Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deoch
ainm-fhocal, buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh: ní theigheann claochmú tuisil air anois ach go h-annamh — go fíor annamh — cé's moite de leaganacha i sean-scéalta, in amhráin: "nua gach bídh agus séan gach dighe"
Uimhir Iolraidh: deochannaí, deochanna, deocha.
1.
scáird, taoscán nó strioncán de lacht a ól.
a.
+
Tabhr'om deoch!
Deoch nó an sagart! = mara bhfaghaidh mé deoch ar an toirt boise, gheobhaidh mé bás
TUILLEADH (7) ▼
Níl sé ag caitheamh deoch ar bith anois = níl sé ag ól; nó othar a bheadh ag cur suas do dheochannaí
Chuaidh an deoch sin le m'anáil
Tá sé as deochannaí anois má d'imigh M. Choinnigh sé snáth faoi'n bhfiacail an fhad agus a bhí sé sin sa mbaile, ach troiscfidh sé anois
Go deimhin, chuirfeadh sé deochannaí ar an smut agamsa dhá n-ólainn uaidh iad, ach níor ól
Chaith sé stráisiún ag iarraidh deoch a chur orm, ach ní bheadh plé ar bith agam leis.
Thairg mé deoch dhó ach ní ólfadh sé í. Bhí mo chuid agus mo bhuidheachas agam annsin
"Deoch — mara bhfuil — agus má tá, ná tabhair," adeir sé. "Tá" adeir sí, "agus ní bhéarfadh, agus marach go bhfuil, bhéarfainn". (Fear a bhí mór le bean. Ní raibh aon-ghnaoi ag an athair air. Tháinic sé ag an doras, agus sin é an chaoi ar fhiafruigh sé a raibh an t-athair istigh)
·
"Biadh agus deoch faoi Nodlaic agus éadach nuadh faoi Cháisc" (sórt leath-fhocal)
Bhíodh na daoine ag caint fadó ar bhiadh agus deoch faoi'n Nodlaig agus éadach nuadh faoi Cháisc ach is éadach nua 'chuile am de'n bhliain anois é
+
Sheas sé deoch
Is dona uaidh deoch a sheasamh
TUILLEADH (2) ▼
Sheas sé go leor deochanna
Cneagaire ceart é: ní sheasfadh sé aon-deoch dhuit dhá dtuiteadh déidín agad dhá uireasbhaidh
+
Is iomdha deoch a h-óladh ariamh air, agus sin é an chaoi a bhfuil sé 'sa deireadh = is minic a h-óladh a shlainte; ba mhinic daoine ag ól a shlainte ach eisean a sheasadh na deochannaí
"An té a bhíos thuas óltar deoch air: an té a bhíos thíos buailtear cois air" = bíonn meas agus ollghárdas do'n fhear mhór, ach níl le fáil ag an bhfear dólom ach 'chuile dhuine eirghe in a mhullach
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an chaoi. Bíonn gairm roimh an bhfear mór igcomhnaí: "an té atá thuas óltar deoch air", a mhic ó, mo chroidhe
Ólaidh deoch ormsa anois. Goirm 'u' (bhur) sláinte!
Seogaidh 'fheara. Ólfamuid deoch ar Develera anois. Choinnigh sé an tír as an gCogadh
Ólfamuid deoch ar an bhfear gnaoidheamhail a thug duinn é. Agus má' seadh féin ní hí an chéad cheann aige í
Óltar deoch ar an lánamhain óg, agus go mairidh siad a nuaidheacht, agus go dtugaidh Dia saoghal fada le sógh dóib!
+
Ní thiubharfadh sé deoch de'n uisce dhuit dhá mbeadh a fhios aige go mba rud é a dhéanfadh leas duit; ní thiubharfadh sé deoch an uisce dhuit etc.
Níor thug sí deoch an uisce d'aonduine istigh ar a baile ariamh. Thug muis!
TUILLEADH (2) ▼
Is deas an fear a dtiocfainn dhá iarraidh air — fear nachar thug deoch an uisce d'aon-dhuine ariamh
Ní thiubharfadh sé deoch de'n uisce dhuit dhá mbeitheá ag fáil bháis leis an tart. Tá sé an-daoitheamhail
+
Ní mór dhuit deochannaí te a choinneál leis go dteagaidh sé as sin
Is olc í an deoch fhuar sin duit ag dul a chodladh duit
TUILLEADH (4) ▼
Ól deoch leanna. Tá sé go maith an t-am seo bhliain
Níl cinneamhaint ar bith anois ar dheochannaí pórtair agus an ghrian ag ársú (ó lár an earraigh go dtí lár an tsamhraidh)
An rud is fhearr a d'ól fear ariamh deoch bhláthaighe
An bhfuil aon-deoch leamhnacht' agad
b.
+
Fuair mé deoch chapaill de fuisce = deoch mhór
D'ólfadh sé sin deoch chapaill de phoitín dhá bhfaghadh sé é, ach tuilleadh diabhail aige má fhaghann sé uaimse é
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé thiar agus é ag ól deochannaí capaill de bhainne na h-easóige (poitín)
Rinne sé deoch chapaill dhe = d'ól sé go leor dhe d'aon-iarraidh amháin
Ní deoch duine a bhí sa ngloine a thug sé dhom, ach deoch chapaill
c.
+
Ólfaidh sib deoch an dorais anois = an deoch deireadh sul a bhfágtaí teach ósta nó teach
Seolaighidh lib anois seo í deoch an dorais
TUILLEADH (4) ▼
Caithigidh siar iad, nó go bhfaghamuid deoch an doruis
'Sé a sheas deoch an doruis
Bhí mé ag imeacht agus dheamhan maith a bhí ann, nó go n-ólainn deoch an doruis
Beannacht Dé dhuit! Cé'n mhaith duit a bheith ar an sclaibéaracht sin. Nachar ghluidh (ghlaoidh) tú deoch an dorais cheana tá dhá uair ó shoin
d.
+
Thóigfeadh sé na garrantaí sin thuas uaidh ar cíos ach nach bhfuil aon-deoch ionnta (uisce le h-aghaidh beithidhigh)
Tá an baile seo buailte ar fad. Níl deoch bó ná gamhain ann ó lá Bealtaine amach
TUILLEADH (5) ▼
Dhéanfadh capall choidhchin d'uireasbhaidh deoch, ach níl acmhuinn ar bith ag an mbó
Bhí sé ag tabhairt deoch do bheithidhigh thiar annseo trathnóna
Mara bhfaghaidh siad deoch tiocfaidh tart bruileacháin orra
Tá na gamhnaí sin thíos thart cheal deoch (Deoch adeirtear go h-iondamhail i gcásanna de'n tsórt seo agus ní uisce)
Talamh bambairneach é. Níl deoch bó ná gamhain ann
2.
a.
+
Thug sí deoch shuain (deoch suain freisin)= rud a chuir codladh air (bíonn sé igceist i sean-scéalta)
Thug an dochtúr deoch suain dó, agus níor dhúisigh sé aríst go ceann dhá uair déag, ach nuair a dhúisigh bhuail an phian aríst é
TUILLEADH (3) ▼
Is diabhlaí an chaoi atá air sin, go mbíonn sé ar neamh-chodladh igcomhnaí. Níl sé indon néal ar bith a thabhairt leis gan deoch shuain a fháil
Gheobhaidh tú deoch suain annsiúd, agus sínfear ar an mbord tú, agus ní aireochaidh tú a dhath, go ndúisighidh tú agus leath do phutógaí ag imeacht in a mbéal ag cuit na Gaillimhe!
'Ar ndú, ní fhuilneochadh aonduine é marach an deoch shuain. Cé'n chaoi a bhfuilneochadh!: sceana agus seacht bhfaobhar orra ag déanamh spólaí de do bholg! Beannacht Dé dhuit!
b.
+
Mara leigidh sé sin dhá chuid ámhailleacht, diabhal bréag nach dtiubharfaidh mise deoch shuain dhó! = túirne Mháire; griosáil; an oiread agus a chuirfeas codladh air
Má fhaghann tú cuaifeach (dorna) uaidh siúd, beidh do dheoch shuain agad!
TUILLEADH (1) ▼
Thug P. deoch shuain dó oíche Nodlag! Níor facthas amach ó shoin é

Deoch in iontrálacha eile (50+)

 
Ní leigfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbar ar an ngnaoithiúlacht
 
fág
"Gobadaí ar t'aghaidh nar eirí leat: gobadaí dí go bhfága tú thíos!" = caint adeirtear le cúig sna clocha péire nó sna screaga
 
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag leigean uisce isteach. Feacha dhá dheoch annsin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
 
Bhí an oiread tairt air, a's gur scríob sé an chaile mhineog de linn atá tae(bh) istigh de chlaidhe annsin thiar ar thalamh J. Ph., a's d'ól sé suas a sháith dhi. Dheamhan a raibh sé d'fhoighid [ann] fanacht go bhfaghadh sé deoch tigh Ch.
 
Is géar a theastuigh an deoch sin uaim, go méaduighe Dia a mháithreach a's a cinnire!
 
Chaithfeadh sé gur tugadh deoch shuain dó, a's an codladh céadtach seo a bheith air. Cá'ide 'na chodladh anois é?
 
Is dhó is fusa a bheith in a chráisiléad: is maith í a ghreim a's a dheoch. Dhá gcaithead sé seachtmhain sa gCaladh Mór, a' cur aníos fheamuinne ar a dhruim, deirimse leatsa go mb'fhurasta cuir chuige. Sin é 'bhainfeadh cuid de'n tsaill dhó.
+
bocht 1
Is mairg a bheadh gan deoch; Is mairg a bheadh gan biadh; Is mairg a bheadh go h-olc; A's go bocht 'na dhiaidh (sean-rann)
TUILLEADH (1) ▼
Má tá mé tuirseach fhéin nach bocht dom sin — duine a tháinic cúig mhíle d'aistear a chos, a's gan blaiseadh dhe ghreim ná de dheoch fós indiu.
 
Fuair tú amach muis, an té a bhfuightheá brabach óil air — an té nar ghludh (ghlaoidh) deoch do dhiathshúlach ariamh = níor thug sé deoch isteach d'aon-duine ariamh.
+
Ní raibh ar a' mbéiréiste, ach a' dá dheoch — ceann a sheas seisean, a's ceann muide.
TUILLEADH (1) ▼
'Is ar fhear díolta atá an chéad deoch de'n bhéiréiste a sheasamh' adeir sé. 'Glaodhfa mé fhéin geábh annsin' adeir sé, a's d'iarr sé gloine fuisce.
+
Bhí an coinín dí-bheo, nuair a tháinic muid chomh fada leis = beo ar éigin; an dé ann ar éigin.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé dí-bheo fós.
Fritheadh caithte dí-bheo ar a' mbóthar ar maidin é.
Bhí an t-ádh 'na chaipín, a's srianadh thríd chor a' bith. Ní raibh ann ach go raibh sé dí-bheo, nuair a fuair M. é. Bhí sé strumptha ar fad.
D'fhaga sé caithte dí-bheo annsin é, a's lasc leis.
Déarfá go raibh sé dí-bheo ar éigin, ach 'sé a raibh ann é.
Bhí sé a' tabhairt na gcor sa tsúil ribe. Dheamhan a raibh ann, ach go raibh sé dí-bheo.
Is fada dí-bheo mar sin é.
Bail ó Dhia ort fhéin a's ar do bhiseach! Tá a chuid bisigh siúd ar iarraidh! Fear, nach mó ná dí-bheo é le dhul 'un trí lá!
+
Cé'n bhuig-shíne a bhain dó, le gur sheas sé deoch (dh)uit?
TUILLEADH (1) ▼
Má bhí an oiread sin buig-shíne ann, indiu, indomhnach b'anna(mh) leis. Ní fhaca dia ná duine a' seasa(mh) deoch ná blogam ariamh cheana é, ach dhó fhéin.
+
'An té 'bhíonns thuas óltar deoch air; An té 'bhíonns thíos buailtear cois air' (sean-fhocal)
TUILLEADH (1) ▼
Is amhla a bhí sé ariamh: 'an té' bheadh thuas, d'ólfaidhe deoch air, a's an té a bheadh thíos bhuailfidhe cois air'.
 
buail
Chomh luath a's a d'ól an capall a' deoch, bhuail rud eicínt í, a's shín sí siar ó chluais go iorball.
 
buinne 1
'Bhfeiceann tú an muigín buidhe sin thuas? Badh é a leath-cheann sin é. Líonadh suas go buinne bruach dhó le poitín é, a's dheamhan ar thóig sé dhá cheann é, ná 'ndearna sé an dárna deoch dhe, gur scaoil sé siar fré chéile é. Abair go bhfuil coimpléasc a's acmhúinn ar phoitín ag a' bhfear sin!
 
Marach an ágóid is bean dó, ba mhaith í 'ghreím 's a dheoch.
+
ainm
Cuir ainm ar do rogha deoch anois, agus gheobha tú í.
TUILLEADH (1) ▼
Cuir ainm ar do dheoch go beo, mar's beag a' lonnú 'fhéadfas muid a dhéanamh annseo.
+
aire
'Sé atá indon aire a thabhairt dhá chuid airgid. Ní sheasfadh sé deoch do dhiashúlach(?) = níl sé caithmheach, mar ní thiubhradh sé deoch d'aonduine 's cuma cé hé féin.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé atá deas ar aire a thabhairt dhá mbeidh aige. Ní fheicfeadh Mac Dé deoch in a dhiaidh.
+
airigh
Is beag 'aireochas sé sin, deoch a sheasamh — tá dalladh airgid aige = ní chuirfe sé aon-cheo as dá chuid airgid, luach deoch a bhaint as.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireocha tú agad ná uait, cupla scilling, agus ní fiú dhuit droch-cháil a chuir amach duit fhéin, scáth luach deoch = ní chuirfe cupla scilling (luach deoch) mórán as duit, agus tá sé chomh maith dhuit iad a thabhairt uait, i riocht's nach dtiocfa cáil péisteánaigh amach duit.
 
amuigh
Níl aon-deoch amuigh is fhearr ná'n t-uisce, nuair a bheidheas duine ina chall.
 
Tá mé 'cuir mo theanga bheag amach sa ngarraidhe ó mhaidin, le teann tairt, agus ní chuimhneochadh sib ar dheoch a thabhairt agam in a dhiaidh sin.
+
anam
Ní dhéanfa sagart ná dochtúr aon-mhaith dhó anois, arae tá sé in achar an anama, a's níl ann, ach go bhfuil sé dí-bheo.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan deoch uisce 'bhéarfadh sí duit, dhá mbeitheá in achar an anama.
 
Árduigh suas chugam a' canna, go n-óla mé deoch.
+
Thug an dochtúr deoch shuain dhó agus fuair sé fionnórtas breá go ceann cupla uair
TUILLEADH (1) ▼
Tá a cholainn ag bruith le teas. Nímé a mbeadh rud ar bith a thiúrfadh fionnórtas dó. Deoch ná tada
 
Tá sé siúd an-fhiuntach. Sheas sé dhá dheoch dom an lá cheana
 
Ní raibh sé d'fhiuntas ann deoch a sheasamh dhá raibh i láthair
 
"Siúd ort a Mháire, agus ólfamaid deoch, agus beidh muid amáireach i bhfásach na ngort" (.i. an áit a bhfuil rud ag fás) = leathrann; níor chuala mé ann ach an méid sin
 
D'ól muid trí phionta an fear (an duine) agus fuair muid deoch isteach uaidh fhéin (ó'n óstóir) annsin.
 
fiach 1
Cén chaoi a seasfainnse deoch agus gan a luach agam. Is doiligh an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé
 
fiata
An deoch fhiata é an "gin"? Níor ól mé ariamh é. Deochannaí cuideáin domsa ar fad iad cés moite den fuisce, agus den phórtar
 
Chaith sé uair an chloig ag forcamhás orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dheamhan é muis.
 
feasta
Seas deoch feasta = tá tú cho fada annseo agus go bhfuil sé in am agad deoch a sheasamh
 
fuar 2
Sin é an deoch a rinne maith dhomsa. Bhí sé cho fuar le deoir aille