Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deireadh
/d′er′ə/; /d′er′ū/ scaití go háirid má bhíonn guth go dlúth ar a lorg
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: deiriúchaí /d′er′ūxī/
codarsna: tústosachceann srl.
1.
an chuid thiar; an chuid ar cúl; an roinn nó an pháirt ag an gcloigeann is faide amach de rud (oíche, lá, bliain, leabhar, saol srl.).
a.
·
Sin é deireadh an leabhair (an pháipéir, an gharraí, an bháid, na curaí, na bó, an chapaill, na huige, an éadaigh, na bróige, an chairr, an bhus, an bhóithrín, mo chuid talúna, na claise, an chuir, na coille, na heasca, an tsléibhe, an phortaigh, na locha, an scraith ghlugair, na dtithe, na ndriseachaí, na gcíocraí, na ngarrantaí, na trá, an chúilín, an aitinn, an mhínligh, an aistir, an turais, na scríbe, na ruaige, an gheábha, srl.)
+
Seo é a dheireadh
Tá sé amach in áit eicínt i ndeireadh an pháipéir
TUILLEADH (20) ▼
Chuir sé in áit eicínt i ndeireadh na litre é
Gheobhaidh tú thoir ag deireadh an gharraí é — ag ceann an gharraí; ag an gclaí nó ag an bhfál
Bíonn sleo i gcónaí ag deireadh an bháid
Bain an deireadh amach as an gcruib agus beidh tú in ann a chur isteach — an chuid de fhráma na cruibeach a bhíos taobh thiar
Bhain sé an deireadh as an lorry agus d'ardaigh siad isteach an t-asal ann
Seas thiar ag deireadh an chairr
Istigh i ndeireadh an mhótair a bhí mise
Bhí sé caite i ndeireadh an bháid agus mórghalra air
Siar in aice le deireadh na traenach a bhí muid
Breathnaigh siar i ndeireadh an sciobóil sin amuigh, agus b'fhéidir go mbeadh sé ann
Bhuail sé faoi dheireadh an bhicycle
Bhí deireadh an tsoithigh faoi throisleáin uileag
Chuir muid isteach an churach i ndiaidh a deireadh
Tharraing sí an bád eile as a deireadh
Bhí deireadh an mhótair siar — chaithfeadh a thosach nó a aghaidh a bheith soir dhá réir sin
"Thug sé a ceann (bád) do mhuir agus a deireadh do thír" (seoraí i seanscéalta)
Chuir sé deireadh an lorry sa gclaí
Shílfeá nach bhfágfadh sé deireadh an chairr amach ar an mbóthar mar siúd
Bíonn fuathógaí ar dheireadh na huige. Ní bhíonn aon mhaith leo — nuair a bhíos an fíodóir ag fíochán 'sé ceann an éadaigh is gaire dhó, agus deireadh an éadaigh is faide uaidh. Cuireann sé crúibíní ar cheann an éadaigh, agus bíonn fuathógaí ar a dheireadh
"Ní i dtús an mhála atá an sparán ach ina dheireadh" (seanfhocal, fc. sparán)
+
Deireadh na bróige — an chuid den bhróig atá siar ón lasca. Caitheann an gréasaí pátrún páipéir a bheith aige le na deiriúchaí a ghearradh amach
Tá na bróga seo réidh sna deiriúchaí théis go sílfeá go bhfuil na huachtair go maith
TUILLEADH (2) ▼
Thug siad uathu sna deiriúchaí ar fad. Bhí mé ag saibhseáil leo ansin inniu, agus thabharfá an leabhar nach é an leathar céanna a cuireadh sna deiriúchaí agus sa gcuid eile. Sheasfadh na boinn tosaigh fós
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirí aici. Thosaigh Mícheál ag magadh fúithi: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donnchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deiriúchaí? Ise: Dhá mbeifeá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agat sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. (Scaoil sé cnaipe). Mícheál: Tóg é sin uaim. Ise: Níor tógadh aon lao ó aon bhó ariamh go líodh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaide,' adeir an mac (.i. mac Mhichil), 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirthi. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uileag gáirsiúil. Tá mé dhá thabhairt anseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoin ngréasaíocht deiriúchaí, lascadh)
+
Chuaigh muid suas go dtí deireadh an bhóithrín — 'sé an ceann a bhíos ar chumar an bhóthair mhóir, agus an deireadh amach i mbarr na ngarrantaí nó i mbun an chriathraigh
Sin é an áit a bhfuil deireadh an bhóthair nua
TUILLEADH (11) ▼
Chuaigh muid amach go deireadh a chuid talúna
Bhailigh muid amach deireadh na ngarrantaí — ceann na ngarrantaí
Má bhí sibh anuas chomh fada sin, bhí sibh ag deireadh an tsléibhe — i gcumar sléibhe agus mínligh
Tá deireadh an mhínligh bailithe agat anois
Téirigh suas go dtí deireadh an phortaigh, agus gheobhaidh tú láí ann — chomh fada agus a bhí an portach oscailte
Thoir ag deireadh na trá a bhí muid
Seo é anois deireadh an aitinn. Níl aiteann ar bith uait siar
Má tá tú in ann do chosa a choinneáil tirim, scaithín eile, tá muid ionann is ag deireadh na heasca anseo
An bhfeiceann tú an tulán glas sin thoir? Ansin atá deireadh na gcíocraí. Talamh crua é uaidh sin soir
Bí ar thús na coille agus ar dheireadh na gcreascannaí (nó ceascannaí)
Is mairg a mbeadh deireadh na coille agus tús na gceascannaí aige (fc. ceasc)
+
B'fhearr dhuit a dhul faoina dheireadh seo liom — a dhul sa taobh thiar ann agus é a iompar a chúnamh dhom (bara, mála srl.)
Gabh faoina dheireadh agus ardaigh orm é
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh seisean faoi dheireadh an chrainn agus chuaigh mise faoina cheann, agus chroch muid linn é
Téadh triúr agaibh faoina deireadh (bó, capall, lorry, carr, srl.) agus beirt faoina tosach, agus b'fhéidir go n-ardódh muid mar sin í
+
Tá áit thiar i ndeireadh na bó, agus má bhuaileann tú san áit sin í, giorróidh tú léithe
Tá an capall sin an-chrochta as a deireadh
TUILLEADH (7) ▼
Tá deireadh an-ard ag an asal sin
Cén sórt sop é sin as deireadh na circe sin?
Chonaic mé muic mhara ag breith ar dheireadh ar bhradán fearna ansin thíos sa gcrompáinín an bhliain cheana
I ndeireadh an cheann chruacháin a chuaigh an duán
Rug an madadh i ngreim deiridh ar an ngiorria
Tá an-deireadh fúithi (capall)
Is cumasach an deireadh atá fúithi (bó)
+
Thug sí a deireadh dom agus shíl sí mé a bhualadh de chic
Má fheiceann tú í ag iarraidh a deireadh a thabhairt duit chor ar bith, bí ar do shon féin
TUILLEADH (1) ▼
Má thugann sí an deireadh dhuit leagfaidh sí thú — má bhuaileann sí dhá deireadh tú srl.
+
Nach uirthi atá an deireadh (nó leath deiridh) teangmháilte (bean)
Bíonn bean an-láidir as a deireadh
TUILLEADH (2) ▼
Tá an-deireadh aige (fear) ar chaoi ar bith, bíodh aon mhaith ann, nó ná bíodh
Tabharfaidh mise an bhróig ar an deireadh dhó, nó ligfidh sé dhá chuid ealaín
+
Ag caint ar phúcaí chuile ré solais. Nár chónaí sé go mbeire sé ar dheireadh ort!
Cén faitíos atá ort roimh an sagart. Ar ndóigh ní bhéarfaidh sé ar dheireadh ort!
TUILLEADH (3) ▼
Má bheirimse ar dheireadh ort íocfaidh tú ann
Bain do shúil di ó rug fear Ch. Mh. ar dheireadh uirthi — tá tú as an mbean ó chuaigh fear C. Mh. ag suirí léithe
Béarfaidh mé ar dheireadh fós air — tiocfaidh mé suas leis ar an mbóthar
b.
+
Bhí sé caite ar an tsraith thiar chun deiridh agus é ag baoiteáil — fear i gcuraigh
Coinnigh an meáchan roinnt siar chun deiridh. Tá sé ar fad faoina droim (ualach ar chapall)
TUILLEADH (7) ▼
Bhí cheithre ghamhain mhaith thiar chun deiridh uilig sa lorry
Teann siar chun deiridh é. Beidh muid féin anseo
Níl gair láimh ar bith a leagan uirthi siar chun deiridh: siar ag an gcairín — capall
Bhí cúigear aige siar chun deiridh agus triúr chun tosaigh, agus murab in é díol mótar ar bith, castar leis é
Bhí na paisinéaraí ag fanacht thiar chun deiridh agus fear an bhus ag iarraidh a gcur amach chun tosaigh, agus gan a fhios cén pointe a dtiocfadh sé ina achrann
Fan siar chun deiridh — in aice leis an deireadh
"Seisreach chapaill i ndoirín coille agus áit an chinnire thiar chun deiridh"
+
Tá sé ar deireadh; tá sé chun deiridh; tá sé ag an deireadh — 'sé is faide siar ar fad. Ach chiallódh chun deiridh freisin — go háirid más siar chun deiridh nó leagan mar sin atá ann — nach bhfuil sé ach ar na daoine, nó na rudaí deireanacha. Tá sé thiar chun deiridh (ar deireadh) uileag — 'sé an duine deireanach é. Tá sé chun deiridh orthu — tá an chuid eile scaitheamh roimhe
Díol cam air féin agus ar a chapall. Chuir mé aisti, agus 'sí a bhí ar deireadh ar fad
TUILLEADH (8) ▼
Hé brí cé hé an chéad duine, is mise atá ar deireadh
Ní féidir gurb é t'asalsa a bhí ar deireadh agus an ardbheathú atá sé a fháil uait
'Sí a bhí ar deireadh den méid a chuaigh isteach ón scoil seo thoir. Is náire bhruite é, más í a bhí ar deireadh ar fad
Is mise a bhí ar deireadh ag teacht amach as agus níor mhill mé tada
'Sí bád Ch. a bhí ar deireadh sna geallta, théis a raibh de ghaisce aisti
Nach maith nach é S. a bhí ar deireadh. Ainneoin gur carracháinín é, tá gabháil na gaoithe ann
Is diabhlaí santach atá sé ag an obair. 'Sé a bhíos ar deireadh i gcónaí ag teacht den phortach
Cé a bhí ar deireadh sa ngarraí anocht? … Ar chuir tú na lántaí i dtaisce?
c.
+
Bhí deireadh aige orm — bhí sé in mo dhiaidh; b'fhaide siar é ná mise; bhí tosach agamsa air
Níl a fhios agam cén am a dtáinig sé abhaile, ach bhí deireadh aige ormsa
TUILLEADH (3) ▼
Cheapfainn go mba cheart dó a bheith anseo pointe ar bith. Is beag an deireadh a bhí aige chor ar bith ormsa ag teacht aníos ag an E. Mh.
Ba bheag an deireadh a bhí ag an gcú ar an ngiorria chor ar bith nó gur bhailigh siad suas an C. P., ach uaidh sin amach, rinne sé caoch láimhe di
Ba bheag an deireadh a bhí ag do chapallsa ar an gceann a ghnóthaigh, ach ní raibh aon mhaith ansin ó buaileadh í
2.
críoch.
a.
·
Deireadh loinge (deireadh duine uasail, deireadh seanghearráin, deireadh seanmhadadh, deireadh spíodóra, deireadh tincéara, deireadh scillinge, deireadh muice, deireadh seanreithe, deireadh an duine, deireadh fear poitín, deireadh ballaigh, srl.)
+
Sin é deireadh an tseanmhadaidh i gcónaí: gan rith gan rath gan fiacail
Deireadh an tincéara chuile lá ariamh é a mharú nó a phlúchadh
TUILLEADH (6) ▼
Sin é deireadh an fhear poitín: bás ar an sliabh i bhfad uainn an anachain agus an urchóid
Deireadh an spíodóra i gcónaí é a chur i leataobh. Más feall fillfear, adeir siad
Deireadh an tseanduine i gcónaí é a chailleadh. An bhfaca tú aon seanduine ariamh dhá mhéad aois dhá mbeadh aige, nach bhfaigheadh sé bás sa deireadh!
Sin é deireadh an drochdhuine chuile lá ariamh
Sin é deireadh na drochbhróige i gcónaí. Scoiltfidh sí ansin
"Deireadh loinge a báthadh; deireadh átha a loscadh; deireadh flath (fleadh?) a cáineadh; agus deireadh sláinte osna". (Rann: flath a chuala mé anseo)
+
"Tús agus deireadh an duine ar an tine a tharraingíos" — bíonn fuacht ar pháistí agus ar sheandaoine
Níl mé in ann corraí beag ná mór ón tine anois. Bíonn na creaití fuaicht orm má théim go doras. Deir siad é: tús agus deireadh an duine ar an tine a tharraingíos
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí mar a bheadh piodarlán de ghasúr ann anois: scartha ar an tine i gcónaí. Ar ndóigh sin é an chaoi a mbíonn an aois i gcónaí. Tús agus deireadh an duine ar an tine a tharraingíos
Diabhal mé gur gearr an bás uaitse, má tá an oiread sin fuaicht ort oíche chomh breá léithe. Tús agus deireadh an duine ar an tine a tharraingíos
+
"Deireadh seanghearrán bán nó deireadh seanmháistir scoile" — is cosúil go bhfaigheann siad bás le anó nó le siléig, nó go bhfaigheadh roimhe seo
Sin é é. Deireadh seanghearrán bán, nó deireadh seanmháistir scoile. Is leathfhocal é. Chuala muid ariamh é. Diabhal mé muis go sílfeá go bhfuil cion ar na seanmháistrí scoile ar an saol seo. Tá fear acu anseo thiar, agus ní dheachaigh an oiread piliúir ariamh faoi sheanghearrán bán agus a bhíos faoi!
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an deireadh a bheas aige faoi dheireadh muis: é a fháil básaithe chois an chlaí maidin eicínt. Deireadh seanghearrán bán nó seanmháistir scoile adeir siad
+
Chuir siad deireadh leis — fear a crochadh
Gabhfaidh deireadh le Haw Haw anois má tá sé i ngreim
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh deireadh leis an duine bocht
Tá deireadh leat má fhaigheann sé siúd greim ort — maróidh sé thú
Tá deireadh leis an seanasal anois dhá fhada go dtí é
Shíl sé deireadh a chur leat d'aon iarraidh. Dhá bhfaighteá an chloch, ní fhágfadh sí deoir in do chluais
+
Tá a dheireadh féin roimh chuile dhuine — bás nó slí bháis
Chuir sé deireadh leis an duine bocht sin, ach tá a dheireadh fhéin roimhesean freisin
TUILLEADH (3) ▼
Fág faoi Dhia é. Tá a dheireadh féin roimhe. Má rinne sé an chréatúlacht, agróidh Dia air é
Is olc an deireadh é sin ar fhear mhaith
Sin é an deireadh a bhí ag a leithead ariamh. Má tá muiltí Dé mall, meileann siad go mín
·
É a chailleadh chois an chlaí: ní bheidh de dheireadh aige ach é. Tá Dia ina fhabhar nár cailleadh cheana é
A dhul don phoorhouse: ní bheidh de dheireadh aige ach é, ná cuid de dheireadh. Ach a mbeidh a bhfuil aige meallta uaidh acu siúd, gheobhaidh sé bóthar agus bata amach
+
Sin é is deireadh dhó mura bhfuil ag Dia — sin é an deireadh a bheas aige
Imeacht le druncaeireacht: sin é is deireadh dhuit. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá tú a chur ort féin
TUILLEADH (3) ▼
Céard ba deireadh dhó — cén deireadh a bhí aige
Sin é ba deireadh dhó, théis chuile rud
Liostáil: sin é is deireadh dhó sin. Níl tada eile ag cur síos leis
+
'Sé an t-ól a thug deireadh dhó — bás
'Sí an bhóithreoireacht de shiúl oíche a thabharfas deireadh dhó
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach an rud atá in ann deireadh a thabhairt do dhuine
b.
+
Cuireann sin deireadh leis anois — críochnaíonn sin é
Chuir muid deireadh léithe tráthnóna. Tá sí bainte go ceann bliana eile ar aon chor
TUILLEADH (2) ▼
Chuir muid deireadh le na seanfhataí inné, agus dheamhan fata nua a bheas le baint go ceann trí seachtainí eile
Chuir muid deireadh lena raibh de tae ann ar maidin
+
Ní bheidh deireadh go deo leis an aimsir seo
Níl tús ná deireadh leis an mbáistigh
TUILLEADH (9) ▼
Dheamhan an tús ná deireadh don tsneachta seo fós
Tá sé mar sin ó thús deireadh go tosaigh
Is fhearr dhuit fanacht go deireadh anois
Caithfidh mé an litir seo a léamh go deireadh shula n-imí mé
Ní fheicfidh tú deireadh choíchin leis an obair sin
D'imigh sé roimh an deireadh — roimh an gcrích; sula raibh an rud thart nó críochnaithe
Bainfidh mé cupla boirdín (feamainne) roimh dheireadh an rabharta
Hé brí céard é a thús is seafóid a dheireadh i gcónaí — b'fhéidir go mbeadh tús na cainte ciallmhar ach bíonn a deireadh ina seafóid
Hé brí céard é a thús, is iad na mná a dheireadh agat i gcónaí
+
Ní deireadh dhó seo (sioc). M'anam nach deireadh! — níl sé thart fós
Ní deireadh don chogadh fós. Bainfidh siad scaitheamh eile as
TUILLEADH (3) ▼
Shíl mé go raibh sé ina chlaochmú tráthnóna, ach dar príosta, tá sé ag biathú as aríst. Ní deireadh dhó fós (sneachta)
Ní deireadh den triomach fós. Ní hea muis, ná cuid de dheireadh
Ní deireadh di (báisteach) — níl aon deireadh i ndán di; beidh sé ag báisteach go deo anois
·
Tá sé in am deireadh a dhul ar an damhsa sin anois
Tá sé thar am deireadh a dhul ar na cártaí sin feasta
+
Níl deireadh déanta aige fós (báisteach)
Shíl mé go raibh deireadh déanta aige, ach níl (de shneachta)
TUILLEADH (10) ▼
Níl deireadh caite aige ná baol air fós. An bhfeiceann tú chomh lasta agus atá an spéir — sioc
Níl baol ar bith orm deireadh a bheith bainte agam fós (móin, fataí, srl.)
Níl deireadh insithe agam fós — tá tuilleadh le n-inseacht
Beannacht Dé dhuit, níl deireadh feicthe agat fós — tá tuilleadh le feiceáil
Ní bheadh deireadh a chuid scéalta sin insithe bliain ó inniu
Ní bheadh a dheireadh ráite tráthnóna agam — amhrán
Níl a dheireadh faighte fós agam — airgead a chuaigh amú
Chaithfeá dhá lá do shaoil le na sionnaigh sin agus ní bheadh a ndeireadh maraithe agat
Is maith a chruthós tú má bhíonn deireadh na bhfataí glanta agat amárach
Níl deireadh ite fós aige
c.
+
Tá an t-amhrán siúd aige gan tús gan deireadh — an-fhada agus gan é ag teacht le chéile
Ní bheidh tús ná deireadh ar an obair sin go deo — an-mheata, an-tsáraithe
TUILLEADH (1) ▼
Is fear gan deireadh ná tosach é — místuama, liopastach
3.
fuílleach; an chuid de rud nár hídíodh fós.
a.
·
Sin í deireadh na móna (na feamainne, na bhfataí, an tae, an phlúir, an bhainne, an choirce, an fhéir, an tobac, an airgid, an fuisce, na feola, na dtairní, an adhmaid, na hola, an bhealadh, srl.)
+
Sin í deireadh na móna anois — tá an mhóin ídithe ar fad
Ní bheidh deireadh an choirce curtha aige lá na Faiche seo chugainn
TUILLEADH (17) ▼
Céard a rinne sibh le deireadh an bhainne?
Cá ndeachaigh deireadh an fhéir a bhí ansin? Bhí glaicín deas ann
Tá deireadh mo chuid tobac caite agam
Tá deireadh a bhfuil de leasú ann anois ídithe hé brí céard a dhéanfar
Tá deireadh na raithní curtha isteach faoi na beithígh anocht. Caithfidh sibh a dhul ag baint leabthachaí feasta, má bhíonn siad (na beithígh) i bhfad eile istigh
Tá a ndeireadh istigh anois (fataí)
Tá a deireadh bainte agam (móin)
Tá a ndeireadh ar fáil — deireadh an dreama a bhí imithe
Tá a ndeireadh imithe uaidh anois (clann)
Tá a ndeireadh maraithe i mbliana (iasc)
Tá a deireadh triomaithe i mbliana. Dheamhan fód eile a thriomós
Tá a deireadh díolta anois (móin)
Tá deireadh na huachta amuigh anois aige
Tá deireadh an phórtair ólta anois
Aire dhaoibh! Beidh deireadh na feola sclafa aige seo thuas mura dtapaítear é
Diabhal bliain ó inniu go bhfeice tú deireadh an airgid sin le fán. An rud a fhaightear go dona, imíonn sé go dona
Tá deireadh na bracha teagtha as anois — níl níos mó bracha ann
+
"Níl a fhios cé is fhearr a thús ná a dheireadh" — má bhítear ag roinnt rud, b'fhéidir gur diomdhaí a bheadh an fear tosaigh ná an fear a gheobhadh an roinnt dheiridh
Beidh mise luath go leor. Tógaidís leo í. Níl a fhios cé is fhearr a thús ná a dheireadh
TUILLEADH (4) ▼
Deir siad nach mbíonn an chéad fhear buíoch ná diomdhach, agus deir siad freisin nach bhfuil a fhios cé is fhearr a thús ná a dheireadh
Deir sibhse gur i ndeireadh na bliana a rugadh mise, ach deirimse nach bhfuil a fhios cé is fhearr a thús ná a dheireadh. Má tá mé mall féin, is minic freisin a rug cú mhall ar a cuid, agus ní bhíonn de chailleadh ar dheireadh an mhála féin
Níl agamsa ar aon chor ach an drioball, ach níl a fhios, adeir siad, cé is fhearr a thús ná a dheireadh
Ní bhfuair mise aon tús ar an bhfeamainn. Bhí chuile dhuine ann romham, ach b'fhéidir gur éirigh an oiread liom ina dhiaidh sin agus a d'éirigh le chuile dhuine. Níl a fhios ag duine cé is fhearr a thús ná a dheireadh
·
Seo é deireadh an chogaidh (deireadh na dolaíochta, an tslaghdáin, an fhiabhrais, na bruitíní, na ndaitheachaí meisce, deireadh an dinnéir, an tsuipéir, an lóin, an damhsa, na bainse, na báire, an chluiche, na faice, an chleis, na báistí, an tsneachta, an tseaca, na toirní, na gaoithe móire, na croisínteachta, an iascaigh, an tarlaithe, an ghróigthe, an leasaithe, an lánaithe, an chuir, an ghortghlanta, an chruachta, na caoladóireachta, na tuíodóireachta, na gréasaíochta, na carraeireachta, na siúinéireachta, srl.)
+
Is gearr uait deireadh na dolaíochta anois
Tá sé i ndeireadh an fhiabhrais anois. Chuaigh sé thrí aothú trí nó ceathair de laethantaí ó shin
TUILLEADH (3) ▼
Sílim go bhfuil muid i ndeireadh an tsneachta dhá fhada go dtí é. Tá sé ina chlaochmú
Tá tú ag dul isteach i ndeireadh an tseaca anois. Is furasta a aithinte ar an spéir anocht é
An bhfuil aon bhaol ort a bheith i ndeireadh na caoladóireachta fós?
·
Deireadh an áil (na féinne, an teaghlaigh, Chlainn Mhac Chonfhaola srl.)
+
'Sé deireadh na Féinne é — Oisín i ndiaidh na Féinne é; muirín a bhánófaí go dtí duine nó beirt, nó baile go dtí teach, nó ál éan go dtí éan amháin srl.
Smál eicínt a bhí orthu sin. Tá sé sin anois ar dheireadh na Féinne. Níl an deoraí eile acu sa gcomhaireamh ceann, théis go raibh dháréag acu ann
TUILLEADH (4) ▼
Is mise deireadh na Féinne anois. Dhealaigh a raibh de thithe eile ann uaim síos go bóthar. Tá mé liom féin anois ar bharr an bhaile
'Sí deireadh na Féinne anois an chearc sin. Níl fágtha agam dhá raibh de chearca agam ariamh ach í féin. Agus ní bheidh sí sin fhéin i bhfad ann má fhaigheann sé siúd aon ligean uirthi. Bhí chúig cinn fhichead acu agam dhá bhliain ó shin. Sin í an chreach agus an chreach nár roinneadh
Chonaic mise dhá theach déag ansin san am a raibh mé mo bhuachaill ag an S., agus níl ann inniu ach G. Tá sé ar dheireadh na Féinne … Ghread an chuid eile leo go Meiriceá, agus chuaigh scaipeadh orthu ar chuile chaoi. Ba deacair a gcur i dtoll a chéile inniu
Tá an bheirt sin anois ar dheireadh na Féinne. Bhuail díleá eicínt an chuid eile. Cailleadh iad ó dhuine go duine. Bhí ráite gurb é an teach nua a rinne é. D'athraigh siad amach aríst i seanscioból agus dheamhan imeacht a tháinig ar aon duine acu ó shin. Ach is beag an chreach atá ann anois go bhfóire Dia orainn, ar scáth beirt
b.
·
Sin é anois deireadh a chuid feirge (a chuid macnais, suaimhnis, oilc, meanmna, bróid, uabhair, reatha, móiréise, nirt, anála, spreacadh, sonais, séin, láíochta, bóithreoireachta, fonnadóireachta, feadaíola, scréachaíola, síonaíola, cuartaíochta, deireadh a shaoil agus a mhaitheasa, deireadh a chuid gáirí, a chuid caoineacháin, a chuid bróin, a chuid taighd, a chuid foighde, a chuid laethantaí maithe, a cuid rístíochta, a chuid díomhaointis; a chuid bochtaineachta srl.)
+
Tá deireadh suaimhnis feicthe ag S. anois — ní bhfaighidh sé níos mó suaimhnis
Is gearr uaidh deireadh só anois má phósann an mac an ropaire sin
TUILLEADH (3) ▼
Sílim a bhuachaill (lao) go bhfuil tú i ndeireadh do chuid macnais anois. Níl aon fhéar ar gharraí an L. le macnas a chur ort
Bhí mé i ndeireadh m'anála — séidte ar fad
Tá sé i ndeireadh a spreacadh (lúid, nirt, srl.) — níl aon spreacadh fanta ann
+
Tá deireadh a cuid cuartaíochta déanta anois má tá sí ag dul ag pósadh
Tá sé in am agat deireadh do chuid caoineacháin a bheith déanta agat feasta
TUILLEADH (6) ▼
Sin é deireadh a chuid gáirí muis: beidh ceol thar phíobaireacht aige feasta ina haice siúd
Tá deireadh a chuid laethantaí maithe caite — seanfhear; nó duine ar mhó d'anró ná de shó a bheadh i ndán dó feasta
Ní fiú an seantreabhsar sin a dheasú anois. Tá deireadh a chuid laethantaí maithe caite
Tá deireadh a chuid rístíochta feicthe aige anois. Caithfidh sé a chuid allais a chur feasta
Sin é deireadh a (bhur) gcuid bóithreoireachta aríst i mbliana. Amach as sin ní fhágfaidh sibh
Is gearr go mbeidh deireadh na carraeireachta déanta agam i mbliana
+
Tá deireadh a chuid fataí ite — tá sé réidh; is gearr an bás uaidh
Ba mhaith an damhsóir é, ach tá deireadh a chuid damhsa déanta sílim — tá sé réidh
TUILLEADH (3) ▼
Ní dhéanfaidh sé aon bhalla eile. Tá deireadh a chuid ballaí déanta
Ní mharóidh sé aon chearc eile. Tá deireadh a chuid cearc maraithe anois
Tá deireadh mo chuid oibrese déanta anois, tá faitíos orm. Is gearr a mhairfeas mé
+
Nach mór an néal atá ag teacht air seo thíos i ndeireadh a shaoil thall: a dhul ag fáil stalach dó. A Dhia láidir giorróidh sí leis
Is beag atá mo leithidese i ndeireadh mo shaoil thall in ann a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
Tá an t-athair i ndeireadh a shaoil anois
Nach beag an tsúil le Dia a bhí aige, i ndeireadh a shaoil agus eile, a dhul ag déanamh a leithide de chleas
Duine ar bith atá i ndeireadh a shaoil mar atá mise, tá rud ar a aire
+
Is beag é m'fhoghailse anois. Tá mé i ndeireadh mo shaoil agus mo mhaitheasa — níl mé in ann faice oibre a dhéanamh. Tá mo chuid oibre ar iarraidh
Ar ndóigh ní ag faire ar an seanfhear bocht sin atá i ndeireadh a shaoil agus a mhaitheasa atá tú
TUILLEADH (2) ▼
Duine ar bith atá i ndeireadh a shaoil agus a mhaitheasa mar atá tusa anois, is gearr le dhul é
Ní fhéadfadh sé rud ar bith níos measa ná sin a dhéanamh i ndeireadh a shaoil agus a mhaitheasa
c.
·
Seo é deireadh oíche (deireadh lae, deireadh na bliana, an earraigh, na Nollag, na hInide, na Cincíse, na seachtaine, na míosa, na gealaí, na trá, an rabharta, an tsaoil, an domhain, srl.)
+
Tá sé ina dheireadh lae
Tá sé ina dhiúin agus ina dheireadh lae (fc. diúin, neoin)
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé ina dhiúin (nó niúin) bheag agus ina dheireadh lae
Bhí sé ina dhiúin bheag agus ina dheireadh lae, an capall ag dul ar scáth na copóige agus an chopóig ag dul don Domhan Soir … (as seanscéal)
Is gearr go mbeidh sé ina dheireadh oíche
Ní fiú dhúinn a dhul ag bacadh anois leis. Tá sé ina dheireadh lae
Dhúisigh mé am eicínt amach i ndeireadh na hoíche, ach thit mé i mo chodladh aríst
B'fhéidir nach mbeadh a fhios agat céard a dhéanfainn amach anseo i ndeireadh bliana
+
D'imigh mé deireadh oíche (/d′er′əw//d′er′ū/)
Deireadh oíche a d'imídís i gcónaí
TUILLEADH (5) ▼
Tús Aoine nó deireadh Sathairn, níor thriomaigh siad ariamh dhá dteagaidís fliuch — deirtear seo
Tá deireadh gealaí anois ann
Bhí deireadh trá ann, agus ní raibh dhá ghabháilín fheamainne bainte aige
Fan go dtí deireadh an lae
Níor tháinig sé isteach go dtí deireadh an aifrinn
+
Tá muid ar dheireadh an rabharta inniu — tá sé caite
Lá saoire eicínt ar dheireadh na Nollag a bhí ann ar aon chor
TUILLEADH (7) ▼
Lá eicínt amach ar dheireadh na hInide anuraidh a phós sé
Bhí muid ar dheireadh a (ár) mbéilí nuair a tháinig sé isteach
Níl sásamh ar bith aige sin a theacht ag cuartaíocht mura mbeidh na daoine ar dheireadh an phaidrín
Chuaigh mé oíche soir ann ar dheireadh gealaí
Tháinig sé isteach ar dheireadh an aifrinn agus chuaigh sé ar a leathghlúin
Tá muid ar dheireadh na gealaí anois
Déarfainn go bhfuil muid ar dheireadh an chogaidh
+
Mura bhfuil ag Dia, 'sé deireadh an domhain é — is gearr uainn deireadh an domhain. Déarfaí é le báistigh shíoraí, le cogadh uafásach, nó rud ar bith neamhiondúil mar sin
Tá sé ina dhórtadh aríst inniu. An tseachtain seo as éadan. Mura bhfuil ag Dia, 'sé deireadh an domhain (an tsaoil amantaí) é
TUILLEADH (2) ▼
Ná bac leis an saol anois. Ní bheidh aon dhuine ann ina dhiaidh seo. 'Sé Cogadh an Domhain é. 'Sé, agus 'sé deireadh an domhain é ach grásta Dé
An bhfaca tú an chaoi a gcaitheann sé na scaltrachaí le gairid. Agus an chuma atá air ag báisteach. Dheamhan fiú agus an lá a tháinig aon samhradh anois le chúig bhliana, a bhféadfá caitheamh dhíot le brothaíl. Ó, 'sé deireadh an Domhain é ach grásta Dé
d.
+
Fataí deiridh bliana iad sin, agus níl aon chúis leo
Sin uainín deiridh bliana
TUILLEADH (3) ▼
Sin é an cur deiridh bliana. Más ea féin, níl aon chailleadh air
Tá glac mhór de mhóin deiridh bliana thuas ansiúd agam, ach dheamhan ceannacht a gheobhas mé uirthi go brách — móin a baineadh mall sa mbliain, nuair a bhí séasúr na móna caite
B'fhearr duit gan ál deiridh bliana ar bith a chur síos. Bíonn siad an-mheata — an t-ál a theagas amach i ndeireadh an ghoir, bíonn sé an-mheata
e.
+
I ndeireadh na bliana a rugadh tú — duine nach mbeadh in am le haghaidh solamair ar bith dhá mbeadh ag imeacht
Tá an dinnéar go díreach ite againn. Dhá dteagtá scaithín beag níos túisce, bheadh rud eicínt le fáil agat. Is cosúil gur i ndeireadh na bliana a rugadh tú
TUILLEADH (3) ▼
'Sé do thráth a theacht anois. I ndeireadh na bliana a rugadh thú. Níl striog sa mbuidéal nach bhfuil ólta
Lig tú buille deireanach ort féin é. I ndeireadh na bliana a rugadh thú siúráilte go leor. Ach i dtús na bliana a rugadh S. anseo bail ó Dhia air. Bhí sé istigh nuair a bhí an bheadaíocht bheag sin ann
Shoraidh dhaoibh nár chuir bealadh faoina (bhur) n-ioscadaí, agus a bheith anseo tamaillín níos túisce. Bhí geampa breá de bhradán agam a tháinig ó Ph. I ndeireadh na bliana a rugadh sibh
f.
+
Ná fág tú féin ar deireadh — ná fág thú féin gan tada, nó taobh le cuid an bheagáin (le duine a bheadh ag roinnt ruda); ná déan drochoineach ort féin
Má fhágann tú é siúd ar deireadh, ní bheidh aon seasamh faoi chaolachaí an tí leis
TUILLEADH (7) ▼
Roinn mé é chomh cothrom agus a d'fhéad mé agus an té atá ar deireadh bíodh. Dheamhan neart agamsa air. Is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh
'Sé an chaoi a bhfuil an saol seo: bain amach a bhféadfaidh tú, agus an té a bheas ar deireadh, a chead sin a bheith aige. Chuile rud ag luí ar an lagar agus an lagar ar an talamh
Ná bac thusa le S. ach tapaigh do chuid fhéin chomh uain is a fhéadfas thú. 'Sé S. an fear céanna nach mbeidh ar deireadh, feicfidh tú fhéin air. Tá sé sin sách treallúsach lena cheart a bhaint amach
Tá trua agat do Bh. Ná bíodh muis ná a dhath. Ní bheidh B. ar deireadh deirimse leat, má bhíonn fód ar bith ag aon duine eile sa tír
Ní bheidh sé sin ar deireadh d'uireasa posta. Tá éadan aige ar chaoi ar bith, bíodh foghlaim air nó ná bíodh!
'Sé fear a roinnte atá ar deireadh. Breá nár choinnigh tú stiall duit féin
Tabhair an leabhar air nach bhfágfaidh D. é féin ar deireadh, hé brí cé a bheas uireasach
+
"An té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh" (seanfhocal) — níor fhága Dia é féin ar deireadh; choinnigh sé rud eicínt dó féin; 'sé ceart fear roinnte nó fear ceannais, gan oirille a dhéanamh air féin
An t-airgead sin atá dhá ligean amach! Gheobhaidh mise agus tusa a (ár) gcuid dhó (dhe), ach an té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh. Beidh an ceann ramhar ag na comhairleachaí
TUILLEADH (3) ▼
Fuair P. seacht gcinn, M. seacht gcinn, agus cuid ar leith na coimhlinte, mar adeireadh P. T., ag fear na heangaí. Ní taobh le seacht gcinn a bhí sé ar chaoi ar bith, ach an té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh. Sin é an chaoi a mbíonn sé
Thug sé burla nótaí don Gh. 'Roinn amach iad sin ar na fir sin,' adeir sé, agus isteach leis féin sa teach. Fuair chaon duine againn dhá raibh ann punt an duine, hé brí cé mhéad a d'fhan ag an G. ina dhiaidh sin. Bí siúráilte nach é cuid an bheagáin é. An té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh, adeir siad
Tá siad sin in ainm is a bheith dhá dhéanamh sin in aisce — gan pínn gan bonn — ach ní bhíonn siad gan ailp a bhaint as ina dhiaidh sin. Cuirfidh mise geall leat gur mó a gcion féin di as deireadh na cúise, ná cion na ndaoine bochta a roinneann siad orthu é. An té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh. Ní fhágfaidh siadsan iad féin ar deireadh ach an oiread
4.
a.
+
Tá sé ag teacht sa deireadh — tá sé ag teacht faoi dheireadh
Feicfidh tú féin sa deireadh gurb agamsa atá an ceart
TUILLEADH (5) ▼
Oibrigh leat anois. Beidh aiféala ort sa deireadh — ach a mbeidh chuile shórt déanta agat
Cé acu den bheirt is fhearr sa deireadh ina dhiaidh sin?
Dhá ndéanthá an saol mór dóibh sin, aon mheas amháin a bheadh ort sa deireadh
Aon chás amháin é sa deireadh, a dhéanamh nó gan a dhéanamh.
Théis a raibh de chion aige ar ghasúir ariamh, ní raibh neart ag gasúr ar bith a thaobhachtáil sa deireadh — gairid shula bhfuair sé bás
+
"An rud a bhíos dhá shíorlua, teagann sé isteach sa deireadh"; "déantar é sa deireadh" (seanfhocal) — má bhíonn síorchaint faoi rud, déantar é sa deireadh; nó má bhíonn síorfhaitíos roimh rud, teagann sé isteach sa deireadh
Agus rinne tú an cliabh! Dar fia is ait a chruthaigh tú! An rud a bhíos dhá shíorlua, teagann sé isteach sa deireadh
TUILLEADH (3) ▼
Agus tá sí pósta inniu. Is minic cheana a bhí sí in ainm is a bheith ag dul ag pósadh, ach an rud a bhíos dhá shíorlua, chreidim go dteagann sé isteach sa deireadh
Ní theagadh iamh air le mo chuimhne ach ag caint ar an mbás, agus chreidim an rud a bhíos dhá shíorlua go dteagann sé isteach sa deireadh. Tá sé féin imithe anois, an duine bocht!
Tá an cogadh anois ar ghort an bhaile thar is ariamh. Is minic a chuala mé luaidreáin ó thosaigh sé, go dtiocfadh sé go hÉirinn shula stopadh sé, agus an rud a bhíos dhá shíorlua, déantar é sa deireadh
+
Tháinig olc air as a dheireadh — i ndeireadh na ngnaithí
Mura lige tú dhom, buailfidh mé thú as a dheireadh
TUILLEADH (9) ▼
'Sé an chaoi a mbeidh sé agat as a dheireadh go mbeidh tú gan Murchadh gan Mánas
Beidh tú ag míoladóireacht leis, nó go dtuga sé fút é as a dheireadh
Níl a fhios agam cén chaoi a mbeadh sé as a dheireadh murach gur ardaigh mise liom T. Bhí an ceann eile an-líofa ag troid
D'éirigh sé as a dheireadh, agus ghread leis
Is doiligh a rá céard a tharlós as a dheireadh. Níl aon duine in ann a rá céard is cor don scéal sin fós
Gheobhaidh Sasana garbh as a dheireadh é, agus tuilleadh ghéar den diabhal aici. Is fada dhá thuaradh sin di féin í
M'anam nach bhfuil a fhios agam fhéin cé a bheas buíoch nó diomdhach as a dheireadh, agus dheamhan an miste liom
Tabhair cead a chinn anois dó. É féin a bheas síos leis as a dheireadh
Dhá bhfágtaí eatarthu é, agus gan eadarascán ar bith a dhéanamh, chaochfadh an droinníneach beag é as a dheireadh
+
D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó, agus shiúil sé amach — faoi dheireadh thiar; nó at length go minic. Faoi dheoidh? Faoi dhó? Bíonn fuaim leathan air i gcónaí sa gcaint, ach thiocfadh dó gur faoi dheoidh a bhí ann an chéad uair agus nuair a shearg an focal dheoidh, gur cuireadh focal sothuisceanach ina leaba: fearacht gleorach > glórach; fialnáire > feálnáire srl. Tá an focal cách ag déanamh cáit ag daoine agus in áiteachaí ar fud na Gaillimhe ar ala na huaire. Ní feasach dom go bhfuil an leagan faoi dheoidh sa gcaint, munab é an leagan réamhráite é. Ach tá faoi dheireadh agus faoi dhó an-tréan sa gcaint
D'éist mé féin scaitheamh maith leis, ach faoi dheireadh agus faoi dhó, thosaigh mé ag cur ina aghaidh. Bhí sé ina sháraíocht ar an toirt
TUILLEADH (5) ▼
Chaith sé an-fhada idir chamánaí nó go ndeachaigh mé féin síos chucu faoi dheireadh agus faoi dhó, agus gur fhiafraigh mé dhíobh céard a bhí fúthu a dhéanamh leis, agus é a chur ar thaobh eicínt …
Bhí an lao suas le uair idir chnámha agus é ag cinnt orm fhéin a thabhairt liom. D'fhan mar sin go ceann dhá lá, agus shílfeá nach raibh daorbhasctha di chor ar bith. Ach bhuail donacht ansin í, agus chaith sí mí mhór fhada idir luí agus éirí. Diabhal mé gur shíl mé féin go srianfadh sí as, ach cailleadh í faoi dheireadh agus faoi dhó
Bhí sé ag imeacht ag mungailt faoina fhiacail, agus ag gearán go neamhaí, agus hob ann agus hob as aige. D'éirigh mé féin faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Mura bhfuil rún agat a thabhairt uait,' arsa mise, 'coinnigh é,' agus amach liom an doras
Chuaigh chúig scéala suas ag glaoch air. Tháinig sé anuas faoi dheireadh agus faoi dhó
Chaith sé ceathrú uaire ag braiteoireacht, agus ag cartadh an phíopa siúd. D'oscail sé a bhéal ansin agus d'fheicfeá ag ligean siar a sheile é. 'Dheamhan a fhios agam fhéin,' adeir sé faoi dheireadh agus faoi dhó. Is mór dhá fhonn a tháinig orm failm de chic a thabhairt don phíopa
+
Labhair sé faoi dheireadh — sa deireadh; at last
An bhfuair tú é faoi dheireadh?
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan an féidir go dtáinig sé abhaile faoi dheireadh
Deir tú leis a thosaigh ag caint liom faoi dheireadh
Dhá bhfaighinn ligean ar bith air faoi dheireadh, scarfainn leis an mbeithíoch ar an méid a thairg sé uirthi
Agus tá sé ag dul ag pósadh faoi dheireadh!
Rinne sibh an claí faoi dheireadh, théis chomh fada agus a bhí sibh ag caint air
Briseadh é faoi dheireadh. Is fada sin ag teastáil uaidh
Má choinníonn sibh an bóthar sin seadaithe, agus gan suaimhneas ar bith a thabhairt dóibh faoi, déanfar é faoi dheireadh (sa deireadh)
b.
·
I ndeireadh na cúise (na faidhleála, na rúcála, na ngnaithí srl.); rinne sé é faoi dheireadh thiar; rinne sé é faoi dheireadh thiar thall; rinne sé é as deireadh na cúise; i ndeireadh na scríbe; as deireadh na faidhleála; as deireadh na rúcála
+
Tháinig tú faoi dheireadh thiar nuair a chinn ort i chuile áit eile
Agus tá sé thart faoi dheireadh thiar. Dar mo choinsias, má tá féin, tá sé in am sin aige at long last (at last — faoi dheireadh)
TUILLEADH (10) ▼
Tá rún pósta aige faoi dheireadh thiar! M'anam nach miste dhó sin ach oiread! Is fadó an lá ó dúradh gur mhac é
Thug sé dhom é faoi dheireadh thiar, agus mé i mo shiún sincín aige dhá iarraidh air leis an fhad seo
Agus bhásaigh sé faoi dheireadh thiar! Bhí aois chapall na muintire aige sin go ndéana Dia grásta air!
Rinne sé é faoi dheireadh thiar thall nuair a bhí muid sáraithe ag tuineadh leis. Má rinne féin, ní mórán slaicht a chuir sé ar a shaothar. Is mór an ghráin é. B'fhearr liom gan déanamh é anois!
Faoi dheireadh thiar thall, tháinig sé i leith go dtí mé agus dúirt sé i gcogar liom a dhul in éindí leis …
Agus d'éirigh tú as an gcaoineachán faoi dheireadh thiar thall! Dar príosta is ait a chruthaigh tú!
Tá sí bainte aige ar éigean faoi dheireadh thiar thall, ach 'sé a bhfuil ann é, 'sé sin
Is fada atá sé ag gealladh dhom, ach fuair mé í faoi dheireadh thiar thall
Tógadh é faoi dheireadh thiar thall. Nár theaga sé amach choíchin muis! Is iomaí mailís atá déanta aige ar dhaoine bochta ó thosaigh sé ag díolachán ansin.
Is beag nach bhfuil sé curtha aige faoi dheireadh thiar thall. Cí Dia muise go bhfuil sé in am sin aige
+
Níl a fhios agam féin céard a dhéanfas sé as deireadh na cúise (i ndeireadh na cúise) — as a dheireadh; faoi dheireadh thiar thall; nuair a rachas sé ar an sciain is géire; in the last analysis.
Dhíol sé an bhó ar na chúig phunt dhéag as deireadh na cúise. Chreidim go mba mhór leis a tabhairt abhaile
TUILLEADH (5) ▼
Déarfá nach raibh sé an-líofa ag a pósadh, ach phós sé í as deireadh na cúise. Má phós a mhaisce, fuair sé spré mhór
Is beag a mheas a bhí againn air sin, ach diabhal mé go ndéanfaidh sé gníomh as deireadh na cúise
Níl fear ar bith in ann a rá céard is cor don chogadh seo as deireadh na cúise
Agus nach é S. a raibh an ceart aige as deireadh na cúise. Deile?
Má tá tú sách fadbhreathnaitheach, is follasach duit féin as deireadh na cúise, gur mise atá ag rá na fírinne
+
Ghoin m'aire mé i ndeireadh na scríbe, ach bhí an anachain déanta — faoi dheireadh thiar; i ndeireadh na cúise
Imreoidh sé ort i ndeireadh na scríbe nó is ait a oibreos tú!
TUILLEADH (6) ▼
Ní bheidh aige ach cuid den mhagadh i ndeireadh na scríbe
M'anam go mba mise ba lú tuirse i ndeireadh na scríbe — i ndeireadh an aistir
Foighid ort go mbeidh muid ag deireadh na scríbe. Ansin tig linn a (ár) rogha rud a dhéanamh. Maidir lena dhul ag déanamh moille faoi bhealach!
I ndeireadh na scríbe, níl fear ar bith is fhearr ná an té nach gcuirfidh araoid ar cheachtar acu, ach cead acu fhéin a phlé le chéile
Feictear dhomsa, i ndeireadh na scríbe, nach bhfuil gair ag fear ar bith ar an saighdiúr. Breathnaigh ar J. Ph. Féacha a bhfuil sé a fháilt d'airgead! É féin agus a bhean agus a chuid gasúir fré chéile!
Bainfidh ceann eicínt acu amach é, má théann siad chun dlí, ach i ndeireadh na scríbe, is cuma eatarthu é. Is beag is fiú an áit nuair a bheas na dlíodóirí réidh leis
+
Tháinig sé amach ar lom an bhóthair as deireadh na faidhleála, agus d'iarr sé fear ar bith dhá raibh ann ag troid — as deireadh na cúise
Thusa a bheas síos leis as deireadh na faidhleála, agus ní eisean
TUILLEADH (1) ▼
As deireadh na faidhleála, ba mhian leis a dhul ar láíocht, ach diabhal cos an chinn eile nach ag borradh leis an achrann a bhí sé
·
Gheobhadh sé faoi na foraí é as deireadh na rúcála murach gur dealaíodh iad — bíonn achrann nó siúite nó glacamas lámh i gceist anseo go hiondúil .i. rúcáil achrainn.
Dheamhan a fhios agamsa cé a bheadh donaithe i ndeireadh na rúcála, murach an ghrifisc sin thiar a theacht ann
5.
+
Cé a tháinig isteach faoi dheireadh? — cé hé an duine deiridh a tháinig isteach; who came in last?
Cén áit a bhfaca tú é faoi dheireadh?
TUILLEADH (12) ▼
Céard a d'ól sibh faoi dheireadh?
Cén chruach a bhuail sé faoi dheireadh?
In ospidéal na Gaillimhe a bhí sé faoi dheireadh, ach ní raibh siad in ann aon leas a dhéanamh dhó ann
Is fhearr é ar chuma ar bith, ná an áit a raibh mise faoi dheireadh
An cléireach a raibh mise ag caint leis faoi dheireadh, ní thabharfadh sé saoradh ná séanadh dhom faoi. Thosaigh mé fhéin ag bagairt phóilíos air, ach ba in é a raibh de mhaith ann …
Níor thug mé ar an mbicycle a bhí agam faoi dheireadh ach chúig phunt. Thabharfainn scór air anois, dhá bhfaighinn air chor ar bith é
Chinn orm a fheiceáil chor ar bith an uair faoi dheireadh a raibh mé ann
An t-ualach faoi dheireadh a thug mé liom, as an gcruaich thuas a thug mé é
Ní raibh aon chaint air sin sa bpáipéar faoi dheireadh a tháinig againne
An litir faoi dheireadh a tháinig uaidh, dúirt sé go raibh sé ag déanamh mar adéarfá leis é
An madadh faoi dheireadh a bhí agam, d'imigh sé le dúchas nó diabhal eicínt, agus níor facthas ariamh é. An ceann roimhe sin mharaigh mótar é. Níl na madraí ag éirí liom
Sílim go n-athraíonn sé lóistín chuile sheachtain mórán. An lóistín faoi dheireadh a raibh sé, is beag nár cailleadh ann é leis an ocras
+
Bhí sé anseo an lá faoi dheireadh agus mura raibh dradaireacht le fáil uaidh, ní lá go maidin é the last day, the other day; an lá cheana
Chaith sé tamall mór ag caint leis an lá faoi dheireadh
TUILLEADH (3) ▼
Tháinig sé isteach anseo an lá faoi dheireadh, agus hé brí cén sórt caint a bhí ar siúl acu sin, tháinig buile chatha air nach ndeachaigh na daoine ag bhótáil
Ní tada é inniu ar ghualainn an lá faoi dheireadh. Sin é an lá a raibh sé spréachta!
An bhliain faoi dheireadh a raibh sé sa mbaile, ní dhearna sé tíochas ar bith. Dheamhan mórán le seachtain a chaith sé anseo sílim
6.
+
Is mór a chuirfeas an bháisteach seo an fómhar chun deiridh — siar; gan é a bheith in alt a bhainte chomh luath agus ba cheart dó; amantaí chun donachta freisin
Bliain fhliuch a bhí inti. Beidh an t-arbhar chun deiridh — siar; deirtear ar deireadh freisin scaití
TUILLEADH (5) ▼
Ní fheicfidh tú aon fhata nua isteach i mbliana nó go gcaitear Domhnach Chrom Dubh. Chuir an sioc sin faoi Bhealtaine chun deiridh ar fad iad
Is mór atá na cnónnaí chun deiridh i mbliana: bliain thirim
Is beag an dochar dóibh a bheith chun deiridh fhéin agus gan aon scalán gréine a fháil le dhá mhí, ach scalán fánach
Diabhal mórán a chuirfeas an múr sin chun deiridh iad, mura dteaga tuilleadh.
Tá an crainnín sin go mór chun deiridh le hais a bhfuil eile acu ann. Meas tú cén chiall? Shílfeá go bhfuil sé in áit chomh cóiriúil le ceachtar acu
+
Is mór an cur chun deiridh orm na cupla lá sin a chaith mé ar an leaba. Ba iad an dá lá móna ab fhearr an bhliain seo iad. Dhá mbaininn dhá shleán an t-am sin agus a caitheamh suas ina cora, bheadh sí tirim anois
Tá dasachaí go hard os cionn talúna, ach má tá i ndán is go dtiocfaidh glasreo ar bith seaca, is an-chur chun deiridh orthu é
TUILLEADH (4) ▼
Is diabhlaí an cur chun deiridh orm nach bhfuil an capall agam. Bheadh an fheamainn seo amuigh ar na garrantaí agam cupla uair an chloig de lá, thar is a bheith ag sceidínteacht mar seo léithe ina boirdíní asail
Ba mhór an cur chun deiridh air leis an scaradh nach raibh bara aige. Ní bheadh stró ar bith í (móin) a scaradh ansiúd le bara. Tá plás réidh ann
Is cur chun deiridh ar na daoine anseo nach bhfuil bealach portaigh acu díreach suas ón mbaile, agus gan dhá mhíle timpill a bheith orthu, mar atá
Tá tú chun deiridh leis an gcur i mbliana — níl an oiread curtha agat agus ba cheart a bheith an tráth seo
+
Tá sé ag dul chun deiridh — ag dul ar gcúl; tá sé ag tabhairt uaidh; gan an spreacadh ag fanacht ann, nó an mhaith
Tá na fataí ag dul chun deiridh — ag feochan; na dasachaí ag sleabhcadh
TUILLEADH (7) ▼
Níl rása ar bith dhá shaol is fhearr an fear ná an darna rása, ach ó bheas sé sin bailithe aige, gabhfaidh sé chun deiridh
Tá sé in am aige a bheith ag dul chun deiridh. Nach bhfuil sé go hard as cionn an dá scór?
Is mór a chuaigh sé chun deiridh ó chonaic mise go deireanach é. Tá sé ina scairíneach ag an obair
Dheamhan ionga ná orlach ag teacht ar na hoinniúin sin amuigh. Ag dul chun deiridh atá siad, sílim
Is diabhlaí nach mbeadh biseach eicínt faoin lao beag sin agus an aire atá dhá thabhairt dó. Ach dheamhan é. 'Sé an chaoi a bhfuil sé ag dul chun deiridh
Tá mé rómhór chun deiridh anois le dhul ag comórtas le buachaill óg mar thusa, ach bhí lá ann agus ní bheadh tuilleamaí ar bith agam leat le láí ná le sleán ná le aon obair eile
Ag dul chun deiridh a bheas tú chuile lá feasta
·
Tá tú ar deireadh leis an gcoirce — chun deiridh
Tá an fómhar ar (chun) deireadh i mbliana

Féach freisin

deireadh in iontrálacha eile (100+)

+
abair
Is mór adúirt sé ariamh go ndéana Dia grásta air, ach tá a shraith ar lár faoi dheireadh
TUILLEADH (1) ▼
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dúirt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
 
Ní raibh sé sásta a bheith ina dhochtúr nó go mbeadh sé ina ard-dhochtúr, ach 'sé an chaoi a raibh sé aige faoi dheireadh, bhí sé gan Murchadh gan Mánas
+
Tá sé ag iarraidh a bheith ag freastal do thalamh agus é leath na gcuarta imithe ag cruinneáil an rud eile sin. Sin é téanam an dá chailleach agus gan aon chailleach ag teacht. Ach 'sé an chaoi a mbeidh sé as a dheireadh, ní bheidh Murchadh ná Mánas aige
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gur dhá leath deiridh cait atá air!
 
Más ag tnúthán le seandádach mar í sin atá sé, beidh sé as pósadh déarfainn. Ach diabhal mé go n-éireoidh suaróigín eicínt leis as a dheireadh ina dhiaidh sin fhéin
+
Beidh daidhce air nó go bhfaighe sé daite é; agus gheobhaidh as a dheireadh. B'fhearr dhuit ag gabháil de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith i gcleithiúnas a dhul ag baint aon cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach nuair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in éineacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta leis sin daidhce a theacht air. Níl ort ach breathnú cam air agus tá sé éirithe ina choileachín agat. Má chuaigh leis muis an oíche faoi dheireadh, castar leis é. Ní túisce a bhí sé ina shuí ná bodach eile nach raibh aon bheann aige air: P. Ch. Sin é an buachaill aige
 
Measaim go bhfuil an capall sin aige sách daidhciúil. Bhí siad thíos ansin an lá faoi dheireadh agus chaith siad uair an chloig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aici, ach ina staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corraí. Is diabhlaí contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
 
daigh
Ní fhaca tú aon fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an daigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imíodh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheiridh. Chothaíodh sí i gcónaí é
 
Ná bíodh imní ar bith ort. Tá tú istigh go daingean inti fós. Ach má éiríonn geábh eile chomh maith leis an ngeábh deiridh leis an dream seo, scilling sportha a bheas inti — scilling in imirt chártaí, agus dream ag imirt inti
 
dair
Bain an seanchrann daraí sin ag tóin an tí agus is fada go bhfeice tú deireadh do chuid brosna caite. Bheadh an-smutáin air sin
+
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
TUILLEADH (2) ▼
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
 
Bhí S. sin thiar ann agus an oiread sclaibéireacht agus gardaí aige agus go mba mhór an tseanmóir é. Caitheadh amuigh sa scioból ar meisce é faoi dheireadh. Sin é aríst é: is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis
 
dall 3
Is mise a bhí dallta ar chaoi ar bith an oíche faoi dheireadh ar a theacht amach uaibhse. Níor léir dom mo láimh. Ar éigean na gcor is na gcnámh nár cuireadh soir ar mo bhéal agus ar m'fhiacla sa bpoll mór mé
 
Nach lena aghaidh sin atá sí ann. Cén mhaith di a bheith ina bean leanna mura bhfuil sí in ann an dallach dubh a chur ar dhaoine. Sin é a gceird sin ar fad: thú a choinneáil ar strapa go gcaithe tú an chianóig dheiridh. Bóthar agus bata a thabhairt duit ansin. Is cóir adúirt an té adúirt é: "Agus a liachtaí teach ósta ar ól mé ariamh coróin ann; Agus nach dtabharfaidís dom lóistín na hoíche"
 
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
 
Dhamnódh duine é féin leis an gcruithneacht chéanna agus gan faice dhá barr aige sa deireadh, ach a chuid talúna spíonta. Ná bac leis an gcruithneacht atá talamh na háite seo in ann a thabhairt. Bhí Garraí Mh. L. fúithi agam anuraidh, agus má bhí féin ba ghiobach an barr a bhí air
+
dán
Is diabhlaí a chruthaigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil a fhios cé hé féin? Is méanar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaol. Níl againn a rá ach go ndéana Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
TUILLEADH (1) ▼
Níl i ndán socrú dóibh. Ní fheicfidh tú aon deireadh ar an gcogadh sin go deo
 
Gheobhaidh tú luach do chuid dánachta as a dheireadh. Má spadhrann sé siúd agat lá eicínt, agus spadharfaidh, ní fhágfaidh sé deoir ionat
 
danra
An bhfaca tú aon fhear ariamh is danra ná é ar thada a rá leis. Bhí mé lá thiar in éindí leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iamh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile nó gur tháinig an tráth le n-imeacht. Ansin níor fhan smid ar bith aige faoi. Nuair a chonaic mé féin dhá ligean rófhada é sa deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh gair agam an baile a shamhlú leis gur tháinig sé dhá thoil deona féin sa deireadh
 
daoire
Tá éadach ar a dhaoirse anois. Chuaigh mé isteach G. an lá faoi dheireadh d'aon uaim amháin go gceannaínn báinín. Dheamhan báinín a ligfeadh sé amach as an siopa liom faoi choróin agus punt. 'Chonaic mé an t-am a mbeadh chúig cinn acu ag dul abhaile agam air,' arsa mise. 'Bailíodh leo anois. Imeoidh mé sna ceamachaí scaitheamh eile'
 
Is daoithiúil an duine é. D'iarr mé ceap air an lá faoi dheireadh, le tosach a chur ar mo bhróig, agus dúirt sé nach raibh aon cheap aige, ainneoin go raibh mé ag breathnú air istigh faoin drisiúr le mo dhá shúil an pointe céanna. Faitíos go leasódh sé tada fúm: sin é an fáth nach dtabharfadh sé dhom é. Thairgfeadh sé do dhuine é nuair nach dteastódh sé chor ar bith uaidh
 
daol
Ó rud eicínt nár thaitnigh leis anois a fuair sé an daol sin muis. An iníon atá ag cur a cosa uaithi aríst ag iarraidh a dhul go Sasana. An t-am deiridh a ndearna sí Sasana a shamhailt leis, bhí sé ag dul sna fraitheachaí go ceann míosa, agus thagadh daolanna an diabhail ann dhá gcainteá (gcaintíteá) ar aon duine a bhí i Sasana leis. Tá sé caite ina cheann críochnaithe aige gur i ndiaidh Ph. Mh. atá sí ag dul ann; agus chuile eallach aige ach é sin
 
daor 1
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearbóir, agus b'éigean dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach ina (ár) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam, ach seasamh don bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigean dom íoc uirthi. Idir chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é sa deireadh
 
Chruinnigh cluiche den dream seo thoir air, chuile lá dhá dtéadh sé soir, agus bhainidís an dara hairt as i gcónaí, dá bhrú agus dhá chartadh eatarthu, shul má theagadh sé anoir aríst. Dar fia muise, bhí sé ina dhóigh ceart acu! Ach tháinig an oiread críonnachta dhó faoi dheireadh agus gur fhan sé uathu uileag!
 
2
Tá sé ar an dé deiridh — ar na preaba deireanacha
 
Dea-ana! Bail ó Dhia ort! Tá deireadh do chuid dea-anaí caite aríst i mbliana!
+
Dea-bhreith orainn ar an lá deiridh!
TUILLEADH (1) ▼
Má bhíonn an Naomh Pádraig ina bhreitheamh orainn, tabharfaidh sé dea-bhreith orainn le cúnamh Dé. Gheall sé nach bhfágfadh sé Clainne Gael ar deireadh
+
Bhí cion cheithre cléibh fhataí ansin thuas agam arú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú an áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhodóig i dtinneas lao. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drogall mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orthu. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruinn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha ina scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpínne mhaith anois iontu ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le chuile obair. Níl aon ghair aige air
TUILLEADH (5) ▼
Níl na ceanna cruacháin ná na malraigh Cháit sin le n-ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an duán agat, caith ag an deachma iad. A mhalrait níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann cruacháin. Bhí mé lá i mbliana ansin thíos ar an starráinín, agus bhí siad do mo bhualadh chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfarraige. Ach dhá mbeinn ann go dtiteadh déidín agam, ní bhfaighinn priocadh ó thada eile. Ghliondáil mé suas mo dhorú faoi dheireadh le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin
Ní bhainfidh muid an portachín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lomlán le dearglaoch agus an charcair bhán sin, agus sháródh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé ansin. Ní mór don deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabháil leis chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomaíodh dó mar nach dtugadh sé aon ghiollaíocht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aici fanacht ansin agus triomú uaithi féin. Nuair a bhíodh sí uileag ina scaradh ar an bportach aige i ndeireadh bliana, agus chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásaíodh duine an mhóin le S. Dh. 'sé an leathfhocal a bhíodh aige i gcónaí: 'ní mór don deachma rud eicínt.' Ba ghroí an duine é S. Dh.
Tá an scéal sin Mac Rí na nDeachman ag S. Ó. B. Bhí sé dhá inseacht an oíche cheana thíos tigh na S. ach thosaigh P. ag sáraíocht air sula raibh mórán bail aige air, agus i ndar liom féin, gur mó an rún a bhí acu as a dheireadh a dhul ag bualadh cnigíní ar a chéile. Níl cuibhiúlacht ar bith in P. má bhíonn duine ar bith ann a mbeith a fhios aige dadaí, bíonn sé ar an mbrúisciúlacht sin. Measann sé gurb aige féin atá gach údar. Más leat an scéal a chloisteáil buail soir ag an teach ag S. féin, agus inseoidh sé duit é
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
Tá an slaghdán sin ina leannán agam anois le cheithre mhí. Ó dheamhan ar fhága sé amach mo chrioslaigh ó tholg mé é deireadh oíche ag dul ar aonach na Féile Michil. Dheamhan fágáil muis. 'Sé an scéal é: 'sé deachma na sláinte atá mé a íoc; sin nó 'siad mó chuid peiriachaí atá mé a chur díom. Ceann eicínt acu.
 
Bíonn an dea-ghealladh i gcónaí aige, ach sin é a dheireadh — geallann sé (go ndéanfaidh sé) rud, ach ní dhéanfaidh
 
dealbh 2
Theagadh sé thíos againne chuile oíche dhár dhealbh an ghrian, nó gur buaileadh suas as na cosa é faoi dheireadh, agus go mb'éigean dó fanacht istigh. Má ba fliuch fuar an oíche, theagadh sé. Sílim nár loic sé an oíche féin ar feadh scór blianta …
+
dealg
Dealg sceiche a thóg sé an chéad uair agus ní thabharfadh sé cead d'aon duine a dhul ina gaire nó go ndearna sí cois bhocht sa deireadh. Chuir mé ceirín léithe le cupla oíche ag ceapadh go dtarraingeodh sé an drochábhar, ach dheamhan cosúlacht air scaradh fós léithe. Níl ceirín ar bith, adeir siad, is fhearr ag dealg ná teanga an tsionnaigh dá mbeadh sí againn. Tharraingeodh sí sin de ghorta gharta é, ach cá'il sí? Sin é an buille
TUILLEADH (1) ▼
I seanscéal tá cur síos ar fhear agus ar bhean ag siúl na coille agus é ag cinnt ar an mbean cathú a chur ar an bhfear cé nach cheal a shaothraithe é. Sa deireadh chrom sí síos. 'Céard atá ort,' adeir an fear. 'Dealg a ghabh in mo chois,' adeir sí, 'agus ní fhéadaim a bhaint amach.' Chuaigh an fear dhá bhaint amach di, agus sin é an chaoi a bhfuair sé fios di den chéad uair
 
Deallraíodh é muise ar an mbóthar aréir ag fanacht léithe. Tháinig sí faoi dheireadh thiar thall, ach b'fhada é. Bhí déidín tite aigesean ag fanacht léithe ar aon chor
 
déan 1
'Sé a mharú a rinneadh sa deireadh
 
Chaith mé an phínn dheireanach dhéanach a bhí agam leis, agus sin é m'ómós agus mo bhuíochas anois faoi dheireadh thiar
+
Séard a rinneadh leis an airgead faoi dheireadh agus faoi dheoidh, agus ba é a bhí a dhéanamh leis ó thús, tugadh don tsagart é, agus cead aige a rogha rud a dhéanamh leis
TUILLEADH (1) ▼
Tá rud le déanamh le fear ar bith a bheas ar a cheird sin: cead óil a thabhairt dó go n-óla sé an fheoirling deiridh. Ansin cead aige beatha a bhaint as a chrága
 
Chonaic mé an chith dheannaigh uaim agus shíl mé gur mótar a bhí ag teacht. B'fhada liom faoi dheireadh go raibh sé ag teacht. Nuair a tharraing mé air, meas tú céard a bhí ann. Plód beithíoch: chomh maith le céad acu agus triúr fear dhá dtiomáint. Is orthu a bhí an t-ordú freisin
 
Cáid déanta suas í féin agus J. … Diabhal an féidir. Déanfaidh sí bonn anois mar adeir an bádóir. Is fada í ag iarraidh duine eicínt a fhostú agus tá aici faoi dheireadh. Fanfaidh an liobaire sin mór léithe, mar chinn sé air féin aon chailín a fháil
 
dearg 2
Tá deargadh tiaraí air, agus na míoltógaí agus na cleabhair ag déanamh ball séire air. Seachnaígí sibh fhéin air. Má theangaíonn sibh leis an leath deiridh chor ar bith aige, tosóidh sé ag broimseálacht
+
dearmad 1
Ní hé a dhearmad, mo léan, gan meabhrú dhom gur fhan unsa tobac orm an lá faoi dheireadh
TUILLEADH (2) ▼
Mo chuimhne agus mo dhearmad, cén chaoi a ndeachaigh tú abhaile an oíche a raibh tú anseo faoi dheireadh
'Sí an chúig dheiridh sin a chuir chun dearmaid mé sa gcomhaireamh. Níor chuimhnigh mé uirthi sin beag ná mór
+
deas 1
Is deas a d'éirigh posta glan fiúntach leis faoi dheireadh thiar thall
TUILLEADH (1) ▼
Is deas é, más sin é an chaoi a bhfuil sé in ann pláistéireacht a dhéanamh faoi dheireadh
 
Ní dheasódh sé isteach sa sate(seat) le áit a thabhairt d'aon duine eile dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Bhí sé in aon ghillín amháin ansiúd agus seanmhná dhá dtreascairt faoi is thairis, agus ní chorródh sé. Tháinig conductor an bhus faoi dheireadh agus chuir sé faoi ndeara dhó deasú isteach, agus deifir air
 
deasú
Tá sí i bhfostós faoi dheireadh thiar thall, théis mé bheith créachta aici i gcaitheamh na bliana. Mo ghrá thú a thrapa. Ba mhaith ab fhiú coróin thú! Ghiorraigh tú leis an gcailín seo ar chaoi ar bith. Sin é an deasú anois uirthi! (francach gafa i dtrapa)
+
Titeann déidín le gortú freisin. An bhfeiceann tú mac Th. G. ansin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorraigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas don bhás agus gan súil ar bith lena theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil; dar diagaí, shrian sé as faoi dheireadh. Sílim nach dteagann sé roimhe ná a dhath
TUILLEADH (2) ▼
Thabharfainn an leabhar go raibh déidín tite ag an luán cait seo agam an oíche faoi dheireadh. Bhí plaic ina bhéal agus gan í ag dul siar ná aniar, agus é ag cinnt air a caitheamh amach ná a bhéal a oscailt lena caitheamh amach. Bhí sé ag sníomh agus ag lúbadh agus a dhrioball ina bhior aige, gan mothú ar bith. Hé brí cén sórt ualach a bhí air chuir sé dhó (dhe) sa deireadh é. Dhá n-imíodh sé féin, is beag an chaitheamh ina dhiaidh a bheadh againn: is beag é a mhaith ná a mhaoin. Má tá eallach ar bith fairsing timpeall an tí seo, is cait iad. Bhainfidís an greim amach as do bhéal
Bhí sé anseo anuraidh agus dheamhan lá beo ach an Domhnach féin nach mbíodh sé thíos ag ceann an bhóthair roimhe fhear an phosta. Ag fanacht le scéala faoin dole a bhíodh sé, agus bhí an-mhoill air ag teacht. Shíl mé go dtitfeadh déidín aige faoi dheireadh thál (ó tharla) nach raibh sé ag teacht
 
deil 1
Chaith mé an lá leis an mbicycle dhá dheisiú. Tá sé ar deil anois dhá mbeadh tyre deiridh agam. Ach sin é an aimléis. Ní féidir a bhfáil
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
+
Nuair a thosós an saol ag dul in aghaidh duine mar sin, agus an díleá ag bualadh a mbeidh aige, b'fhearr dhó mála na déirce a fháscadh aniar ar a dhroim agus a dhul ag iarraidh a chodach ó theach go teach. Is mó a bheadh dhá bharr aige faoi dheireadh thiar thall
TUILLEADH (5) ▼
Níl léamh ar bith uirthi — níl sin. Deir tú léithe an oíche faoi dheireadh a chuir fios ar cháca, ar uibheachaí agus ar shiúcra anoir chugainn, an áit ar casadh clann J. L. 'na tí aici. Chuaigh mé fhéin soir ann ar cuairt d'uireasa mo chuid tae, arae d'ardaigh sí léithe an t-aon cháca a bhí fuinte sa teach. Ara a mhic ó, ar a theacht faoin doras dom, bhí na mílte fáilte romham, agus ní maith a bhí mé istigh ar lom an urláir nó gur cuireadh isteach ag ól tae mé. Siúd é an áit a raibh bia gan chuntas ag feara Fáil. Déirce dhá chuid féin don bhacach arsa tusa
Thug sé gearradh [...]adhair dóibh siar chomh fada le tigh J. ach chinn air aon bhean a fháil ar an réim sin. Bhí sé ina ghamal sa deireadh. Baintreach as D. U. ab éigean dó a phósadh sa deireadh. Ba bhuí déirce leis í sin féin a fháil. Murach í sin, bheadh sé ar an trá thirim. Dheamhan bean faoin mbogha bán a phósfadh é ar aon nós — an strabhsachán bradach
Ba mhó déirce liom rud ar bith a fháil sa deireadh, bhí mé i dteannta chomh mór sin
Shíl mise nach mba stró ar bith péire bainbh a fháil le ceannacht ann, ach bhí sciobadh orthu. Ní raibh fágtha sa deireadh ach dhá luchín bheaga bhídeacha agus ba mhó déirce liom iad sin fhéin a fháil. Níorbh fhiú liom an tabhairt sin a chur orm féin lá eile agus chomh cruógach agus atá an uair
Fuair. Meiricins. Ba mhó déirce liom iad sin féin a fháil sa deireadh ó chinn chuile shórt eile orm. Tá an saol ina chíor thuaifil anois nuair nach féidir le duine gail a fháil
+
Bíonn an fear deireanach ar deireadh i gcónaí — ní éiríonn mórán de rud ar bith a bhíos ag imeacht leis
TUILLEADH (2) ▼
Tháinig sé faoi dheireadh dhá fhada go dtí é, ach is fhearr go deireanach ná go brách, arsa tusa
Agus tá duine clainne aici faoi dheireadh! Is fhearr go deireanach ná go brách, mar adeir an ceann eile
+
deis
Tá deiseannaí marú acu anois thar mar a bhí fadó. Ar ndóigh ní raibh leath na ndeiseanna sin acu sa gcogadh deiridh féin. D'imigh an diabhal orthu. Sin é a bhfuil le rá agamsa leo
TUILLEADH (4) ▼
Is diabhaltaí an deis atá air in éadan chuile dhuine. Is fear é atá in áirid a bhuailte muis. Diabhal bréag nach bhfuil. Éistfear leis scaitheamh, ach smutfaidh duine eicínt as a dheireadh é. Má smutann féin, dheamhan leath an chirt a dhéanfas sé leis
Nach dalba an deis atá ar an saol: ríochta an domhain fré chéile in oighear an chochaill. 'Sé deireadh an domhain é mura bhfuil ag Dia. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá air
An té a bhí ar a dheis le dhul ag baint mhóna an uair sin, agus an aimsir bhreá a thapú, bhí a shliocht air: tá móin aige. Ach ní raibh fata de bhláth bliana lánaithe ag cuid againn an uair sin. Sin é a d'fhága ar deireadh muid
An dó ar chúl daoradh a chuir ó dheis muide trí huaire. Tá boc ag S. Mh. chomh cam le cois deiridh cait
 
Deiseal! Déan réiteach riu. 'Sé an chaoi a mbeidh sé agat as a dheireadh, go sábhála Dia sinn, tachtfaidh tú tú fhéin. Is ceart do chuile dhuine am a ghlacadh lena chuid beatha. Níl foighid ar bith agaibh ach é a sclamhadh. Shílfeá nach mbeadh breith ar an áit amuigh go deo agaibh!
 
Séard a bhí sé a dhéanamh, ag deisiú cochaill le dhul ag saighdeadh. Sin é an fear agat, agus deireadh a gcuid allais tugtha ag a bhfuil sa tír ag crapadh móna roimh na tuiltí
+
deo
Cogadh go deo é déarfainn. Seo é deireadh an tsaoil mura bhfuil ag Dia!
TUILLEADH (1) ▼
Sin an-chú go deo. Ní bhfuair sí croitheadh ar bith dhá ghiorria agus glasmhíol a shíneadh anseo thuas an lá faoi dheireadh
 
deoch 1
Is iomaí deoch a hóladh ariamh air, agus sin é an chaoi a bhfuil sé sa deireadh — is minic a hóladh a shláinte; ba mhinic daoine ag ól a shláinte ach eisean a sheasadh na deochannaí
+
An bhfuil sé ag caitheamh aon deoladh … Dar fia muise is olc an chosúlacht é sin d'fhear a bhí chomh mórthráthach leis, bail ó Dhia air. Facthas dhom an uair deiridh a raibh mé ag breathnú air, go raibh sé an-tsnoite. Ní raibh ann ach go raibh sé i ndiaidh a chéile
TUILLEADH (1) ▼
Siúd é an áit dheiridh a mhic ó — an t-easpaicil. Ní bhfaighidh an fear is folláine ar bith ann ach an deoladh céanna a gheobhas an té a bheadh ag saothrú báis
 
Tá deoraí beag de mhadadh ann. Cinnín gliobach agus cluimhreach féasóige ar a bhéal, agus ní fhaca tusa in do shiúl lae ball is francaithe ná é. Shíl sé an chois a scealpadh agam an oíche faoi dheireadh, nó go dtug mé an bhróig isteach ar an drad dó. Is beag an ghrásta a bhí aici féin orm gur buaileadh é
+
dia 1
Tá deireadh leis an bpoitín, agus má tá fhéin, is mór an tslí chun Dé é
TUILLEADH (2) ▼
Duine le Dia é mo Mh. bocht. Dhá gcloistheá ag caint le sagart strainséara ansin thoir anuraidh é! Shíl an sagart go mba duine é a raibh an-bhreithiúnas ann i gcaitheamh i bhfad, ach bhraith sé sa deireadh é ina dhiaidh sin
An chéad uair a ndeachaigh mise anonn, bhí an cogadh ina neart an uair sin, agus ní raibh aon dia beag acu ach Churchill. Bhuailfidís trasna an smuit thú dhá bhfaightheá locht ar bith air. Ach an turn deiridh, diabhal mé go sílfeá go raibh a dtromlach ina aghaidh, murab é an election a rinne é
+
dia 2
Tús Aoine nó deireadh Sathairn ─ má theagann tús na hAoine fliuch, níl i ndán aitealla dhó go faoithin. Tá sé mar sin le deireadh an tSathairn
TUILLEADH (2) ▼
Éirigh as anois agus teara abhaile. Ní bhfaighidh tú fábhall aríst inniu. Tús Aoine nó deireadh Sathairn a mhic ó
Má fheiceann tú deireadh Sathairn ag teacht anuas, tá tú réidh le triomach a fháil an lá sin
 
diabhal 2
Tá sé imithe faoi dheireadh thiar thall agus go n-imí an diabhal leis, gan dochar gan díobháil dúinne!
 
Ní léir dhom go bhfuil maith ar bith a dhul ag cur chomhairle aríst air. Nach bhfuil an teanga caite ag na daoine ag cur chomhairle. Is diachta ghéar nár thug tú cead dó lascadh leis go Sasana nuair a bhí sé ag éileamh a dhul ann, thar is é a bheith ag tarraingt droch-chlú air féin agus ar chuile dhuine a bhaineas leis. Dá mba ag tobar dheireadh an domhain a bheadh sé ag dul, ní bhacfainnse é, ach moladh leis go n-imíodh sé as an mbealach
+
diaidh
Ní bheidh mórán ag duine ar bith i ndiaidh na talúna, ach do dhá cheann sa talamh, ó mhaidin go faoithin agus gan cuid an fhiúntais agat ina dhiaidh sin i ndeireadh na bliana
TUILLEADH (5) ▼
Tá leathchoróin agamsa. Cuir thú féin ina diaidh, agus faigh leathghalún. Déanfaidh sin muid. Imeoidh muid ar an dá luath is a mbeidh an deoir deiridh dhe sin ólta
Níl doras ar bith in ann seasamh léithe. Pé ar bith caoi sa domhan a gceanglaím í, ionsaíonn uirthi ag dul i ndiaidh a tóna nó go bhfaighe sí ligean ar an doras. Tabharfaidh sí na cosa deiridh ansin dó, agus chaithfeadh sí an oíche ar fad dhá chiceáil nó go mbriseadh sí é ar uain nó ar éigean
Cuirigí isteach í i ndiaidh a deiridh (curach) — a deireadh a chur chun tíre i dtosach
Níor fhéad muid a cur chun tíre ach i ndiaidh a deiridh
Is fada in do dhiaidh mé ach tá tú agam sa deireadh. Cuir dhíot anois