Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-rud
ainmfhocal, fireann
rud nó ní maith; gníomh maith; caint ar fónamh nó caint chuibhiúil.
+
Ní ar dhea-rud ar bith a tháinig sé timpeall. Bí cinnte dhe − ní dea-rún a chas timpeall anseo é
Ní haon dea-rud atá aige, hé brí céard atá aige
TUILLEADH (3) ▼
Ní haon dea-rud a dhéanfas sé ná a rinne ariamh
Nach bhfuil a fhios agat go maith nach aon dea-rud adúirt sé. Ba mhinic leis!
Ní raibh an dea-rud ag cur síos leis ariamh hé brí céard a dhéanfadh sé faoi mhístaid − ní raibh rud maith ag cur imní air, ach ba mhinic é ag cur plean ina shuí le místaid a dhéanamh

Féach freisin

rud

dea-rud in iontrálacha eile (16)

 
bannaí 1
Mise i mbannaí nach é an dea-rud adúirt an ceann céanna.
 
cuntas
Níl dea-rud ná drochrud dá ndéanfaidh duine, nach mbeidh roimhe ansiúd ar leabhar an chuntais.
 
Bhí sruth is gaoth leis go dtí an lá sin, ach ón lá sin anuas, níl an saol ag féithiú leis. Is olc an rud a dhul in aghaidh dea-chomhairle
 
D'airigh mé an rud ag fáscadh orm, agus leis an bhfírinne a dhéanamh, shíl mé nach aon dea-rud a bhí ann
 
Dúirt sé rud eicínt faoina fhiacail ach níor thug mé liom é. Is dóigh nach aon dea-rud é ar aon chor
 
Tá do dhá dhíol dea-chainte uileag agat. Breá nach bhfanann tú thoir ar do bhaile fhéin agus a dhul ag dea-chaint leo, go bhfeice tú cáid a éistfear leat. Ba ghearr go mbeadh rud ar a shon agat, deirimse leat!
 
Ní raibh aon ghangaide ann ach go raibh sé an-dea-chainteach mar sin. Sháródh sé críochnaithe thú scaití. Ní fhéadfá rud ar bith a rá nach mbéarfadh sé thall ar theanga ort
 
Duine dea-chroíúil é. Diabhal a leithide eile ann. Dhéanfadh sé rud ar bith dhuit!
 
Duine ar bith a dhéanfadh a mhacasamhail sin de rud, ní dea-chríoch a d'fhéadfadh a bheith air; tús na breithe ag Mac Dé
 
Ní dea-chúrsa ar bith dhuit an rud sin a dhéanamh — ní rud maith é
 
Sin é an rud is luar liom beo: duine ag rá leat go ndéanfaidh sé rud agus gan cuimhne ar bith féin aige air. B'fhearr leat duine adéarfadh suas le do bhéal nach ndéanfadh sé chor ar bith é, ná dea-ghealladh agus droch-chomhlíonadh mar sin. B'fhearr dhuit é freisin. Ara beannacht Dé dhuit!
 
Tá rún aige rud eicínt a dhéanamh agus ní hé an dea-rún é nó d'athraigh sé. Tá an diabhal croite air sin
 
Bíodh sé olc maith anois: sin rud nach bhfuil a fhios agam leisce na bréige. Ach níl aon dea-theanga aige — níl aon dea-bhéal air; bíonn sé ag gáirsiúlacht, nó ag déanamh bréag nó ag coiriú ar an gcomharsa
 
Is aisteach an rud é an duine doscúch. Tá sé in ann dea-chomhairle a chur ar an té a ghéilleas dó, agus gan comhairle ar bith aige dhó féin. Comhairle an duine doscúch, ar chuala tú ariamh é. Bhí sé ansin thiar — M. T. An sagart féin ní chuirfeadh comhairle a leasa ar dhuine chomh maith leis, agus ina dhiaidh sin féin, ní raibh fear ar bith le fáil ba mhí-ásaí ná é. Chaith sé a shaol ar fad le drabhlás agus le díth céille
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
 
díol 2
Dúirt an dream seo nuair a chuaigh siad isteach go mbainfidís den té a mbeadh rud le cois a dhíol aige, ach mo chreach mhaidne, an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh