Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúshlán
ainmfhocal, fireann
iolra: dúshláin
fuaim: dú-lán
1.
caismirt; gan beann a bheith agat ar dhuine; a bheith ar bheagbheann le duine; fuagra nó gairm a chur ar dhuine nach raibh aon fhaitíos agat roimh a dhícheall, neamhfhaitíos; cuireadh comhraice; dásacht.
a.
+
Thug sé mo dhúshlán — chuir sé caismirt throda orm; dúirt sé nach raibh aon ghair agam a bheith in ann aige i dtroid, nó nach raibh mé in ann a ghníomh seisean a dhéanamh, nó nach raibh mé in ann an rud a bhí mé a rá a dhéanamh
Thug mé a dhúshlán, agus nuair a thug, chlaon sé. Ara, níl sea ná seoladh ansiúd ach go mbíonn an ghaisce bheag sin aige go dté duine sa gceann sin leis. Ach a dté, buaileann scáth é agus tarraingeann sé as
TUILLEADH (14) ▼
Tabhair a dhúshlán go bhfeice muid céard a dhéanfas sé. Más fear é ansin, ní ligfidh sé leat é
Meas tú an bhfuil claonadh aige siúd ó dhuine ar bith — is cuma cé hé féin. Bhuel bíodh a fhios agat nach bhfuil. Más é sagart an phobail é, thug sé a dhúshlán cheana agus dheamhan araoid a chuir an sagart air ó shin. Fear francaithe ceart é
Thabharfadh sé siúd dúshlán an tsáirsint féin dhá gcaitheadh sé ina cheann é. Is air nach mbeadh an mhoill. Chonaic mé ag tabhairt dúshláin an phóilí rua é ansin thoir lá aonaigh. D'iarr sé air a dhul abhaile, agus thug sé a dhúshlán é a chur abhaile. Dheamhan tréas ná a dhath a chuaigh air faoi
Níl a dhóthain guis ann! Níl b'fhéidir. Is maith atá sé sách gusúil le dúshlán a mháthar a thabhairt uair ar bith dhá mbagraíonn sí air. Is beag dhá chuid cluanaíochta sin an tseafóid bheag sin
Diabhal easna dhi nár thug dúshlán an ghiúistís istigh sa gcúirt. Tháinig dath na n-uibheachaí lofa ar an ngiúistís. 'Punt eile uirthi sin,' adeir sé, nuair a tháinig a chuid cainte dhó. Ní raibh sé ach ag borradh léithe, a dheartháir mo chroí. Thug sí a dhúshlán in athuair. 'Dúblóidh mé anois é,' adeir an giúistís. 'Dhá phunt eile ar an mbean sin.' Nárbh in í an raicleach agat
Chreidim go dtabharfá mo dhúshlán dhá bhféadthá. Is beag a bhéarfadh ort a dhéanamh … Tabhair anois feiceamuist. M'anam má thugann go mbeidh léarsachaí (léasrachaí) ar do mhásaí go ceann míosa de mo bharrsa
D'éirigh sé suas ina stoithneachán i lár an tí agus thug sé dúshlán a raibh i láthair é a chur amach. 'Is dona a frítheadh sibh,' adeir sé, 'má tá faitíos ag lán tí roimh fhear amháin.' Diabhal an deoraí féin a chorraigh ina dhiaidh sin
Is beag a bhéarfadh orm a dhúshlán a thabhairt murach leisce a dhul sa gceann sin leis. Dheamhan loiceadh ar bith agam uaidh má théann sé ar achrann, ach níl buille ar bith a chinnfeadh ar an mbuille réidh
Chuir sé soipín luiche eadrainn, agus thosaigh sé dhár saighdeadh ag iarraidh orainn smugairle a chaitheamh thar an soipín. Bhí muid fhéin inár bpleibeanna chomh mór an uair sin agus go raibh muid aige ar sheol na braiche. Ansin chuir sé faoi ndeara dhúinn dúshlán a chéile a thabhairt, agus na dornaí a thomhais le chéile. Ba ghearr, mo léan, go raibh sé ina Chath na bPunann. Ní raibh splanc chéille againn an uair sin. Ach bhí breathas eicínt airsean. Mhairfeadh sé go deo ar an gceird sin
Thug sé dúshlán athar agus máthar agus ghread leis ansin
Ní beo é gan a bheith ag tabhairt dúshlán duine eicínt
Sin é an dúshlán a thabharfas sé sin i gcónaí — rith. Ach is fearr rith maith ná drochsheasamh adeir siad
Bhí dúshlán a chéile tugtha acu, agus murach go ndearnadh eadarascán, bheadh bualadh ann
Is furasta leis an bhfear taghdach dúshlán duine a thabhairt, ach is fusa go mór an dúshlán a thabhairt ná cur leis
+
Sin é an dúshlán, ach an bhfuil a chur leis ionat anois?
Is dúshlán dona atá aige. Ach níor bheo é mura mbeadh sé ag gleo agus ag bruíon mar sin. Ní fiú le duine ar bith a láimh a shalú leis. Murach sin, is fadó an lá a bheadh sé marbh
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an bheann atá agamsa ar a dhúshlán. Oibríodh sé leis. Níl a fhios fós cé a phógfas Máire mar adeir an ceann eile
Is dúshlán é a mh'anam, nach bhféadfadh duine a ligean thairis dá mbeadh fuil ar bith ann
Ní bhíonn mórán de bharr an dúshláin scaití ach malaí gearrtha agus dlí agus clampar. Séard ab fhearr do dhuine, a bhealach a dhéanamh agus gan aird a thabhairt ar leath dá gcuirfidh araoid air. Ba é an chaoi ba suaimhní é sa deireadh
b.
+
Do dhúshlán feiceamuist! — tá mé ag tabhairt do dhúshláin; tá mé ag cur chaismirte ort; déan é anois má tá tú i riocht; I defy you; I challenge you!
Do dhúshlán anois leag láimh air! Má leagann, íocfaidh tú ann. Diabhal bréag nach n-íocfaidh
TUILLEADH (14) ▼
Do dhúshlán leag méirín fhliuch orm. Má leaganns (leagair), beidh rud ar a shon agat. Ní hionann mise agus P. B. agat. Ní ligimse mo chuid fola le fear ar bith
A dhúshlán déanadh! M'anam nach ndéanfaidh, ná nach bhfuil cuimhne ar bith aige air, ná dá mbeadh féin go gcinnfeadh air a dhéanamh go naomhtaí é
A dúshlán anois fear a fháil. Tá sí fágtha ar an trá thirim ansiúd
A ndúshlán abraídís leis é. Siúd é an bithiúnach céanna nach n-abróidh siad tada leis, ná nach ligfeadh an faitíos dóibh a rá
Do dhúshlán go ndiúlfaidh uan nuair a bheas tú dhá chur ag diúl — m'anam nach ndiúlfaidh
Mo dhúshlánsa a fháil ach aon mhámh amháin i gcónaí, agus tá dó beag muileata ina leannán agam. Chuile uair le cúig uaire 'sé an aghaidh glaice a bhí agam é
Do dhúshlánsa faigh a mhacasamhail eile sin. Chuirfeá slat ar Éirinn agus ní bhfaightheá a mhacasamhail
A ndúshlán breith ar an bhfear a rinne é sin. Dheamhan é dhá gcuiridís a súile ar chipíní
Mo dhúshlán teangachtáil (teangmhachtáil) leis sin. Má theangaím, déanfaidh sé mo lá
Do dhúshlán anois fuascail í. Is iomaí duine ar chuir mé an cheist sin air agus níor fhuascail duine ar bith dhom í
Buail anois, do dhúshlán. Is cailleach thú ina dhiaidh sin
Téadh sé ann anois, a dhúshlán. Mo léan ní ghabhfaidh
Déanadh sé, a dhúshlán. Ní dhéanfadh go n-itheadh sé é
Baineadh sí leis an malrach sin anois, a dúshlán. Má bhaineann, rachaidh mise soir de mhaoil mo mhainge go dtí an póilí go bhfuagraí mé í
+
Dúshlán an tsagairt cur faoi ndeara dó siúd a dhul chuig an aifreann. Ó chaith sé ina cheann fanacht as, tá sé fánach a bheith ag gabháil dó
Dúshlán an bhaile seo a dhul suas ansin ag baint mhóna mura bhfuil siad sásta smíochadh a dhéanamh. Má tá, bainfidh siad móin ann
TUILLEADH (6) ▼
Dúshlán a bhfuil d'engineers i nGaillimh teach a leagan amach chomh maith leis siúd
Dúshlán a bhfuil de phóilíos ar an T. é siúd a thógáil mura dté sé féin leo as réiteach
Dúshlán an dá shleádóir is fhearr ar do bhaile an oiread móna a bhaint leis lá
Dúshlán Mhac Ph. Dh. a bheith ina scoláire chomh maith le S. s'agaibhse, théis a bhfuil d'aois aige air
Dúshlán do bhaile a bheith chomh maith leis an áit siúd. Is fhearr acra den áit siúd ná a bhfuil istigh ar do bhaile fréna chéile
Dúshlán a raibh ag an damhsa é a chur amach
+
"Dúshlán feara(ibh) Éireann gur bréag atá mé a rá" (líne as amhrán)
"Each caol dubh agus a haghaidh sa sruth agus dúshlán feara Éireann a dhul i gcois dhá leith ar a cruit" (Tomhais: eascann)
TUILLEADH (1) ▼
Dúshlán feara Éireann locht a fháil ar an teach sin anois. Tá sé ar deil. Níl a dhubh ná a dhath thuas ar a chorp nach mé féin a dhein (déan)
+
Ól thusa trí phionta pórtair i ndiaidh a chéile de ghorta gharta. 'Sé do dhúshlán é — níl tú in ann a dhéanta
Ní bhainfidh tú é. 'Sé do dhúshlán é anois. Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le bheith ag féachtáil leis
TUILLEADH (3) ▼
Tugadh seisean gaoth di anois mar sin. 'Sé a dhúshlán é. Ní bhíonn aon chíos ar an gcaint a mhic ó!
Chonaic mise é ag tógáil gró mór mar sin i súil a dhá láimh, agus ag cur a ingne mar sin faoina dhrad, agus ag caitheamh an ghró thar chúl a cinn gan a ordóga a bhaint as a bhéal. Ba é dúshlán a raibh ann é a dhéanamh, ainneoin go raibh fir a raibh meas acu orthu féin ann
Ba é dúshlán a raibh thart anseo ariamh an léim sin a bhualadh amach. Féach thusa thú féin léithe anois má tá aon mheas agat ort féin
2.
le teann fórsa; go huafásach, le strócántacht.
+
Chuir sé an doras isteach as dúshlán (le dúshlán amantaí, ach is coitianta an leagan eile) — chuir sé isteach le teann fórsa nó nirt é; chuir sé dhá lúdrachaí é
Tháinig sé isteach chuig an damhsa as dúshlán — den bhuíochas; níor féadadh a choinneáil amach, níor íoc sé; gate crashing
TUILLEADH (11) ▼
Cuirfidh sé siúd suas iad as dúshlán. Ná bac le clocha cinniúint air siúd
Tá sé ag cur fhataí as dúshlán — níl sé ag glacadh ionú ná staidéir ar bith leis féin, ach ag dúchan leis go huafásach, agus bacainn nó treampán ar bith dá bhfuil air, a chur as a bhealach go dásachtach
'Sé an chaoi a mbíonn sé le chuile obair: a ghabháil di as dúshlán. Déanann sé creachlaois, ach bíonn sí gan mórán slacht
Chuaigh an bhó dhá báthadh i seanbhoglach atá ann ach chuaigh sé fúithi as dúshlán agus chuir sé aníos as í. Ach níl cnáimh ag gabháil léithe nach bhfuil as a riocht déarfainn
Glac staidéar anois! Ní chuirfidh tú as choíchin as dúshlán í. Stuaim a dhéanfas é. Is fhearr stuaim ná neart adeir siad
'Sé an chaoi a ndearnadh na seanbhallaí sin uileag fadó as dúshlán. Chuiridís gruáin mhóra iontu agus gan iad ag luí le chéile chor ar bith. Ach ba chuma sin leo, fhad is a bheadh balla láidir acu. Ar ndóigh níl cinneadh go deo le cuid de na clocha a d'fheicfeá sna ballaí fuara sin. Ní bhíonn saoirsinn ar bith orthu, ach potráil ar bith go bhfanaidís ina seasamh
Scoiltfidh sé siúd a bhfuil de chlocha ann as dúshlán. Beidh cat agus dá rioball déanta aige ansiúd sula aireos na daoine é
Tá sé ag déanamh cró as dúshlán ann — cró a bheas an-láidir, ach nach mbeidh róshlachtmhar agus gur mó an neart ná an stuaim a chaithfí leis
Tá sé ag baint mhóna as dúshlán. As dúshlán muise atá sé ag baint na bportach siúd. Tá siad an-deacair le feoil chapaill
Chinnfeadh orainn an capall a chur isteach sa scioból chor ar bith murach gur cuireadh isteach as dúshlán í. Ó baineadh an gheit aisti ansin, ní mian léithe a dhul isteach ann beag ná mór
Níl sí le coinneáil as anois ach as dúshlán ó fuair sí a bhlas chor ar bith. Ba mhór ab fhiú do na daoine dhá mbeadh sí díolta as an mbealach
·
Ní raibh an fuisce ag teacht leis, ach chuaigh sé dhá ól as dúshlán ina dhiaidh sin. Fhóbair gur ghiorraigh sé leis — bhí an fuisce ag dul ina aghaidh, ach d'ól sé é, ainneoin sin. Chuir sé faoi ndeara dhó féin é a ól

Féach freisin

dúshlán in iontrálacha eile (28)

 
Sin é féin an Seán daidhciúil. Níl cinneadh ar bith leis féin ag magadh faoi chuile dhuine eile ach do dhúshlán téirigh ag magadh faoi féin
 
Sin é a chuid daidhciúlachta. Bíonn sé sin mar a bheadh múille scaití. Do dhúshlán drannadh leis an uair sin. Má dhrannann, mo leabhar dhuit go mbeidh rud ar a shon agat
 
'Sé an chaoi a bhfuil na diabhail dhá ndaingniú isteach le chuile chor. Do dhúshlán anois cuir amach iad feiceamuist. Dhá splanctha dhá raibh tú dhá gcur isteach, beidh tú seacht n-uaire níos splanctha dhá gcur amach, creid mise dhuit ann
 
dána
Bhac an póilí é faoina dhul ann, ach thug sé siúd a dhúshlán agus chuaigh sé ann. Tá sé dubhdhána mar sin, théis nach bhfuil aon duine faoi thalamh an domhain is láí ná is oibleagáidí ná é, má tá sé leat
 
Tá an tuí sin dea-churtha. Dúshlán duine ar bith aon locht a fháil uirthi! Ní féidir é, ná cuid dhá fhéidir
 
dealbh 1
Chuile bhall agam ach a dhealbh sin i mbóthar ná i mbealach. Tá sé ag imeacht ag súmaireacht i chuile áit agus ag iarraidh fios gnaithe chuile dhuine, ach do dhúshlán a ghnaithe féin a fháil amach. Dheamhan é muis
 
deara
Thug sibh cead don asal sin an rud sin a thabhairt faoi deara dhó féin, agus a ndúshlán anois feiceamuist, coinnígí as é. Ó fuair sé blas na háite sin, tá sé fánach a choinneáil as
 
deil 1
Bhí deil thuas ag an gC. ach cá'il an té a gheobhas uaidh sin í. Níl aon bhall oirnise ag aon siúinéara ná ag aon saor adhmaid istigh i nGaillimh nach bhfuil aige thuas ansiúd, ach do dhúshlán drann leo. Is gortach é an ceann céanna faoi rud ar bith dhá bhfuil aige
 
deilbh 1
Tá chuile shórt dhár deilbhíodh ariamh thíos sa teach sin aige, ach do dhúshlán faigh tada uaidh. Dhá mbeadh an chruóig ba mhó ort a bhí ar aon duine ariamh, ní thabharfadh sé aon bhall den oirnis sin duit
 
Teacht an deireanadais a d'fheicfeá ag corraí amach i gcónaí é. Do dhúshlán feic amuigh é i gcaitheamh an lae.
 
deis
Nach aige atá na deiseannaí! Do dhúshlán láimh a leagan ar aon cheann acu sin. Má leagann, crapfaidh sé leis ar fad iad, agus cead agat féin caoi a chur air ansin
+
diaidh
Do dhúshlán an bhochtaineacht a shamhlú anois leis. Is maith an scaitheamh ó d'fhága sé ina dhiaidh í. Dhíol sé an déirce mar adeir an ceann eile.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhreathnóidh sé díreach chor ar bith ort ach i ndiaidh a leicinn. Ní fhaca mise a leithide de phúcaíl ar aon duine ariamh. Do dhúshlán déan amach céard atá ina intinn aon uair.
+
díle 1
Shílfeá gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bhí an oiread sin falrach cainte air … Mo dhúshlán aon smid a rá ansiúd. Bhí sé ina chlaibín muilinn ó tháinig muid isteach gur imigh muid aríst, agus níl aon cheo ó neamh go talamh nár tharraing sé anuas agus gan cuma ná caoi a chur ar scéal ar bith. Ní túisce a bheadh sé tosaí ar scéal amháin ná a tharraingeodh sé anuas scéal eile. Ach 'sé an cás é, bhí sé ina scéal an ghamhna bhuí ar fad aige faoi dheireadh
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath is a n-ólann sé pintín pórtair, teagann an díle cainte dhó agus do dhúshlán ansin a chur ina thost go dtite sé. Neart sclaibéireachta a bhíos aige. Nuair a bhíos sé ar a chéill, ní bhíonn smid ná smeaid aige. Bheifeá ag cur maide siar ina bhéal agus dheamhan druid adéarfadh sé. Is aisteach an chaoi a dtéann an t-ól do chuid de na daoine
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
 
Níl aon chall do bhean ar bith a bheith chomh diongbháilte agus atá sise. Cén éadáil í ach an oiread le duine ar bith eile. As na faochain a fáisceadh í chomh maith linn ar fad. Ach do dhúshlán sin a shamhlú léithe ina dhiaidh sin!
 
diúl
Do dhúshlán téirigh ag diúl a malaí sin! Tá sí dubhoilbhéasach
 
do 1
Tháinig misneach dom nuair a chonaic mé T. ag tabhairt a ndúshláin
 
docht 2
Nach docht daingean a cuireadh é sin ansin. Do dhúshlán anois a bhaint as, théis do chuid gaisce
 
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mura mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agat dó, agus a shíneadh chuige ar an bpointe boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana an áit a raibh sé ag cinniúint dubh is dubh air a láimh a chur ina phóca ag an mbrú. Thug S. Sh. Sh. a dhúshlán. 'Is córa dhuit go mór a gcoinneáil dó,' adeir sé, 'agus gan muid a bheith anseo mar a bheadh matcheannaí i mboiscín'
 
Tá sé siúd chomh doghrainneach agus má tá sé caite ina cheann aige, nach ligfidh sé uaidh laglabhartha as an dá phunt dhéag í. Má tá ceapadh ar bith aige go bhfuil saint ar bith aige inti, seasfaidh sé ar an airgead sin, agus dúshlán aon duine é a chur cianóg as
+
Tá an donn réidh an-ghann ar ghualainn na giúsaí. Níl portach ar bith suas ansin nach bhfaightheá carcair ghiúsaí ann, ach do dhúshlán faigh maide donn réidh in áit ar bith thart anseo anois. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé aon cheo dhi
TUILLEADH (1) ▼
M'anam muise nach bhfuil de chailleadh ar an donn réidh féin má dheisíonn tú amach ceart í. 'Sí atá ar an teach nua sin uileag ag clann Mh. Ph. — an teach a rinne siad fhéin. Ar ndóigh, is ansiúd buailte orthu atá a tabhairt amach. Dúshlán aon duine drannadh léithe feiceamuist. An t-éan féin, ní chorródh d'oíche ná de ló nach mbeadh braite ag duine eicínt acu
+
drann
A ndúshlán drannaidís leis an asal sin anois. Dar fiagaí má dhrannann, déanfaidh mise cleas eile
TUILLEADH (1) ▼
Do dhúshlán drannadh leis an ngasúr anois. Is deas an buachaill óg thú nach bhfuil de chomórtas agat ach gasúir le dhul ag troid leo
 
"Dá mba páipéar é an talamh glas: cleiteachaí na n-éan a bheith ina bpeann. Clann Aoibhinn uileag a bheith ina gcléir: Dúshlán a n-iúmlán (iomlán); An drullán is lú de phiantaí ifrinn a chur i gcéill"
 
dubh 1
Ní bheannaím dhó dubh ná dath. Dhá bhféadadh duine beannú dhó ach gan mór ná beag thairis sin a dhéanamh leis, bheadh an scéal ceart, ach do dhúshlán déan sin. Má bhíonn sé ag beannú dhuit chor ar bith, ní mian leis gan a bheith ina dhá chuid déag leat, ach is gearr idir a ghol agus a gháire