Dia
—/d′īə/, ach /d′ɛ̄/ i laethantaí na seachtaine, Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin, Déardaoin, Dé h-Aoine, Dé Sathairn, Dé Domhnaigh
—Laethantaí na seachtaine: Tá tuiseal geiniúnach in áiteachaí (Camas, Rosmuc, Iorras Aithneach) ar chuid aca seo .i. trathnóna Dé Máirte, maidin Dé Céadaoine, páipéar Déardaoine, oíche Shathairne. Is an gceantar céanna deirtear Cnoc Chille Ciaráin agus chuala mé uair amháin Cnoc Chille Ciaráine. Chuala mé i gCois Fhairrge fear na muiríne móire
—Fuirmeachaí d'uireasbhaidh an Dé atá leis an alt .i. an Luan, an Mháirt, an Chéadaoin, an Diardaoin, an Aoine, an Satharn, an Domhnach. Geiniúnach orra: maidin Luain (maidin an Luain sin), oíche Mháirt (oíche Mháirte), maidin Sathairn (maidin Shathairne)
—Uimhir Iolraidh: Luain, Máirteanna, Céadaoineachaí, Déardaoineachaí (Déardaoineannaí), Aoiníochaí, Satharnachaí, Domhnaigh (fc. Domhnach)
—
lá.
a.
+–
Teagann sé 'chuile Shatharn
Bíonn sí ag an margadh 'chuile Chéadaoin
TUILLEADH (28) ▼
Nuair a thugas sí cuairt annseo fanann sí ó Luan go Luan igcomhnaí. Ar thug tú faoi deara é?
Céadaoin a bhí ann, agus chuaigh mé G. fea'int a bhfeicfinn é
Tuitfidh lá Nodlag ar an Luan imbliana agus Déardaoin Dearg a bhéas i lá na Leanbh
Bainfidh tú go Luan as (tobac)
Bainfidh tú amach go Satharn anois (ar do chuairt). Ní fiú dhuit imeacht go dtí sin
Cuirfidh an gráinne plúir seo thar an Domhnach muid ach sé a bhfuil ann é
Dhá mbeadh an Chéadaoin tharm, ní bheadh daorbhasctha dhíom
Thug sé an Luan dom leis an bhféar = ag obair a chúnamh dhom
Fan go Máirt
Leig sé an Aoine air féin gan a dhul siar in a choinne, agus ná raibh ann mara raibh sí díolta ag an bhfear thiar roimhe
Tháinig an Luan ach níor tháinic Seán, ná an Luan a bhí chugad, ná an Luan in a dhiaidh sin aríst ná aon-Luan ó shoin. Ach níorbh é ba mheasa ach mise fhéin a ghéill dó
D'imigh an Chéadaoin agus dheamhan amharc a bhí air
Tháinig an Satharn agus d'imigh sé, ach dheamhan cos Ph. a tháinig
Fuair sé an Chéadaoin (Dé Céadaoin) in a shaoire
Beidh an ceann deireannach den tSatharn in mo chomhnaí agam
Thug sé an Mháirt leis, ach b'fhurasta aithinte air go raibh sé deireannach. Bhásaigh sé trathnóna Dé Céadaoin.
Ní thiúrfaidh sí an Satharn léithe go deó = ní mhairfidh sí go Satharn
Ó chaith sé an Luan, bheadh meas maith agam air. Shíl mé go raibh sé ag saothrú báis chuile mhionnóid an lá sin
Sheas sé an Mháirt agus deirimse leatsa gur corr-dhuine a sheas an lá sin = sheas sé ag obair
Dhá gcuireadh sé an Chéadaoin tharm ghabhfainn 'na bhaile mhóir an lá in a dhiaidh sin
Bhí sé annseo Dé Máirt seo caithte (Dé Máirt seo (gha)bh thart, Dé Máirt seo (gha)bh tharainn, an Mháirt seo caithte)
Tiocfaidh sé Diardaoin seo chugainn (Diardaoin beag seo)
Bliain atá sé curtha cothrom na h-Aoine seo chugainn
Bhí sé annseo an Chéadaoin a bhí chugad (an Chéadaoin dhár gcíonn; an Chéadaoin in a dhiaidh sin)
D'fhan sí go dtí an Mháirt a bhí chugad
Ní fhaca mé ó'n Diardaoin roimhe sin é
Má bhíonn an Mháirt in araíocht gabhfaidh muid 'un fairrige
'Bhfeiceann tú í sin thuas nach leigfeadh aon-luaith amach Dé Luain. Deir sí nach bhfuil sé sonaí. Sin í an chailleach a bhfuil na pirseógaí aice
+–
Ní dhéanann sé aon-bhuille ó Luan go Satharn = ar feadh na seachtaine
Níl aon-cheo ag cur imní air ó Luan go Satharn ach ag guairdeall ar na coirnéil sin
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan smeach a ghníos sé ó Luan go Satharn ach mar a fheiceas tú é
Níl ag dul síos leis ó Luan go Satharn ach an cheird sin
Obair! Dheamhan buille a ghníos T. ó mhaidin go faoithin ná ó Luan go Satharn, ach istigh san gclúid ag léigheamh nuaíochtaí
Níor choinnigh sé ach ó Luan go Satharn é go dtug sé bóthar dhó aríst (seachtain)
+–
Tá tú réidh leis anois go Luan an Bhrátha = lá Philipe an Chleite; lá an Luain
Dheamhan a chos sin a fhillfeas go Luan an Bhrátha. Tá baol air. Ó dhealaigh sé uatha aon-uair amháin, ní thaobhóidh sé aríst iad
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan amharc a gheobhas tú ar do shluasaid aríst go Luan an Bhrátha. Ná bac le rud ar bith a bhfuighidh siad sin greim air. Caith sneachta ar a lorg
Go Luan an Bhrátha aríst ní chuirfidh mise mo chois ná mo chnáimh isteach in a dteach. Tá mo chomhairleachan faighte agam anois
Tá mise réidh leis an ngrifisc sin aríst go lá an Luain, agus a údar agam faraor
Má fhaghann na tincéaraí sin leigean ar t'asal, go lá an Luain aríst, ní bhfuighidh tú aon-dé air. Do chumhachta cínn ní aithneóidh é
+–
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn = tá geis ar na ceann-oibreachaí sin na laethantaí sin
Sin é an marú salach Sathairn! Ní thaithníodh sé le sean-Bh. chor ar bith go ndéanaidh Dia grásta uirre!
TUILLEADH (8) ▼
Má's pirseóg ná pirseóg anois é, is gránna é an marú Sathairn. Marú salach Sathairn! Chuala muid caint 'chuile lá ariamh air!
"Lomadh Luain agus Deilbh Chéadaoin: ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
Mo lomadh Luain ort!
Lomadh Luain ort le cleas a dhéanamh!
Lomadh Luain air le am a theacht, i lár a (ar) gcruadhóige!
Mo lomadh Luain agus mo sheacht ndóláis, nachar fhan mé mar a bhí mé agus gan an tabhairt seo a chur orm féin, 'scáth a bhfuil ar a shon agam
Lomadh Luain agus marbhfháisc ar an asal sin, mara bhfuil lasctha aríst dó. Caithfear a dhul ar a thóir anois muis, faitíos na fálach thuas
Lomadh Luain ar an bpiodarlánn sin nach dteagann isteach agus gan é fhéin a chailleadh ag déanamh spraoi amach annsin. Meastú an bhfuil spíonán ag gabhail linn nach bhfuil bainte aige aríst!
+–
Luan soir agus Máirt siar, agus tá an Déardaoin sonaí soir nó siar = duine a bheadh dhá pósadh, ní ceart di a dhul soir ach Dé Luain agus rl.
Amáireach a bhéas brat ag dul uirre! Deir siad go bhfuil an Déardaoin sonaí soir nó siar
TUILLEADH (1) ▼
Pósadh inné iad. Huga leat anois! Leanann siad na sean-ghnásannaí i gcomhnaí. Luan soir, adeiridís
+–
Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine = ní mar a chéile a bhíos an Aoine agus 'chuile lá eile de'n tseachtain. Má bhíonn na tseachtain go breagh (fliuch, gaofar, ádhúil, gan aon-bhualadh a bheith ar iasc agus rl.) beidh an Aoine fliuch (ciúin, míádhúil agus rl.)
Tá sé fliuch inniu. An Aoine in aghaidh na seachtaine i gcomhnaí
TUILLEADH (7) ▼
'Ar ndú' sí an Aoine í, agus caithfidh sí a bheith in aghaidh na seachtaine. Lá idir dhá shíon é déarfainn. Feicfidh tú an lá amáireach in a dhórtadh aríst, nó tá mise ag dul amú go mór
Tárlóidh muid isteach é (arúr) amáireach. Beidh an lá cóiriúil aige. Is iondúil don Aoine a bheith in aghaidh na seachtaine
B'fhurasta aithinte go mbeadh an lá inniu ar fónamh. Is deacair an tsean-chaint a shárú: an Aoine in aghaidh na seachtaine, adeir siad
Ná fág an féar ar mhí-scríb amáireach arae beidh an lá go breágh, faoi go raibh an tseachtain fliuch. Bíonn an Aoine igcomhnaí in aghaidh na seachtaine
M'anam go bhfuil an Aoine in aghaidh na seachtaine agadsa ar chaoi ar bith. Tá tú ag dul siar anois le do leath-ghine buí a tharraint. = sean-phinsinéara ag dul i gcoinne an phinsean
Hébrí céard a dhéanfas tada, bhí an Aoine in aghaidh na seachtaine agamsa, dar fiadh. Níor ól mé an oiread i gcaitheamh an tsaoil ariamh agus a d'ól mé inné
Ba chóir dhuinn a dhul ar meath inniu. Mara raibh aon-mharú orra (iasc) i gcaitheamh na seachtaine, beidh an lá inniu thar cíonn. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine
+–
Tús Aoine nó deireadh Sathairn = má theagann tús na h-Aoine fliuch, níl indán aitealla dhó go faoithin. Tá sé mar sin le deireadh an tSathairn
Lá san gclaidhe é anois. Níor thriomaigh sé ariamh dhá dtosaíodh tús Aoine
TUILLEADH (3) ▼
Eirigh as anois agus teara abhaile. Ní bhfuighidh tú fábhall aríst inniu. Tús Aoine nó deireadh Sathairn a mhic ó
Má fheiceann tú deireadh Sathairn ag teacht anuas, tá tú réidh le triomach a fháil an lá sin
Níor thaitnigh liom tús Aoine a fheiceál ariamh ag teacht in a bháistigh. Ní thugann sé aon-aitealla uaidh níos mó
·
Sin é baislín broghach an tSathairn = is iondúil an níochán a ghnítear Dé Sathairn go mbíonn fuíoll an fhoruithe air, mar gur le h-aghaidh an Domhnaigh a bhíos chugad é
Baislín broghach an tSathairn atá mise a dhéanamh. Dheamhan falach léine a bhí agam a chuirfinn le mo chraiceann amáireach
b.
Seo cuid de na laetheantaí áiride ar feadh na bliana.
+–
Luan (/ʟūn/ Conamara, /ʟūən/ Achréidh) Cásca (an lá tar éis Domhnach Cásca)
Luan Cincíse (an lá taréis Domhnach Cincíse; bíonn breac-shaoire ar an dá Luan sin nó bhíodh go dtí goirid ó shoin)
TUILLEADH (9) ▼
Luan Lúnasa (an chéad Luan de Lúnasa. Bíonn saoire phuiblí air)
Máirt Inide (an lá roimh Chéadaoin na Luaithre — an chéad lá de'n Charghas)
Céadaoin na Luaithre
Céadaoin na Bratha (an Chéadaoin roimh Aoine an Chéasta. Bíonn an focal buineann i gcomhnaí. An brath (breith), breithiúnas atá i gceist ann i leabaidh brath (spiadóireacht)? Breathnais na h-aimsire seo brawd = breithiúnas)
Diardaoin na Bratha nó Déardaoin Chean-lá (an lá i ndiaidh Chéadaoin na Bratha)
Déardaoin Deasgabhála, Déardaoin Chorp Críost (dhá lá saoire san Samhradh)
Déardaoin Dearg (lá na leanbh nó lá chrosta na bliana nuair is cothrom le Déardaoin a bhíos sé. Deirtear gur Déardaoin a bhí ann an lá a ndeárna Herod ár na Leanbh)
Aoine an Chéasta
Satharn mór na Nodlag (an Satharn roimh lá Nodlag)
Féach freisin
→
cinnire
→
anam
→
abair
→
dearg 1
→
deo
→
duine
→
Aoine
→
Céadaoin
→
dé 1
→
Luan
→
Máirt
→
Satharn
Dia in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (5) ▼
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin domáisteach go leór
Beidh tú amuigh nó go gcuirthear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil an bóithrín sin síos sidhiúil, fuagraíomuid deá-chomharsanacht orra, agus síochán barainneach inniu Dé Máirt!
Nach beag a fhaitíos é, a Thiarna Dé, a dhul amach an tráth sin d'oíche!
Is duine gan aon-fhaitíos é roimh Dhia ná Mhuire, agus caint mar sin a rá leis an sagart
Fan as faitíos na contúirte go sábhála Dia sinn!
→
fara
Ab é an sean-"bhicycle" sin. Beannacht Dé dhuit agus caith ar an bhfara é. Ar ndú, ní thiúrfadh sé sin trí choisméagachaí na trócaire thú
+
Is caillte an aimsir í, ní ag ceasacht ar Dhia é. 'Chuile lá ag baint earasbár dá chéile = is measa gach lá dhá dteagann ná aon-lá roimhe sin
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig aca ag baint fearasbár dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aice leigean fúithi dhá mba é toil Dé é
Teagann tharasbár bisigh air chuile lá. Is gearr go mbeidh sé as le cúnamh Dé
+
Cuireann sí feánach leamhnacht 'ar chuid na muc 'chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith ionta. Go bhfoire Dia ar na muca nach bhfánn ach an fata tor! Is deacair dóibh aon-rath a bheith orra
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí an feánach feamainne a chuir sé ar an gcapall. Ach is beag an tolgán a bhí aice siúd ann, mo léan. An-chapall í, bail ó Dhia uirri!
+
→
fear
Má phósann tú ní aireóidh tú go mbeidh na gasúir — má gheallann Dia dhuit iad — ag fearadh ort. Gheobhaidh tú do chuid leathchorónachaí, agus ní bhíonn achar ar bith orra go mbíonn siad ionchúntach. Ní aireóidh tú go mbeidh siad indon cuid den obair a bhaint dhíot
TUILLEADH (1) ▼
Go leige Dia a sláinte di! Is mór an grádh diadha a rinne sí, agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grádh Dia uirre. Siad atá i riocht
+
→
feart
A Dhia na bhfeart céard atá tú a dhéanamh? = a Dhia mhóir na nGrásta
TUILLEADH (3) ▼
A Dhia na bhFeart go dtuga tú fóirínt dúinn agus do chuile chréatúr eile a bhfuil an t-anshógh air!
"Is fhearr é sin le Dia na bhFeart, ná a dhul faoi sheacht don Róimh" (as Rann: an dá líne tosaigh dhe: "Foighid in aghaidh gach locht, agus déirce don duine bhocht gan treóir")
Tá mé eirithe as an tobac inniu, agus ní chaithfidh mé aon-ghráinne aríst le cúnamh Dé go dtí lá Fheil Pádraig na bhFeart. Bainfidh mé píopa as an lá sin. Deir siad nach dochar é
Nach cumasach an chaoi a bhfuil sé ag cothú ar an bhfearthainn seo? Ní thiocfaidh aon-aghaidh ar an aimsir i mbliana mara bhfuil ag Dia
Sén feithideach is caillte é a chruthaigh Dia = dreóláinín dona; éagbhás; bás ar sliobarna; péisteánach nachar mhian leis scaradh le pínn ar bith airgid
+
→
fios
B'fhuide dhuit ná fios do shaoil an oíche siúd. Ghabhfadh an sioc a bhí ann thrí chlár daraí. Sháruigh muid í in a dheidh sin, buíochas le Dia
TUILLEADH (5) ▼
'Gcuire Dia an t-ádh ort agus leig dhom. Níl fios rúin ná mioscais agamsa faoi fhéin ná faoin a chuid cúrsaí. Muise nach haisteach an cleite cómhrádha a tharraing tú chugam i mbrollach an lae?
Níl a fhios agam ó Dhia anuas (ó sheacht ranna an domhain; ó sheacht ranna na néal; ó neamh ná néal; ó neamh ná néal; ó Dhia go talamh; ó Dhia; ó Fhlaitheas Dé na ngrást; bruite ná fuar etc.) céard a dhéanfas mé.
Tá a fhios ag Dia (tá a fhios ag an lá; tá a fhios ag an lá beannuithe; tá a fhios ag mo chroí etc.) go bhfuil mé tinn = tá mé tinn go cinnte
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith. Níl me ag fáil aon-mhámh i gCathair Pheadair ná Phóil
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia agus an bhail seo a chur orm! Mé a chasadh i lár an "bhulc Bligeárds" is corónta a chonnaic mé ariamh!
→
fliuch 1
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhailí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
→
fliuch 2
"Báisteach ó Dhia againn agus é a bheith fliuch agus cuid an lae amáireach go ndéana sé inniu" (rann)
→
fliuchán
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní samhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach annseo in aice chúnta Dé
+
→
focal
Sin é an rud adúirt sé go díreach glan. Nar leige Dia go gcuirfinnse cor an fhocail air. Tá seisean ar shlí na fírinne agus mise ar shlí na bréige
TUILLEADH (2) ▼
Ná hinnis do scéal d'aonduine. Má innsíonn gabhfaidh cor an fhocail air. Nach air sin atá daoine ag faire. Beannacht Dé dhuit! Feacha a gcloiseann tú de luaidreáin chuile lá
Chuir mé focal ar bheart slat le fear as an Taobh Mín Dé Sathairn seo caite, ach níor thug sé chugam inniu iad
+
→
foilsigh
Rinne sé an choir. Is furasta aithinte anois air é, ní dhá roinnt leis é. Foillsíonn Dia rudaí mar sin = agruíonn Dia rudaí mar sin ar dhuine (san saol seo fhéin); is follasach é na rudaí a thárluíos do dhuine go raibh Dia ag ídiú nó ag fearadh a dhroch-ghníomhra air
TUILLEADH (7) ▼
Foillsíonn Dia an droch-ní i gcomhnaí dhá fhada go dtí é. Deir siad go bhfuil muilte Dé mall ach go meileann siad mín … Feacha an fear sin thiar. Mharuigh sé comrádaí leis ar an sliabh. Dheamhan a fhios agam ar mharuigh nós marar mharuigh — diúltaíomuid dhó — ach go raibh sé ráite leis. Nach maith a tháinig sé san saol gur thárluigh an cleas céanna dhá mhac fhéin. Thug an t-athair an eang leis. Ar an mac a hídíodh é
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
Nar leige Dia go bhfearfadh Sé a chionnta air. Tá an rud thart anois, agus níl muid ag guidhe an oilc dó, th'éis a ndeárna sé orainn. Ach foillseóidh Dia an chréatúlacht luath nó mall
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
Má tá Dia thuas foillseóidh Sé É fhéin ar an bhfear sin faoin anshógh a leig sé ar a athair agus ar a mháthair.
B'fhada a rith an scaibhtéaracht leis, ach d'fhoillsigh Dia É féin air san deireadh. Sé Dia an fear is fhearr in a dheidh sin
Ná bacaighidh léithe. Leigidh di. Fágaidh ag Dia í. Foillseóidh Dia É fhéin uirre. Más mall is trom í díoltas Dé, adeir siad
+
→
foirgthe
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirghe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shoin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith cho haiféalach leis. Mara bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
TUILLEADH (1) ▼
Dar diagaí tá chuile fhear dhá árdú (i bpáighe) ach go bhfoiridh Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirghe ar fad
+
→
foirm
Tá fólaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach má sin í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí san té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa do'n fhear sin. Nachar chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon-Naomh Pádraig amháin, moladh go deó leis
TUILLEADH (1) ▼
Go bhfuil siad indon an cloigeann a bhaint de dhuine agus cloigeann eile a chur air! Go dtuga Dia ciall duit! Níl do scéal i gclár ná i bhfoirm! A' dtiúrfása cead an cloigeann a bhaint díot fhéin?
+
Déanann tú scríbhneoireacht an-fhollasach bail ó Dhia ort = soiléar so-léite
TUILLEADH (2) ▼
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon-chaidéis orra sin. Leigfidh siad isteach annsiúd cho follasach as comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a leigfidís lá den tseachtain
Is follasach gur chuir tusa fataí cheana bail ó Dhia ort! Tá na múslaí agad!
→
fothair
Tá an talamh cho spalpha i mbliana agus nach mbeidh féar ná fóthar ann mara bhfuil ag Dia. Níor buaileadh aon-deóir bháistí ar an talamh ó Lá Bealtaine