Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ghníos (48)

 
Ní údair mhaithe seaimpíní (champions — cineál fataí) iad sin. Is beag le go bhfeictheá na dalláin iontu … ná bac leis sin. Is iomaí fata nach mbíonn aon rath leis an dallán ann agus go ndéanann sé togha síl ina dhiaidh sin. Ní hé an dallán a ghníos chor ar bith é, ach é a bheith de mhianach sa bhfata. Mura bhfuil, is cuma dhuit dalláin orthu nó dhíobh
 
damba
Séard a ghníos siad sin dambaí nó coraíochaí a thógáil sna srutháin agus bearna a fhágáil ina lár. An cochall a chur sa mbearna sin ansin agus an sruthán a shaighdeadh anuas. Ní bheadh breac ag gabháil leis nach dtiocfadh sa gcochall
 
Cén mhaith a bheith ag fuireacht leis. Nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanfaidh sé sin an cleas a ghníos sé i gcónaí: gan a theacht nó go mbeidh sé an damhadh réag. Ní fhaca muide istigh roimhe ariamh é
 
dán
Ní raibh sé ariamh ar dhánta na talúna aon chur is fhearr a d'íocfadh duine ná an bheet sin, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil aon talamh ag na daoine lena cur. Tá bláthannaí agus beatha muc agus beithíoch uirthi; ní ídíonn sí an talamh mar a ghníos an chruithneacht; agus dar príosta tá sí ag dul airgead mór. Tiocfaidh an lorry isteach ag an gclaí agat lena hardú uait. 'Sé an scéal é, tá an tír seo buailte ar chuile chaoi ina dhiaidh sin
+
déan 1
Is maith a ghníos sé a bheith ag cúirtéireacht, ó tá a dheis aige — tá an ceart aige srl.
TUILLEADH (3) ▼
Is maith a ghníos tú a gcur amach. Má thaithíonn siad san áit sin do cheann fine ní choinneoidh as ar ball iad
Dhá ndéanadh sé an oiread óil agus a ghníos tuilleadh, is mór adéarfá, ach fear nár ól ariamh thar chupla pionta sa turn ag dul ag déanamh a leithide de chleas. 'Sé an chaoi a bhfuil sé, níl duine ar bith le baint as margadh ar an saol seo. Mar a chéile ar fad iad
Má ghníonn sé tada, déanfaidh sé an ghnaíúlacht, mar a ghníos sé i gcónaí
 
deara
Má thugann sé faoi deara dhó féin a beith ag ól súmógaí mar sin, is gearr go dtosaí sé ag ól gloiniúchaí. 'Sí an bhlaismínteacht sin a ghníos druncaeraí de chuid mhaith de na daoine
 
dearmad 1
Le dearmad a ghníos sí a cuid goid i gcónaí! Ní bhíonn a fhios aici nach é a cuid féin é!
 
Bhraith na póilíos an deatach. Ní féidir an deatach a chur i bhfolach. Sin é an buille. 'Sé an deatach i gcónaí a ghníos spíodóireacht ar fhear an phoitín
 
deifir
Ní deifir portaigh atá air, mo léan, mar atá ar dhaoine eile. Dheamhan éirí a ghníos sé go dtí an haon déag chuile lá
 
deis
Cén sórt deis churtha isteach atá air seo. Dar príosta, is beag a bhíos ar a n-aire agus chomh pointeáilte agus a ghníos siad iad
+
dia 2
Dheamhan smeach a ghníos sé ó Luan go Satharn ach mar a fheiceas tú é
TUILLEADH (1) ▼
Obair! Dheamhan buille a ghníos T. ó mhaidin go faoithin ná ó Luan go Satharn, ach istigh sa gclúid ag léamh nuaíochtaí
+
Fear an-dícheallach é. Is deacair a sháith oibre a thabhairt dó. Ach ní hé thairis sin de chuma a chuireas sé uirthi scaití. Sách maolscríobach a ghníos sé í
TUILLEADH (1) ▼
Cén chaoi a bhféadann sé a bheith chomh dícheallach sin. Blíonn sé na beithígh, tarraingíonn sé cupla aistir uisce, gearrann sé cuid muc, agus is minic a ghníos sé an maistreadh théis a lae oibre
 
Is beag an díolachán a ghníos an siopa sin chor ar bith anois. Séard atá sé féin a dhéanamh, ag tógáil cúití (con) agus dhá dtabhairt ag rástaí. Is cosúil gur mó na hiarmhais atá ar na cúití ná ar na siopaí. Murach gur mó, ní éireodh seisean as a cheann fhéin
+
"Arán cam a ghníos bolg díreach" (seanfhocal) — má fhaigheann duine a sháith le n-ithe — is cuma cén fuint a bhíos air — beidh a bholg sleamhain lán agus ní bheidh aon ghleannta ná aon tsleabhcadh ann; déanann bia duine sách
TUILLEADH (2) ▼
'Arán cam a ghníos bolg díreach,' adeir an Chailleach Bhéarra. 'Thug tú éitheach a chailleach,' adeir an buachaill, 'ní hea, ach a fháil ar bord go bhfaighe tú fuílleach.' (cuid den aighneas a bhí ag an gCailligh Bhéarra leis an mbuachaill)
Ith suas é, agus altaigh Dia go bhfuil sé agat. Ar chuala tú ariamh é: arán cam a ghníos bolg díreach
 
Bíonn dhá bhrat de na giúirinneachaí sin féin ann. Is beag an mhísc a ghníos an chéad bhrat chor ar bith mar ní bhíonn faobhar ar bith ar na fiacla acu; ach titeann siad sin, agus aimsíonn an darna brat ansin é (an t-adhmad). Sin iad na buachaillí aige!
 
dligh
Ghreamaigh sin di féin agus dhá cineál — an béadán. Ach níor dhligh mise ná aon duine in mo theach a cuid béadáin di, agus níor chomaoin di a dhul ag caint mar sin orainn ainneoin ar chuir muid de bhainne aici — ní dhá mhaíochtáil uirthi é — ó thús bliana. Ach 'sé an té nach dtabharfadh uisce na bhfataí di, a bhíos molta aici sin i gcónaí agus an té a ghníos an mhaith uirthi, níl meas na muice aici air
 
Is iomaí rud nach bhfuil dlisteanach ag sagairt a ghníos siad. Mar adeir an ceann eile, "bíonn a sampla agus a dteagasc seacht n-acraí ó chéile"
 
dochar
Cé a dhéanfadh é ach an dream a ghníos an dochar agus an díobháil i gcónaí? Tá sé de bheith ar na háibhirseoirí sin nach ligfidh siad rud ar bith thartu gan araoid a chur air. Tá seanaithne agamsa orthu sin
 
Má fheiceann tú aon rún aici a dhul ar dhodaíl, ceangail scothach a driobaill dá hioscaid agus feicfidh tú féin air go bhfaighidh tú bainne uaithi mar sin. Sin é a ghníos muid féin léithe, ach ní bhfuair muid anró ar bith uaithi le fada
 
Chaithfeadh sé a Sheáin, gur píobán an doichill a chuaigh sé sin. Feictear dhom gur chaith tú an-fhada leis. Breá nach n-ólfá suas de ghorta gharta do phionta mar a ghníos mise agus a bheith faoi réir le haghaidh ceann eile
 
dóigh 1
An bhfaca tú an preabáinín fataí atá ansin thuas agam. Nach gceapfá gur maith an dóigh é. Níl das ag gabháil leis nach bhfuil rodta ag an lobhadh bán. Ar ndóigh is maith an oidhe orm é, agus a gcur ann chor ar bith. Sin é an cleas a ghníos na barra sin i gcónaí
+
dóigh 3
Diabhal luach leithphínne a ghníos sé sin ó mhaidin go faoithin ach a chosa sa tine aige dhá ndó
TUILLEADH (1) ▼
Ara níl déantús maitheasa ar bith ina ioscadaí dóite siod. Céard a ghníos sé ach ag breacadh a loirgne chois na tine
 
Ní thabharfainn trumpa gan teanga ar dhóighiúlacht an domhain fré chéile d'uireasa rud eicínt ina theannta. Ní breáichte a ghníos brachán ach min adeir siad. Is beag an mhaith an dóighiúlacht mura mbeidh rud agat
 
dol 1
Bhí suas le deich gcinn acu ann ina smístí mín marbh, ach go raibh a gcuid fola ólta. Ba gheall le dol éisc as eangach iad. Is diabhlaí an t-ár a ghníos an easóig féin
 
Dheamhan smeach a ghníos B. ach ag foghlaeireacht dólámh; ná go sílim nach bhfuil sé in ann aon smeach a dhéanamh. Ó ghortaigh sé a láimh, tá sí ag dul ina aghaidh ariamh ó shin
 
Tá sé dólámhach ag scrathadh portaigh inniu. Bainfidh sé móin anois mar adéarfá leis é go ceann seachtaine, agus fágfaidh sé caite ina cora ansiúd í gan aon scaradh choíchin. Sin é an rud a ghníos sé chuile bhliain beo
 
Tá ciall gnaíúlacht, ach ní gnaíúlacht ar bith a ghníos sé sin ach drabhlás: ag caitheamh nótaí puint i dtraipisí mar a d'fheicfeá gasúr ag caitheamh méarógaí le éanachaí. Sín í a cheird
 
Dheamhan smeach ar bith a ghníos sé sin ach ar an draíodóireacht sin. Mo léan géar is deacair fios a intinne a fháil ina dhiaidh sin
 
Is dalba an peaca é sin i láthair Dé: droch-chor a thabhairt duit fhéin. An té a ghníos é sin, deir siad nach mbíonn slánú ina chionn, nár ba lúidire an trócaire ar Dhia!
+
droim
Ná sín thú féin mar sin droim in airde sa leaba. Breá nach ndéanann tú an rud a ghníos chuile dhuine: luí ar do dhroim. Ach ní ligfeadh an ábhailleacht duit an rud ceart a dhéanamh
TUILLEADH (2) ▼
Ná bac le na Ghiúdaigh! Chonaic mise i Meiriceá iad. Dhéanfaidís brabach ar dhroim an diabhail, ach chreidim gurb air a dhroim a ghníos siad é — diúltaímid dhó féin agus dóibh féin!
D'fheicfeá an rosamh ag caithriú anuas ar dhroim agus ar ghualainn an chnoic sin agus gan deoir as aer anseo. Ach is túisce go mór a ghníos sé báisteach thuas ar an gcnoc ná anuas anseo sna hísleáin
+
dual 1
"An té a ghníos imirce uabhair, is dual dó a bheith dhá chaoineadh" (as amhrán — An tSlis) — is cuí, riachtanach, nádúrach
TUILLEADH (1) ▼
"An té a ghníos uabhar, is dual dó cailleadh" (seanfhocal) — is nádúrach, is aiceanta dó; "ní chaitear an t-uabhar gan scannail an bhuartha"
 
dual 2
An fíodóir seo thíos, ní mar sin a ghníos sé chor ar bith é. Fágann sé an uige a bhíos fite sa seol, agus ansin tógann sé an bréidín atá ar an ngarmain agus greamaíonn sé ina chéile iad. Tógfaidh sé dual de chaon bhréidín ina leathláimh — ina chiotóig: dual den gharmain agus dual ón seol. Caithfidh sé na criosannaí ansin a scaoileadh agus a ngreamú leis an láimh atá ina cónaí. Beidh sé dhá ngreamú sa gciotóig ó dhual go dual, agus é ag cur chaon snáth le chéile, nó go mbeidh sé ina chéile uileag. Ansin gabhfaidh sé san uaim agus sa slinn
 
duán
Splanctha i ndiaidh fir atá an chlann iníon sin uileag aige. Ó dheamhan buille maitheasa a ghníos siad ó mhaidin go faoithin, ach ag breathnú orthu féin i scátháin agus dhá ndéanamh féin suas. Buaileann siad amach ag spaisteoireacht, más fíor dóibh féin ansin tráthnóna, agus a gcuid eochraí ar an duán acu. Chuala mé nach bhfuil spré ag mac L. seo thiar i ndiaidh an scaoinn ard sin atá ann. Diabhal bréag nach mbeidh féirín aige muis
 
Seo í dubh-ana na bliana. An t-am seo i gcónaí a ghníos sé chuile drochshíon. Caithfidh sé rud eicínt i mbliana muis. Is maith an t-ádh atá orainn nó gheobhaidh muid drochthuairt shneachta. 'Sé an gotha atá air é
 
Déanfaidh sé dúchan mar a ghníos sé féin, ach go deimhin is go dearfa is maolscríobach an cur a thugas sé orthu (fataí). Ar ndóigh sin é a bhfuil uaidh. Fear fánaí ar bith a dhéanfas dúchan mór dó, beidh sé molta aige. Chonaic mé ansiúd thíos anuraidh é, agus bhí leath na síolta leis. Dheamhan clúdú a thug sé ar a leath ariamh. Is furasta dúchan a dhéanamh ar an gcaoi sin: rith orthu
 
Más dúradán atá faoi do shúil, bheadh fear a chuimleodh a theanga trí huaire in aghaidh stuif d'ath luachra go maith aige. Is minic ariamh a chuala mé é. Tá daoine ann a ghníos é théis chomh gránna agus atá an ath luachra
 
Diabhal a dhath faoin saol a ghníos an mhórchuid de na cléireachaí sin, ach éirí de na stóilíní corruair lena leath deiridh a aclú. Nach bhfaca mé iad!