deoch
—ainmfhocal, baineann
—tuiseal ginideach uatha: ní théann claochmú tuisil air anois ach go hannamh — go fíor annamh — cé is moite de leaganacha i seanscéalta, in amhráin: nua gach bídh agus séan gach dí
1.
scaird, taoscán nó streancán de lacht a ól.
a.
+–
Tabhair dhom deoch!
Deoch nó an sagart! — mura bhfaighe mé deoch ar an toirt boise, gheobhaidh mé bás
TUILLEADH (7) ▼
Níl sé ag caitheamh deoch ar bith anois — níl sé ag ól; nó othar a bheadh ag cur suas do dheochannaí
Chuaigh an deoch sin le m'anáil
Tá sé as deochannaí anois má d'imigh M. Choinnigh sé snáth faoin bhfiacail an fhad is a bhí sé sin sa mbaile, ach troiscfidh sé anois
Go deimhin, chuirfeadh sé deochannaí ar an smut agamsa dhá n-ólainn uaidh iad, ach níor ól
Chaith sé stráisiún ag iarraidh deoch a chur orm, ach ní bheadh plé ar bith agam leis
Thairg mé deoch dhó ach ní ólfadh sé í. Bhí mo chuid agus mo bhuíochas agam ansin
'Deoch — mura bhfuil — agus má tá, ná tabhair,' adeir sé. 'Tá,' adeir sí, 'agus ní bhéarfadh, agus murach go bhfuil, bhéarfainn.' (Fear a bhí mór le bean. Ní raibh aon ghnaoi ag an athair air. Tháinig sé ag an doras, agus sin é an chaoi ar fhiafraigh sé a raibh an t-athair istigh)
·
"Bia agus deoch faoi Nollaig, agus éadach nua faoi Cháisc" (sórt leathfhocal)
Bhíodh na daoine ag caint fadó ar bhia agus deoch faoin Nollaig agus éadach nua faoi Cháisc, ach is éadach nua chuile am den bhliain anois é
+–
Sheas sé deoch
Is dona uaidh deoch a sheasamh
TUILLEADH (2) ▼
Sheas sé go leor deochanna
Creagaire ceart é: ní sheasfadh sé aon deoch dhuit dhá dtiteadh déidín agat dhá uireasa
+–
Is iomaí deoch a hóladh ariamh air, agus sin é an chaoi a bhfuil sé sa deireadh — is minic a hóladh a shláinte; ba mhinic daoine ag ól a shláinte ach eisean a sheasadh na deochannaí
"An té a bhíos thuas óltar deoch air: an té a bhíos thíos buailtear cois air" — bíonn meas agus ollghairdeas don fhear mhór, ach níl le fáil ag an bhfear dólom ach chuile dhuine éirí ina mhullach
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an chaoi. Bíonn gairm roimh an bhfear mór i gcónaí: an té atá thuas óltar deoch air, a mhic ó mo chroí
Ólaidh deoch ormsa anois. Gairm a (bhur) sláinte!
Seoigí a fheara. Ólfaidh muid deoch ar de Valera anois. Choinnigh sé an tír as an gcogadh
Ólfaidh muid deoch ar an bhfear gnaíúil a thug dúinn é. Agus más ea féin, ní hí an chéad cheann aige í
Óltar deoch ar an lánúin óg, agus go maire siad a nuaíocht, agus go dtuga Dia saol fada le só dóibh!
+–
Ní thabharfadh sé deoch den uisce dhuit dhá mbeadh a fhios aige go mba rud é a dhéanfadh leas duit; ní thabharfadh sé deoch an uisce dhuit srl.
Níor thug sí deoch an uisce d'aon duine istigh ar a baile ariamh. Thug muis!
TUILLEADH (2) ▼
Is deas an fear a dtiocfainn dhá iarraidh air — fear nár thug deoch an uisce d'aon dhuine ariamh
Ní thabharfadh sé deoch den uisce dhuit dhá mbeifeá ag fáil bháis leis an tart. Tá sé an-daoithiúil
+–
Ní mór dhuit deochannaí te a choinneáil leis go dteaga sé as sin
Is olc í an deoch fhuar sin duit ag dul a chodladh duit
TUILLEADH (4) ▼
Ól deoch leanna. Tá sé go maith an t-am seo bhliain
Níl cinniúint ar bith anois ar dheochannaí pórtair agus an ghrian ag ársú (ó lár an earraigh go dtí lár an tsamhraidh)
An rud is fhearr a d'ól fear ariamh deoch bhláthaí
An bhfuil aon deoch leamhnachta agat
b.
+–
Fuair mé deoch chapaill de fuisce — deoch mhór
D'ólfadh sé sin deoch chapaill de phoitín dhá bhfaigheadh sé é, ach tuilleadh diabhail aige má fhaigheann sé uaimse é
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé thiar agus é ag ól deochannaí capaill de bhainne na heasóige (poitín)
Rinne sé deoch chapaill dhe — d'ól sé go leor dhe d'aon iarraidh amháin
Ní deoch duine a bhí sa ngloine a thug sé dhom, ach deoch chapaill
c.
+–
Ólfaidh sibh deoch an dorais anois — an deoch deiridh sula bhfágtaí teach ósta nó teach
Seolaidh libh anois, seo í deoch an dorais
TUILLEADH (4) ▼
Caithigí siar iad, nó go bhfaighe muid deoch an dorais
'Sé a sheas deoch an dorais
Bhí mé ag imeacht agus dheamhan maith a bhí ann, nó go n-ólainn deoch an dorais
Beannacht Dé dhuit! Cén mhaith duit a bheith ar an sclaibéireacht sin. Nár ghluigh (ghlaoigh) tú deoch an dorais cheana tá dhá uair ó shin
d.
+–
Thógfadh sé na garrantaí sin thuas uaidh ar cíos ach nach bhfuil aon deoch iontu (uisce le haghaidh beithígh)
Tá an baile seo buailte ar fad. Níl deoch bó ná gamhain ann ó Lá Bealtaine amach
TUILLEADH (5) ▼
Dhéanfadh capall choíchin d'uireasa deoch, ach níl acmhainn ar bith ag an mbó
Bhí sé ag tabhairt deoch do bheithígh thiar anseo tráthnóna
Mura bhfaighe siad deoch tiocfaidh tart bruithleacháin orthu
Tá na gamhnaí sin thíos thart cheal deoch (deoch adeirtear go hiondúil i gcásanna den tsórt seo agus ní uisce)
Talamh bambairneach é. Níl deoch bó ná gamhain ann
2.
a.
+–
Thug sí deoch shuain (deoch suain freisin) dó — rud a chuir codladh air. Bíonn sé i gceist i seanscéalta
Thug an dochtúr deoch suain dó, agus níor dhúisigh sé aríst go ceann dhá uair déag, ach nuair a dhúisigh, bhuail an phian aríst é
TUILLEADH (3) ▼
Is diabhlaí an chaoi atá air sin, go mbíonn sé ar neamhchodladh i gcónaí. Níl sé in ann néal ar bith a thabhairt leis gan deoch shuain a fháil
Gheobhaidh tú deoch suain ansiúd, agus sínfear ar an mbord tú, agus ní aireoidh tú a dhath go ndúisí tú agus leath do phutógaí ag imeacht ina mbéal ag cait na Gaillimhe!
Ar ndóigh, ní fhoilneodh aon duine é murach an deoch shuain. Cén chaoi a bhfoilneodh! Sceana agus seacht bhfaobhar orthu ag déanamh spólaí de do bholg! Beannacht Dé dhuit!
b.
+–
Mura lige sé sin dhá chuid ábhailleacht, diabhal bréag nach dtabharfaidh mise deoch shuain dhó! — tuirne Mháire; greasáil; an oiread is a chuirfeas codladh air
Má fhaigheann tú cuaifeach (dorna) uaidh siúd, beidh do dheoch shuain agat!
TUILLEADH (1) ▼
Thug P. deoch shuain dó Oíche Nollag! Níor facthas amach ó shin é
deoch in iontrálacha eile (50+)
Ní ligfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbarr ar an ngnaíúlacht
→
fág
"Gobadaí ar t'aghaidh nár éirí leat: gobadaí dí go bhfága tú thíos!" — caint adeirtear le cúig sna clocha péire nó sna screaga
→
fíbín
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag ligean uisce isteach. Féacha dhá dheoch ansin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
Bhí an oiread tairt air agus gur scríob sé an chailimhineog de linn atá taobh istigh de chlaí ansin thiar ar thalamh J. Ph., agus d'ól sé suas a sháith dhi. Dheamhan a raibh sé d'fhoighid ann fanacht go bhfaigheadh sé deoch tigh Ch.
Chaithfeadh sé gur tugadh deoch shuain dó agus an codladh céatach seo a bheith air. Cáide ina chodladh anois é?
Is dhó is fusa a bheith ina chráisiléad: is maith í a ghreim agus a dheoch. Dhá gcaitheadh sé seachtain sa gCaladh Mór, ag cur aníos fheamainne ar a dhroim, deirimse leatsa go mb'fhurasta cur chuige. Sin é a bhainfeadh cuid den tsaill dhó.
+
→
bocht 1
Is mairg a bheadh gan deoch; Is mairg a bheadh gan bia; Is mairg a bheadh go holc; Agus go bocht ina dhiaidh (seanrann)
TUILLEADH (2) ▼
"Mo dheaide bocht bocht agus a mhaide faoina ucht agus é ag sileadh na ndeor ó mhaidin go neoin; mo dheaide bocht bocht agus a mhaide faoin ucht, agus é ag sileadh na ndeor agus ag ól dí as tobairín na féasóige" (Dhá leagan ar an tomhais atá ar bhuntsop)
Má tá mé tuirseach fhéin, nach bocht dom sin — duine a tháinig cúig mhíle d'aistear a chos agus gan blaiseadh dhe ghreim ná de dheoch fós inniu
→
brabach
Fuair tú amach muis, an té a bhfaightheá brabach óil air — an té nár ghluigh (ghlaoigh) deoch do Dhia shúlach ariamh — níor thug sé deoch isteach d'aon duine ariamh.
+
Ní raibh ar an mbéiréiste ach an dá dheoch — ceann a sheas seisean agus ceann muide.
TUILLEADH (1) ▼
'Is ar fhear díolta atá an chéad deoch den bhéiréiste a sheasamh,' adeir sé. 'Glaofaidh mé fhéin geábh ansin,' adeir sé, agus d'iarr sé gloine fuisce.
+
Cén bhoige shíne a bhain dó le gur sheas sé deoch dhuit?
TUILLEADH (1) ▼
Má bhí an oiread sin boige shíne ann inniu, i nDomhnach b'annamh leis. Ní fhaca Dia ná duine ag seasamh deoch ná blogam ariamh cheana é, ach dhó fhéin.
+
→
buail ar
'An té a bhíonns thuas óltar deoch air; An té a bhíonns thíos buailtear cois air' (seanfhocal)
TUILLEADH (1) ▼
Is amhlaidh a bhí sé ariamh: an té a bheadh thuas, d'ólfaí deoch air, agus an té a bheadh thíos bhuailfí cois air'
→
buail
Chomh luath agus a d'ól an capall an deoch, bhuail rud eicínt í agus shín sí siar ó chluais go iorball.
→
buinne 1
An bhfeiceann tú an muigín buí sin thuas? Ba é a leathcheann sin é. Líonadh suas go buinne bruach dhó le poitín é agus dheamhan ar thóg sé dhá cheann é, ná a ndearna sé an darna deoch dhe, gur scaoil sé siar fré chéile é. Abair go bhfuil coimpléasc agus acmhainn ar phoitín ag an bhfear sin!
+
→
ainm
Cuir ainm ar do rogha deoch anois agus gheobhaidh tú í.
TUILLEADH (1) ▼
Cuir ainm ar do dheoch go beo, mar is beag an lonnú a fhéadfas muid a dhéanamh anseo.
+
→
aire
'Sé atá in ann aire a thabhairt dhá chuid airgid. Ní sheasfadh sé deoch do Dhia shúlach — níl sé caifeach mar ní thabharfadh sé deoch d'aon duine, is cuma cé hé féin.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé atá deas ar aire a thabhairt dhá mbeidh aige. Ní fheicfeadh Mac Dé deoch ina dhiaidh.
+
→
airigh
Is beag a aireos sé sin deoch a sheasamh — tá dalladh airgid aige — ní chuirfidh sé aon cheo as dá chuid airgid luach deoch a bhaint as.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireoidh tú agat ná uait cupla scilling agus ní fiú dhuit droch-cháil a chur amach duit fhéin scáth luach deoch — ní chuirfidh cupla scilling (luach deoch) mórán as duit agus tá sé chomh maith dhuit iad a thabhairt uait i riocht is nach dtiocfaidh cáil péisteánaigh amach duit.
Tá mé ag cur mo theanga bheag amach sa ngarraí ó mhaidin le teann tairt, agus ní chuimhneodh sibh ar dheoch a thabhairt agam ina dhiaidh sin.
+
Thug an dochtúr deoch shuain dhó agus fuair sé fionnórtas breá go ceann cupla uair
TUILLEADH (1) ▼
Tá a cholainn ag bruith le teas. Ní mé an mbeadh rud ar bith a thabharfadh fionnórtas dó. Deoch ná tada
→
fásach
"Siúd ort a Mháire, agus ólfamaid deoch, agus beidh muid amárach i bhfásach na ngort" (.i. an áit a bhfuil rud ag fás) — leathrann; níor chuala mé ann ach an méid sin
→
isteach
D'ól muid trí phionta an fear (an duine) agus fuair muid deoch isteach uaidh fhéin (ón óstóir) ansin
→
fiach 1
Cén chaoi a seasfainnse deoch agus gan a luach agam. Is doiligh an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé
→
fiata
An deoch fhiata é an gin? Níor ól mé ariamh é. Deochannaí cuideáin domsa ar fad iad cé is moite den fuisce, agus den phórtar
Chaith sé uair an chloig ag forcamhás orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó ach dheamhan é muis.
+
→
fuar 2
Sin é an deoch a rinne maith dhomsa. Bhí sé chomh fuar le deoir aille
TUILLEADH (1) ▼
Fuair tú amach an té a mbeadh boigréis ann. Diabhal deoch den uisce fuar a thabharfadh sé do dhuine ná cuid de thabhairt
→
céadéaga
Chuaigh S. Bh. a bhí anseo thoir sna céadéaga. Sílimse go raibh sé os cionn cláir nuair a shuigh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath is ar tugadh deoch dó, shéalaigh sé
→
daidhce
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
'Sí an t-oibrí is fearr in Éirinn scaití í, ach amantaí eile, ní thabharfadh sí deoch uisce agat dá naomhtaí thú. Tá sí sách daidhciúil deirimse leat. Ach cá bhfágfadh sí é arsa tusa. Cineál Bh. an T.
→
daigh
Daitheachaí atá ag dul duit. Ól deoch uisce fuar chomh tréan in Éirinn agus atá tú in ann a ól … Níl tú in ann fulaingt leis an uisce fuar! Nach maith a chaithfeas tú fulaingt lena daitheachaí!
→
danra
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
→
daor 1
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearbóir, agus b'éigean dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach ina (ár) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam, ach seasamh don bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigean dom íoc uirthi. Idir chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é sa deireadh
→
daor 3
Ach a bhfaighe mise greim ar an droinníneach asail sin aríst, tabharfaidh mise luach a chuid bóithreoireachta dó. Coinneoidh mé seachtain ar stábla é gan greim, deoch ná blogam, agus ansin tabharfaidh mé amach é sa ngarraí is crinnte ag gabháil liom, agus gheobhaidh mé rópa rua, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air go gcoinneoidh a smut seanchas leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneos sé é, mar go gcuirfidh mise i ngarraí é nach mbeidh aon fhoithnín féir de bhia na talúna ann
→
dearc
Bhí sé ag dearcadh idir an dá shúil orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dhá dtiteadh déidín aige dhá uireasa, dheamhan deoir de mo chuidse a gheobhadh sé le n-ól