Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
las
lasta srl.
Connacht, Achréidh
1.
maoldearg as ceannaghaidh.
+
Tá sé lasta suas
Las sí suas go bun na gcluas
TUILLEADH (2) ▼
'Sí atá breá lasta dearg ag breathnú (le follántas)
Tá lasadh na heitinne inti — luisne dhearg
2.
feargach, saighdte, ar buile.
a.
·
Las sé chugam ar an bpoinnte agus gan mé ag cur chuige ná uaidh — chuaigh sé chun feirge liom
Bhí siad lasta chuig a chéile — iad feargach le chéile agus gotha troda orthu
b.
scéiniúil.
·
Tá na laindéir lasta aige — scéin ina shúile, fearacht agus dá mbeadh buile air
3.
daor.
·
Bhí beithígh lasta ar an aonach inniu — iad daor, glaoch agus ceannacht orthu

las in iontrálacha eile (50+)

 
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithi a rinne an focal. Ní thabharfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithi uaidh sin amach
 
Ach cén sórt froigisí atá sé (seo) thíos a chur ar an teach? … Rud le aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! Sa saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideogaí agus cam! Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoilíochaí ag éirí i nDomhnach!
 
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín sa gcúlteach é an lá sin. Thar éis an aifrinn thug siad amach é nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lá arna mhárach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: 'an té a chruthaigh neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh.' Ba in é an fear agat le fágáil i gcionn poitín!
+
Ní raibh ach an cléireach ag teacht amach leis an bhfáideoig lena coinnle a lasadh san am ar shroich mé an séipéal. Ní raibh ceathar ann romham
TUILLEADH (1) ▼
Déan fáideog den pháipéar sin agus las dom é le aghaidh mo phíopa — maiste; fíóg; figh suas ar a chéile é agus las é ar nós fáideoige
+
fíóg
Tabhair dhom fíóigín go lasa mé an píopa seo - maiste a dhéanamh de thuí nó de bhroibh
TUILLEADH (1) ▼
Chaithfeá na fíógaí a bhaint i dtosach. Nuair a bheifeá dhá ndlaoithiú níorbh fholáir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirthi nó thitfeadh a mbeadh istigh inti amach ina mionbhas. Chrochfá suas ar stálú sa simléar ansin iad nó go mbeidís tirim. Nuair a bheidís tirim sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís chomh láidir sin. Ansin bheidís faoi réir lena lasadh
 
Nach é an chloigis mhístuama é ag cur an tí thrí lasadh. Is maith an t-ádh a bhí orthub nár dódh fré chéile é gan aireachtáil.
 
Bhí na coinnleoirí lasta ar an altóir ar a dhul isteach dhúinn.
 
beo 1
Séid an fód beo sin, agus b'fhéidir dhi lasadh.
 
Is beag an dochar dhom a bheith thíos sa talamh fhéin ag iarraidh a bheith ag bruitheachán leis an mbodhránach móna sin. Dhá gcuirtheá síos í ar éirí dhuit ar maidin, dheamhan an mó ná lasta a bheadh sí tráthnóna.
 
Chuirfeadh an mhóin sin thar bharr do chéille thú ag iarraidh í a lasadh, ach tá dubh-bhuanadas inti ina dhiaidh sin. Má chuireann tú gabháil di síos ar maidin, déanfaidh sí go headarshuth gan stró ar bith.
 
buan
Móin mhaith bhuan í, cé is moite gur deacair í a lasadh.
 
fiolla
Suífidh sé i mbun T. Déanfaidh sé fiolla dhó (dhe) mura ndíbrí sé uaidh é. Deir siad gurb é an cheird a bhí orthu thíos ann an oíche cheana, ag caitheamh na tine suas ar fud an tí. Dheamhan a gcónóidh siad go gcuire siad an teach thrí lasadh air. Is dóibh is mó náire a bheith ag siocadh le seanfhear bocht mar sin
 
Feictear dhom go bhfaca mé dé eicínt ag fionnú ag Ard T. D., mura duine eicínt a bheadh ag lasadh match é.
 
fóin
Níl d'fhóint anois sna seanpháipéir chíosa sin (n)ach go lasfaidís an píopa do dhuine.
 
Bhí muca lasta inniu agus imeacht orthu dhá réir — bhí price maith orthu, agus bhí glaoch orthu freisin
 
iontas
Ní dhéanfainn iontas ar bith dhá mbeadh beithígh lasta amárach, mar 'sé sin an fáth, tá cuid mhaith acu ídithe anois (fc. lasta agus ídithe)
 
Is diabhaltaí an lastar a thug sí isteach duit, ach ba dual di an croí mór fairsing
 
feall 1
Má tá i ndán is go bhfaighfear ciontach sa gcúirt é, is feall a bheas dhá dhéanamh air. Níor chuir sé sin an áit sin thrí lasadh ach an oiread leis an bhfear nár rugadh. Ach tá caraideachaí ag an dream eile
 
Má chuireann tú an t-aiteann francach sin thrí lasadh, feicfidh tú loscadh sléibhe
 
frigh
Ní bheidh sé ann i ngan fhios dó siúd mo léan! D'fheicfeadh sé an fhríd fhéin ar dhroim na muice duibhe. Deirimse leat go bhfuil na laindéir lasta aige sin
 
Chuaigh an teach thrí lasadh os a chionn. Amach i bhfuinneoig i mbarr an tí ab éigean dó a dhul. Dheamhan scríb bhisigh a d'éirigh dhó — míle buíochas le Dia — cé is moite go raibh a mhullach fuardhóite ar éigean. Bhí an t-ádh air ar chaoi ar bith, bhí sin
 
dairt
Ní raibh ann go dtí seo ach caitheamh dairteachaí nó go dteaga an firéad siúd ann. Tá sé chomh maith do L. a sheolta a ardú go dtí paer eicínt eile an uair sin. Chuirfeadh an firéad sin dhá chrígh Mhuire thrína chéile. Ní raibh dhá cheann an tí sin ariamh gan a bheith thrí lasadh — ariamh sa saol
 
dall 1
Nach thú atá thart anois, go lastar lampa dhuit. Murach peataíocht ort ní theastódh solas ar bith uait leis an ngreim sin. Is léir don dall a bhéal
 
damba
Chuir siad damba ar an abhainn sin thiar mar dhóigh dhe go gcuirfidís ag lasadh an S. le solas í. Níor chuala mé aon cheo faoin solas ó shin, ach cloisim gur mór an leas do shaighdeoirí an damba. Ach arsa tusa, ní theagann síon i dtír nach fearrde duine eicínt
 
daol
Chaithfeadh sé gur theangmhaigh daol eicínt leis ar maidin agus é a bheith ag imeacht ag broimseálacht mar sin. Ní réiteach don teach muis má tá dhá cheann an tí thrí lasadh mar sin (an fear agus an bhean ag troid). Ach b'fhurasta a aithinte nach i bhfad a bhainfidís amach suaimhneach agus an deis a bhí uirthi féin oíche na bainse
 
daor 1
Dar príosta muis, tá mé ag ceapadh gur daor an ailím a dhul ag ceannacht máilín móna i mBaile Átha Cliath, théis go bhfuil sí ar shladmhargadh anseo. Sin é é. Tá chuile dhuine agus a ailp féin aisti. Ach tá mé ag ceapadh nuair a théas sí chomh fada le na hocastóirí beaga a dhíolas libhse í, go mbíonn sí thrí lasadh ceart
 
dearg 1
Las sé suas chomh dearg le fuil, agus bhuail taghd é
 
Gamhainín dearóil go leor ghabhfadh sé hocht nó naoi de phunta inniu. Bhí siad thrí lasadh, agus b'annamh leofa
 
Deatach le spóirt é agus is mairg nár dódh é, mar adeir P. Sh. fadó agus an teach thrí lasadh
 
Níl deireadh caite aige ná baol air fós. An bhfeiceann tú chomh lasta agus atá an spéir — sioc
 
Ní deirgeadas ceart é sin atá ina ceannaghaidh. Ní fhéadfadh duine ar bith a bheith chomh lasta sin, murach go bhfuil sí dhá dathú féin
 
deis
Tá deis lasta ag J. Sórt boiscín beag é agus níl ort ach do mhéir a chuimilt air, agus tiocfaidh lasair air. An-deis é le píopa nó feaig a dheargadh
 
Sin iad na dintiúirí mar siúd. Lasfaidís an seandúda dhuit mar a lasadh na seiceannaí false do Mh. Ch. é
 
Sílim go ndiúltóidh an fear seo thiar na capaill ar fad uaidh seo amach. Rith an bromach air an lá faoi dheireadh ag teacht ón gceardcha, agus tá scáth air a cur faoi charr ar bith anois. Déarfá gur mó an bhrath atá aige a díol ar fad. Bhí sé ag rá inné go raibh caiple thrí lasadh ar an aonach cheana …
 
Figh na dlaoiníní sin uileag ina ndual, agus téirigh síos agus las dom iad le aghaidh maiste do mo phíopa
 
Bhí a raibh sa teach thuas ag gortghlanadh fataí cé is moite den dá ghasúr. Diabhal easna dhóibh sin nach dtosaíonn ag lasadh dlaíógaí ar an teallach agus dhá dtarraingt amach ar an tsráid. Deir Taimín gurb í Cáit adúirt leis féin an dlaíóig a chur sa teach. Ar ndóigh ba é a gciall é! Ar a theacht aníos de bhean Ph. Dh., bhí an teach thrí lasadh agus í déanta siar ar an mbuntsop uileag …
 
dosán
Ní bheidh aon dosán fraoigh ar an droim siúd go ceann achair aríst de bharr an loscadh sléibhe sin an oíche cheana. Nár dhiabhaltaí mí-ásach an dream a chuaigh dhá chur sin thrí lasadh, agus a fhiosacht dóibh go mba é an bhráid fhraoigh ab fhearr sna bólaí seo é. Beidh na daoine in anchaoi anois
 
Is beag an drabhlás atá chor ar bith sa móin bháin sin le hais na clochmhóna. Cuirfidh tú síos greadlach di ach bíonn sí dóite de léim. 'Sé a bhfuil inti an lasadh sin
 
Gamhainín dramhailte dona a bhí aige, gan biseach ar bith faoi shílfeá. Chuaigh sé chúig phunt cúig déag. Diabhal trí phunt a gheobhadh sé air aon aonach le bliain, ach bhí siad thrí lasadh inniu
 
dreas 2
Dheamhan a fhios agam. An mhóin atá sna portaigh sin againne, ní chuirfeadh grian na nIndiachaí aon dreas uirthi. Chonaic mé ansin le cupla bliain í, agus dheamhan ceo triomaigh dhár chaith sé ar feadh an tsamhraidh nach bhfuair sí. Fuair sí creataí ón ngrian ceart go leor, arae bhí sí bainte an chéad choicís de Bhealtaine. Ach do cheann fine ní lasfadh í ina dhiaidh sin. Ní bheadh call dom sagart ar bith a thaobhachtáil murach a mbaineadh sí d'eascainí agus de mhionna móra asam ag iarraidh a deargadh chuile mhaidin
 
An gceapann tusa nach bhfuil an coca sin dreoite? Bíodh unsa céille agat! Bhí sé thrí lasadh le téamh, an lá théis a chur isteach. Ní dhrannfaidh aon bhó leis sin, ach go mb'fhéidir dhá mbeadh slám d'fhéar ar fónamh agat le cur thríd go mbréagfadh sé iad
 
Ní choinneodh an teanga a bhí aige muis coinneal don teanga a bhí ag dreolán de mháistrín scoile a bhí ansin thoir. Bhí sí thrí lasadh ar fad aige. Chuala mé oíche é thoir tigh Th. — oíche a raibh mé ag ól ann — agus shíl mé go gcuireadh duine eicínt a dhrad ina bholg leis an loscadh mionnán mór a bhí air. Ach 'sé an chaoi a raibh siad ag scairtíl gháire faoi
+
droim
Bhí a dhroim liom, ach mar sin féin, chonaic mé an lasadh a tháinig ann nuair a chaintigh mé ar Sheán
TUILLEADH (2) ▼
Sin beochan gaoithe a tháinig de dhroim seaca. Chonaic mé cluiche de na géabha fiáine ag dul ó dheas anocht agus tá an spéir an-lasta. Ní bheadh lá iontais orm dhá gcaitheadh sé stráicín shneachta féin. Tháinig an-fhuacht ann ó thús oíche
Coinnigh daingnithe air anois agus ná díol oiread agus ualach amháin leis aisti mura gceannaí sé faoina droim uait í. Má théann tú ag sceidínteacht léithe, ní bheidh a leath oiread dhá barr agat agus a bheadh lena díol faoina droim. Cuileálfaidh sé chuile fhód fliuch ag gabháil léithe. Feicfidh tú féin air gur díon déirce leis a fáil amach anseo nuair a bheas sí gann. Beidh sí thrí lasadh faoi Fhéil Bríde seo chugainn
 
Dar príosta muise, bhí beithígh lasta dháiríre má chuaigh an bhodóigín dhroimeannach hocht nóta. Ar ndóigh ní raibh tógáil ar bith uirthi. Dheamhan lán do ghlaice a bhí inti.
 
díon 1
Is mór an chontúirt é an teach ceann tuí ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóite a chur sa tine agus é a shá sa mbuntsop. Ó chuaigh sé thrí lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus murach chomh héasca agus a braitheadh é, bheadh dóiteán ann a mbeadh cuimhne air
 
dóigh 2
Is dóigh liom ón lasadh atá ann go bhfuil braon sa gcoiricín aige