Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deasú
ainmbhriathar
bail, gléas, riocht, caoi, dóigh, deis, cóir, cruth.
+
Sin é an deasú air! = sin é an gléas, an bhail, an chaoi le cur air; tá an rud sin sáthach maith aige anois; sin é a theastuigh uaidh
Cumadh lán a bhuilg de bhréaga dhó annseo anocht. Bailigheadh leis anois! Sin é an deasú air!
TUILLEADH (9) ▼
Ag dul ins na fir mhóra a mhic ó! Níl meas ar bith aige ar mhná fánacha. Agus h-eitigheadh é faoi inghin Ph. L. Tuilleadh diabhail anois aige! Sin é an deasú air!
Níor thug tú mórán sásaimh dhó. Ach sin é an riocht le cur air. Ro-mhaith a bhí sé aige. Sin é an deasú anois air!
Saghd na madraí suas an bóithrín ann. Bainighidh siubhal as! Tugaighidh gaoth bhuird suas dó. Sin é an deasú anois ar an asal sin!
Tá na Sasanaigh caithte amach aríst druim ar ais as an nGearmáin. Rath a gceirde anois orra! Sin é an deasú orra! B'fhéidir nach mbeadh a leath-oiread gaisce aca aríst go ceann scathamh
Shíl an madadh an greim a aimsiú as béal an chuit, ach deirimse leat gur gearr gur scaoil sé uaidh aríst é, 'nuair a chuir an cut crúca ann. Sin é an deasú anois air! Tá sé ro-amplúdhach ar fad
Gearr an dris fhireann sin. Is olc an éadáil ag cosa í sin — is olc sin! Sin é anois an deasú uirre! Ní stróicfidh sí aon-duine níos mó
Tá sí i bhfastós faoi dheireadh thiar thall, th'éis mé bheith créachta aice i gcaitheamh na bliana. Mo ghrádh thú a thrapa. Ba mhaith ab fhiú coróin thú! Ghiorruigh tú leis an gcailín seo ar chaoi ar bith. Sin é an deasú anois uirre! (Francach gabhtha i dtrapa)
Sin é an deasú anois ar an mbrothtuinn sin! Rath na raithnighe orra! Rinne siad créatúlacht iad fhéin ar an tír, ach b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a méis féin anois aca!
Sin é an deasú ar na h-amhuis sin! Míle buidheachas le Dia go dtáinic sé ins an saoghal go raibh duine eicínt indon ceart a bhaint díob. B'fhéidir nach mbeadh an oiread bollaireacht' aca feasta agus a bhíodh

Féach freisin

Deasú in iontrálacha eile (34)

 
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith in éadan an chluig sin. Dhamnóchthá thú féin leis, agus badh aon-mhaith amháin duit é. Tá a chuid deasú ar iarraidh sílim. Bain an tsreang de'n sparán agus fagh ceann nuadh. Caithfidh tú é a fháil ar a shon sin
 
Bhí sé cuibhrighthe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinneamhaint air corruighe di. 'Chuile uair dhá leigeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóighte ar áit na mbonn. Ba shin é an deasú air. Níl aon-ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhuinn a bheith aige le "deis" féin
 
déan 1
Tá fear faighte agam anois a bhfuil déanamh na ngnaithí ann: J. Dh. Níl cinneadh ar bith leis ag deasú simléir
 
dearg 1
Bhí rud le déanamh leis sin: ar an dá luath agus a n-osclódh sé a bhéal é a fhágáil dearg in a chuid fola. Ba shin é an deasú air
+
Níor thug sé deasú ar bith ar an róthar
TUILLEADH (20) ▼
Is beag an deasú a d'iarrfadh sé mar chlog an uair a bheadh sé ar fheabhas
Tá sí réidh le deasú anois ó d'imigh an ciseadóir. Sin é an buachaill a dheasóchadh í. Dhéanfadh sé ciseog nuadh di
Tá do dhorus gan deasú muis, má bhí sé in a chleitheamhnas siúd. Nach fearr mé féin seacht n-uaire ná é sin
Beidh do chuinneog gan deasú muis, má's leat a bheith ag forcabhás air siúd. Tá gealladh maith ag an leiciméara sin, ach droch-choimhlíonadh
Shílfeá má d'íoc tú é, go dtiubharfadh sé deasú thairis sin air. Ní bheidh an coiléar sin dhá lá choidhchin uirre go mbeidh an bhail chéadna aríst air
Tá an simléar le deasú aríst. Tá sé ag puthaighil as éadan
Is fhearr go mór an deasú a thugas T. Sh. Sh. ar thubáin agus ar chíléir ná an C. Ar scáth cupla scilling, níorbh fhiú dhuit a bheith do do mhearú féin leis an ngobán sin thuas
Is gearr go dteastuighidh deasú ó'n mballa sin. Tá sé ag scáineadh.
Ag deasú sconnsaí soir annsin atá sé
Is olc an aimsir í ag deasú bóthair
An bhfuil aon-rath ort ag deasú eangaighe? Tá sí le cur le súain agus na mogail le greamú
Tá sé ag deasú an urláir. Shílfeá go mb'fhearr dó an t-urlár siúd a chaitheamh amach uiliog agus urlár nuadh glan a chur isteach. Bhí an t-urlár siúd ann le línn na n-aithreachaí
Ní mór don teach sin deasú go goirid = brat tuí a chur air, mar a déantar in áiteachaí é (Rosmuc, Árainn agus rl.) le caghnaí agus ceathrúnaí. Ní mar sin a dhéantar in áiteachaí eile é, mar ní theigheann brat ar na tithe ach in éadan 'chaon deich mbliana nó mar sin
Cuirtear deasú orra 'chuile bhliain: na tithe a mbíonn na caghnaí agus na ceathrúnaí orra. Ní fuláir a ndeasú amach faoi Shamhain i gcóir an gheimhridh
An bhfuil aon-rath leat ag deasú tighe. Teann aníos annseo go bhfeiceamuid an bhfuil
Chuaigh deasú ar an teach sin anuiridh, agus is géar a theastódh deasú eile uaidh anois mar sin fhéin. Má fhágann tú bliain ar bith gan deasú iad, teigheann siad i léig. Caithfidh tú caghnaí a chur treasna agus na ceathrúnaí anuas faoin a mhullach
Dheasaigh mé an cró sin thiar le glaicín thuí choirce an bhliain cheana, ach ní raibh buaineadas ar bith innte. Is fhearr an tuí sheagail go mór, ach gan leigean di críonadh sul a mbaintear í. Tá sé in acar le in am a dhul ag deasú anois muis
Chuala mé go raibh tú ag brath ar deasú isteach leis an ascaill ag inghin Sh. Ph. Ch. Ab shin í an fhírinne … Huga leat anois
Ní dheasóchadh sé isteach ins an "sate" (seat) le áit a thabhairt d'aon-duine eile dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Bhí sé in aon-ghillín amháin annsiúd agus sean-mhná dhá dtreascairt faoi agus thairis, agus ní chorróchadh sé. Tháinic "conductor" an bhus faoi dheireadh agus chuir sé faoi ndeara dhó deasú isteach, agus deifir air
Tá sé le deasú anuas in aice an bhóthair go goirid. Teach nuadh atá sé le dhéanamh
 
deis
Is dona í mo dheis le dhul ag deasú bróg: ceap briste, casúr gan aon-chois, agus scian nach ngearrfadh an t-ím
 
deois
Sheas sé i bhfus ag ceann an bhóithrín agus chuir sé deois air fhéin feai'nt an gcluinfeadh sé leide ar bith. Ach coinníodh beophianta é deirimse leat. Sin é an deasú air sin. Piteóig bhradach. Sháruigh sé sean-chailleach
 
dia 1
Chidh Dia (Muire) gur daor a cheannaigh mé í dhá deasú aríst = briseadh mo chois agus d'fhulainn mé léithe dhá deasú
 
Diabhal a fhios agamsa arbh fhuláir duit na slatachaí sin a dhlaoithiú 'un tosaigh, má's ag dul ag deasú na cathaoireach sin atá tú. D'aclóchadh sé go breagh iad. Is beag an mhaith dhuit an chathaoir sin a dheasú. Tá sí críon ar fad. Níl aon-tslat ag gabhail léithe nach bhfuil críonta
 
Sin é a mhaith agus a mhaoin: ag imeacht ag dochtúireacht mar sin timpeall an tí, ag deasú doirse, agus ag cur pabhsaes.
 
dóigh 1
Is duine an-stuama é mar dhóigh dhe. Ní thiubharfainn an tsráid le deasú dhó
 
dol 2
Nuair a bhéas tú ag deasú tighe ní fuláir dol de na caghnaí a chur ar na ceathrúnaí i gcomhnaí. Ní dheasaíonn siad na tithe mar sin agaibhse chor ar bith. Sin é an bealach atá aca annseo muis
 
dorú
B'fhurast' aithinte dhuit nuair a chuaidh tú ag fágáil do rothair aige sin le deasú gur as dorugha a bheadh sé. Aineolaidhe é sin cho mór liom féin
 
druid 2
An bhféadfá an bord sin a dhoirtim anonn scaithín eile, go bhféadaidh na daoine deasú tímpeall na teine?