Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearmad
/d′ærəmṳd/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dearmaid
uimhir iolra: na dearmaid; dearmadaí, dearmadachaí. dearmaid is coitianta mar iolra
fc. Diarmaid .i. nó go ndéana Dia dearmad dhíot (ort)
1.
a.
díchuimhne; easpa cuimhne; gan cuimhniú ar rud.
+
Tá dearmad eicínt orm anois — d'fhága mé rud eicínt in mo dhiaidh cheal cuimhniú air, nó tá sé ag cinnt orm cuimhniú ar rud eicínt a bhí agam a thabhairt liom
Bhí a fhios agam go maith go raibh dearmad eicínt orm ag fágáil an tí dhom, ach chinn orm cuimhniú air ina dhiaidh sin. Sin é anois. Na bróga a bhí agam a thabhairt liom lena ndeasú
TUILLEADH (6) ▼
Bíonn dearmad ort i gcónaí. Bhuel cuimhnigh air an chéad lá eile anois
Nach diabhaltaí an dearmad a bhí anois air, agus gurb éard a thug sé abhaile i leaba kettle, teapot. Dá n-abrá (n-abraíteá) leis banbh a cheannacht, séard a thabharfadh sé agat, lao
Tá dearmad aríst ort! Níl do rásúr agat
Ní bheadh an méid sin féin de dhearmad air, an scian bheag a fhágáil ina dhiaidh
Le dearmad a ghníos sí a cuid goid i gcónaí! Ní bhíonn a fhios aici nach é a cuid féin é!
Ní ligfeadh an dearmad dom an láí a thabhairt liom, agus í ag teastáil
+
Níorbh é a dearmad gan a theacht ag breathnú orm — chuimhnigh sí air agus rinne sí é
Ní hé a dhearmad, mo léan, gan meabhrú dhom gur fhan unsa tobac orm an lá faoi dheireadh
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh é a dhearmad gan mé a aithneachtáil, théis nach bhfaca sé ach uair amháin ariamh mé
+
Ná déan dearmad ar a theacht anois — cuimhnigh; ná loic
Seachain a ndéanfá dearmad ar t'anam pébrí céard a dhéanfas tú
TUILLEADH (4) ▼
Níl ag duine dearmad a dhéanamh ar aifreann an Domhnaigh
Nach maith luath atá dearmad déanta den bhaile aige
Is éasca le duine dearmad a dhéanamh ar an arán a hitheadh
Níor chomaoin dó dearmad a dhéanamh ar a dheartháir muis. Chaith sé go maith leis
·
Níor chomaoin dom dearmad a dhéanamh fút agus rud agam — ba cheart dom cuireadh a thabhairt duit chuig bainis srl.; níor chóir dom do dhearmad a dhéanamh
Ní fhéadfaidh muid dearmad a dhéanamh faoi sin. Dheamhan ceo a bhí aige féin ariamh, nach raibh muide aige ann
+
Bhain dearmad eicínt dó, nár thug sé leis é — díchuimhne; earráid freisin
Nach diabhlaí an dearmad a bhain díom anois, agus go raibh mé anoir ag B. na Tr. shula chuimhnigh mé ar an mbuta
TUILLEADH (2) ▼
An té a mbainfidh dearmad dó (dhe) lá, bainfidh sé dhó chuile lá
Ná baineadh aon dearmad díot anois. Déan do theachtaireacht ceart
+
Mo dhearmad, cár fhága tú é! — meabhraíonn sin dom a fhiafraí dhíot. An leagan ar fad mo chuimhne agus mo dhearmad
Mo chuimhne agus mo dhearmad, cén chaoi a ndeachaigh tú abhaile an oíche a raibh tú anseo faoi dheireadh
TUILLEADH (5) ▼
Mo chuimhne agus mo dhearmad, an raibh tusa istigh tigh Sh.?
Mo chuimhne agus mo dhearmad! Níor inis mé dhuit go raibh S. anseo, ach dheamhan amharc a chonaic mé ort ó shin, chreidim
Mo dhearmad! Chuaigh mé siar ann ina dhiaidh sin aréir, agus fuair mé istigh romham é
Mo chuimhne agus mo dhearmad! Meas tú nach raibh sé ag stróiceadh ag iarraidh mé a thabhairt ar an bpátrún.
Mo chuimhne agus mo dhearmad! Ní chasfaí aon tseanmhiodach de láí agat a bhainfeadh béilí fataí nua dhom
·
Tabharfaidh mé ortha an dearmaid in aisce duit mura lige tú dhom (fc. ortha)
Chuir sé ortha an dearmaid dom (fc. ortha)
·
Láí dearmaid í sin — ceann a fágadh amuigh i ndearmad
Thug sé sinseáil dhearmaid dhom ón lá deireanach — sinseáil a bhí aige a thabhairt dom an lá deireanach
b.
 siléig, faillí.
+
An bhfuil a fhios agat nuair a fuair an cat scilling cén chaoi ar chaith sé í? Inseoidh mise sin duit: bonn ar amharc a bheith aige san oíche chomh maith leis an lá, bonn ar dhearmad bhean an tí, agus bonn ar shiúl mion — 'sé dearmad bhean an tí, an bainne a fhágáil siléigeach, nó gan aon chlár a chur ar an gcanna
Tá an cat ar an mbord aríst. Dearmad bhean an tí, deile — d'fhága sí bainne, im, arán srl. ann
TUILLEADH (2) ▼
Tá an bithiúnach de chat sa mbainne aríst. Ach d'éireodh dhó. Dearmad bhean an tí!
Níor thug mé siúcra ar bith dhaoibh. Dearmad bhean an tí!
+
Ná lig i ndearmad é — i siléig, i ndíchuimhne
Shílfeá go bhfuil do chuid leabhra ligthe i ndearmad agat. Ní fheicim agat anois chor ar bith iad
TUILLEADH (1) ▼
Tá a chuid oibre ligthe i ndearmad aige ó tháinig Gaeilgeoirí. Ní dhéanfaidh sé smeach aríst go n-imí siad más fada gearr é
c.
·
Nach diabhlaí nach dtáinig S. i mealladh(?) ná i ndearmad ariamh ó shin — ar chuntar ar bith; chor ar bith (fc. bealach). Ach deirtear i mealladh ná i ndearmad chomh minic le i mbealach ná i ndearmad
Ní fhaca mé i mealladh ná i ndearmad é leis an tsíoraíocht, hé brí cá mbíonn sé
2.
a.
earráid; rud a bheith contráilte nó mícheart.
+
An rud a dhéanfas sé siúd, beidh sé gan aon dearmad, feicfidh tú féin — earráid, lúb ar lár
Is beag an dearmad a dhéanfas a hathair
TUILLEADH (10) ▼
Níl a fhios agam cé is mó an dearmad an spray a chur amach nó gan a chur. Is measa an chuid ar chuir mise orthu é, ná an chuid nár chuir
Bhí dearmad eicínt sa gcuntas ach mise a bhí siar leis ar aon nós
Is minic lena chuid billí dearmad a bheith iontu, más d'aon uaim é nó nach ea
Frítheadh dearmad san airgead agus briseadh é
Caithfidh an dearmad féin a bheith ann
Tá sé ina dhearmad ort, théis a bhfuil d'fhoghlaim ort — tá dearmad (earráid) déanta agat
'Sé mo dhearmad fhéin é. Níl aon mhaith dhom a mhilleán a chur ar aon duine eile
'Sí an chúig dheiridh sin a chuir chun dearmaid mé sa gcomhaireamh. Níor chuimhnigh mé uirthi sin beag ná mór
Chuir sé síos deich bpunt in áit céad punt i ndearmad. Ní dearmad an-mhór é ar ndóigh!
Is mór an dearmad é — is an-dearmad é (an-dearmad den tsaol srl.)
+
Is annamh a éiríos aon dearmad dó sin muise, hé brí céard a bhí air inniu
Níl fear ar bith nach n-éireoidh dearmad dó uair eicínt
TUILLEADH (2) ▼
A leithid sin, a bhfuil cúram air go leor figiúirí a dhéanamh suas, is deacair dhó gan dearmad a éireachtáil dó
An-fhear cuntais é M. Ní éiríonn dearmad ar bith dó, agus na mílte punt ag dul thrína lámha
+
Má bhíonn dearmad air, ní dearmad uaidh é mo léan — ní hé fhéin a bheas siar nó síos leis an dearmad. Pé ar bith céard a dhéanfadh sé le rud a choinneáil uait nó a thógáil uait le dearmad, ní fhágfaidh sé tada ina dhiaidh dhá chuid fhéin, nó ní thabharfaidh sé tada dhuit de bharr dearmaid
As deich scilleacha a thug sé sinseáil dhom, té (cé) gur páipéar puint a leag mé aige. Ach mheabhraigh mé dhó é. Má tá dearmad ar an mbuachaill sin, ní dearmad uaidh é mo léan
TUILLEADH (4) ▼
Sea! Ardóidh sé leis mo phíopasa go maith ach cé a gheobhas aon bhrabach air fhéin. Mise i mbannaí nach bhfágfadh sé a phíopa féin ina dhiaidh anseo. Mo chreach mhaidne ghéar tú! Ní bheidh aon dearmad uaidh air sin
Tá mo rásúr thíos aige ó shin. Is gearr is mian leis féin muise, ceap ná ceapord ná casúr a fhágáil amuigh. Ní bheidh an dearmad uaidh air ar aon chor
Nach iad na deargdhiabhail anois iad, aistir a bhaint asamsa siar go D. an Fh. ar scáth na cupla scillingín dole sin. Bhí sé thiar romham i dteach an phosta ann, ach b'fhurasta a chomhaireamh nuair a bhí mé sa mbaile: chuile bhean ósta agus a hailp fhéin as. Orthu féin a bhí an dearmad. Ach cuirfidh mise geall gur beag an dearmad uathu a bheas orthu. Má chuireann siad scilling agat le cois, is maith luath a bheas leota de pháipéar amach ina coinne aríst, agus ní go teach posta Dh. an Fh. a chuirfeas siad é ach oiread! — moltanas ar fheabhas na Státsheirbhíse é seo
Má fuair tú an iomarca airgid, ní ligfidh siad leat é, feicfidh tú fhéin air. Ní bheidh dearmad uathu ar bith orthu sin
+
Thug mé liom do chaipínse as dearmad (nó i ndearmad)
'Sé a mála sise a chroch mé liom i ndearmad
TUILLEADH (11) ▼
Thug mé a scian bheag uaidh i ndearmad
D'fhága mé mo chuid airgid in mo dhiaidh i ndearmad
Fuinneoig Ch. and G. a mheabhraigh dhom é. Meas tú ar chuimhnigh mé ariamh ar chloigeann an lampa a thabhairt liom go bhfaighinn feire dhó. D'fhága mé sa mbaile i ndearmad é
Deir tú liom a raibh do phump in mo láimh agam, agus leag mé uaim aríst i ndearmad é, agus níor chuimhnigh mé air níos mó
Shíl sé Seán a bhualadh, ach mise a bhuail sé i ndearmad
Níl aon eolas aici ar na cruacha móna más fíor di féin, agus as mo chruaichse a thugas sí i gcónaí í (an mhóin) i ndearmad
Choinnigh sé mo láíse i ndearmad, ach b'aisteach an dearmad é. B'fhearr go mór í ná a láí féin!
'Sé m'ainm féin a chuir mé i ndearmad leis an litir i leaba ainm an té a raibh mé ag scríobh dó, agus chaith páipéir agus litreachaí ag teacht chugam go ceann bliana faoi
Thug sí leathchoróin dom in áit dhá scilling i ndearmad
Fuair mé an iomarca sinseála uaithi i ndearmad
Sinseáil as punt i leaba as seicín deich scilleacha a thug sé dhom i ndearmad
b.
 ciontú; dul amú, timpiste.
+
Rinne sé dearmad agus pósadh ariamh ar scáth a raibh de theannadh ar a chúl aige
Ba mhór an dearmad a rinne sé an bhean sin a phósadh
TUILLEADH (2) ▼
Rinne tú dearmad agus bacadh le bainbh ar bith a cheannacht faoi nach raibh aon duine agat a thabharfadh aire dóibh
Is mór an dearmad a bhí air a dhul ag cur tornapa ar bith i mbliana
+
Rinne sé dearmad, agus tá sé sin ag dul roimhe ó shin — is minic adeirtear seo faoi bhean a chur ó chrích
D'éirigh dearmad dó, ach bhí aige a pósadh
TUILLEADH (1) ▼
Ó d'éirigh an méid sin de dhearmad dó, níor chorraigh sé amach as an teach

Féach freisin

dearmad in iontrálacha eile (19)

 
dealbh 2
Dheamhan sin oíche dhár dhealbh an ghrian nach mbuaileadh sé féin amach shula théadh sé a chodladh, go bhfeiceadh sé a raibh na lúbáin ar na croithe, agus gabháil faighte ag na beithígh agus ag an gcapall. Dhá dtéadh a raibh sa teach amach míle uair i mbéal a chéile, ní bheadh aon tsástaíocht aige ann ina dhiaidh sin, gan é féin ag tabhairt súil orthu. Duine imníoch a bhí ann. Tá mé ag ceapadh go n-éiríonn sé chuile oíche thiar sa reilig anois, faitíos a mbainfeadh dearmad do Sh. Bh. gan an geata a dhúnadh!
+
déan 1
Rinne mé dearmad air sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní fheicfidh tú aríst é go ndéana Dia dearmad ort; ní fheicfidh tú aríst é nó go ndéana Dia Diarmaid dhíot (fc. dearmad, Diarmaid)
 
dearg 1
Má bheirimse i mbealach ná i ndearmad ar an mbastard dearg sin, bainfidh mé an t-anam as. Ní bheidh sé tada níos lú aige
+
Dhearmad mé éirí in am
TUILLEADH (3) ▼
Dhearmad sé a dhul amach dhá n-iarraidh nó go raibh sé ina chontráth
Ná dearmad anois a theacht in am. Ní fheilfidh sé dhúinn a bheith deireanach
Chuile scéal dhá raibh agam ariamh, tá siad dearmadta agam anois. Tá dearmad déanta agam ar chuile mhíle ceann acu, tá sin
 
Meánn tú an bhfuil chuile dheisiú déanta agat anois? Ná dearmad aon cheo ar aon chor
 
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an jaunt agus b'éigean dó imeacht le capall diallaite. Sa samhradh a bhí ann agus thóg an diallait ar fad é, agus b'éigean dó imeacht ansin droimnochta uirthi. Tháinig sé aníos an bóithrín tráthnóna amháin agus é cróilithe uileag. 'Faigh diallait ard,' adeir M. B. leis, 'agus ní ghoillfidh sé chomh mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph.' D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leathbhliana
+
Is beag an mhaith dhuit a bheith ag plé leis sin. Dhá mbeifeá ina éadan go ndéanadh Dia dearmad dhíot, ní chorrófá as an gclúid údaí é. Dheamhan lá foráis a bheas air siúd go brách
TUILLEADH (3) ▼
Nó go ndéana Dia dearmad dó, daighean sluasaid a gheobhas sé uaimse aríst ná cuid de shluasaid. Is dathúil an scéal é, an feac a bhriseadh inti, agus gan fad méire ag gabháil liom ach í
Dhá ndéanadh Dia dearmad ort anois, dheamhan gráinne tobac — ní dhá tiomaint é — a gheobhas tú aríst go dtí seachtain ó inniu. Mar sin déan réiteach leis an méid sin!
Caith sneachta ar a lorg anois. Tá tú réidh lena fháil. Dheamhan fáil muis, dhá ndéanadh Dia dearmad ort. Breá ar thug tú uait é an chéad lá
 
Chaith sé an tsíoraíocht ag imeacht ag coláiste ach go leá an diabhal dintiúirí aige inniu ach an oiread leis an lá ar thosaigh sé, ná ní bheidh go ndéanfaidh Dia dearmad dó (dhe)
 
Ní bréag Doll a thabhairt air agus chomh giogáilte agus a bhíos sé i gcónaí. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo den lá ar bhaist M. i dtosach air é thiar ar bhóithrín an T. Spréach sé. B'éigean do M. imeacht as an mbealach nó speirfeadh sé é — speirfeadh a mh'anam. 'Sé an boss a fuair an spóirt air nuair a chuala sé é
 
dol 1
Tiocfaidh éileamh ar airgead an tí sa gcéad dol eile cíosa a bheas le n-íoc agat. Ná bíodh faitíos ort go bhfailleoidh siad siúd ina ngnaithe. Ní fhailleoidh muis. Má bhíonn dearmad ar bith orthu, ní dearmad uathu é ar aon chor
 
dúil
Ná bac le cigarettes a dhuine sin. Tá mé ag troscadh anois chomh fada, agus go bhfuil mo dhúil bainte astu. Chinn orm aon cheann a fháil ó mhaidin inné, i mbealach ná i ndearmad. Fhóbair go leagfainn an teach inné, ach an ghearradh ghionach a airím in mo phutógaí inniu
 
Ní raibh ag dul fúm ná tharam ach lann rásúir a cheannacht, ach tháinig mé abhaile dhá huireasa ina dhiaidh sin. Sin é an dearmad i gcónaí — bhí rún agam a ceannacht; 'sé an rud is mó a bhí ar m'intinn a ceannacht