Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dearmad
/d′ærəmṳd/
ainm-fhocal, fireann
geiniúnach uathaidh: an dearmaid
uimhir iolraidh: na dearmaid; dearmadaí, dearmadachaí (Dearmaid is coitianta mar iolraidh).
fc. Diarmuid .i. nó go ndéanaidh Dia dearmad dhíot (ort)).
1.
a.
díchuimne; easbaidh cuimne; gan cuimniú ar rud.
+
Tá dearmad eicínt orm anois = d'fhága mé rud eicínt in mo dhiaidh cheal cuimniú air, nó tá sé ag cinnt orm cuimniú ar rud eicínt a bhí agam a thabhairt liom
Bhí a fhios agam go maith go raibh dearmad eicínt orm ag fágáil an tighe dhom ach chinn orm cuimniú air in a dheidh sin. Sin é anois. Na bróga a bhí agam a thabhairt liom len a ndeasú
TUILLEADH (6) ▼
Bíonn dearmad ort i gcomhnaí. Bhuel cuimnigh air an chéad lá eile anois
Nach diabhaltaí an dearmad a bhí anois air, agus gurb' éard a thug sé abhaile i leabaidh "kettle", "teapot". Dá n-abrá (n-abruighteá) leis banbh a cheannacht 'séard a thiubharfadh sé agad laogh
Tá dearmad aríst ort! Níl do rásúr agad
Ní bheadh an méid sin féin de dhearmad air, an scian bheag a fhágáil in a dhiaidh
Le dearmad a ghníos sí a cuid goid i gcomhnaí! Ní bhíonn a fhios aice nach hé a cuid féin é!
Ní leigfeadh an dearmad dom an láidhe a thabhairt liom, agus í ag teastáil
+
Níorbh é a dearmad gan a theacht ag breathnú orm = chuimnigh sí air agus rinne sí é
Ní hé a dhearmad mo léan gan meabhrú dhom gur fhan unsa tobac orm an lá faoi dheireadh
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh é a dhearmad gan mé aithneachtáil th'éis nach bhfaca sé ach uair amháin ariamh mé
+
Ná déan dearmad ar a theacht anois = cuimnigh; ná loic
Seachain a ndéanfá dearmad ar t'anam pébrí céard a dhéanfas tú
TUILLEADH (4) ▼
Níl ag duine dearmad a dhéanamh ar Aifreann an Domhnaigh
Nach maith luath atá dearmad déanta de'n bhaile aige
Is éascaidh le duine dearmad a dhéanamh ar an arán a h-itheadh
Níor chumaoin dó dearmad a dhéanamh ar a dhearbhráthair muis. Chaith sé go maith leis
·
Níor chumaoin dom dearmad a dhéanamh fút, agus rud agam = ba cheart dom cuireadh a thabhairt duit chuig bainis etc.; níor chóir dom do dhearmad a dhéanamh
Ní fhéadfamuid dearmad a dhéanamh faoi sin. Dheamhan ceo a bhí aige féin ariamh, nach raibh muide aige ann
+
Bhain dearmad eicínt dó, nachar thug sé leis é = díchuimhne; earráid freisin
Nach diabhlaí an dearmad a bhain díom anois, agus go raibh mé anoir ag B. na Tr. shul a chuimnigh mé ar an mbuta
TUILLEADH (2) ▼
An té a mbainfidh dearmad dó (dhe) lá, bainfidh sé dhó 'chuile lá
Ná baineadh aon-dearmad díot anois. Déan do theachtaireacht ceart
+
Mo dhearmad, cá'r fhága tú é! = meabhruigheann sin dom a fhiafruighe dhíot. (An leagan ar fad "mo chuimne agus mo dhearmad")
Mo chuimne agus mo dhearmad, cé'n chaoi a ndeachaidh tú abhaile an oíche a raibh tú annseo faoi dheireadh
TUILLEADH (5) ▼
Mo chuimne agus mo dhearmad, an raibh tusa istigh tigh Sh.?
Mo chuimne agus mo dhearmad! Níor innis mé dhuit go raibh S. annseo, ach dheamhan amharc a chonnaic mé ort ó shoin, chreidim
Mo dhearmad! Chuaidh mé siar ann in a dhiaidh sin aréir, agus fuair mé istigh romham é
Mo chuimhne agus mo dhearmad! Meastú nach raibh sé ag strócadh ag iarraidh mé a thabhairt ar an bpátrún.
Mo chuimhne agus mo dhearmad! Ní chasfaí aon-tsean-mhiodach de láighe agad a bhainfeadh béilí fataí nua dhom
·
Tiubharfaidh mé artha an dearmaid in aisce duit mara leigidh tú dhom (fc. artha)
Chuir sé artha an dearmaid dom (fc. artha)
·
Láidhe dearmaid í sin = ceann a fágadh amuigh indearmad
Thug sé sinseáil dhearmaid dhom ó'n lá deireannach = sinseáil a bhí aige a thabhairt dom an lá deireannach
b.
siléig, faillíghe.
+
An bhfuil a fhios agad an uair a fuair an cut scilling cé'n chaoi ar chaith sé í? Innseochaidh mise sin duit: bonn ar amharc a bheith aige 'san oíche cho maith leis an lá, bonn ar dhearmad bhean an tighe, agus bonn ar shiubhal mion = 'sé dearmad bhean an tighe, an bainne a fhágáil siléigeach, nó gan aon-chlár a chur ar an gcanna
Tá an cut ar an mbord aríst. Dearmad bhean an tighe, 'deile = d'fhága sí bainne, im, arán agus rl. ann
TUILLEADH (2) ▼
Tá an bithiúnach de chut is an mbainne aríst. Ach d'eireochadh dhó. Dearmad bhean an tighe!
Níor thug mé siúcra ar bith dhaoib. Dearmad bhean an tighe!
+
Ná leig indearmad é = i siléig, i ndíchuimne
Shílfeá go bhfuil do chuid leabhra leigthe indearmad agad. Ní fheicim agad anois chor ar bith iad
TUILLEADH (1) ▼
Tá a chuid oibre leigthe indearmad aige ó tháinic "gaedhilgeoirí". Ní dhéanfaidh sé smeach aríst go n-imighidh siad más fada gearr é
c.
·
Nach diabhlaí nach dtáinic S. i mealladh(?) ná indearmad ariamh ó shoin = ar chontar ar bith; chor ar bith (fc. bealach. Ach deirtear i mealladh ná indearmad cho minic le i mbealach ná i ndearmad)
Ní fhaca mé i mealladh ná indearmad é leis an tsiorraidheacht hébrí cá mbíonn sé.
2.
a.
earráid; rud a bheith contráilte nó mícheart.
+
An rud a dhéanfas sé siúd, beidh sé gan aon-dearmad feicfidh tú féin = earráid, lúb ar lár
Is beag an dearmad a dhéanfas a h-athair
TUILLEADH (10) ▼
Níl a fhios agam cé's mó an dearmad an "spray" a chur amach nó gan a chur. Is measa an chuid ar chuir mise orra é, ná an chuid nachar chuir
Bhí dearmad eicínt san gcuntas ach mise a bhí siar leis ar aon-nós
Is minic len a chuid billí dearmad a bheith ionta, má's d'aon-uaim é nó nach h-eadh
Frítheadh dearmad san airgead agus briseadh é
Caithfidh an dearmad féin a bheith ann
Tá sé in a dhearmad ort, th'éis a bhfuil d'fhoghluim ort = tá dearmad (earráid) déanta agad
'Sé mo dhearmad fhéin é. Níl aon-mhaith dhom a mhilleán a chur ar aonduine eile
Sí an chúig dheireadh sin a chuir 'un dearmaid mé san gcomhaireamh. Níor chuimnigh mé uirre sin beag ná mór
Chuir sé síos deich bpunt in áit céad punt i ndearmad. Ní dearmad an-mhór é 'ar ndú'!
Is mór an dearmad é = is an-dearmad é (an-dearmad de'n tsaoghal agus rl.)
+
Is annamh a eirigheas aon-dearmad dó sin muise, hébrí céard a bhí air indiu
Níl fear ar bith nach n-eireochaidh dearmad dó uair eicínt
TUILLEADH (2) ▼
A leithid sin a bhfuil cúram air go leor figiúirí a dhéanamh suas, is deacair dhó gan dearmad a eireachtáil dó
An-fhear cuntais é M. Ní eirigheann dearmad ar bith dó, agus na mílte punt ag dul thrín a lámha
+
Má bhíonn dearmad air, ní dearmad uaidh é mo léan = ní hé fhéin a bhéas siar nó síos leis an dearmad. Pé'r bith céard a dhéanfadh sé le rud a choinneál uait nó a thógáil uait le dearmad, ní fhágfaidh sé tada in a dhiaidh dhá chuid fhéin, nó ní thiubharfaidh sé tada dhuit de bharr dearmaid
As deich scilleacha a thug sé sinseáil dhom té (cé) gur páipéar puint a leag mé aige. Ach mheabhruigh mé dhó é. Má tá dearmad ar an mbuachaill sin, ní dearmad uaidh é mo léan
TUILLEADH (4) ▼
Seadh! Árdóchaidh sé leis mo phíopa-sa go maith ach cé a gheobhas aon-bhrabach air fhéin. Mise imbannaí nach bhfágfadh sé a phíopa féin in a dhiaidh annseo. Mo chreach mhaidne ghéar tú! Ní bheidh aon-dearmad uaidh air sin
Tá mo rásúr thíos aige ó shoin. Is gearr is mian leis féin muise ceap ná ceap-ord ná casúr a fhágáil amuigh. Ní bheidh an dearmad uaidh air ar aon-chor
Nach h-iad na dearg-dhiabhail anois iad, aistir a bhaint asamsa siar go D. an Fh. ar scáth na cupla scillingín "dole" sin. Bhí sé thiar romham i dteach an phosta ann, ach b'fhurasta a chomhaireamh nuair a bhí mé san mbaile: 'chuile bhean ósta agus a h-ailp fhéin as. Orra féin a bhí an dearmad. Ach cuirfidh mise geall gur beag an dearmad uatha a bhéas orra. Má chuireann siad scilling agad le cois, is maith luath a bhéas leota de pháipéar amach in a coinne aríst, agus ní go teach posta Dh. an Fh. a chuirfeas siad é ach oiread! = moltanas ar fheabhas na Stáit-Sheirbhíse é seo
Má fuair tú an iomarca airgid, ní leigfidh siad leat é, feicfidh tú fhéin air. Ní bheidh dearmad uatha ar bith orra sin
+
Thug mé liom do chaipín-sa as dearmad (nó indearmad)
'Sé a mála-sise a chroch mé liom indearmad
TUILLEADH (11) ▼
Thug mé a scian bheag uaidh indearmad
D'fhága mé mo chuid airgid in mo dhiaidh indearmad
Fuinneoig Ch. and G. a mheabhruigh dhom é. Meastú ar chuimnigh mé ariamh ar chloigeann an lampa a thabhairt liom go bhfaghainn feire dhó. D'fhága mé san mbaile indearmad é
Deir tú liom a raibh do "phump" in mo láimh agam, agus leag mé uaim aríst indearmad é, agus níor chuimhnigh mé air níos mó
Shíl sé Seán a bhualadh, ach mise a bhuail sé indearmad
Níl aon-eolas aice ar na cruacha móna má's fíor di féin, agus as mo chruaich-sa a thugas sí i gcomhnaí í (an mhóin) i ndearmad
Choinnigh sé mo láidhe-sa indearmad ach b'aisteach an dearmad é. B'fhearr go mór í ná a láidhe féin!
'Sé m'ainm féin a chuir mé indearmad leis an leitir i leabaidh ainm an té a raibh mé ag scríobhadh dó, agus chaith páipéir agus leitreachaí ag teacht chugam go ceann bliana faoi
Thug sí leath-choróin dom in áit dhá scilling indearmad
Fuair mé an iomarca sinseála uaithe indearmad
Sinseáil as punt i leabaidh as seicín deich scilleacha a thug sé dhom indearmad
b.
ciontú; dul amú, timpiste.
+
Rinne sé dearmad agus pósadh ariamh ar scáth a raibh de theannadh ar a chúl aige
Ba mhór an dearmad a rinne sé an bhean sin a phósadh
TUILLEADH (2) ▼
Rinne tú dearmad agus bacadh le bainbh ar bith a cheannacht faoi nach raibh aon-duine agad a thiubharfadh aire dóibh
Is mór an dearmad a bhí air a dhul ag cur turnapa ar bith i mbliana
+
Rinne sé dearmad, agus tá sé sin ag dul roimhe ó shoin = is minic adeirtear seo faoi bhean a chur ó chrích
D'eirigh dearmad dó, ach bhí aige a pósadh
TUILLEADH (1) ▼
Ó d'eirigh an méid sin de dhearmad dó, níor chorruigh sé amach as an teach

Féach freisin

Dearmad in iontrálacha eile (18)

 
dealbh 2
Dheamhan sin oíche dhár dhealbh an ghrian, nach mbuaileadh sé féin amach shul' theigheadh sé a chodladh go bhfeiceadh sé a raibh na lúbáin ar na croithe, agus gabhail faighte ag na beithidhigh, agus ag an gcapall. Dhá dteigheadh a raibh ins an teach amach míle uair i mbéal a chéile, ní bheadh aon-tsástuigheacht aige ann in a dheidh sin, gan é féin ag tabhairt súil orra. Duine imnídhtheach a bhí ann. Tá mé ag ceapadh go n-eirigheann sé 'chuile oíche thiar ins an roillig anois, faitíos a mbainfeadh dearmad do Sh. Bh., gan an geata a dhúnadh!
+
déan 1
Rinne mé dearmad air sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní fheicfidh tú aríst é go ndéanaidh Dia dearmad ort; ní fheicfidh tú aríst é nó go ndéanaidh Dia Diarmuid dhíot (fc. dearmad, Diarmuid)
+
Dhearmad mé eirghe in am
TUILLEADH (3) ▼
Dhearmad sé a dhul amach dhá n-iarraidh nó go raibh sé in a chontráth
Ná dearmad anois a theacht in am. Ní fheilfidh sé dhuinn a bheith deireannach
'Chuile scéal dhá raibh agam ariamh, tá siad dearmadtha agam anois. Tá dearmad déanta agam ar 'chuile mhíle ceann aca, tá sin
 
Mea'nn tú an bhfuil 'chuile dheisiú déanta agad anois? Ná dearmad aon-cheo ar aon-chor
 
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an "jaunt" agus b'éigin dó imeacht le capall diallaide. Ins an samhradh a bhí ann agus thóig an diallaid ar fad é, agus b'éigin dó imeacht annsin druimnochttha uirre. Tháinig sé aníos an boithrín trathnóna amháin agus é cróilighthe uiliog. "Fagh diallaid árd" adeir M. B. leis "agus ní ghoillfidh sé cho mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph." D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leath-bhliana
+
Is beag an mhaith dhuit a bheith ag plé leis sin. Dhá mbeitheá in a éadan go ndéanadh Dia dearmad dhíot, ní chorróchthá as an gclúid údaidh é. Dheamhan lá foráis a bhéas air siúd go bráth
TUILLEADH (3) ▼
Nó go ndéanaidh Dia dearmad dó, daidhean sluasaid a gheobhas sé uaimse aríst ná cuid de shluasaid. Is dathamhail an scéal é, an feac a bhriseadh innte, agus gan fad méire ag gabhail liom ach í
Dhá ndéanadh Dia dearmad ort anois, dheamhan gráinne tobac — ní dhá tiomaint é — a gheobhas tú aríst go dtí seachtain ó indiu. Mar sin déan réiteach leis an méid sin!
Caith sneachta ar a lorg anois. Tá tú réidh len a fháil. Dheamhan fáil muis dhá ndéanadh Dia dearmad ort. Breagh ar thug tú uait é an chéad-lá
 
Chaith sé an tsíorruidheacht ag imeacht ag coláiste ach go leághaidh an diabhal dinndiúirí aige indiu ach an oiread leis an lá ar thosuigh sé, ná ní bheidh go ndéanfaidh Dia dearmad dó (dhe)
 
Ní bréag "Doll" a thabhairt air agus cho gíogáilte agus a bhíos sé i gcomhnuí. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo de'n lá ar bhaist M. idtosach air é thiar ar bhóithrín an T. Spréach sé. B'éigin do M. imeacht as an mbealach nó speirfeadh sé é — speirfeadh a mh'anam. 'Sé an "boss" a fuair an spóirt air, an uair a chuala sé é
 
dol 1
Tiocfaidh éiliú ar airgead an tighe ins an gcéad-dol eile cíosa a bhéas len íoc agad. Ná bíodh faitíos ort go bhfailleochaidh siad siúd in a ngnatha. Ní fhailleochaidh muis. Má bhíonn dearmad ar bith orra, ní dearmad uatha é ar aon-chor
 
dúil
Ná bac le cigarettes a dhuine sin. Tá mé ag troisceadh anois cho fada, agus go bhfuil mo dhúil bainte asta. Chinn orm aon-cheann a fháil ó mhaidin indé, i mbealach ná i ndearmad. Fhobair go leagfainn an teach indé, ach an ghearradh-ghíonnach a airighim in mo phutógaí indiu.
 
Ní raibh ag dul fúm ná tharm ach lann rásúir a cheannacht ach tháinic mé abhaile dhá h-uireasbhaidh in a dheidh sin. Sin é an dearmad igcomhnaí = bhí rún agam a ceannacht; 'sé an rud is mó a bhí ar m'intinn a ceannacht