Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dramhsach
aidiacht
caillte, meata, dona, truaillithe, feidheartha, sa ngearradh dhíobh.
+
Tá sé ina sheanfhear dhramhsach dhona — meata, truaillithe, tugtha uaidh
Muise a Dhia dhá tharrtháil! Nach dramhsach an cleiteacháinín a bhí ag iarraidh achrainn istigh i mbaile a bhfuil bullies ann mar an baile sin. Ach is dóigh gur spóirt a fuair siad air. Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh air. Faigheadh sé a chónra, 'sé is gaire do leas dhó, agus ní achrann
TUILLEADH (3) ▼
Is dramhsach dona an tsuaróigín de bhean a casadh air faoi dheireadh thiar, léis (tar éis) a raibh de ghoití aige. Go deimhin is gearr an bás uaithi, nó tá sí féin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile
Is cuma dhó céard a dhéanfas a shaol anois, agus chomh dramhsach caillte agus atá sé. Má tá airgead aige, baineadh siar as é, dhá shaothrú
Nach dona na laontaí atá ag teacht ón tarbh sin thuas. Breathnaigh ar an laoidín sin ag S. Ph. Nach dramhsach éidreorach an feithideach é. Ní sháróidh sé an Márta choíchin mura bhfaighe sé an-aire den domhan