in ann cur ina dhiaidh — ní raibh sé in ann a sháith de fhreagra a thabhairt dó
Cuirigí ina dhiaidh sibh fhéin anois — dúirt sé cupla líne d'amhrán agus d'iarr sé ar an gcomhluadar an chuid eile a rá ón áit ar éirigh sé féin as
Cuir ina dhiaidh sin anois thú fhéin má tá tú in ann
Thug an mac go leor airgid as Sasana, agus chuir an t-athair ina dhiaidh, nó gur cheannaigh siad an talamh sin thuas a bhí ag P. K. Ba dona an áit ar chuir siad a seacht gcéad mar sin féin: é a shíneadh amach ar na caochphoill agus ar na cíocraí sin — chuir an t-athair ina dhiaidh; chuir sé ina cheann; thug sé an oiread don mhac, agus a bhí easpach air leis an talamh a cheannacht
Tá leathchoróin agamsa. Cuir thú féin ina diaidh, agus faigh leathghalún. Déanfaidh sin muid. Imeoidh muid ar an dá luath is a mbeidh an deoir deiridh dhe sin ólta
Thug M. deich bpunt dom agus chuir mé féin ina dhiaidh gur cheannaigh mé an bhó sin. Má cheannaigh féin, b'olc an ceannacht a rinne mé, ní ag ceasacht ar Dhia é. Tá sí ag dul ó dháir ón lá ar ceannaíodh í
Ní raibh a ndóthain acu féin leis an teach a chríochnú, ach chuir an deirfiúr siúd atá imithe ina dhiaidh, agus críochnaíodh ansin é. Chosain sé, idir chaon tsórt, trí chéad agus dá fhichead punt. Ba diabhaltaí an lab airgid é
Níl aon mhaith in do dheich bpunt. Is mór eile a chuirfeas tú ina dhiaidh shula thabharfas mise an bhodóg duit. Ceann an ea? Cuirfidh tú péire féin ina dhiaidh, agus sladmhargadh a bheas agat ina dhiaidh sin
Chúig phunt fhichead … Cuirfidh tú dhá phunt eile ina dhiaidh, agus tuilleadh agus dhá phunt. Seacht bpunt fhichead coróin. Sin é a fuair mé orthu, gan cianóig aige ná uaidh
An bhfuil sé céad míle go Baile Átha Cliath adeir tú. Cuirfidh tú scór eile ina dhiaidh. Tá sé sé scóir agus mílte corra. Ba mhaith an choisméig é ag duine dhá chois
Naoi seachtainí go dtí an lá cairde. Ní mór duit coicís eile a chur ina dhiaidh. Tá sé aon tseachtain déag ó arú inné. Chomhair mé aréir é
k.
i mbealach a …
+–
Seod (seo) briseadh uaire ceart. Tá sí (an ghaoth) imithe síos i ndiaidh a tóna aríst — bhí sí ó thuaidh agus chuaigh sí ó dheas. 'Sé an t-údar i ndiaidh a tóna gurbh ó dheas a bhí sí an chéad uair sula ndeachaigh sí ó thuaidh. Nuair a bhí sí ó thuaidh ansin, bhí a tóin mar a bheadh sí ó dheas
Tá an ghaoth chéanna an-luaineach. Nuair a bheas sí thiar, diabhal mé nach mbeidh sí achar ar bith nó go dté sí soir i ndiaidh a tóna aríst ar ais — thoir a bheadh sí an chéad uair
TUILLEADH (1) ▼
Bhí lom gaoithe aduaidh ann ag an trí a chlog ar maidin, ach ba ghearr go ndeachaigh sí i ndiaidh a tóna ó dheas
+–
Tá sé in ann imeacht i ndiaidh a thónach ar fud an tí ach ní fhaca mé é ag iarraidh a dhul ag lámhacán fós. Is fhearr leis ag tónachán leis mar sin
Bhí an oiread ólta aige agus nach raibh sé in ann éirí, ach bhí sé ag imeacht i ndiaidh a thónach ar fud na cisteanaí, agus in ann a dhul go dtí an leathbhairille. Ba ghráin shaolta é.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé ag dul siar i ndiaidh a thónach ariamh ariamh nó gur tháinig sé salach ar an mboirdín a raibh na piontaí againn, agus chuir sé in aer é. Mo léan géar níor thairg sé deoch eile a thabhairt dúinn ina n-ómós, ná na gloiniúchaí a íoc le bean an ósta. Bhí sé spleách go leor, ach ba i ngan fhios dhá phóca sin
Níor chónaigh sí ag dul i ndiaidh a tónach gur leag sí brúisc den chlaí. Amach léithe ansin agus as go brách léithe sna feire glinnte. Ní fhaca tusa siúl faoi rud ar bith ariamh mar a bhí fúithi. Shíl mé nach mbeadh a tuairisc in Éirinn ná in Árainn tráthnóna
Níl doras ar bith in ann seasamh léithe. Pé ar bith caoi sa domhan a gceanglaím í, ionsaíonn uirthi ag dul i ndiaidh a tóna nó go bhfaighe sí ligean ar an doras. Tabharfaidh sí na cosa deiridh ansin dó, agus chaithfeadh sí an oíche ar fad dhá chiceáil nó go mbriseadh sí é ar uain nó ar éigean
+–
caite amach i ndiaidh a bhéil — cromtha nó claonta amach; gan é a bheith díreach, ach an cloigeann nó an t-éadan roimh an gcuid eile den cholainn i gcónaí agus é ag siúl.
Ar ndóigh ní thabharfadh aon duine beo a iníon dó. Tá sé caite amach i ndiaidh a bhéil ar fad. 'Sé mac J. T. Mh. déanta é. Dheamhan bean a gheobhas ceachtar acu go bhfaighe Pól a shúil
Tá sé chomh caite amach i ndiaidh a bhéil agus atá mé féin atá in mo sheanfhear chríon liath, théis nach bhfuil annsan ach fear óg. Shílfeá go ndíreodh sé é féin thairis siúd. Téarma a bhí a thabhairt san arm dó. Dhíreodh neart maide ansin é
TUILLEADH (2) ▼
Tá tóin siar aisti, agus í caite amach i ndiaidh a béil, agus cromshlinneán uirthi … Céard nach bhfuil uirthi, ní ag baint fogha ná easpa aisti é
Is fhearr liom caite amach i ndiaidh mo bhéil féin ná bosaíl a bheith ionam mar atá ionatsa. Séard a theastódh uaitse, treabhsar a dhéanamh duit nach mbeadh air ach aon chois amháin. Chlúdódh sé do chuid bosaíola
+–
D'fhéach sé i ndiaidh a chúil — bhreathnaigh sé siar thairis
Is minic é ag breathnú i ndiaidh a chúil
TUILLEADH (8) ▼
I ndiaidh a chúil a bhí sé ag dul
An bhfuil tú in ann scríobh i ndiaidh do chúil — siar
Chuir sé i ndiaidh mo chúil mé nó go raibh mé amach an doras aige. Scaoil sé amach ansin mé, ach ar an dá luath is ar scaoil, nach gcuireann sé turraic ionam, agus nach gcuireann sé anuas ar chúl mo chinn ar an tsráid mé. Deirimse leatsa nár éiligh mise a dhul isteach níos mó. Ní raibh aon mhothú ionam go ceann leathuaire ar aon chor
Chuirfeadh fear ar bith i ndiaidh a chúil é, ach cá'il an té atá in ann breith isteach air ná dorna a sheasamh dhó
Séard atá agaibh a dhéanamh, an comhra a bhrú i ndiaidh a chúil agus a cheann a thabhairt amach mar seo. Is fusa sin a dhéanamh leis i dtosach ná a bheith ag iarraidh a iontú nuair a bheas sibh dhá thabhairt amach an doras
Bhuail faitíos mé, leis an gcaoi a raibh sé dhá chur i ndiaidh a chúil, gur rún a bhí aige é a leagan ar shlatrachaí a dhroma sa tine
Dheamhan a fhios agam ach an oiread leatsa céard a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh leis an gcarr, agus dheamhan is móide a raibh a fhios aige féin é dhá dtéadh sé go dtí sin, ach bhí sé dhá chur i ndiaidh a chúil ariamh ariamh go ndeachaigh an seafta isteach i bhfuinneoig J. Th. Sin é an uair a thosaigh na hollghártha istigh
Bhí an-spóirt ar an bportach inniu. Rug J. ar bhara T. Sh. agus bhí sé ag ealaín leis agus hé brí cén chaoi ar éirigh leis é a chur i ndiaidh a chúil, nár thit sé síos sa bportach. Chuaigh T. Sh. i ngeallta. Dar an leabhar, dá mbeireadh sé ar J. ghabhfadh sé síos i mullach an bhara
+–
D'imigh leis i ndiaidh a chinn roimhe — gan áit áirid ar bith a bheith aige le dhul, ach imeacht roimhe le toil dheona Dé (chonaic mé an leagan i mbéal a chinn roimhe, ach i ndiaidh a chinn roimhe atá againne)
Chaith an t-athair amach é, gan oiread is a bheannacht a thabhairt dó, agus d'imigh leis i ndiaidh a chinn roimhe. Casadh ag obair ag ceithearnach láidir é a raibh iníon aige. Birín aon tsúil a bhí san iníon agus nár ghlac sí grá dhó, agus nár phós sí é. Tháinig sé ar ais anseo ar cuairt suim achair blianta ina dhiaidh sin, agus é ina dhuine uasal. Ba mhaith an mhalrait aige sin é. Deir siad gur fearr an t-ádh ná éirí go moch
TUILLEADH (8) ▼
Ghread leis i ndiaidh a chinn roimhe. Bhí an oíche ag teacht air agus an lá ag imeacht uaidh nó gur tháinig sé go dtí teach scolóigín a bhí chois an bhóthair
Níl aige le déanamh anois ach imeacht i ndiaidh a chinn roimhe ag tóraíocht a fhortúin mar a ghnídís fadó. Is beag an tsomhaoine dhó ar aon chor, fanacht ansiúd níos faide
An ag imeacht i ndiaidh do chinn romhat atá tú, nó céard a thug an bealach seo thú
Imím i ndiaidh mo chinn romham mar sin scaití, ag fálróid liom.
Ná cuirigí an iomarca araoid air. Tá sé dubhstuacach. Dheamhan a fhios agaibh nach imeacht i ndiaidh a chinn roimhe a dhéanfadh sé. Dhéanfadh ar an toirt, dhá gcaitheadh sé ina cheann é. Is air nach mbeadh an mhoill
Chaith sé an oíche ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe sna sráideannaí, agus gan aon fháil aige ar a theach lóistín nó go ndéanadh sé lá. Níorbh fhéidir áit ar bith a dhéanamh amach ann ag an dúchan eile sin — an black-out
Is minic ariamh a ghlan fear leis i ndiaidh a chinn roimhe agus ní fhaca sé aon lá den ádh ariamh ach é. B'fhéidir go dtiocfadh an té sin abhaile blianta ina dhiaidh sin agus é ina ridire. Ní bheadh sé ach beo bocht, dhá bhfuiríodh sé sa mbaile i gcónaí
B'fhearr dhom imeacht i ndiaidh mo chinn romham, agus gan an baile a thaobhachtáil aríst go brách ná a bheith ag iarraidh a bheith ag baint cheart amach sa teach sin, nuair nach féidir aon cheart a bhaint daob (díobh)
+–
Cuireadh amach i ndiaidh a mhullaigh sa bhfarraige é — caitheadh amach é, agus ba é a chloigeann a chuaigh sa bhfarraige ar dtús; head-foremost
Chuir sé i ndiaidh a mhullaigh amach ar an tsráid é. Tá an-ghearradh ansin ar a ghrua slán an tsamhail. Bhí sé sách maith aige, agus an sceaimhínteacht a bhí air féin
TUILLEADH (4) ▼
Caitheadh i ndiaidh a mhullaigh den bhicycle é, agus fhóbair gur briseadh a bhaithis in éadan an chlaí. Ba mhaith a chuaigh sé as nach rinneadh (ndearnadh) a lá. Dhá mbeadh sé scaithín eile le fána, níl a fhios agam cén chaoi a mbeadh sé aige
Chuir sé turraic ionam, agus caitheadh i ndiaidh mo mhullaigh mé isteach i dtom neantóg atá ar cholbha an bhóthair ann. Bruitheadh agus loisceadh mé ceart críochnaithe. Bhí sé ag faire ariamh nó gur tháinig sé fúm gan aireachtáil, agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Beidh a shliocht air: ní ghabhfaidh leis. Tabharfaidh mise an buille feill dósan agus gan cuimhne ar bith aige air
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi i ngarraí atá ansiúd chois an bhóthair tráthnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearrbhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach i ndiaidh a mhullaigh é, agus rug splinc cloiche a bhí aníos ar an talamh ansin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalangaí in do cholainn — an chamóig ara. Tá contúirt ar dhuine i gcónaí má fhaigheann sé priocadh ar bith ansin
Bun crainn a thruisleáil mé agus a chuir i ndiaidh mo mhullaigh isteach i gcrígh mé. Níor fágadh liobar leathair ná liobar éadaigh orm ach níor chás dom é agus a theacht chomh saor sin as. Tá an áit ar fad faoi bhunannaí crainnte agus faoi chlocha, agus is fánach an chaoi a bhfaigheadh duine drochthreascairt ann. Ní leithne an t-aer ná an timpiste adeir siad
+–
a dhul i ndiaidh a mhullaigh sa bpósadh — a dhul ann go giorraisc, nó gan breathnú roimhe.
Chuaigh sé i ndiaidh a mhullaigh ann agus tuilleadh ghéar den diabhal aige! Ní raibh sé gafach le comhairle, agus tá a shliocht air anois. Bainfidh sí siúd deatach as. Ní raibh breith bonn báis aige nó go bpósfadh sé í sin. Spéir na gréine a bhí inti a mhic ó, má b'fhíor dó féin. Déanfaidh sí siúd spéir na gréine dhó (dhe) shula bheas sí réidh leis
Bíodh foighid agat. Níl maith ar bith dhuit a dhul i ndiaidh do mhullaigh ann. Glac staidéar. Nár chuala tú ariamh é go bhfuil iasc sa bhfarraige chomh maith agus a gabhadh fós
TUILLEADH (1) ▼
Fainic anois a dtiocfá i ndiaidh do mhullaigh ann. Tabhair ionú dhuit féin, agus ná bí in aiféala aríst. Ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas. Níl aon mhaith san obair sin. Do leas romhat agus go mbeire tú air mar adeireadh M. Ph. Mh. fadó
+–
Bhreathnaigh sé orm i ndiaidh a leicinn — leataobhach, taobh a leicinn; side glance
An bhfaca tú an t-amharc míchéatach a thug sé orm i ndiaidh a leicinn nuair a rinne mé a shamhlú leis go mba cheart dó iasacht an bhicycle a thabhairt dom le dhul go dtí damhsa crosbhóthair ar an mB. A. Shílfeá gur méir a chuir mé faoina shúil. Ar ndóigh mo léan, chuile shórt aige sin ach damhsa crosbhóthair!
TUILLEADH (7) ▼
Ní bhreathnóidh sé díreach chor ar bith ort ach i ndiaidh a leicinn. Ní fhaca mise a leithide de phúcaíl ar aon duine ariamh. Do dhúshlán déan amach céard atá ina intinn aon uair.
An bhfuil a fhios agat an fear sin thuas ag T. Mh.: an luisneachán mór sin a bhfuil an chlaonfhéachaint ann agus a bhíos i gcónaí ag breathnú i ndiaidh a leicinn ort. Chreidim nach bhfuil aon neart aige air sin, gurb í an chlaonfhéachaint is ciontaí leis. Súile corr caimín a bhaist P. Ú. air: mar dhóigh dhe go bhfuil a shúile mar a bheadh maide corr caimín ann. Diabhal mé gur duine fáilí é sin, agus nach gcreidfeá ach chomh gnaíúil agus atá sé le duine ar bith a mbeadh aon bheann aige air
Níl a fhios agam an mbeidh sé an-fhada anois go dtuga póilí Á. geábh aniar i ndiaidh madraí nach bhfuil íoctha. Chonaic mé é ag breathnú i ndiaidh a leicinn orm inniu agus mé ag dul amach thairis. Ní mór daoibh a bheith ar a (bhur) son féin — duine ar bith a bhfuil madadh aige nach bhfuil íoctha
An bhfaca tú ariamh é ag caitheamh amach smugairlí i ndiaidh a leicinn. Ní bhíonn sé ach ag ealaín, ach chuir sé déistean ar Ghaeilgeoir a bhí anseo anuraidh. Ní fhéadfadh sí fanacht san áit a mbeadh sé chor ar bith
Tá sé thíos ansiúd ag cur deatach amach as an seandúda i ndiaidh a leicinn, agus ag inseacht faoi 'bhliain anseo a raibh garraí an tS. curtha agam, agus nach raibh aon fhata ann ní ba mhó ná cúrláin Lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad chomh mór le tornapaí Domhnach Chrom Dubh.' Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
Bhreathnaigh sé orm i ndiaidh a leicinn, agus shílfeá gur brath mhór a bhí aige beannú dhom, ach níor bheannaigh ina dhiaidh sin. Is minic ar an deis sin le gairid é. Is fada leis go mbeannaí mé dhó, ach dheamhan beannú muis, ná cuid de bheannú, dhá gcailleadh sé síol a chlainne ag súil leis. Fuaraíodh sé anois sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann cheana
Ní bhreathnódh sí díreach ort ar bhás an domhain, ach ag iarraidh thú a dhearcadh i ndiaidh a leicinn i ngan fhios.
+–
ag dul i ndiaidh a leataoibhe — sideways
Bhí sé ag dul i ndiaidh a leataoibhe nó go ndeachaigh sé síos sa trinse atá ar cholbha an bhóthair
Nuair a bhaintear geit ar bith aisti, níl a dhul ar a cúl ná ar a haghaidh aici ach i ndiaidh a leataoibhe go dté sí sa gclaí. Tá an mí-ádh mór uirthi, tá sí chomh giongach sin
TUILLEADH (7) ▼
Dhá dteagadh sé isteach i dteach anois, agus dhá seasadh sé ar an taobh sin, tá sé d'fhaisean aige a bheith ag dul i ndiaidh a leataoibhe go brách go mbeidh sé thall ar an taobh eile. Ní chuimhníonn sé air féin leis an bhfalrach a bhíos ann ag ceartú dhuit. Leag duine de na gearrbhodaigh an cíléirín roimhe i lár an teallaigh lá a raibh sé istigh anseo, agus níor airigh sé go brách é go dtáinig sé salach air, agus baineadh treascairt as, agus shíl mé go raibh sé basctha istigh ar an teallach againn, mar caitheadh anonn sa gclúid thall é
Tabhair faoi deara é má fheiceann tú ag bocsáil aríst é. Cuirfidh mé geall leat nach dtéann sé an ionga féin ar a chúl ná ar a aghaidh, théis go mbíonn sé ag corraí. Ag dul i ndiaidh a leataoibhe i gcónaí a thugas sé an iarraidh don fhear eile, agus tá iarraidh mharfach aige freisin nuair a thogrós sé é
Níl gnaithe ag aon duine a dhul a chodladh in aon leaba leis sin mura bhfága sé an leaba faoi féin. Tosaíonn sé ag coigilt agus ag rómhar agus ag dul i ndiaidh a leataoibhe nó nach mbeidh agat ach binnín bheag bhídeach amuigh ar colbha. Má thugann tú cead a chinn dó ansin, an chéad áit eile a mbeidh tú, ar an talamh. Cén bhrí ach go dtosaí sé ag srannadh. Shílfeá a dheartháir ó gurb í "Johnny Mary na dtrí gcrann," mar adeir an t-iascaire, "a bheadh ag seoltóireacht i mullach an tí."
Cuireadh an churach isteach i ndiaidh a leataoibhe ar an gcarraig, agus dheamhan ar hiontaíodh í théise sin. Murar hiontaíodh bhí an tseamair Mhuire acu. Dhá dtéadh sí oiread na fríde eile isteach bhí lá soir déanta orthu
Dhá mbeifeá ag siúl an bhóthair bonn ar aon léithe, diabhal easna di nach mbeadh ag sníomh ar chuma eicínt i ndiaidh a leataoibhe nó go gcuireadh sí isteach ar an móinín bán thú. Ní thugann sí féin faoi deara chor ar bith é. Ba deacair dhi agus an síor-rá a bhíos uirthi
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil lorg an rotha. Níl sé orlach ó bhruach. Ba bheag eile muis a ghabhfadh sé i ndiaidh a leataoibhe san am a mbeadh sé thíos sa bhfeadán. Dar diagaí muise, dhá dtéadh sé síos, ní chuirfeadh Goll Mac Móirne aníos aríst é. Diabhal cur ná cuid de chur
Aithním go maith air go mbeidh sé ag dul i ndiaidh a leataoibh mar siúd nó go dté sé isteach doras Ph. Sin í an chluanaíocht atá air. Ag iarraidh sciorradh isteach i ngan fhios mar dhóigh dhe. Nár chuibhiúla dhó go fada bualadh isteach agus a phionta a ól ná a bheith ar an aisiléireacht bheag sin
+–
D'fhéach sé i ndiaidh a ghualann — siar thar a ghualainn, nó i leataobh thar a ghualainn
Hé brí cén breathnú a thug mé i ndiaidh mo ghualann nach bhfaca mé ina phlíoma ansin é, ag féachaint idir an dá shúil orm. 'Shíl mé gur fhága mé thusa in mo dhiaidh sa mbaile,' arsa mise. 'Ní hamhlaidh,' arsa seisean. 'Tusa a d'fhága mise in mo dhiaidh sa mbaile.'
TUILLEADH (6) ▼
Shílfeá muise, go raibh imní air go mbeadh na buachaillí báire a bhí thiar ag doras an tseomra ag cláradh na mná, mar thugadh sé corrbhreathnú cráite siar i ndiaidh a ghualann. Sin é an sórt duine é. Dar leis, tá chuile dhuine sa bhfaire ar an mbean. Ní lena breáichte é muis, ach an oiread liom féin
Tá faitíos air go bhfuil aon cheo dhá chaitheamh i ngan fhios air sa seomra. Féacha an deis atá air ag breathnú i ndiaidh a ghualann. Is diabhlaí an cunús fir é. D'ólfadh sé tae eile anois aríst dhá bhfaigheadh sé é, théis nach bhfuil sé ach i ndiaidh éirí ó tae
Cuirfidh mise ó bhreathnú i ndiaidh do ghualann thú má théim síos chomh fada leat. Scread mhaidne ort a ghiolla na buinní, is beag a mhillfí ort nuair a chuirfeá sna gaiseití é. Is beag a bhéarfadh air fuagairt orainn anois scáth aicearra a dhéanamh thrí phóicín de thalamh bán. Dhá mbeadh cosán trína chuid cuir mar atá thríd an gcur s'againn féin, bheadh údar clamhsáin aige.
Airíonn sé seo soir priocadh in áit eicínt. An bhfeiceann tú ag breathnú i ndiaidh a ghualann é.
Bhí sé i gciúinchomhrá liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon fhear go hiomaí ba spleodraí ná é. Maidir le scéalta, bhí siad aige: bás na caillí, pósadh na mná óige, cogadh, aontaí agus eile. Ach hé brí cén dearcadh a thug sé i ndiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ón oíche fadó ar ionsaigh sé é ag teacht aniar ón R.
Tá cuibhiúlacht mhór sna mná atá ann anois! Go bhféacha an tAthair Síoraí ort a mhic ó, níl ort ach breathnú i ndiaidh do ghualann ar dhuine acu agus tá sí agat ar sheol na braiche. Ach má chuireann sin an iomarca anró ort, níl call duit an oiread sin féin a dhéanamh ach fead a ligean. Sin é do dhóthain
·
Bhí mise lá thiar i dT. an Fh. agus mé ag tóraíocht áit a dtugann siad an D. D. air. Casadh seanfhear dom ag crosbhóthar ann. Seanfhear breá gaelach i gcosúlacht. 'Cén áit anseo a bhfuil an D. D.,' adeirim féin. An bhfuil a fhios agat cén freagra a thug sé orm. Is beag bídeach nár thit mé as mo sheasamh. Cén bhrí ach seanfhear mar é. 'Téirigh i ndiaidh do shróine,' adeir sé, 'agus déanfaidh sí eolas duit.' 'Ná raibh maith agat, agus ní hé amháin,' adeirimse … B'fhearr ná sin an rud a chuala mise ag fear as D. Fh. a tháinig ag damhsa thuas tigh Mh. Bh. Bhí an ghráin shíoraí ag M. B. ar fhear ar bith taobh thiar den Ch. Shaighid muid fhéin i bhfear Dh. Fh. é. 'Céard a chas thusa anseo i ndiaidh do mhullaigh,' adeir M. B. 'Ní i ndiaidh mo mhullaigh a casadh ann mé, ach i ndiaidh mo ghléis,' adeir an fear aniar
+–
I ndiaidh a tosaigh a théas ceann de na soithigh sin síos i gcónaí.
An bhfuil tú ag iarraidh an tlú sin a chur isteach ann. Bhuel má tá, sáigh isteach i ndiaidh a phointín é. Níl maith ar bith dhuit an brionglán a chur ann
TUILLEADH (7) ▼
Is fhearr dhuit an láí a chur sa talamh i ndiaidh a feac agus ní i ndiaidh a hiarainn. Coinneoidh sí an ghreim ar an gcaoi sin.
Sac an scian ann i ndiaidh a coise
Bhrúigh sé an maide láimhe i ndiaidh a chaimín siar ina bhéal
Cuir isteach í i ndiaidh a crainn. Féadfaidh tú lann na speile a fhágáil taobh amuigh, agus greim a choinneáil uirthi, agus ní bheidh a dhath clóice uirthi
Cuirigí isteach í i ndiaidh a deiridh (curach) — a deireadh a chur chun tíre i dtosach
Níor fhéad muid a cur chun tíre ach i ndiaidh a deiridh
I ndiaidh a dhroma a théas sé isteach sa leaba (fc. droim)
l.
ag seoladh, ag cinnireacht.
·
Chuaigh sé i ndiaidh na mbeithíoch ar ball — dá seoladh, dhá dtabhairt abhaile nó ag giollaíocht orthu
Tá sé thar am ag duine eicínt a dhul i ndiaidh na mbeithíoch, muran libh a bhfágáil amuigh go maidin
+–
'Sé a bhíos i ndiaidh an chapaill agus an chairr i gcónaí — ag cinnireacht an chapaill agus í faoin gcarr
Níl duine ar bith aici anois le dhul i ndiaidh an chapaill. Caithfidh an bhean bhocht a díol
TUILLEADH (5) ▼
Níl mo dhóthain lúid ionamsa feasta choíchin le dhul i ndiaidh capall agus carr. Tá sé in am ag duine agaibh féin anois a bheith in ann ceart a bhaint daob (díobh)
Níl a dhóthain aoise ag an stócach sin fós le dhul i ndiaidh capaill, dá mbeadh sí buille meargánta chor ar bith. Is beag an baol
Caithfidh sé a dhul i ndiaidh an chairr inniu. B'fhéidir amárach faoina bheith slán dúinn, go bhféadfadh sé a dhul leat
Chonaic mé carr ag dul siar inniu agus gan duine ar bith ina dhiaidh mura raibh duine eicínt ina chodladh istigh sa mbosca
Dheamhan fear faoin mbogha bán, agus is mór an rud le rá é, is measa ná é i ndiaidh cairr. Dhá bhfeiceadh sé an capall cineál spéiriúil chor ar bith, 'sé mo mheas go bhfágfadh sé ansin í agus go rithfeadh sé thar claí
+–
Chaith sé an samhradh i ndiaidh an asail — le obair áirid eicínt, cuirim i gcás ag tarraingt mhóna, fheamainne nó aoiligh nó a leithide
Cáide go mbeidh aon mhisneach agat a dhul i ndiaidh an asail
TUILLEADH (2) ▼
Is iomaí a leithide ar fud na mbailteachaí atá i ndiaidh asail le dhá bhliain
Ní fhéadfaidh sé a bheith i ndiaidh an asail agus a bheith ag an scoil. Deir siad nach bhféadann an gobadán an dá thrá a fhreastal
m.
ar thí, ar thóir, ar lorg.
+–
Is minic a bhíos sé i ndiaidh bradáin — ag lorg, ar thóir bradáin san abhainn
I ndiaidh bradáin — ag saighdeadh — a bhí tú aréir
TUILLEADH (15) ▼
Tá sé i ndiaidh coiníní
An bhfuil aon chúis leis an gcú sin i ndiaidh giorriachaí?
Céard a chas aniar an scramaire sin. I ndiaidh ban is dóigh
Tá sé an-mhór i ndiaidh cailíní le gairid
Ní theagann iamh ar bith anois air ach i ndiaidh mná
I ndiaidh poitín atá sé. Sin é a thug anseo é — ar lorg poitín lena ól, nó más póilí é le breith air
Cén meanmna a chas aníos chugainn é! Cheal nach bhfuil a fhios agat. I ndiaidh óil. Deile. Shíl sé go mbeadh aon bhrabach orainn. Bailíodh leis anois. Dhá dtiteadh déidín aige ag súil leis, dheamhan deoir a gheobhadh sé anseo
I ndiaidh damhsaí a thug sé sin an tabhairt sin air féin anois. Nach é an t-amadáinín é a theacht dhá mhíle dhéag bealaigh ar an gcuntar sin
I ndiaidh dole atá an boc sin. Ní fhágann sé tigh an mháistir chor ar bith le seachtain, ach é dhá choinneáil ag scríobh, i gcónaí i gcónaí
I ndiaidh airgid atá sé. M'anam murach gurb ea, gur beag an lua a bheadh aige sin trí lá a chur amú thíos sa teach sin. Dheamhan baol a bheadh air
I ndiaidh an airgid a bhíos chuile choir. Cá'il an té a ghabhfadh i gcontúirt a chrochta murach an t-airgead
Is diabhlaí an tsaint a bhíos i ndiaidh an airgid ag cuid de na daoine. An bhfeiceann tú an rud a rinne sé sin thoir?
I ndiaidh an airgid atá sé agus ní i ndiaidh na mná. Sin é grá na hailpe
Is cóir, adeir siad, gur i ndiaidh an tsolamair a bhíos an grá. Phós sé an ágóidín sin le saint ina cuid airgid. Is mór an feall ina dhiaidh sin féin a mhacasamhail d'fhear bhreá a chur amú léithe
Is géar atá mé i ndiaidh mo shásaimh a bhaint amach — tá mé ag lorg díoltais
+–
Tá na póilíos ina dhiaidh — ar a thóir
Chuir sé na póilíos in mo dhiaidh — ar mo thóir.
TUILLEADH (6) ▼
Shaighid sé an madadh gur chuir sé i ndiaidh na gcaorach é — ag rith ina ndiaidh
Tá mise in do dhiaidh a bhuachaill, agus ní chónóidh mé choíchin go mbaine mé sásamh dhaot (díot)
Is fada in do dhiaidh mé ach tá tú agam sa deireadh. Cuir dhíot anois
Ní fhaca mé aon fhear ariamh a chruthaigh chomh maith leis, lá is go raibh an Búrcach an fhad ina dhiaidh, gur thug sé an eang leis uaidh.
Tá an buachaill in do dhiaidh — tá tú i dtús slaghdáin
Bhí a fhios agam ar a theacht abhaile dhom aréir go raibh an buachaill in mo dhiaidh — an slaghdán orm
n.
ceanúil, tóiriúil ar.
+–
Tá mé i ndiaidh greim a fháil ar an leabhar sin le fada — tá mé i ndiaidh an leabhair; bhí fonn orm a fháil le fada (fc. tá mé ina dhiaidh air)
Tá mé i ndiaidh é a fheiceáil le dhá lá, ach chinn orm ina dhiaidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Is fada mé i ndiaidh buille a fháil ar an gcarrachán sin, ach níor casadh in mo bhealach ceart é ina dhiaidh sin
Sílim go bhfuil sé i ndiaidh seans a fháil ar T. Má fhaigheann tabharfaidh sé bóthar dó
Bhí sé i ndiaidh deis a fháil ar an talamh sin le tamall. Tá sé aige anois
o.
giollaíocht a dhéanamh, aire a thabhairt.
+–
Breathnaigh ina dhiaidh sin, nó mura bhfuil mise ag dul amú go mór, is fear é a bhfuil rún aige droch-chor a thabhairt dhó féin — tabhair aire dhó; bí san airdeall air
Ní raibh duine ar bith le breathnú ina diaidh agus cuireadh isteach sa bpoorhouse í faoi dheireadh
TUILLEADH (6) ▼
Caithfidh mé breathnú i ndiaidh na bó sin — aire a thabhairt di; a bheith san airdeall uirthi
Níl breathnú ar bith i ndiaidh na bhfataí agaibh agus gan a fhios agaibh nach leata sa bpota atá siad agus an dabhach tine atá fúthu. Dúirt mé libh a dtógáil cnagbhruite
Is beag a bhreathnós in mo dhiaidh féin ná i ndiaidh mo chlainne, má tharlaíonn tada dom choíchin, go sábhála Dia sinn. 'Sé an chaoi a bhfuil sé sa saol seo, mura mbreathnaí chuile dhuine ina dhiaidh féin, beidh sé ar deireadh
Níl call breathnú i ndiaidh móna ná tada ar an aimsir seo. Triomóidh sí uaithi féin agus an spalpadh atá ann
Níl breathnú i ndiaidh aon cheo ag S. anois. Tá sé ag fágáil chuile shórt fúthu féin. Bhí sé in am aige ciall a theacht dó, agus gan a bheith dhá shárú féin scáth a bhuíochais. Is fhearr go deireanach ná go brách mar sin féin
Shílfeá nach bhfuil breathnú ar bith i ndiaidh na gcaorach sin, ach cead acu a rogha rud a dhéanamh. Bhí siad thoir ar chuid J. T. Mh. inniu. Mise i mbannaí má bhíonn a gcuid féin foghlaithe gur maith gasta a bheas sibh amuigh dhá fhuagairt
p.
aiféala, brón, diomdha.
+–
Tá caitheamh ina dhiaidh agam (orm freisin) nach raibh mé ann in am, arae ní mar sin a bheadh sé dhá mbeinn — brón, aiféala, diomdha orm (fuaim: caith. níl thairis sin ann. Sin í fuaim an fhocail caitheamh i gcónaí, go fiú is nuair a bhíos guth ina dhiaidh)
Bhí an-chaitheamh ina dhiaidh aige nach bhfaca sé T. Bhí sé dhá thóraíocht, ach níor éirigh leis a fheiceáil ina dhiaidh sin fhéin
TUILLEADH (14) ▼
Cén mhaith dhuit caitheamh ina dhiaidh a bheith ort anois. Nuair a bhí agat do ghnaithe a thapú, níor thapaigh tú í, agus ó tharla nár thapaigh, tá tú as anois
Bhí an-chaitheamh ina dhiaidh agam nuair a d'imigh sé — cumha
Tá caitheamh mhór ina dhiaidh agat go deimhin!
"Báitheadh Tom agus Peadar orm agus bhí caitheamh mhór agam ina ndiaidh" (Curachaí Thír an Fhia)
Ní raibh an oiread caitheamh i ndiaidh aon duine dhár thóg mé ariamh agam agus a bhí agam i ndiaidh Sheáin. Chuir sé duifean ar mo chroí an lá ar fhága sé an teach amach
B'fhéidir i nDomhnach go bhfuil caitheamh i ndiaidh na scoile air
Tá an slaghdán dhaot (dhíot) agat anois. Shílfeá gur ag caitheamh ina dhiaidh atá tú. Dar príosta b'fhéidir gurb ea!
'Sé a bhfuil de chaitheamh ina diaidh agam, nár chuir mé olc uirthi tí (ní) ba mhinicí! B'fhurasta sin a dhéanamh
Ná déan. Fág lena anó féin é. Ní beag dhó a bhfuil air. Má thugann tú aon iarraidh dhó, b'fhéidir gur caitheamh ina dhiaidh a bheadh agat aríst.
Ní beag dhom a bhfuil de chaitheamh ina ndiaidh orm agus gan tusa a bheith ag cur tuillidh orm. Breá nach ndúnfá do chlab mór uair eicínt
Tá caitheamh i ndiaidh ag na daoine anois nár ól siad a ndóthain chomhuain is a bhí an t-ól saor. Ní fheicfidh tú an pionta anuas ar dhá phínn aríst go deo.
Ná bíodh caitheamh ina dhiaidh ar bith ort. Tiocfaidh sé ar do dheis aríst le cúnamh Dé. Béarfaidh bó eicínt lao eicínt lá eicínt
Tá caitheamh i ndiaidh a chéile acu. Ach tá siad réidh le chéile anois. Tá chaon duine acu pósta le duine eile
Bíonn caitheamh mór i ndiaidh an óil agam an uair a mbím in áit nach mbíonn an cóineas agam ar a fháil, ach dá mbeadh, ní iarrfainn aon deoir go héag
·
Bhí sí ag gol i ndiaidh Sheáin — é básaithe
·
Ní raibh mé i ndiaidh an lae orm féin; ní raibh aon chaitheamh i ndiaidh an lae agam — ní raibh aon bhrón orm faoin gcaoi ar chaith mé é, nó faoi na rudaí a rinne mé
Ní raibh mé i ndiaidh an lae orm féin chor ar bith. Caithfidh duine éirí amach a fháil uair eicínt. Cí Dia nach beag dúinn an t-achar a bhíos muid ag obair
q.
is mór liom do (ní mór liom do … ).
+–
Níl mise i ndiaidh an méid sin air anois. Fuair sé lascadh maith — ní mór liom dó an lascadh a fuair sé; is maith liom go bhfuair sé an lascadh
Bailíodh leis anois. Níl mise i ndiaidh an méid sin air. Fuair sé gob maith
TUILLEADH (9) ▼
Ní bheinnse ina dhiaidh ar Shasana, dhá bhfaigheadh sí a sheacht n-oiread. Thuill sí é. Ba mhaith uaithi féin créatúlacht a dhéanamh chomhuain is a d'fhéad sí
Thug tú fúithi garbh é, agus ar ndóigh mo léan, má tá mise ina dhiaidh uirthi, castar liom é. Is fada an méid sin ag teastáil uaithi; ag teacht isteach ansin chuile oíche dhá n-éiríonn ar a súil, agus an oiread gláiféisce agus galamaisíocht aici agus a bhodhródh na daoine dhá dtugaidís aon chluais di
Is mé atá i ndiaidh mo chuid tobac air, ach céard a d'fhéadfainn a dhéanamh. Ní raibh aon ghair agam gan a chaitheamh aige ó chonaic sé ag deargadh mé
Ní bheinn i ndiaidh buille nó dhó air ach mé féin dhá dtabhairt dó. Ach dhá dtugadh duine eicínt eile dhó iad bheadh an duine sin do mo chur as mo shásamh. Níor mhór dom fhéin an bualadh a dhéanamh go mbeadh só ceart agam air
D'éirigh áit mhaith leis, agus níl mé ina dhiaidh air. Tá sé fhéin go maith. Dheamhan a bhualadh ann
Ní bheinn i ndiaidh a raibh istigh is amuigh agam a thabhairt di, ná ní mhaífinn uirthi go brách é, murach an bealach gránna atá léithe féin. Dhá dtugtá an saol mór di, bheadh sí ag banrán ina dhiaidh sin nach raibh a díol aici
Is mé atá i ndiaidh mo chuid pórtair air, ach ní fhéadfainn droichead a dhéanamh dhó ina dhiaidh sin ó casadh ann é.
Bí i ndiaidh chuile shórt air sin. Ná tabhair solas an lae dhó má fhéadann tú a choinneáil uaidh, mar séard é féin, suaracháinín gortach daoithiúil. Leáfadh sé an talamh a siúlfadh duine air dhá mbeadh an power aige a dhéanamh
Níl mé i ndiaidh an feaig air! M'anamsa ón diabhal go bhfuilim agus nach bhfuil maith ar bith a mhalrait a rá. Ba ghéar a theastaigh sé uaim féin, agus go mbeidh mé sportha shula fheicfeas tú dhá lá
·
Sin é féin "oineach Uí Bhriain agus a dhá shúil ina dhiaidh" (seanfhocal) — dá gcaitheadh fear féile nó gnaíúlacht leat, ach go mba mhór leis duit í, nó go mbeadh sé ina diaidh ort ainneoin sin, tugtar "oineach Uí Bhriain agus a dhá shúil ina dhiaidh" air sin (fc. oineach)
r.
+–
Ní raibh sé in ann aige ina dhiaidh sin (fuaim ei fearacht leis, breis, ceil, sleid, srl. An fhuaim sin a bhíos ar dhiaidh sa leagan seo agus freisin i in a dhiaidh sin agus uileag, in a dhiaidh sin féin. Má chiallaíonn dhiaidh tar éis i gcúrsaí áite nó ama, fuaim ia mar atá i Dia, ciall, srl. atá air. "Tá mise ina dhiaidh sin" — I am behind him. "Níor tháinig sé go dtí ina dhiaidh sin" — he only came afterwards; ach "ní raibh sé in ann aige ina dhiaidh sin" — he was not able for him all the same, (in spite of that, srl.)
Mhaslaigh sé tú, agus níor bhuail tú é ina dhiaidh sin
TUILLEADH (14) ▼
Mhaslaigh sé thú agus, ina dhiaidh sin agus uileag (uilig), ní bhuailfeá é — in spite of all; considering everything
Tá an-fhoghlaim air agus ina dhiaidh sin féin níl tuiscint ar bith aige — just the same
Tá dole mór aige, agus pinsean seanI.R.A. agus tá punt seanphinsean ag teacht isteach ann chuile sheachtain, agus chúig leathchoróin (alúntais páistí), agus deich nó dó dhéag de phunta d'airgead na Gaeilge sin, agus ina dhiaidh sin féin, tá an béal bocht air, agus bíonn an oiread fuasaoide aige agus shílfeá nach dtáinig aon tsaol ariamh is measa ná é
Tháinig sé go dtí an béal agam ach níor dhúirt mé é ina dhiaidh sin
Ní móide go raibh tú in ann an méid sin a dhéanamh, ach ina dhiaidh sin agus uileag, bhí tú in ann rud eicínt a dhéanamh
Ina dhiaidh sin féin anois, ní fhéadfá a rá gur cneámhaire é. Is fada uaidh é. Thug sé rud duit in ómós do chuid airgid. Ní bhfaightheá sásamh ar bith i gcúirt air
Deir chuile dhuine nach ndearnadh leath an chirt leis, agus nach bhfuair sé ach ar thuill sé. Ina dhiaidh sin agus uileag, an dream céanna atá ar an gcaint sin, dhéanfaidís féin an rud ceannann céanna nó rud is measa ná sin ar maidin amárach, dá sílidís go rithfeadh leo
Rinne sé sin ar fad, agus cuid mhaith leis, ach ina dhiaidh sin féin, ní drochfhear é, don té a bhfuil sé leis. An bhfeiceann tú a mhuintir féin ansin thiar, agus níl duine ar an bhfeadhain acu nach bhfuil teach nua ceann scláta os a chionn, gan sciúrtóig ariamh a chailleadh leis. Thabharfainnse fear maith ar fhear ar bith nach bhfágfaidh a dhuine féin ar deireadh
Thiomain mé air é míle uair, ach ní raibh aon mhaith ann, ní ólfadh sé é ina dhiaidh sin
Chuir sé a dheirfiúr de dhroim tí. Chonaic mé í an lá a mb'éigean di féin agus dhá háilín G. síos a thabhairt orthu féin, agus scrúdfaidís thú breathnú orthu. Rinne sé sin, agus déarfá gur beag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a mbeadh baint na páirt aige lena leithide de chleas. ina dhiaidh sin agus uileag, tá daoine ann — agus cuid dá mhuintir féin freisin — adéarfadh leat nach ndearna sé leathcheart léithe
Chinn air aon deoch a fháil in aon teach sa tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh san airdeall orthu. Tháinig sé abhaile agus chuir sé na boinn le tine. Ba ghearr go dtáinig M. Bh. isteach agus d'inis sé dhó faoin gcaoi ar chinn air aon deoch a fháil. 'Chuile sheans go bhfuil siad ag ligean isteach daoine faoi seo,' adeir M. Bh., 'ní mhaireann an daol sin ach tamall.' Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaoil a mhainge. Ina dhiaidh sin féin, nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
Chuir mé aoileach agus leasú siopa agus feamainn dubh orthu: dalladh dhaob (dhíobh). Bhí sé seanleasaithe agam freisin. Ina dhiaidh sin agus uileag, ní raibh aon fhata air. Cén chiall sin? Níl a fhios agam ó Dhia anuas. Gan an bhliain a theacht cóiriúil nó caoi eicínt
Bhí a raibh sa teach thíos leis an bhfiabhras. Dheamhan lá dhár éirigh orm, nach dtéinn isteach ann, agus níor thóg mé é ina dhiaidh sin, míle buíochas le Dia. Gan an t-imeacht a bheith orm chreidim. Murab ea níl a fhios agam céard é
Ní fhaca mé an t-athair ariamh ag siúl de réir a choise, ach ag bogshodarnaíl i gcónaí. Dhá suíodh sé síos, bheadh sé dhá shníomh agus dhá lúbadh féin go mbeadh sé ina sheasamh aríst. Dheamhan ab é an oiread sin oibre a bhíodh de bharr a chuid furú ina dhiaidh sin
diaidh in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Tá fonn air a dhul go Sasana ach tá faitíos imirce air ina dhiaidh sin
TUILLEADH (7) ▼
Bhí an fear thiar dhá chaidhleadh le clocha. Dheamhan d'fhaitíos a bhí air (aige) roimhe ina dhiaidh sin!
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air ina dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithe. Diabhal easna den deartháir nach dteagann isteach agus nach mbeireann air …
An faitíos a chuir S. Dh. air, níor scar sé leis ariamh ina dhiaidh
D'fhan faitíos air go ceann bliana ina dhiaidh sin
Is lú faitíos Seán ná Pádraig, agus ní dhéanfadh Seán é ina dhiaidh sin
Breathnaigh amach i ndiaidh an asail sin ar fhaitíos na fálach thuas (fc. fálach)
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth feamainne a éirí leat, scoilt go maith í faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghais a bheadh orthu a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
→
fara
Shílfeá gur codladh corrach a dhéanfadh rud ar bith ar fhara, ach sé buac na gcearc é ina dhiaidh sin
+
Sheas an chruach sé leoraí móna agus d'fhan farasbarr uaim ina dhiaidh sin inti
TUILLEADH (1) ▼
Agus le farasbarr siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad ina dhiaidh sin! — to make assurance doubly sure
→
feadhain
Níl stripe ar an bhfeadhain acu is measa ná mo stripesa. Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inti ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa ina dhiaidh sin gur roinneadh an sliabh seo díreach! — ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear féinn freisin go háirid más daoine atá i gceist
+
Tabhair anuas feadhnach uisce agam. Tá íota orm i ndiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa anlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst chomh goirt sin é
TUILLEADH (1) ▼
Thug an leoraí feadhnach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam nárbh fholáir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhuntáiste ina dhiaidh sin
+
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air ina dhiaidh sin. Rud fada caol é
→
fearadh
M'anam muise má tá sí sin sa mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparóiste). Diabhal bréag nach ea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile ina diaidh shula n-imí sí. D'éireodh di!
→
fear
D'fhearfadh rud den tsórt sin ar dhuine ina dhiaidh sin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh i ndiaidh maith a dhéanamh ar strainséara. Níl a fhios agat cén uair a thiocfá ina líon aríst
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
+
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
TUILLEADH (1) ▼
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
+
→
fios
B'fhaide dhuit ná fios do shaoil an oíche siúd. Ghabhfadh an sioc a bhí ann thrí chlár daraí. Sháraigh muid í ina dhiaidh sin, buíochas le Dia
TUILLEADH (1) ▼
Ná corraigh é. Cá bhfios go té sin. B'fhéidir gurb iad na póilíos a chuirfeadh sé in do dhiaidh
+
→
fliuch 2
Níor leag mise méirín fhliuch air, agus bhí sé ag clamhsán orm ina dhiaidh sin. Abhlóir de ghasúr é. Is géar a theastódh slat uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air ina dhiaidh sin. Sin í an mháthair agat: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
+
→
focal
Shíl sé sin go raibh sé ró-aigeanta le breith ar fhocal air. Ach féacha fhéin nach raibh sé sách beartaithe ina dhiaidh sin. Ní bhfuair sé comhaireamh na sop ar scáth an fhocailín fánach sin adúirt sé
TUILLEADH (1) ▼
Dhá seasadh sé seo thíos ar a fhocal, chaithfinn J. sa gcúirt. Dúirt sé seo thíos liom gur dhúirt J. leis fhéin … ach ní mhionnódh sé ina dhiaidh sin é. Chuaigh sé siar sa gcaint
→
foilsigh
B'fhada a rith an scabhaitéireacht leis, ach d'fhoilsigh Dia é féin air sa deireadh. 'Sé Dia an fear is fhearr ina dhiaidh sin
→
folach 1
Dheamhan mála ag gabháil liom ach folachín. Ceannaíodh cupla mála anuraidh, ach níl snáth dhíobh i ndiaidh a chéile anois. Chuaigh siad síos sa dá theach sin thíos agus chuir siad sin a gcaoi fhéin orthu
+
Bhí sé ansin os comhair do dhá shúl chomh follasach le coca féir, agus ní fhaca tú é ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Is follasach dom anois nach ndearna mé an ceart. Ach ina dhiaidh a fheictear a leas don Éireannach, adeir siad
Seachain anois a ndéanfá fraiseach den phunt sin mar a níos tú i gcónaí. Ní bheadh caitheamh ina dhiaidh ar bith agam murach an dream a mbíonn tú ag tiomaint óil orthu. Diabhal uisce na bhfataí a thabharfainn dóibh
→
freagair
Shantaigh mé é a fhreagairt faoin rud adúirt sé ach thug mé cead a chinn dó ina dhiaidh sin
+
í mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt ina dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat ina fhear fobhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindí liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag líochán an chosáin ina diaidh sin leis an fhad seo aimsire agus gan d'aird aici sin air ach an oiread is dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach ligeann sé di fhéineacht nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí sa ngarraí seo thiar go ham dinnéir. 'Sé is freagraí dhom ó bheas orm aistear portaigh a dhéanamh ina dhiaidh sin
+
Tá seanT. sách friochanta fós, théis an aois atá aige. Ní théann duine ar bith thart i ngan fhios dó. Ach níl grinneadas ar bith fanta ann ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir araoid ar bith air. Tá sé sin te friochanta. Cá dtriallfaidh sé anois? Dheamhan a fhios aige fhéin sin chreidim, ach é i ndiaidh a chinn roimhe mar sin
+
→
frídeoir
Níl ann ach frídeoir de dhuine, agus ina dhiaidh sin fhéin, is diabhlaí go deo an gníomh atá ann. M'anam mura bhfuil gabháil na gaoithe ann go bhfuil déanamh na ngnaithí ann, go bhfuil sin.
TUILLEADH (2) ▼
Shoraidh dhó, an frídeoirín! Ar ndóigh, ní foghail fir atá sé sin in ann a dhéanamh i ngarraí! M'anam muise nach cheal leithid ná talúna é ina dhiaidh sin
Chuaigh sí go frídeoir i bhfarraige ar an gcéad abhóig in Éirinn. Shíl mé go raibh muid réidh. Dheamhan muise gurb in é an lá a raibh mise idir an t-aighre agus an tanaí ceart críochnaithe. Ach d'éirigh linn a ceansú ina dhiaidh sin
Is geall le caora sheachráin nó le reithe fuaidrimh é. Tá sé de gheis air gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, ach ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe mar sin.
+
→
fág ar
Ormsa a d'fhága sé de chúram breathnú i ndiaidh an pháiste
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhfágthaí de chúram ormsa é, bhreathnóinn ina dhiaidh, ach ní hé mo ghnaithe é
+
→
fág i
Tá sé in am agat an díomhaointeas a fhágáil i do dhiaidh feasta— éirí as an díomhaointeas
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhágfaidh sé an ghaisce ina dhiaidh go deo — ní éireoidh sé as an ngaisce
Shílfeá ó phós sé go bhfágfadh sé na béasaí gránna sin ina dhiaidh — go ngabhfadh sé ar athrú béasaí
D'imigh sé uaim go Sasana, agus d'fhága sé ag caitheamh ina dhiaidh ó shin mé
Sin é an rud a d'fhága caitheamh ina dhiaidh agam ar fad