Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

deó (50+)

 
Ólfaidh sé fhéin uilig é, fearacht an uair cheana. Dheamhan thiomanta deóir a fheicfeas aonduine go deó dhó (dhe) sin
 
Is gránna go deó an feithideach í péist an dá shúil dhéag! An bhfaca tú ariamh í?
 
fios
Ní bhfuightheá fios a bhealaigh amach go deó = ní bheadh a fhios agad cén bealach atá leis, nó cén sórt méin nó intinn atá aige
 
foirm
Tá fólaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach má sin í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí san té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa do'n fhear sin. Nachar chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon-Naomh Pádraig amháin, moladh go deó leis
+
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn an t-uafás go deó fruigisí aige ar an bpaidrín. Diabhal sinnsir dhá dtáinig ariamh leis nach gcuireann sé faoi bhrí na guidhe. Choinnigh sé dhá uair ar ar nglúine muide. Mh'anam gurb shiúd é a rinne an ránn dó agus nach hí Áine den fhaoistean
 
Níl ann ach frídeóir de dhuine agus in a dhiaidh sin fhéin, is diabhlaí go deó an gníomh atá ann. M'anam mara bhfuil gabhail na gaoithe ann go bhfuil déanamh na ngnaithí ann, go bhfuil sin.
 
fág
Sin ní fhágfadh sé go deó ná go brách nó go mbaininnse mo shásamh dhó (dhe), marach amháin
 
Deir siad gur facthas an Mhaighdean Ghlórmhar ann — moladh go deó léithe — agus fáinne solais ar a cloigeann
 
Tá an t-asal seo amuigh ag fáinneóireacht aríst, th'éis a bhfuil de cheangal air. Droch-rath go deó air! Ní choinneóidh aon-gharraí san tír é = ag dul thart le na claidheachaí ag súil go bhfaigheadh sé deis nó bealach amach in áit eicínt.
 
fóir
Go bhfoire Dia air más mar siúd a fhanfas sé go deó!
 
M'anam gur Fiannaí mór é. Ó L. a thóg sé uilig iad. Ní raibh cinneadh go deó le L. Ní raibh aon-dhuine de sheacht gCatha na Gnáth Fhéinne dhá raibh i bhFormaoil na bhFiann nach raibh sé indon a innseacht amach indiaidh a chéile. Déarfá go raibh meabhair chinn aige
 
Ba mhó an sásamh a bhí ar an saol le linn na seandhaoine. Ní iarrfaidís go deó ach ag innseacht scéalta. Agus ní raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht ariamh in éindigh. Is cuma leis an líne atá ann anois é ach a bheith ag bearróireacht agus ag baint fogha agus easbaidh as chuile dhuine. Diabhal áird ar bith a bheadh ar aon-scéal aca. Ba mhór an tsiamsa iad na scéalta muis
 
Níl sé ag dul ag cuartaíocht chor ar bith anois ann, ó heiríodh roimhe ag tiacht abhaile as. Fál ar an ngort th'éis na foghla. Ní bhfuighidh sé aon-fhios go deó cé a d'eirigh roimhe
 
Cheannuigh sí cóisir bheitheach, agus níl ceó faoin saol len ithe aca anois, ach dúrúch orra ar fud an bhaile ag foghlú chuile shórt. Dheamhan a bhfuighidh sí a cuid fhéin go deó orra, ná cuid d'fháil
 
Is breá an fonnadóir é. Ní iarrfá go deó ach ag éisteacht leis ag rádh an "Droighneán Donn"
 
fonn
"Ní thiúrfainn mó láimh dhuit go deó deó le fonn" (líne d'amhrán)
 
foth
Tá mo lá caithte agam in a dhiaidh agus gan é ar futh ná ar féar. Caithigidh sneachta ar a lorg anois. Dheamhan amharc a fheicfeas sibh go deó air. Sin í ur gcuid sleamchúise féin
 
D'fhuagair sé uirre gan a dhul an bealach aríst go deó mara dteagadh sí ar cuairt aige
 
fás 1
Tá fás ar mo roinnse i mbliana. Athrú anuiridh a baineadh go deireannach í. Ní bheadh bord go deó agad le fáisín
 
Is furasta le corp fíniú ar aimsir the, go mór-mhór corp nach raibh ídithe ag tinneas. Ní fhíneódh corp th'éis luighe fada go deó, mar ní bhíonn bioreanga orra. Bhí corp shean-N. cho héadtrom le cleite, go ndéana Dia grásta uirre!
 
Tá cuimse airgid amuigh aice sin, nach bhfuighidh sí go deó. Ach is fhearr sean-fhiacha ná sean-fhalamh, mar sin fhéin
 
Níor leig sé amach an droch-fháisc go deó, go dtáinig sé abhaile aríst agus gur casadh lucht na sean-síomálachaí air (deirtear droch-éisc freisin)
 
Tá sé buille fairsing anois má mhaireann dó. Ach shílfeá gur mó an bhrath atá aice (an ghaoth) a dhul indiaidh a tónach ó thuaidh aríst. Má theigheann ní dhéanfaidh muid caladh go deó ar an taoille seo
+
Má bhíonn údar ar bith aige choíchin duit, coinneóidh sé an faltanas istigh go deó go bhfagha sé a shásamh
TUILLEADH (1) ▼
Sin é anois ar dhúirt mé leis. Dheamhan smid eile, agus ní abróinn an méid sin fhéin, mar gur chuir sé chun caitheachtála dhom é. Ach dhá laghad é, tá an faltanas sin aige dom, agus má tá indán agus go bhfuighe sé fáill go deó, bainfidh sé siar asam é
 
Dhá mbeinnse léithe go deó, ní ghlacfadh sí (rásúr) aon-fhaobhar uaim
 
farc
Giúsach agus cuileann an dá mhaide is fuide go bhfarcfadh. Bhí siad thuas san sean-teach againn agus diabhal a bhfarcfadh siad go deó. An t-adhmad atá san gcoill sin thuas d'fharcfadh sé. Dair í 'ar ndú' agus farcann sí sin gan moill ar bith. Is iomdha maide giúsaí a chonnaic mé ariamh agus ní fhaca mé oiread agus ceann aca ag farcadh. Ní mór an ghiúsach a choinneál fliuch nó tirm
 
feadh
Ní chorródh sé amach go deó i gcíonn a chuid oibre, ar feadh leabhar ná páipéar a fháil in a láimh
+
feall 1
Dheamhan feáll go deó ach mar rinne sé. Tharraing sé an t-achrann, agus annsin chuaigh sé a chúnamh don dream eile, agus é in a n-aghaidh roimhe sin mar dhóigh dhe
TUILLEADH (1) ▼
Níl feáll faoin domhan ach nach aige atá posta Mh. Mh. Sin é an uair a d'fheicfeá an suíochan ag dul ar an tír. Ó a mhac go deó! Ní bheadh aon-chinneadh leis
 
fill
Rug an bheirt isteach ar a chéile, ach dhá mbeadh sé ag dul do Phádraig go deó dearg na díle, ní bhainfeadh sé filleadh ná feacadh as = cor ná car
 
Tá capall aige agus ní tada í ach fleascach. Níl sí indon carr a thabhairt in aistreán ar bith dhá fhánaí, nach bhfuil sí tuithe leis an truisle atá inte. Ní bheidh lá sása(imh) aige uirre go deó go ndíola sé í
 
Tornógaí Franncach a bhíodh suas an bealach sin, mar dhóighidís an domhan go deó aoil le cur ar an talamh. Na tornógaí a bhíodh annseo, déanta gaelach a bhídís
 
frigh
Tá frídín eicínt istigh in mo chois idir fheoil agus leathar. Is furasta aithinte uirre é agus an phreab atá inte. Go deó go dteaga an fhrídín sin amach ní chneasóidh mo chois
 
fuis
Th'anam ón diabhal tú a fhleascaigh ná caill go deó é! Bíodh teacht i láthair fir ionnad, agus seas amach roimpe seo anoir, agus cuir fuis uirre. Má thugann sí aon-taithneamh dhuit, tá an báire leat
 
fáisc
Tá an chois cho fáische san bpíopa agus nach dtiocfaidh sí as go deó dearg na díle
 
Tá sé an-fhíriúil go deó le rud ar bith a ghabhfas sé a dhéanamh. Ní bhíonn drugal ná leisce air. Ach fainic a rachthá ag cur chomhairle air. Spréachfadh sé
 
fód
Níl san talamh sin agadsa ach fód na láighe, ach is talamh aon-fhód atá agamsa annsiúd thuas. Is ait an talamh fataí é mo chuid-se. Níl cinneadh go deó leis
 
feasta
Mara bhfuil sé indon é fhéin a bhearradh le rásúr feasta choichín, ní dhéanfaidh sé go deó é. Ara dheamhan gus ann mar bheadh i ngearrbhodach
 
"Shuidh Peadar ar leac leathan abhann (dhomhainn?). Tháinig Críost as a chionn. 'Céard tá ort a Pheadair? 'Ó 'Thiarna, m'fhiacail atá tinn'. 'Eirigh a Pheadair agus bí slán; ní thusa amháin ach a maireann beó. Coinnigh an artha seo (in) do cheann, agus ní bheidh dae (doigh) fhiacal ort aríst go deó" (sin leagan amháin ar artha na ndoigheachaí fiacal)
 
fidín
Ní raibh aon-chlaidheachaí ann mar na fidíní in a dhiaidh sin. Siad atá amach annsin ar fad. Ní chlisfidh siad go deó
 
Tá for-chasán isteach ann chuig an tobar. Diabhal duine a bhac sé ariamh faoin a dhul ann. Níor mhiste leis dhá mbeitheá gan an sceach a chur san gcéim go deó. Ach ní hé sin den bhrúisc de chliamhain isteach seo aige é.
 
Níor chuimhnigh mo chroí an cléibhín a thabhairt anuas agaibh leis an bhfruch frach faoin aonach ar maidin. Bhí sé siúd in a shuí ag an sé a chlog, agus shílfeá nach mbeidh breith go deó aige a bheith amuigh as an teach. Ní raibh duine ná deóraí thoir ar chlár an aonaigh roimhe
 
Ní fhréimheóidh an sceach annsin go deó. Leac atá faoi = ní chuirfidh sí rútaí amach ann
 
fuacht
Tá mé caillte le fuacht. Fuacht go deó aríst é chreidim (ormsa an sean-fhear). Tús agus deireadh an duine, adeir siad, ar an tine a tharraingíos
 
Droch-rath an diabhail air agad! Ní raibh aon-ghean ariamh agam air. Duine fuarchosach é. Ní luighfeadh mo chroí go deó leis
 
Chreidim gurb é an cás céanna é: nach bhfuil aon-fhuascailt indán do na daoine go deó. An té atá bocht fanacht bocht = fóirínt ar an mboichteanas, ar ainriocht etc.
 
dall 3
Ní thiúrfadh sé an oiread duit agus a dhallfadh do shúil dhá mbeadh do chailleadh go deó leis. Gortachán críochnuithe é
 
Ní iarrfadh sé go deó ach ar an deáchaint sin. Is biadh agus beatha leis í, hé brí cén sásamh a fhaghas sé aisti. Ach sin é an chaoi. Ní h-ionann tréartha do chuile dhuine