Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deireadh
/d′er′ə/; /d′er′ū/ scaithtí go h-áirid má bhíonn guth go dlúth ar a lorg
ainm-fhocal; fireann
uimhir iolraidh: deireadhachaí (/d′er′ūxī/)
codarsna: tústosachceann agus rl.
1.
an chuid thiar; an chuid ar cúl; an roinn nó an pháirt ag an gcloigeann is fuide amach de rud (oíche, lá, bliain, leabhar, saoghal agus rl.).
a.
·
Sin é deireadh an leabhair (an pháipéir, an gharrdha, an bháid, na curaighe, na bó, an chapaill, na h-eige, an éadaigh, na bróige, an chairr, an bhus, an bhóithrín, mo chuid talmhana, na claise, an chuir, na coille, na h-easca, an tsléibhe, an phortaigh, na locha, an scrath-ghlugair, na dtighthe, na ndriseachaí, na gcíocraí, na ngarrantaí, na trágha, an chúilín, an aitinn, an mhinligh, an aistir, an turais, na scríbe, na ruaige, an gheábha, agus rl.)
+
Seo é a dheireadh
Tá sé amach in áit eicínt i ndeireadh an pháipéir
TUILLEADH (20) ▼
Chuir sé in áit eicínt indeireadh na leitire é
Gheobhaidh tú thoir ag deireadh an gharrdha é = ag ceann an gharrdha; ag an gclaidhe nó ag an bhfál
Bíonn sleó i gcomhnaí ag deireadh an bháid
Bain an deireadh amach as an gcruib agus beidh tú indon a chur isteach = an chuid de fhráma na cruibeach a bhíos taobh thiar
Bhain sé an deireadh as an lorry agus d'árduigh siad isteach an t-asal ann
Seas thiar ag deireadh an chairr
Istigh indeireadh an mhótair a bhí mise
Bhí sé caithte indeireadh an bháid agus mór-ghalra air
Siar in aice le deireadh na traenach a bhí muid
Breathnuigh siar indeireadh an sciobóil sin amuigh, agus b'fhéidir go mbeadh sé ann
Bhuail sé faoi dheireadh an "bhicycle"
Bhí deireadh an tsoithigh faoi throisleáin uiliog
Chuir muid isteach an churach indiaidh a deireadh
Tharraing sí an bád eile as a deireadh
Bhí deireadh an mhótair siar = chaithfeadh a thosach nó a aghaidh a bheith soir dhá réir sin
"Thug sé a ceann (bád) do mhuir agus a deireadh do thír" (seoraidhe i sean-scéalta)
Chuir sé deireadh an lorry 'san gclaidhe
Shílfeá nach bhfágfadh sé deireadh an chairr amach ar an mbóthar mar siúd
Bíonn fuathógaí ar dheireadh na h-eige (aige). Ní bhíonn aon-mhaith leo. = nuair a bhíos an figheadóir ag figheachán 'sé ceann an éadaigh is goire dhó, agus deireadh an éadaigh is fuide uaidh. Cuireann sé crúibíní ar cheann an éadaigh, agus bíonn fuathógaí ar a dheireadh
"Ní i dtús an mhála atá an sparán ach in a dheireadh" (sean-fhocal. fc. sparán)
+
Deireadh na bróige = an chuid de'n bhróig atá siar ó'n lasca. Caitheann an gréasaidhe pátrún páipéir a bheith aige le na deireadhachaí a ghearradh amach
Tá na bróga seo réidh 'sna deireadhachaí th'éis go sílfeá go bhfuil na h-uachtair go maith
TUILLEADH (2) ▼
Thug siad uatha is na deireadhachaí ar fad. Bhí mé ag saimhseáil leo annsin indiu, agus thiubharfá an leabhar nach hé an leathar céadna a cuireadh 'sna deireadhachaí agus 'sa gcuid eile. Sheasfadh na buinn tosaigh fós
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirghe aice. Thosuigh Mícheál ag magadh fúithe: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deireadhachaí? Ise: Dhá mbeitheá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agad sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. Scaoil sé cnaipe. Mícheál: Tóig é sin uaim. Ise: Níor tóigeadh aon-laogh ó aon-bhó ariamh go ligheadh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaidé' adeir an mac (.i. mac Mhichil) 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirre. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uiliog gáirseamhail. Tá mé dhá thabhairt annseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoi'n ngréasaidheacht deireadhachaí, lasca)
+
Chuaidh muid suas go dtí deireadh an bhóithrín = 'sé an ceann a bhíos ar chumar an bhóthair mhóir agus an deireadh amach i mbarr na ngarrantaí nó i mbun an chriathraigh
Sin é an áit a bhfuil deireadh an bhóthair nuaidh
TUILLEADH (11) ▼
Chuaidh muid amach go deireadh a chuid talmhana
Bhailigh muid amach deireadh na ngarrantaí = ceann na ngarrantaí
Má bhí sib anuas cho fada sin, bhí sib ag deireadh an tsléibhe = i gcumar sléibhe agus minligh
Tá deireadh an mhinligh bailighthe agad anois
Teirigh suas go dtí deireadh an phortaigh, agus gheobhaidh tú láighe ann = cho fada agus a bhí an portach oscailte
Thoir ag deireadh na trágha a bhí muid
Seo é anois deireadh an aitinn. Níl aiteann ar bith uait siar
Má tá tú indon do chosa a choinneál tirm, scaithín eile, tá muid ionann agus ag deireadh na h-easca annseo
'Bhfeiceann tú an tulán glas sin thoir? Annsin atá deireadh na gcíocraí. Talamh cruadh é uaidh sin soir
Bí ar thús na coille agus ar dheireadh na gcreascannaí (no ceascannaí)
Is mairg a mbeadh deireadh na coille agus tús na gceascannaí aige (fc. ceasc)
+
B'fhearr dhuit a dhul faoin a dheireadh seo liom = a dhul is an taobh thiar ann agus é a iompur a chongnamh dhom (barra, mála agus rl.)
Gabh faoi'n a dheireadh agus árduigh orm é
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh seisean faoi dheireadh an chrainn agus chuaidh mise faoin a cheann, agus chroch muid linn é
Teigheadh triúr agaibh faoin a deireadh (bó, capall, lorry, cárr, agus rl.) agus beirt faoin a tosach, agus b'fhéidir go n-árdóchadh muid mar sin í
+
Tá áit thiar indeireadh na bó, agus má bhuaileann tú 'san áit sin í, giorróchaidh tú léithe
Tá an capall sin an-chrochta as a deireadh
TUILLEADH (7) ▼
Tá deireadh an-árd ag an asal sin
Cé'n sórt sop é sin as deireadh na circe sin?
Chonnaic mé muic mhara ag breith ar dheireadh ar bhradán feárna annsin thíos 'san gcrompáinín an bhliain cheana
I ndeireadh an cheann chruacháin a chuaidh an dubhán
Rug an madadh ingreim deireadh ar an ngirrfhiadh
Tá an-deireadh fúithe (capall)
Is cumasach an deireadh atá fúithe (bó)
+
Thug sí a deireadh dom agus shíl sí mé a bhualadh de chic
Má fheiceann tú í ag iarraidh a deireadh a thabhairt duit chor ar bith, bí ar do shon féin
TUILLEADH (1) ▼
Má thugann sí an deireadh dhuit leagfaidh sí thú = má bhuaileann sí dhá deireadh tú agus rl.
+
Nach uirre atá an deireadh (nó leath-deireadh) teangmháilte (bean)
Bíonn bean an-láidir as a deireadh
TUILLEADH (2) ▼
Tá an-deireadh aige (fear) ar chaoi ar bith, bíodh aon-mhaith ann, nó ná bíodh
Tiubharfaidh mise an bhróig ar an deireadh dhó, nó leigfidh sé dhá chuid ealadhain
+
Ag caint ar phúcaí 'chuile ré soluis. Nar chomhnuighidh sé go mbeiridh sé ar dheireadh ort!
Cé'n faitíos atá ort roimh an sagart. 'Ar ndú' ní bhéarfaidh sé ar dheireadh ort!
TUILLEADH (3) ▼
Má bheirimse ar dheireadh ort íocfaidh tú ann
Bain do shúil di ó rug fear Ch. Mh. ar dheireadh uirre = tá tú as an mbean ó a chuaidh fear C. Mh. ag suirghe léithe
Béarfaidh mé ar dheireadh fós air = tiocfaidh mé suas leis ar an mbóthar
b.
+
Bhí sé caithte ar an tsraith thiar 'un deireadh agus é ag baoiteáil = fear i gcuraigh
Coinnigh an meáchan roint siar 'un deireadh. Tá sé ar fad faoin a druim (ualach ar chapall)
TUILLEADH (7) ▼
Bhí cheithre ghamhain mhaith thiar 'un deireadh uilig 'san lorry
Teann siar 'un deireadh é. Beidh muid féin annseo
Níl goir láimh ar bith a leagan uirre siar 'un deireadh: siar ag an gcairín = capall
Bhí cúigear aige siar 'un deire agus triúr 'un tosaigh, agus marab shin é díol mótar ar bith, castar leis é
Bhí na paisinéaraí ag fanacht thiar 'un deireadh agus fear an bhus ag iarraidh a gcur amach 'un tosaigh, agus gan a fhios cé'n puinte a dtiocfadh sé in a achrann
Fan siar 'un deireadh = in aice leis an deireadh
"Seisreach chapaill indoirín coille agus áit an chinnire thiar 'un deireadh"
+
Tá sé ar deireadh; tá sé 'un deireadh; tá sé ag an deireadh = 'sé is fuide siar ar fad (ach chiallóchadh "'un deireadh" freisin — go h-áirid má's "siar 'un deireadh" nó leagan mar sin atá ann — nach bhfuil sé ach ar na daoine, nó na rudaí deireannacha. "Tá sé thiar 'un deireadh (ar deireadh) uiliog" = 'sé an duine deireannach é." Tá sé 'un deireadh orra" = tá an chuid eile scathamh roimhe.)
Díol cam air féin agus ar a chapall. Chuir mé aisti, agus 'sí a bhí ar deireadh ar fad
TUILLEADH (8) ▼
Hébrí cé hé an chéad duine is mise atá ar deireadh
Ní féidir gurb é t'asal-sa a bhí ar deireadh agus an árd-bheathú atá sé a fháil uait
'Sí a bhí ar deireadh de'n méid a chuaidh isteach ó'n scoil seo thoir. Is náire bhruithte é, má's í a bhí ar deireadh ar fad
Is mise a bhí ar deireadh ag teacht amach as agus níor mhill mé tada
'Sí bád Ch. a bhí ar deireadh 'sna geallta, th'éis a raibh de ghaisce aiste
Nach maith nach hé S. a bhí ar deireadh. Aindeoin gur caracháinín é, tá gabhail na gaoithe ann
Is diabhlaí santach atá sé ag an obair. 'Sé a bhíos ar deireadh igcomhnaí ag tiacht de'n phortach
Cé a bhí ar deireadh is an ngarrdha anocht? … Ar chuir tú na láigheantaí i dtaisce?
c.
+
Bhí deireadh aige orm = bhí sé in mo dhiaidh; b'fhuide siar é ná mise; bhí tosach agamsa air
Níl a fhios agam cé'n am a dtáinic sé abhaile, ach bhí deireadh aige ormsa
TUILLEADH (3) ▼
Cheapfainn go mbadh cheart dó a bheith annseo puinte ar bith. Is beag an deireadh a bhí aige chor ar bith ormsa ag teacht aníos ag an E. Mh.
Ba bheag an deireadh a bhí ag an gcú ar an ngirrfhiadh chor ar bith nó gur bhailigh siad suas an C. P. ach uaidh sin amach, rinne sé caoch-láimhe di
Ba bheag an deireadh a bhí ag do chapall-sa ar an gceann a ghnothuigh, ach ní raibh aon-mhaith annsin ó buaileadh í
2.
críoch.
a.
·
Deireadh luinge (deireadh duine uasail, deireadh sean-ghearráin, deireadh sean-mhadadh, deireadh spiadóra, deireadh tincéara, deireadh scillinge, deireadh muice, deireadh sean-réithe, deireadh an duine, deireadh fear poitín, deireadh ballaigh, agus rl.)
+
Sin é deireadh an tsean-mhadaidh i gcomhnaí: gan rith gan rath gan fiacail
Deireadh an tincéara 'chuile lá ariamh é a mharbhú nó a phlúchadh
TUILLEADH (6) ▼
Sin é deireadh an fhear poitín: bás ar an sliabh i bhfad uainn an anachain agus an urchóid
Deireadh an spiadóra i gcomhnaí é a chur i leathtaobh. Má's feall fillfear, adeir siad
Deireadh an tseanduine i gcomhnaí é a chailleadh. An bhfaca tú aon-seanduine ariamh dhá mhéad aois dhá mbeadh aige, nach bhfuigheadh sé bás 'san deireadh!
Sin é deireadh an droch-dhuine 'chuile lá ariamh
Sin é deireadh na droch-bhróige i gcomhnaí. Scoiltfidh sí annsin
"Deireadh luinge a báthadh; deireadh átha a loscadh; deireadh flath (fleadh?) a cáineadh; agus deireadh sláinte osna". (Rann: "Flath" a chuala mé annseo)
+
"Tús agus deireadh an duine ar an teine a tharraingigheas" = bíonn fuacht ar pháistí agus ar sheandaoine
Níl mé indon corruighe beag ná mór ó'n teine anois. Bíonn na creaithtí fuaicht orm má theighim go dorus. Deir siad é: tús agus deireadh an duine ar an teine a tharraingigheas
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí mar a bheadh piodarlann de ghasúr ann anois: scartha ar an teine igcomhnaí. 'Ar ndú' sin é an chaoi a mbíonn an aois igcomhnaí. Tús agus deireadh an duine ar an teine a tharraingigheas
Diabhal mé gur gearr an bás uaitse, má tá an oiread sin fuaicht ort oíche cho breagh léithe. Tús agus deireadh an duine ar an teine a tharraingigheas
+
"Deireadh sean-ghearrán bán nó deireadh sean-mháistir scoile". = is cosamhail go bhfaghann siad bás le anshógh nó le siléig, nó go bhfaghadh roimhe seo
Sin é é. Deireadh sean-ghearrán bán, nó deireadh sean-mháistir scoile. Is leath-fhocal é. Chuala muid ariamh é. Diabhal mé muis go sílfeá go bhfuil cion ar na sean-mháistirí scoile ar an saoghal seo. Tá fear aca annseo thiar, agus ní dheachaidh an oiread peiliúir ariamh faoi shean-ghearrán bán agus a bhíos faoi!
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an deireadh a bhéas aige faoi dheireadh muis: é a fháil básuighthe chois an chlaidhe maidin eicínt. Deireadh sean-ghearrán bán nó sean-mháistir scoile, adeir siad
+
Chuir siad deireadh leis = fear a crochadh
Gabhfaidh deireadh le "Haw Haw" anois má tá sé ingreim
TUILLEADH (4) ▼
Chuaidh deireadh leis an duine bocht
Tá deireadh leat má fhaghann sé siúd greim ort = marbhóchaidh sé thú
Tá deireadh leis an sean-asal anois dhá fhada go dtí é
Shíl sé deireadh a chur leat d'aon-iarraidh. Dhá bhfaighteá an chloch, ní fhágfadh sí deoir in do chluais
+
Tá a dheireadh féin roimh 'chuile dhuine = bás nó slí bháis
Chuir sé deireadh leis an duine bocht sin, ach tá a dheireadh fhéin roimhe-san freisin
TUILLEADH (3) ▼
Fág faoi Dhia é. Tá a dheireadh féin roimhe. Má rinne sé an chréatúlacht, agróchaidh Dia air é
Is olc an deireadh é sin ar fhear mhaith
Sin é an deireadh a bhí ag a leithead ariamh. Má tá muiltí Dé mall, meileann siad go mín
·
É a chailleadh chois an chlaidhe: ní bheidh de dheireadh aige ach é. Tá Dia in a fhabhar nachar cailleadh cheana é
A dhul do'n "phoorhouse": ní bheidh de dheireadh aige ach é, ná cuid de dheireadh. Ach a mbeidh a bhfuil aige meállta uaidh aca siúd, gheobhaidh sé bóthar agus bata amach
+
Sin é is deireadh dhó mara bhfuil ag Dia = sin é an deireadh a bhéas aige
Imeacht le druncaeracht: sin é is deireadh dhuit. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá tú a chur ort féin
TUILLEADH (3) ▼
Céard ba deireadh dhó = cé'n deireadh a bhí aige
Sin é ba deireadh dhó, th'éis 'chuile rud
Liostáil: sin é is deireadh dhó sin. Níl tada eile ag cur síos leis
+
Sé an t-ól a thug deireadh dhó = bás
'Sí an bhóithreoireacht de shiubhal oíche a thiubharfas deireadh dhó
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach an rud atá indon deireadh a thabhairt do dhuine
b.
+
Cuireann sin deireadh leis anois = críochnuigheann sin é
Chuir muid deireadh léithe trathnóna. Tá sí bainte go ceann bliana eile ar aon-chor
TUILLEADH (2) ▼
Chuir muid deireadh le na sean-fhataí indé, agus dheamhan fata nuadh a bhéas le baint go ceann trí seachtainí eile
Chuir muid deireadh len a raibh de tae ann ar maidin
+
Ní bheidh deireadh go deo leis an aimsir seo
Níl tús ná deireadh leis an mbáistigh
TUILLEADH (9) ▼
Dheamhan an tús ná deireadh do'n tsneachta seo fós
Tá sé mar sin ó thús deireadh go tosaigh.
Is fhearr dhuit fanacht go deireadh anois
Caithfidh mé an leitir seo a léigheamh go deireadh shul a n-imighidh mé
Ní fheicfidh tú deireadh choidhchin leis an obair sin
D'imigh sé roimh an deireadh = roimh an gcrích; sul a raibh an rud thart nó críochnuighthe
Bainfidh mé cupla boirdín (feamainne) roimh dheireadh an rabharta
Hébrí céard é a thús is seafóid a dheireadh i gcomhnaí = b'fhéidir go mbeadh tús na cainte ciallmhar ach bíonn a deireadh in a seafóid
Hébrí céard é a thús, is iad na mná a dheireadh agad i gcomhnaí
+
Ní deireadh dhó seo (sioc). M'anam nach deireadh! = níl sé thart fós
Ní deireadh do'n chogadh fós. Bainfidh siad scathamh eile as
TUILLEADH (3) ▼
Shíl mé go raibh sé in a chlaochmú trathnóna, ach dar príosta, tá sé ag biadhú as aríst. Ní deireadh dhó fós (sneachta)
Ní deireadh de'n triomach fós. Ní h-eadh muis, ná cuid de dheireadh
Ní deireadh di (báisteach) = níl aon-deireadh indán di; beidh sé ag báisteach go deó anois
·
Tá sé in am deireadh a dhul ar an damhsa sin anois
Tá sé thar am deireadh a dhul ar na cártaí sin feasta
+
Níl deireadh déanta aige fós (báisteach)
Shíl mé go raibh deireadh déanta aige, ach níl (de shneachta)
TUILLEADH (10) ▼
Níl deireadh caithte aige ná baoghal air fós. 'Bhfeiceann tú cho lasta agus atá an spéir = sioc
Níl baoghal ar bith orm deireadh a bheith bainte agam fós (móin, fataí, agus rl.)
Níl deireadh innsighthe agam fós = tá tuilleadh len innseacht
Beannacht Dé dhuit, níl deireadh feicthe agad fós = tá tuilleadh le feiceál
Ní bheadh deireadh a chuid scéalta sin innsighthe bliain ó indiu
Ní bheadh a dheireadh ráidhte trathnóna agam = amhrán
Níl a dheireadh faighte fós agam = airgead a chuaidh amú
Chaithfeá dhá lá do shaoghail le na sionnaigh sin agus ní bheadh a ndeireadh marbhuighthe agad
Is maith a chruthóchas tú má bhíonn deireadh na bhfataí glanta agad amáireach
Níl deireadh ithte fós aige
c.
+
Tá an t-amhrán siúd aige gan tús gan deireadh = an-fhada agus gan é ag teacht le chéile
Ní bheidh tús ná deireadh ar an obair sin go deo = an-mheathta, an-tsáruighthe
TUILLEADH (1) ▼
Is fear gan deireadh ná tosach é = mí-stuama, liopastach
3.
fuighleach; an chuid de rud nachar hídigheadh fós.
a.
·
Sin í deireadh na móna (na feamuinne, na bhfataí, an tae, an phlúir, an bhainne, an choirce, an fhéir, an tobac, an airgid, an fuisce, na feola, na dtáirngí, an ádhmaid, na h-ola, an bhealadh, agus rl.)
+
Sin í deireadh na móna anois = tá an mhóin ídighthe ar fad
Ní bheidh deireadh an choirce curtha aige Lá na Faithche seo chugainn
TUILLEADH (17) ▼
Céard a rinne sib le deireadh an bhainne?
Cá ndeachaidh deireadh an fhéir a bhí annsin? Bhí glaicín deas ann
Tá deireadh mo chuid tobac caithte agam
Tá deireadh a bhfuil de leasú ann anois ídighthe hébrí céard a dhéanfar
Tá deireadh na raithnighe curta isteach faoi na beithidhigh anocht. Caithfidh sib a dhul ag baint leabthachaí feasta, má bhíonn siad (na beithidhigh) i bhfad eile istigh
Tá a ndeireadh istigh anois (fataí)
Tá a deireadh bainte agam (móin)
Tá a ndeireadh ar fáil = deireadh an dreama a bhí imighthe
Tá a ndeireadh imighthe uaidh anois (clann)
Tá a ndeireadh marbhuighthe i mbliana (iasc)
Tá a deireadh triomuighthe i mbliana. Dheamhan fód eile a thriomóchas
Tá a deireadh díolta anois (móin)
Tá deireadh na h-udhachta amuigh anois aige
Tá deireadh an phórtair ólta anois
Aire dhaoib! Beidh deireadh na feola sclamhta aige seo thuas mara dtapuighthear é
Diabhal bliain ó indiu go bhfeicidh tú deireadh an airgid sin le fán. An rud a fhaightear go dona, imigheann sé go dona
Tá deireadh na bracha teagtha as anois = níl níos mó bracha ann
+
"Níl a fhios cé's fhearr a thús ná a dheireadh" = má bhítear ag roint rud, b'fhéidir gur diomdhaighe a bheadh an fear tosaigh ná an fear a gheobhadh an roint dheireadh
Beidh mise luath go leor. Tóigidís leo í. "Níl a fhios cé's fhearr a thús ná a dheireadh."
TUILLEADH (4) ▼
Deir siad nach mbíonn an chéad-fhear buidheach ná diomdhach, agus deir siad freisin nach bhfuil a fhios cé's fhearr a thús ná a dheireadh
Deir sibse gur indeireadh na bliana a rugadh mise, ach deirimse nach bhfuil a fhios cé's fhearr a thús ná a dheireadh. Má tá mé mall féin, is minic freisin a rug cú mhall ar a cuid, agus ní bhíonn de chailleadh ar dheireadh an mhála féin
Níl agamsa ar aon-chor ach an drioball, ach níl a fhios, adeir siad cé's fhearr a thús ná a dheireadh
Ní bhfuair mise aon-tús ar an bhfeamainn. Bhí 'chuile dhuine ann rómham, ach b'fhéidir gur eirigh an oiread liom in a dheidh sin agus a d'eirigh le 'chuile dhuine. Níl a fhios ag duine cé's fhearr a thús ná a dheireadh
·
Seo é deireadh an chogaidh (deireadh na dolaidheachta, an tslaghdáin, an fhiabhrais, na bruithtínighe, na ndoigheachaí meisce, deireadh an dinnéir, an tsuipéir, an lóin, an damhsa, na bainse, na báire, an chluiche, na faice, an chleis, na báistighe, an tsneachta, an tseaca, na tóirnighe, na gaoithe móire, na croisínteachta, an iascaigh, an tárluighthe, an ghróigthe, an leasuighthe, an lánuighthe, an chuir, an ghort-ghlanta, an chruachta, na caoladóireachta, na tuigheadóireachta, na gréasaidheachta, na carraerachta, na siúinéarachta, agus rl.)
+
Is gearr uait deireadh na dolaidheachta anois
Tá sé indeireadh an fhiabhrais anois. Chuaidh sé thrí aoidheo trí nó ceathair de laetheantaí ó shoin
TUILLEADH (3) ▼
Sílim go bhfuil muid indeireadh an tsneachta dhá fhada go dtí é. Tá sé in a chlaochmú
Tá tú ag dul isteach i ndeireadh an tseaca anois. Is furasta aithinte ar an spéir anocht é
An bhfuil aon-bhaoghal ort a bheith indeireadh na caoladóireachta fós?
·
Deireadh an áil (na féinne, an teaghlaigh, Chloinn Mhac Chonfhaola agus rl.)
+
'Sé deireadh na Féinne é = Oisín indiaidh na Féinne é; muirín a bhánóchaí go dtí duine nó beirt, nó baile go dtí teach, nó ál éan go dtí éan amháin agus rl.
Smál eicínt a bhí orra sin. Tá sé sin anois ar dheireadh na Féinne. Níl an deoraidhe eile aca 'san gcomhaireamh ceann, th'éis go raibh dháréag aca ann
TUILLEADH (4) ▼
Is mise deireadh na Féinne anois. Dhealuigh a raibh de thighthe eile ann uaim síos go bóthar. Tá mé liom féin anois ar bharr an bhaile
'Sí deireadh na Féinne anois an chearc sin. Níl fágtha agam dhá raibh de chearca agam ariamh ach í féin. Agus ní bheidh sí sin fhéin i bhfad ann má fhaghann sé siúd aon-leigean uirre. Bhí chúig cinn fhichead aca agam dhá bhliain ó shoin. Sin í an chreach agus an chreach nachar roinneadh
Chonnaic mise dhá theach déag annsin 'san am a raibh mé mo bhuachaill ag an S., agus níl ann indiu ach G. Tá sé ar dheireadh na Féinne … Ghread an chuid eile leo go Meiriocá, agus chuaidh scaipeadh orra ar 'chuile chaoi. Ba deacair a gcur idtoll a chéile indiu
Tá an bheirt sin anois ar dheireadh na Féinne. Bhuail díleághadh eicínt an chuid eile. Cailleadh iad ó dhuine go duine. Bhí ráidhte gurb é an teach nua a rinne é. D'athruigh siad amach aríst i sean-scioból agus dheamhan imeacht a tháinig ar aon-duine aca ó shoin. Ach is beag an chreach atá ann anois go bhfóiridh Dia orainn, ar scáth beirt
b.
·
Sin é anois deireadh a chuid feirge (a chuid macnais, suaimnis, uilc, meanmna, bróid, uabhair, reatha, móiréise, neirt, anála, spreacadh, sonais, séin, lághaidheachta, bóithreoireachta, fonnadóireachta, feadghala, scréachghala, síonghala, cuartaidheachta, deireadh a shaoghail agus a mhaitheasa, deireadh a chuid gáirí, a chuid caoineacháin, a chuid bróin, a chuid taighd, a chuid foighde, a chuid laetheantaí maithe, a cuid rístidheachta, a chuid díomhaontais; a chuid bochtaineachta agus rl.)
+
Tá deireadh suaímnis feicthe ag S. anois = ní bhfuighidh sé níos mó suaimnis
Is gearr uaidh deireadh sógha anois má phósann an mac an ropaire sin
TUILLEADH (3) ▼
Sílim a bhuachaill (laogh) go bhfuil tú indeireadh do chuid macnais anois. Níl aon-fhéar ar gharrdha an L. le macnas a chur ort
Bhí mé indeireadh m'anála = séidthe ar fad
Tá sé indeireadh a spreacadh (lúid, neirt, agus rl.) = níl aon-spreacadh fanta ann
+
Tá deireadh a cuid cuartaidheachta déanta anois má tá sí ag dul ag pósadh
Tá sé in am agad deireadh do chuid caoineacháin a bheith déanta agad feasta
TUILLEADH (6) ▼
Sin é deireadh a chuid gáirí muis: beidh ceol thar phíobaireacht aige feasta in a h-aice siúd
Tá deireadh a chuid laetheantaí maithe caithte = sean-fhear; nó duine ar mhó d'anró ná de shógh a bheadh indán dó feasta
Ní fiú an sean-treabhsar sin a dheasú anois. Tá deireadh a chuid laetheantaí maithe caithte
Tá deireadh a chuid rístidheachta feicthe aige anois. Caithfidh sé a chuid alluis a chur feasta
Sin é deireadh a (bhur) gcuid bóithreoireachta aríst i mbliana. Amach as sin ní fhágfaidh sib
Is gearr go mbeidh deireadh na caraerachta déanta agam i mbliana
+
Tá deireadh a chuid fataí ithte = tá sé réidh; is gearr an bás uaidh
Ba mhaith an daimhseóir é, ach tá deireadh a chuid damhsa déanta sílim = tá sé réidh
TUILLEADH (3) ▼
Ní dhéanfaidh sé aon-bhalla eile. Tá deireadh a chuid ballaí déanta
Ní mharbhóchaidh sé aon-chearc eile. Tá deireadh a chuid cearc marbhuighthe anois
Tá deireadh mo chuid oibre-sa déanta anois, tá faitíos orm. Is gearr a mhairfeas mé
+
Nach mór an néal atá ag teacht air seo thíos indeireadh a shaoghail thall: a dhul ag fáil stalach dó. A Dhia láidir giorróchaidh sí leis
Is beag atá mo leithide-sa indeireadh mo shaoghail thall i ndon a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
Tá an t-athair indeireadh a shaoghail anois
Nach beag an tsúil le Dia a bhí aige, indeireadh a shaoghail agus eile a dhul ag déanamh a leithide de chleas
Duine ar bith atá indeireadh a shaoghail mar tá mise, tá rud ar a aire
+
Is beag é m'fhoghail-sa anois. Tá mé indeireadh mo shaoghail agus mo mhaitheasa = níl mé indon faice oibre a dhéanamh. Tá mo chuid oibre ar iarraidh
'Ar ndú' ní ag faire ar an sean-fhear bocht sin atá indeireadh a shaoghail agus a mhaitheasa atá tú
TUILLEADH (2) ▼
Duine ar bith atá indeireadh a shaoghail agus a mhaitheasa mar atá tusa anois, is gearr le dhul é
Ní fhéadfadh sé rud ar bith níos measa ná sin a dhéanamh indeireadh a shaoghail agus a mhaitheasa
c.
·
Seo é deireadh oíche (deireadh lae, deireadh na bliana, an earraigh, na Nodlac, na h-Inide, na Cincíse, na seachtaine, na míosa, na gealaighe, na trágha, an rabharta, an tsaoghail, an domhain, agus rl.)
+
Tá sé in a dheireadh lae
Tá sé in a dhiúin agus in a dheireadh lae (fc. diúin, neoin)
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé in a dhiúin (nó niúin) bheag agus in a dheireadh lae
Bhí sé in a dhiúin bheag agus in a dheireadh lae, an capall ag dul ar scáth na cupóige agus an chupóig ag dul do'n Domhan Soir … (as sean-scéal)
Is gearr go mbeidh sé in a dheireadh oíche
Ní fiú dhuinn a dhul ag bacadh anois leis. Tá sé in a dheireadh lae
Dhúisigh mé am eicínt amach i ndeireadh na h-oíche, ach thuit mé 'mo chodladh aríst
B'fhéidir nach mbeadh a fhios agad céard a dhéanfainn amach annseo indeireadh bliana
+
D'imigh mé deireadh oíche (/d′er′əw//d′er′ū//)
Deireadh oíche a d'imighidís i gcomhnaí
TUILLEADH (5) ▼
Tús Aoine nó deireadh Sathairn, níor thriomaigh siad ariamh dhá dteagaidís fliuch = deirtear seo
Tá deireadh gealaighe anois ann
Bhí deireadh trágha ann, agus ní raibh dhá ghabhailín fheamainne bainte aige
Fan go dtí deireadh an lae
Níor tháinic sé isteach go dtí deireadh an Aifrinn
+
Tá muid ar dheireadh an rabharta indiu = tá sé caithte
Lá saoire eicínt ar dheireadh na Nodlag a bhí ann ar aon-chor
TUILLEADH (7) ▼
Lá eicínt amach ar dheireadh na h-Inide anuiridh a phós sé
Bhí muid ar dheireadh a (ar) mbéilí nuair a tháinic sé isteach
Níl sásamh ar bith aige sin a theacht ag cuartaidheacht mara mbeidh na daoine ar dheireadh an pháidrín
Chuaidh mé oíche soir ann ar dheireadh gealaighe
Tháinic sé isteach ar dheireadh an Aifrinn agus chuaidh sé ar a leath-ghlúin
Tá muid ar dheireadh na gealaighe anois
Déarfainn go bhfuil muid ar dheireadh an chogaidh
+
Marab fhuil ag Dia 'sé deireadh an domhain é = is gearr uainn deireadh an domhain (déarfaí é le báistigh shíorraí, le cogadh uathbhásach, nó rud ar bith neamh-iondamhail mar sin)
Tá sé in a dhórtadh aríst indiu. An tseachtain seo as éadan. Marab fhuil ag Dia, 'sé deireadh an domhain (an tsaoghail amantaí) é
TUILLEADH (2) ▼
Ná bac leis an saoghal anois. Ní bheidh aon-dhuine ann in a dhiaidh seo. 'Sé Cogadh an Domhain é. 'Sé, agus 'sé deireadh an domhain é ach grásta Dé
Bhfaca tú an chaoi a gcaitheann sé na scaltrachaí le goirid. Agus an chuma atá air ag báisteach. Dheamhan fiú agus an lá a tháinic aon-samhradh anois le chúig bhliana, a bhféadfá caitheamh dhíot le bruthghail. Ó, 'sé deireadh an Domhain é ach grásta Dé
d.
+
Fataí deireadh bliana iad sin, agus níl aon-chúis leo
Sin uainín deireadh bliana
TUILLEADH (3) ▼
Sin é an cur deireadh bliana. Má 'seadh féin, níl aon-chailleadh air
Tá glac mhór de mhóin deireadh bliana thuas annsiúd agam, ach dheamhan ceannacht a gheobhas mé uirre go bráth = móin a baineadh mall is an mbliain, nuair a bhí séasúr na móna caithte
B'fhearr duit gan ál deireadh bliana ar bith a chur síos. Bíonn siad an-mheathta = an t-ál a theagas amach indeireadh an ghuir, bíonn sé an-mheathta
e.
+
Indeireadh na bliana a rugadh tú = duine nach mbeadh in am le h-aghaidh solamair ar bith dhá mbeadh ag imeacht
Tá an dinnéar go díreach ithte againn. Dhá dteagthá scaithín beag níos túisce, bheadh rud eicínt le fáil agad. Is cosamhail gur indeireadh na bliana a rugadh tú
TUILLEADH (3) ▼
Sé do thráth a theacht anois. Indeireadh na bliana a rugadh thú. Níl sdriog 'san mbuidéal nach bhfuil ólta
Leig tú buille deireannach ort féin é. Indeireadh na bliana a rugadh thú siúráilte go leor. Ach idtús na bliana a rugadh S. annseo bail ó Dhia air. Bhí sé istigh nuair a bhí an bheadaidheacht bheag sin ann
Shoraidh dhaoib nachar chuir bealadh faoin a (bhur) n-ioscadaí, agus a bheith annseo tamaillín níos túisce. Bhí geampa breagh de bhradán agam a tháinic ó Ph. Indeireadh na bliana a rugadh sib
f.
+
Ná fág tú féin ar deireadh = ná fág thú féin gan tada, nó taobh le cuid an bheagáin (le duine a bheadh ag roint ruda); ná déan droch-eineach ort féin
Má fhágann tú é siúd ar deireadh, ní bheidh aon-seasamh faoi chaolachaí an tighe leis
TUILLEADH (7) ▼
Roinn mé é cho cothrom agus a d'fhéad mé agus an té atá ar deireadh bíodh. Dheamhan neart agamsa air. Is leor do dhuine dhona a dhicheall a dhéanamh
'Sé an chaoi a bhfuil an saoghal seo: bain amach a bhféadfaidh tú, agus an té a bhéas ar deireadh, a chead sin a bheith aige. 'Chuile rud ag luighe ar an lagar agus an lagar ar an talamh
Ná bac thusa le S. ach tapuigh do chuid fhéin cho uain agus a fhéadfas thú. 'Sé S. an fear céadna nach mbeidh ar deireadh feicfidh tú fhéin air. Tá sé sin sáthach triollúsach len a cheart a bhaint amach
Tá truaighe agad do Bh. Ná bíodh muis ná a dhath. Ní bheidh B. ar deireadh, deirimse leat, má bhíonn fód ar bith ag aonduine eile 'san tír
Ní bheidh sé sin ar deireadh d'fhuireasbhaidh posta. Tá éadan aige ar chaoi ar bith, bíodh foghluim air nó ná bíodh!
'Sé fear a rointe atá ar deireadh. Breagh nachar choinnigh tú stiall duit féin
Tabhair an leabhar air, nach bhfágfaidh D. é féin ar deireadh, hébrí cé a bhéas uireasbhach
+
"An Té a chruthaigh Neamh agus talamh, níor fhága sé É Féin ar deireadh" (sean-fhocal) = níor fhága Dia É Féin ar deireadh; choinnigh sé rud eicínt Dó Féin; 'sé ceart fear rointe nó fear ceannais gan oirille a dhéanamh air féin
An t-airgead sin atá dhá leigean amach! Gheobhfaidh mise agus tusa a (ar) gcuid dhó (dhe), ach an Té a chruthuigh Neamh agus Talamh níor fhága Sé É Féin ar deireadh. Beidh an ceann-reamhar ag na comhairleachaí
TUILLEADH (3) ▼
Fuair P. seacht gcínn, M. seacht gcinn, agus cuid ar leith na coimhlinnte mar adeireadh P. T. ag fear na h-eangaighe. Ní taobh le seacht gcinn a bhí sé ar chaoi ar bith, ach an Té a chruthuigh Neamh agus Talamh níor fhága Sé É Féin ar deireadh. Sin é an chaoi a mbíonn sé
Thug sé búrla nútaí (nótaí) do'n Gh. "Roinn amach iad sin ar na fir sin" adeir sé, agus isteach leis féin 'sa teach. Fuair 'chaon duine aghainn dhá raibh ann punt an duine hé brí cé mhéad a d'fhan ag an G. in a dhiaidh sin. Bí siúráilte nach hé cuid an bheagáin é. An Té a chruthuigh Neamh agus Talamh níor fhága Sé É Féin ar deireadh, adeir siad
Tá siad sin in ainm agus a bheith dhá dhéanamh sin in aisce — gan pighinn gan bonn — ach ní bhíonn siad gan ailp a bhaint as in a dheidh sin. Cuirfidh mise geall leat gur mó a gcion féin di as deireadh na cúise ná cion na ndaoine bochta a roinneann siad orra é. An Té a chruthuigh Neamh agus Talamh níor fhága Sé É Féin ar deireadh. Ní fhágfaidh siadsan iad féin ar deireadh ach an oiread
4.
a.
+
Tá sé ag teacht 'san deireadh = tá sé ag teacht faoi dheireadh
Feicfidh tú féin 'san deireadh gurb agamsa atá an ceart
TUILLEADH (5) ▼
Oibrigh leat anois. Beidh aithmhéala ort 'san deireadh = ach a mbeidh 'chuile shórt déanta agad
Cé aca de'n bheirt is fhearr 'san deireadh in a dheidh sin?
Dhá ndéanthá an saoghal mór dóib sin, aon-mheas amháin a bheadh ort 'san deireadh
Aon-chás amháin é 'san deireadh, a dhéanamh nó gan a dhéanamh.
Th'éis a raibh de chion aige ar ghasúir ariamh, ní raibh neart ag gasúr ar bith a thaobhachtáil 'san deireadh = goirid shul a bhfuair sé bás
+
"An rud a bhíos dhá shíor-luadh, teagann sé isteach 'san deireadh"; nó "déantar é 'san deireadh" (sean-fhocal) = má bhíonn síor-chaint faoi rud, déantar é 'san deireadh; nó má bhíonn síor-fhaitíos roimh rud, teagann sé isteach 'san deireadh
Agus rinne tú an cliabh! Dar fiadh is ait a chruthuigh tú! An rud a bhíos dhá shíor-luadh, teagann sé isteach 'san deireadh
TUILLEADH (3) ▼
Agus tá sí pósta indiu. Is minic cheana a bhí sí in ainm agus a bheith ag dul ag pósadh, ach an rud a bhíos dhá shíor-luadh, chreidim go dteagann sé isteach 'san deireadh
Ní theagadh iadhadh air le mo chuímne ach ag caint ar an mbás, agus chreidim an rud a bhíos dhá shíor-luadh go dteagann sé isteach 'san deireadh. Tá sé féin imighthe anois, an duine bocht!
Tá an cogadh anois ar ghort abhaile thar agus ariamh. Is minic a chuala mé luaidreáin ó a thosuigh sé, go dtiocfadh sé go h-Éirinn shul a stopadh sé, agus an rud a bhíos dhá shíor-luadh, déantar é 'san deireadh
+
Tháinic olc air as a dheireadh = indeireadh na ngnaithí
Mara leigidh tú dhom, buailfidh mé thú as a dheireadh.
TUILLEADH (9) ▼
'Sé'n chaoi a mbeidh sé agad as a dheireadh go mbeidh tú gan Murchadha gan Mánas
Beidh tú ag míoladóireacht leis, nó go dtugaidh sé fút é as a dheireadh
Níl a fhios agam cé'n chaoi a mbeadh sé as a dheireadh marach gur árduigh mise liom T. Bhí an ceann eile an-líomhtha ag troid
D'eirigh sé as a dheireadh, agus ghread leis
Is doiligh a rádh céard a thárlóchas as a dheireadh. Níl aonduine indon a rádh céard is cor do'n scéal sin fós
Gheobhaidh Sasana garbh as a dheireadh é, agus tuilleadh ghéar de'n diabhal aice. Is fada dhá thuaradh sin di féin í
M'anam nach bhfuil a fhios agam fhéin cé a bhéas buidheach nó diomdhach as a dheireadh, agus dheamhan an miste liom
Tabhair cead a chinn anois dó. É féin a bhéas síos leis as a dheireadh
Dhá bhfágtaí eatorra é, agus gan eadarascán ar bith a dhéanamh chaochfadh an druinníneach beag é as a dheireadh
+
D'eirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó agus shiubhail sé amach = faoi dheireadh thiar; nó at length go minic. (Faoi dheoidh? Faoi dhógh? Bíonn fuaim leathan air i gcomhnaí is an gcaint, ach thiocfadh dó gur "faoi dheoidh" a bhí ann an chéad uair agus nuair a sheirg an focal dheoidh, gur cuireadh focal so-thuigsionach in a leabaidh: fearacht gleorach > glórach; fialnáire > feálnáire agus rl. Tá an focal "cách" ag déanamh "cáit" ag daoine agus in áiteachaí ar fud na Gaillimhe ar ala na h-uaire. Ní feasach dom go bhfuil an leagan "faoi dheoidh" is an gcaint munab é an leagan réamhráidhte é. Ach tá "faoi dheireadh agus faoi dhó" an-tréan isan gcaint)
D'éist mé féin scathamh maith leis, ach faoi dheireadh agus faoi dhó, thosuigh mé ag cur in a aghaidh. Bhí sé in a sháraidheacht ar an toirt
TUILLEADH (5) ▼
Chaith sé an-fhada idir-chamánaí nó go ndeachaidh mé féin síos chuca faoi dheireadh agus faoi dhó agus gur fhiafruigh mé dhíob, céard a bhí fútha a dheanamh leis, agus é a chur ar thaobh eicínt …
Bhí an laogh suas le uair idir chnámha agus é cínnt orm fhéin a thabhairt liom. D'fhan mar sin go ceann dhá lá, agus shílfeá nach raibh daor-bhasctha di chor ar bith. Ach bhuail donacht annsin í, agus chaith sí mí mhór fhada idir luighe agus eirghe. Diabhal mé gur shíl mé féin go srianfadh sí as, ach cailleadh í faoi dheireadh agus faoi dhó
Bhí sé ag imeacht ag mungailt faoin a fhiacail, agus ag giorán (gearán) go neámhaí, agus thob ann agus thob as aige. D'eirigh mé féin faoi dheireadh agus faoi dhó. "Mara bhfuil rún agad a thabhairt uait" arsa mise, "coinnigh é," agus amach liom an dorus
Chuaidh chúig scéala suas ag glaodhach air. Tháinic sé anuas faoi dheireadh agus faoi dhó
Chaith sé ceathramhadh uaire ag braithteoireacht, agus ag cartadh an phíopa siúd. D'oscail sé a bhéal annsin agus d'fheicfeá ag leigean siar a sheile é. "Dheamhan a fhios agam fhéin", adeir sé faoi dheireadh agus faoi dhó. Is mór dhá fhonn a tháinic orm failm de chic a thabhairt do'n phíopa
+
Labhair sé faoi dheireadh = 'san deireadh; at last
An bhfuair tú é faoi dheireadh?
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan an féidir go dtáinic sé abhaile faoi dheireadh
Deir tú leis a thosuigh ag caint liom faoi dheireadh
Dhá bhfaghainn leigean ar bith air faoi dheireadh, scarfainn leis an mbeithidheach ar an méid a thairg sé uirre
Agus tá sé ag dul ag pósadh faoi dheireadh!
Rinne sib an claidhe faoi dheireadh th'éis cho fada agus a bhí sib ag caint air
Briseadh é faoi dheireadh. Is fada sin ag teastáil uaidh
Má choinnigheann sib an bóthar sin seaduighthe, agus gan suaímneas ar bith a thabhairt dóib faoi, déanfar é faoi dheireadh ('san deireadh)
b.
·
Indeireadh na cúise (na faidhleála, na rúcála, na ngnaithí agus rl.); rinne sé é faoi dheireadh thiar; rinne sé é faoi dheireadh thiar thall; rinne sé é as deireadh na cúise; indeireadh na scríbe; as deireadh na faidhleála; as deireadh na rúcála
+
Tháinic tú faoi dheireadh thiar 'nuair a chinn ort is 'chuile áit eile
Agus tá sé thart faoi dheireadh thiar. Dar mo choinsias, má tá féin, tá sé in am sin aige = at long last (at last = faoi dheireadh)
TUILLEADH (10) ▼
Tá rún pósta aige faoi dheireadh thiar! M'anam nach miste dhó sin ach oiread! Is fadó an lá ó dubhradh gur mhac é
Thug sé dhom é faoi dheireadh thiar, agus mé 'mo shiún sincín aige dhá iarraidh air leis an fhad seo
Agus bhásuigh sé faoi dheireadh thiar! Bhí aois chapall na muintire aige sin go ndéanaidh Dia grásta air!
Rinne sé é faoi dheireadh thiar thall 'nuair a bhí muid sáruighthe ag tuineamh leis. Má rinne féin, ní mórán slaicht a chuir sé ar a shaothar. Is mór an ghráin é. B'fhearr liom gan déanamh é anois!
Faoi dheireadh thiar thall tháinic sé i leith go dtí mé agus dubhairt sé i gcogar liom a dhul in éindigh leis …
Agus d'eirigh tú as an gcaoineachán faoi dheireadh thiar thall! Dar príosta is ait a chruthuigh tú!
Tá sí bainte aige ar éigin faoi dheireadh thiar thall, ach 'sé a bhfuil ann é, 'sé sin
Is fada atá sé ag gealladh dhom, ach fuair mé í faoi dheireadh thiar thall
Tóigeadh é faoi dheireadh thiar thall. Nar theagaidh sé amach choidhchin muis! Is iomdha mailís atá déanta aige ar dhaoine bochta, ó a thosuigh sé ag díolachán annsin.
Is beag nach bhfuil sé curtha aige faoi dheireadh thiar thall. Cidh Dia muise go bhfuil sé in am sin aige.
+
Níl a fhios agam féin céard a dhéanfas sé as deireadh na cúise (i ndeireadh na cúise) = as a dheireadh; faoi dheireadh thiar thall; nuair a rachas sé ar an sciain is géire; "in the last analysis".
Dhíol sé an bhó ar na chúig phunt dhéag as deireadh na cúise. Chreidim go mba mhór leis a tabhairt abhaile
TUILLEADH (5) ▼
Déarfá nach raibh sé an-líomhtha ag a pósadh, ach phós sé í as deireadh na cúise. Má phós a mhaisce, fuair sé spré mhór
Is beag 'e mheas a bhí againn air sin, ach diabhal mé go ndéanfaidh sé gníomh as deireadh na cúise
Níl fear ar bith indon a rádh céard is cor do'n chogadh seo as deireadh na cúise
Agus nach hé S. a raibh an ceart aige as deireadh na cúise. 'Deile?
Má tá tú sáthach fad-bhreathnuigheach, is follasach duit féin as deireadh na cúise gur mise atá ag rádh na fírinne
+
Ghoin m'aire mé indeireadh na scríbe, ach bhí an anachain déanta = faoi dheireadh thiar; indeireadh na cúise
Imreochaidh sé ort indeireadh na scríbe nó is ait a oibreochas tú!
TUILLEADH (6) ▼
Ní bheidh aige ach cuid de'n mhagadh indeireadh na scríbe
M'anam go mba mise ba lugha tuirse indeireadh na scríbe = indeireadh an aistir
Foighid ort go mbeidh muid ag deireadh na scríbe. Annsin tig linn a' (ar) rogha rud a dhéanamh. Maidir len a dhul ag déanamh moille faoi bhealach!
Indeireadh na scríbe, níl fear ar bith is fhearr ná an té nach gcuirfidh araoid ar cheachtar aca, ach cead aca fhéin a phléidh le chéile
Feicthear dhomsa indeireadh na scríbe nach bhfuil goir ag fear ar bith ar an saighdiúr. Breathnuigh ar J. Ph. Feacha a bhfuil sé a fháilt d'airgead! É féin agus a bhean agus a chuid gasúir fré chéile!
Bainfidh ceann eicínt aca amach é, má theigheann siad 'un dlí, ach i ndeireadh na scríbe, is cuma eatorra é. Is beag is fiú an áit nuair a bhéas na dligheadóirí réidh leis
+
Tháinic sé amach ar lom an bhóthair as deireadh na faidhleála, agus d'iarr sé fear ar bith dhá raibh ann ag troid = as deireadh na cúise
Thusa a bhéas síos leis as deireadh na faidhleála, agus ní eisean
TUILLEADH (1) ▼
As deireadh na faidhleála ba mhian leis a dhul ar lághaidheacht, ach diabhal cos an chinn eile nach ag borradh leis an achrann a bhí sé
·
Gheobhfadh sé faoi na foraí é as deireadh na rúcála marach gur dealuigheadh iad = bíonn achrann nó siúite nó glacamas lámh i gceist annseo go h-iondamhail .i. "rúcáil achrainn".
Dheamhan a fhios agamsa cé a bheadh donuighthe indeireadh na rúcála, marach an ghrifisc sin thiar a theacht ann
5.
+
Cé a tháinic isteach faoi dheireadh? = cé hé an duine deireadh a tháinic isteach; who came in last?
Cé'n áit a bhfacaidh tú é faoi dheireadh?
TUILLEADH (12) ▼
Céard a d'ól sib faoi dheireadh?
Cé'n chruach a bhuail sé faoi dheireadh?
In óispidéal na Gaillimhe a bhí sé faoi dheireadh, ach ní raibh siad indon aon-leas a dhéanamh dhó ann
Is fhearr é ar chuma ar bith ná an áit a raibh mise faoi dheireadh
An cléireach a raibh mise ag caint leis faoi dheireadh, ní thiubharfadh sé saoradh ná séanadh dhom faoi. Thosuigh mé fhéin ag bagairt phóilíos air, ach ba shin é a raibh de mhaith ann …
Níor thug mé ar an "mbicycle" a bhí agam faoi dheireadh ach chúig phunt. Thiubharfainn scór air anois, dhá bhfaghainn air chor ar bith é
Chinn orm a fheiceál chor ar bith an uair faoi dheireadh a raibh mé ann
An t-ualach faoi dheireadh a thug mé liom, as an gcruaich thuas a thug mé é
Ní raibh aon-chaint air sin 'san bpáipéar faoi dheireadh a tháinic againne
An leitir faoi dheireadh a tháinic uaidh, dubhairt sé go raibh sé ag déanamh mar adéarfá leis é.
An madadh faoi dheireadh a bhí agam, d'imigh sé le dúchas nó diabhal eicínt, agus níor facthas ariamh é. An ceann roimhe sin mharbhuigh mótar é. Níl na mádraí ag eirghe liom
Sílim go n-athruigheann sé lóistín 'chuile sheachtain mórán. An lóistín faoi dheireadh a raibh sé, is beag nachar cailleadh ann é leis an ocras
+
Bhí sé annseo an lá faoi dheireadh agus mara raibh dradaireacht le fáil uaidh, ní lá go maidin é = the "last" day, the "other" day; an lá cheana
Chaith sé tamall mór ag caint leis an lá faoi dheireadh
TUILLEADH (3) ▼
Tháinic sé isteach annseo an lá faoi dheireadh, agus hébrí cé'n sórt caint a bhí ar siubhal aca sin tháinic buile chatha air nach ndeachaidh na daoine ag bhótáil
Ní tada é indiu ar ghualainn an lá faoi dheireadh. Sin é an lá a raibh sé spréachta!
An bhliain faoi dheireadh a raibh sé 'san mbaile, ní dhearna sé tigheachas ar bith. Dheamhan mórán le seachtain a chaith sé annseo sílim
6.
+
Is mór a chuirfeas an bháisteach seo an Foghmhar 'un deireadh = siar; gan é a bheith in alt a bhainte cho luath agus ba cheart dó; amanntaí 'un donachta freisin
Bliain fhliuch a bhí innte. Beidh an t-arbhar 'un deireadh = siar; deirtear "ar deireadh" freisin scaithtí
TUILLEADH (5) ▼
Ní fheicfidh tú aon-fhata nuadh isteach imbliana nó go gcaithtear Domhnach Chrom Dubh. Chuir an sioc sin faoi Bhealtaine 'un deireadh ar fad iad
Is mór atá na cnothannaí 'un deireadh imbliana: bliain thirm
Is beag an dochar dóibh a bheith 'un deireadh fhéin agus gan aon-scalán gréine a fháil le dhá mhí, ach scalán fánach
Diabhal mórán a chuirfeas an múr sin 'un deireadh iad, mara dteagaidh tuilleadh.
Tá an crainnín sin go mór 'un deireadh le h-ais a bhfuil eile aca ann. Meastú cé'n chiall? Shílfeá go bhfuil sé in áit cho cóireamhail le ceachtar aca
+
Is mór an cur 'un deireadh orm na cupla lá sin a chaith mé ar an leabaidh. Ba iad an dá lá móna ab fhearr an bhliain seo iad. Dhá mbaininn dhá shleághan an t-am sin agus a caitheamh suas in a cora, bheadh sí tirm anois
Tá dasachaí go h-árd as cionn talmhana, ach má tá indán agus go dtiocfaidh glasreodh ar bith seaca, is an-chur 'un deireadh orra é
TUILLEADH (4) ▼
Is diabhlaí an cur 'un deireadh orm nach bhfuil an capall agam. Bheadh an fheamainn seo amuigh ar na garrantaí agam cupla uair an chluig de lá, thar agus a bheith ag sceidínteacht mar seo léithe in a boirdíní asail
Ba mhór an cur 'un deireadh air leis an scaradh nach raibh barra aige. Ní bheadh stró ar bith í (móin) a scaradh annsiúd le barra. Tá plás réidh ann
Is cur 'un deireadh ar na daoine annseo, nach bhfuil bealach portaigh aca díreach suas ó'n mbaile, agus gan dhá mhíle tiompaill (timpill) a bheith orra, mar atá
Tá tú 'un deireadh leis an gcur imbliana = níl an oiread curtha agad agus ba cheart a bheith an tráth seo
+
Tá sé ag dul 'un deireadh = ag dul ar gcúl; tá sé ag tabhairt uaidh; gan an spreacadh ag fanacht ann, nó an mhaith
Tá na fataí ag dul 'un deireadh = ag feochan; na dasachaí ag slabhcadh
TUILLEADH (7) ▼
Níl rása ar bith dhá shaoghal is fhearr an fear ná an darna rása, ach ó a bhéas sé sin bailighthe aige, gabhfaidh sé 'un deireadh
Tá sé in am aige a bheith ag dul 'un deireadh. Nach bhfuil sé go h-árd as cíonn an dá scór?
Is mór a chuaidh sé 'un deireadh ó a chonnaic mise go deireannach é. Tá sé in a scairíneach ag an obair
Dheamhan ionga ná orlach ag teacht ar na h-oinniúin sin amuigh. Ag dul 'chun deireadh atá siad, sílim
Is diabhlaí nach mbeadh biseach eicínt faoi'n laogh beag sin, agus an aire atá dhá thabhairt dó. Ach dheamhan é. 'Sé an chaoi a bhfuil sé ag dul 'un deireadh
Tá mé ró-mhór 'un deireadh anois le dhul ag comórtas le buachaill óg mar thusa, ach bhí lá ann, agus ní bheadh tuilleamaí ar bith agam leat le láighe ná le sleághan ná le aon-obair eile
Ag dul 'un deireadh a bhéas tú 'chuile lá feasta
·
Tá tú ar deireadh leis an gcoirce = 'un deireadh
Tá an Foghmhar ar ('un) deireadh imbliana

Deireadh in iontrálacha eile (50+)

 
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
 
Níl garraí ag gabhail leis nach ag baint fearasbár donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna annsin thiar aige, agus nach mbeadh sé ionrásta agad a siúl, tá sí cho hachrannach sin. Is beag nachar bascadh mé an lá faoi dheireadh inte, agus mé ag briseadh treasna go dtí an bóithrín thiar.
 
Chonnaic mé ag dul Gaillimh í an lá faoi dheireadh agus feánach bainne aice i gcarr asail = ancord nó coire
+
M'anam nach hé fearacht cheana é, má bheirimse ort ann aríst, nach ngabhfaidh sé cho saor leat agus a chuaigh sé an uair dheireadh = leig mé uaim réidh go leór thú an uair cheana, ach ní hamhlaidh a bhéas sé aríst
TUILLEADH (2) ▼
Dar sliabh ní hé fearacht an lá faoi dheireadh é, má thosaíonn tú ormsa aríst, go mbeidh scéal agad air. Ara nach thú an nathaíodóir againn! Ag ceapadh go n-éistfeadh duine ar bith leat!
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfádh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh, marach a chuid ealaoine. Nach raibh a ndóthain aca fhéin ann, má bhí fonn oibre orra
 
fear
Fearfaidh mise do chumaoin ort fós. Ná bíodh faitíos ort. Ní hé deireadh an tsaoil é a dhuine chroí! = cúiteóidh mé do chumaoin leat; ní hé amháin go gcúiteóidh mé do chumaoin leat, ach cuirfidh mé in a cheann, agus is fhearrde thú é uaidh sin amach
 
Beidh sé ag fearúint mur seo go dteighe an ghealach amach. Ba chóir go mbeadh sí indáil le caití. Tá sí ar an gceathrú dheireadh, dar liom féin.
 
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
 
fios
Seól leat. Roinn amach orra é. Beidh mise luath go leór. Níl a fhios cés fhearr a thús ná a dheireadh
 
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
focal
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosuigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis, nar thosuigh dhá ghriosáil. Dheamhan griosáil muis. Sén chaoi ar thosuigh sé ag gáirí
 
B'fhada a rith an scaibhtéaracht leis, ach d'fhoillsigh Dia É féin air san deireadh. Sé Dia an fear is fhearr in a dheidh sin
 
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
 
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
 
Is beag é do mheas ar an bhfrídeóir, ach deirimse leat gurb shin é an gnaithíoch. Marach é sin is fadó ariamh an lá a bheidís de dhruim tí. Maidir le bheith i gcleithiúnas an mhac is sine! Bheidís ar deireadh muis! Dheamhan déantús maitheasa ar bith annsin!
+
Rud ar bith atá ar a fhágáil sin beidh sé ar deireadh = rud ar bith a fhágtar faoi, beidh sé gan déanamh, nó déanfaidh sé siléig ann, nó ní chuirfidh sé aon-bharainn déanta air etc.
TUILLEADH (6) ▼
Más ar t'fhágáil-sa a bhéas sé, tá faitíos orm go mbeidh sé ar deireadh
Tá mo dhíol agamsa. Seachain a bhfágfá thú fhéin ar deireadh
Mo choinsias ní fhágfaidh sé siúd é fhéin ar deireadh hébrí cé eile a bhéas siar leis
An Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín san gcúilteach é an lá sin. Thar éis an Aifrinn thug siad amach é, nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lár na mháireach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: "an Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh." Ba shin é an fear agad le fágáil i gcionn poitín!
D'fhága tú mise ar deireadh = níor thug tú mo chion nó mo dhóthain dom
 
Más leat airgead a dhéanamh, breá nach suas ar na portaigh a theigheas tú, agus neart móna a bhaint. Is samhaoiní dhuit í ná na faochain agus ná an carraigín sin. Agus is lú anró í as deireadh na cúise. Sé an chaoi a bhfuil sé agadsa: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
 
fág
Fágfaidh an ragairne réidh thú as a dheireadh = giorróidh sí leat; tiúrfaidh sí bás duit
 
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir annseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
 
D'imigh an uachta go fánach san deireadh = go dona
 
féar
Ara ná géill do J. Tá sé sin cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nachar dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí inDúiche Sheóigeach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeacha mé dhá innseacht san mbaile aríst. Rinne siad ballséire dhíom. Céibheannaí inDúiche Sheoigeach!
 
Dheamhan's móide leithpighinn ruadh ag a' bhfear, ach go bhfuil sé an-fheistighthe, a's nach shin é 'mbíonn cailíní óga a iarraidh. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht', mar deireadh M. Bh. fadó.
 
Deireadh M. Ph. fadó nach raibh rud a' bith chomh 'siúráilte' le cothromacan síne na h-Uaire, ach dhá mbeadh sé básuighthe faoi chéad, deirimse go dtug sé 'éitheach. B'fhurasta ar tháinic de laetheantaí ar foghnamh imbliadhna a chomhaireamh — b'fhurasta sin.
 
bannaí 1
'Má theigheann tú imbannaidhe déan díol'. Is minic adeireadh P. Mh. Mh. 'ndéana Dia grásta air é, a's má deireadh fhéin, bhí ughdar aige. D'imir S. Ch. ar fhéin, faoi airgead a ndeacha sé imbannaí air, sa mbeainnc, babhta.
 
Shílfeá go bhfuil fátall beag aige faoi dheireadh. B'fhéidir go nglanfadh an lá anois = aithdeal
 
Bhí sé ag sciobadh feamainn dearg le trí mhaidin = a dhul san gcladach de shiúl oíche nó deireadh oíche agus an snáth a scoilteadh idtosach ar aonduine eile. Bheadh sé agad uilig annsin duit féin, agus ní fhéadfadh aonduine a dhul in a bharr ort. Ach roinntear an fheamainn dearg in áiteachaí fós. Ceaptar a chion féin do gach duine de réir fairsinge a chuid talúna, agus caitear crainnte annsin uirre.
 
fearg
Sílim go bhfuil sé i bhfearg liom nuair nach ndeachaidh mé a chúnamh dhó an lá faoi dheireadh
 
Ba é féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh aige é. Tá mé ceapadh gur sách bréan dó féin a d'imigh sé faoi dheireadh thiar. Chonnaic sé nach raibh aon-mhaith dhó ann
 
fiacha
"Tóig a bhféadfaidh tú; íoc a bhféadfaidh tú: gheobhaidh tú féin nó fear na bhfiacha bás faoi dheireadh" = tóig a bhféadfaidh tú ar cáirde; gheobhaidh tú fhéin nó an fear a bhfuil an t-airgead ag dul dó bás san deireadh, agus beidh na fiacha maite annsin.
 
Bóthar fiannach é sin. Tá sé i léig anois, ach deireadh na seandaoine i gcomhnaí gurbh é an chéad bhóthar a bhí annseo é. Is gearr an bóthar seo déanta chor ar bith
 
fiann
Tá sé ar dheireadh na Féinne (fc. deireadh)
+
Fionn 1
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na Bróga agus le sioc deireadh oíche a cheannuigh sé aríst iad. Sin é a fhearacht ag an oíche anocht é. Tiocfaidh sé in a bháistigh. Bhí glaisriú seaca caite aige anocht shul a ndeachaidh an ghrian faoi. Tá sé ar a táirm fós, ach m'anam gur ag sioc as smúit atá sé anois. Smúit bháistí í sin. Níl oiread agus an réalt ar an aer.
TUILLEADH (1) ▼
I ndeireadh na bliana a rugadh tú. Dar fia níl aon-ghreim aráin san teach ach an méid sin, agus is dona liom a dhul dhá leagan in do mhiainis. An masla ba mhó a fuair Fionn ariamh, rud a bheith in a bhéal agus gan é a bheith in a láimh
 
fleasc
Fleasc a rinne an bhró sin de mo mhéir. "Sleagh" raithní a chuaigh fúithe an lá faoi dheireadh nuair a bhí mé ag déanamh na cruaiche annsin thoir. Nuair a bhíos an raithneach sin críon is géire í ná snáthaid
 
Ab shiúd é an fuireann céanna a bhí air an lá faoi dheireadh nó an fuireann eile é? 'Ar ndú' is beag a aireós sé sin fuireann a fháil uair ar bith a dtogróidh sé
 
fonn
Ní dhéanfaidh mé le fonn ná le mí-fhonn é. Déan é más breá leat. An uair deireadh a ndeárna mé é, tá a fhios agam cén buíochas a bhí orm
+
Is fhearr a bheith ar thaobh an fhascadh ná ar aghaidh na doininne ar chaoi ar bith. Déanadh duine cho díreach agus is féidir leis, agus ní baol dó an lá deireadh = fear a bhí ag caint ar na Críocha Déannacha; bíodh anam duine glan
TUILLEADH (1) ▼
Bí ar thaobh an fhascadh de na póilíos ar chuma ar bith. Níl gnatha ar bith agad iad sin a tharraint ort. Acasan a bhéas an iarraidh dheireadh
 
fás 2
Fás! M'anam go bhfuil deireadh a chuid fáis déanta. In a aircín mar sin a bhéas sé choíchin.
 
Deir siad gur fearr an fhairsinge ná ar fónamh. Is fhearr leo sin i gcomhnaí go leor den droch-rud ná beagán den rud mhaith. Ghabhfadh an beagán a mbeadh maith ann cho fada leis an droch-rud faoi dheireadh.
 
iúr
Nuair a thiocfas an t-iubhar roimh an eadartha(?), deireadh na sean-daoine gur ghearr uainn cogadh = nuair a thiocfas Domhnach an Iubhair roimh lá fhéile Pádraig, ba tuar cogaidh é (eadartha — ádartha?)
 
Má tá faltanas aige dhuit ídeóidh sé ort é. Sin é an sórt duine é. Dhá mbeadh sé fiche bliain indiaidh a shásamh, beidh sé ar siúl go bhfagha sé san deireadh é
 
Bhí an pota gliomach i bhfastós i bhfarcán slat mhara agus níorbh fhéidir a thabhairt aníos. Thug muid linn é faoi dheireadh agus faoi dheoidh, ach ba le strachailleacht é.