→
                  
                    
                      dícheall 
                    
                  
                
              
            gnaithe (50+)
                    →
                    focal 
                  
                  
                    Níl gnaithe tada a inseacht dhi sin mar cuirfidh sí iontú an fhocail air.  Ní theagann iamh ar a béal ó mhaidin go faoithin.  An muileann a bhíos ag síormheilt ar ndóigh, meileann sé mín agus garbh
                    
                    →
                    cabaíl 
                  
                  
                    Dhá mbeadh sé chomh maith lena dtáinig ariamh, dheamhan gnaithe aige aon léargas a fháil ar na cúrsaí seo, arae ní ligfeadh an chabaíl dhó é a choinneáil aige fhéin.
                    Ara abair leis nach bhfuil gnaithe ar bith againne dhá chuid tornapaí.  Nach tornapaí atá le cantáil againn fhéin!
                    Dheamhan gnaithe agat tada a mbeidh aon chás agat ann a inseacht dó sin, arae níl caomhúint ar bith ann.  D'inseodh sé an rud ba mheasa leat beo don té nach bhfaca sé ariamh.
                    B'fhurasta a aithinte dhaoibh go n-iontófaí an carr agus an té a chuir sibh ag cinnireacht.  Is adhartha an té nach mbeadh a fhios aige nach raibh gnaithe in éadan capaill ag an leoiste sin
                    
                    →
                    céileog 
                  
                  
                    Sílim go gcuirfidh mé an chéileog 'na aonaigh amárach.  Dheamhan gnaithe agamsa a bheith dhá coinneáil ansin níos mó.
                    
                    →
                    cóisir 
                  
                  
                    Ba mhór an chóisir bainse í.  Bhí carrannaí ó Mhullach an Aird go dtí Gleann an Fhóidín, agus ar ndóigh mo léan, bhí J. i dtosach cóisireach.  Dheamhan gnaithe a dhéanfaí dhá uireasa.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    bealach 
                  
                  
                    Is maith a rinne tú cead a bhealaigh a ligean leis.  Ní raibh gnaithe ar bith agat ag coinneáil moille air.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Má bhíonn do bhealach go S. Mh. an tseachtain seo, abair le M. Sh. mo bhairille a chur ar ais go bhfaighidh mé fhéin gnaithe dhó an tseachtain seo chugainn.  Tá an garraí sin thiar le hathsprayáil agam.
                    
                    →
                    cuilín 
                  
                  
                    Deile cár nigh sí iad ach sa tobar.  Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaigh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin!  Is beag an dochar di náire a bheith uirthi feasta choíchin gan fios a gnaithe a bheith aici thairis sin, ach ní hí is measa ach sibhse a lig amach í.
                    Fan istigh anseo anois ar chraiceann do chluas.  Níl gnaithe ar bith agat ag imeacht síos in do bhoideoide ar bhóithrí.
                    
                    →
                    brogús 
                  
                  
                    Níl gnaithe ag aon duine sea ná ní hea a rá le na brogúis sin, mar níl acmhainn grinn ar bith acub.
                    
                    →
                    buail 
                  
                  
                    Is beag dhá fhonn a bhí air bóthar a bhualadh muis, dhá bhfaigheadh sé ugach ar bith fanacht, ach dheamhan gnaithe ar bith a bhí againne dhó.
                    Má chinneann air (gnaithe a dhéanamh) agus chomh hantlásach agus atá sé, go bhfóire Dia orainne — níl gair ar bith againne cúis a dhéanamh mura n-éirí leisean cúis a dhéanamh
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
              
                
                    →
                    athraigh 
                  
                  
                    Mura n-athraí tú béasa, níl mórán gnaithe anseo agat — mura n-éirí tú as an bhfaisean atá ort srl.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Mura n-athraí sé béasa, tá gnaithe mhór de theach aige go deimhin
                    
                    →
                    foscadh 
                  
                  
                    Bí ar thaobh an fhoscaidh de na póilíos ar chuma ar bith.  Níl gnaithe ar bith agat iad sin a tharraingt ort.  Acusan a bheas an iarraidh dheiridh
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    iarr 
                  
                  
                    Níl duine ar bith ag iarraidh do chuid gnaithe ort — níl aon duine ag iarraidh ort an obair nó an saothar nó an ábhailleacht sin a dhéanamh.  B'fhearr le chuile dhuine nach ndéanfá iad.  (Ciallaíonn "gnaithe" sa gcás seo agus ina inshamhail de chásanna — saothar gan maith, saothar nach dtiocfaidh aon tairbhe de bharr a dhéanta; saothar ábhailleachta agus contráilteachta — fc. luach .i. tabharfaidh mé luach do ghnaithe dhuit)
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Gnaithe gan iarraidh iad sin — obair nó ábhailleacht nach n-iarrfaí ar dhuine a dhéanamh agus a mb'fhearr gan a dhéanamh iad, cuirim i gcás rudaí a dhéanas páistí agus aos óg go minic gan iarraidh gan achainí
                    Ní minic gnaithe gan iarraidh buíoch (seanfhocal)
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
              
                
                    →
                    imigh 
                  
                  
                    Má d'imigh sé féin, rinne siad gnaithe (gra) mhaith ina dhiaidh — má fuair sé bás féin, ní mórán a chuir sé as dóibh; bhíodar in ann an obair a dhéanamh ainneoin sin.  Déan idirdhealú idir é seo agus "má d'imigh sé fhéin, rinne siad gnaithe maith dá fhuireasa"; go hiondúil, imeacht go Meiriceá nó imirce eicín a bhíos i gceist sa leagan deiridh seo agus ní bás
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Má imíonn an obair mar adeir tusa, níl gnaithe ar bith againn í a thaobhachtáil — más de réir mar adeir tusa a glacfar daoine san obair, ní bheadh maith ar bith dhúinne a dhul ag iarraidh oibre muid fhéin ann
                    
                    →
                    fiach 1
                  
                  
                    Má thaobhaíonn sé sibh aríst i mbliana, tugaidh fiach abhaile dhó.  Níl gnaithe ar bith againne a bheith dhá bhuachailleacht anseo ar an teallach ar feadh an airneáin
                    
                    →
                    foighid 
                  
                  
                    Má ba páí bheag fhéin a bhí dhó, chaith sé ina bun agus rinne sé gnaithe maith sa deireadh.  Faigheann foighid fortún
                    Níl gnaithe ar bith agaibh a dhul ar an mullán sin.  Tá sí fuarsceirdeach.  Níl dosán feamainne uirthi
                    
                    →
                    dabhach 
                  
                  
                    Ní mór fear láidir le dabhach a iompar.  Ní bheadh aon ghnaithe ag M. Sh. G. faoi cheann acu, ná dheamhan gnaithe
                    
                    →
                    dall 3
                  
                  
                    Tá go deimhin, sé amuigh ina ghnaithe!  M'anam má tá gurb é an gnaithe é, dallta thiar sa teach ósta
                    
                    →
                    dealbh 1
                  
                  
                    Chuile bhall agam ach a dhealbh sin i mbóthar ná i mbealach.  Tá sé ag imeacht ag súmaireacht i chuile áit agus ag iarraidh fios gnaithe chuile dhuine, ach do dhúshlán a ghnaithe féin a fháil amach.  Dheamhan é muis
                    
                    →
                    deara 
                  
                  
                    Siúd é a chuirfeas faoi ndeara dhi aird a thabhairt ar a gnaithe.  Má bhí saol na bhfuíoll aici san am a caitheadh, dar brí an leabhair, caithfidh sí obair a dhéanamh feasta.  Tabharfaidh an seanchonablach siúd ruaigeadh na Muice Báine amach di chuile mhaidin
                    
                    →
                    deatach 
                  
                  
                    Mo dheatach ort a stór, mura beag a theastaíos hata uait!  Ní raibh hata ar aon duine de do chine ariamh, agus rinne siad gnaithe maith dhá uireasa freisin.  Ach níl a fhios ag mná na beagmhaitheasa cá suífidh siad ná cá seasfaidh siad le teann suimiúlachta
                    
                    →
                    deilbh 1
                  
                  
                    Cén mhaith a bheith dhá gcur an ea, agus gan gamhain ná bó ann lena n-ithe.  Feicfidh tú má chuireann tú iad go bhfaighidh tú gnaithe dhóibh.  Deilbh an saol agus gheobhaidh tú inneach air
                    
                    →
                    deoin 
                  
                  
                    Mura ndéana sé dhá dheoin féin é, fág mar sin é.  Níl gnaithe ar bith a dhul chun drochmhúineadh leis
                    
                    →
                    deoladh 
                  
                  
                    Má ardaíonn geoladh beag ar bith caithfidh mé an gráinnín coirce.  Níl gnaithe ar bith aige ansin níos faide sa mbealach ar na daoine.  Go deimhin ní fiú an tairbhe an trioblóid.  Níl ann ach síobhaisín beag
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    diaidh 
                  
                  
                    'Sé atá in ann an phait de bhréag a chur i ndiaidh a chéile (a chumadh).  Dá mbeadh sé in ann a dhul amach agus gnaithe a dhéanamh chomh maith ina gharraí, ba mhór ab fhiú dhó é
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Níl gnaithe ag aon duine a dhul a chodladh in aon leaba leis sin mura bhfága sé an leaba faoi féin.  Tosaíonn sé ag coigilt agus ag rómhar agus ag dul i ndiaidh a leataoibhe nó nach mbeidh agat ach binnín bheag bhídeach amuigh ar colbha.  Má thugann tú cead a chinn dó ansin, an chéad áit eile a mbeidh tú, ar an talamh.  Cén bhrí ach go dtosaí sé ag srannadh.  Shílfeá a dheartháir ó gurb í "Johnny Mary na dtrí gcrann," mar adeir an t-iascaire, "a bheadh ag seoltóireacht i mullach an tí."
                    
                    →
                    dlús 
                  
                  
                    Má tá pian chomh gártha sin ort, ní foláir duit dlús a chur léithe.  Níl gnaithe ar bith a bheith dhá buachailleacht.  Siúd é atá agat a dhéanamh: bualadh soir chuig an dochtúr an chéad lá eile
                    
                    →
                    dlúth 2
                  
                  
                    Níl gnaithe agat tada a rá ina measc sin.  Aon mhuintir amháin iad, muintir Ard Raithin.  Tá siad sin dlúth i ngaol le chéile
                    
                    →
                    don 
                  
                  
                    Donas t'fhiafraí ort agus éist liom.  Nach thú atá caidéiseach.  Nach mór a bhaineas sé dhuit céard a bhí sí a dhéanamh anseo.  Bhí sí ag déanamh a gnaithe.  Baineann chuile mhíle rud do chuid de na daoine, i leaba dóibh a bheith amuigh in éadan a gcuid oibre
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    dornán 
                  
                  
                    Déan dornáin mhaith mhóra dhe.  Níl gnaithe ar bith acu a bheith ina ndíthreabhachaí
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Shílfeá nach raibh roinnt punann ná dornán idir é féin agus J. ariamh le go mbeidís chomh saighdte sin ag a chéile.  Ach is duine é J. sin a mbaineann gnaithe chuile dhuine dhó.  Tá an iomarca aisiléireachta aige ar fad.  Tá a chomharsanaí féin sách diomdhach dó ar aon chor
                    Cá mbeifeá ag tabhairt an bhuinneacháinín dhramhailte sin, agus gan fhios nach iad na bodachaí móra seo suas a shiúlfadh air.  Níl gnaithe ar bith aige sin ar bhainis.  Níl aon áit feilteach dhó sin ach an áit a bhfuil sé: áit a bhfuil cathaoireacha boga, agus clúmhach faoi is thairis, agus bratachaí faoi a chosa, agus gan puth ar bith ag teacht air.  Ní cheapfainn go seasfadh sé i bhfad ar an gcruatan
                    
                    →
                    drandal 
                  
                  
                    Má nochtann an sceanadóir siúd a dhrandal, beidh gnaithe do do dhícheall agat lena theacht uaidh.  Tá sé an-fhrancaithe.  Úll na haithne ceart!