dia
—/d′īə/, ach /d′ɛ̄/ i laethantaí na seachtaine, Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin, Déardaoin, Dé hAoine, Dé Sathairn, Dé Domhnaigh
—laethantaí na seachtaine: tá tuiseal ginideach in áiteachaí (Camas, Ros Muc, Iorras Aithneach) ar chuid acu seo .i. tráthnóna Dé Máirte, maidin Dé Céadaoine, páipéar Déardaoine, oíche Shathairne. Sa gceantar céanna, deirtear Cnoc Chille Ciaráin, agus chuala mé uair amháin Cnoc Chille Ciaráine. Chuala mé i gCois Fharraige fear na muiríne móire
—foirmeachaí d'uireasa an Dé atá leis an alt .i. an Luan, an Mháirt, an Chéadaoin, an Déardaoin, an Aoine, an Satharn, an Domhnach. Ginideach orthu: maidin Luain (maidin an Luain sin), oíche Mháirt (oíche Mháirte), maidin Sathairn (maidin Shathairne)
—uimhir iolra: Luain, Máirteanna, Céadaoineachaí, Déardaoineachaí (Déardaoineannaí), Aoiníochaí, Satharnachaí, Domhnaigh (fc. Domhnach)
—
lá.
a.
+–
Teagann sé chuile Shatharn
Bíonn sí ag an margadh chuile Chéadaoin
TUILLEADH (28) ▼
Nuair a thugas sí cuairt anseo, fanann sí ó Luan go Luan i gcónaí. Ar thug tú faoi deara é?
Céadaoin a bhí ann, agus chuaigh mé G. féint a bhfeicfinn é
Titfidh Lá Nollag ar an Luan i mbliana agus Déardaoin Dearg a bheas i lá na leanbh
Bainfidh tú go Luan as (tobac)
Bainfidh tú amach go Satharn anois (ar do chuairt). Ní fiú dhuit imeacht go dtí sin
Cuirfidh an gráinne plúir seo thar an Domhnach muid ach sé a bhfuil ann é
Dhá mbeadh an Chéadaoin tharam, ní bheadh daorbhasctha dhíom
Thug sé an Luan dom leis an bhféar ─ ag obair a chúnamh dhom
Fan go Máirt
Lig sé an Aoine air féin gan a dhul siar ina choinne, agus ná raibh ann mura raibh sí díolta ag an bhfear thiar roimhe
Tháinig an Luan ach níor tháinig Seán, ná an Luan a bhí chugat, ná an Luan ina dhiaidh sin aríst, ná aon Luan ó shin. Ach níorbh é ba mheasa ach mise fhéin a ghéill dó
D'imigh an Chéadaoin agus dheamhan amharc a bhí air
Tháinig an Satharn agus d'imigh sé, ach dheamhan cos Ph. a tháinig
Fuair sé an Chéadaoin (Dé Céadaoin) ina shaoire
Beidh an ceann deireanach den tSatharn in mo chónaí agam
Thug sé an Mháirt leis, ach b'fhurasta a aithinte air go raibh sé deireanach. Bhásaigh sé tráthnóna Dé Céadaoin.
Ní thabharfaidh sí an Satharn léithe go deo ─ ní mhairfidh sí go Satharn
Ó chaith sé an Luan, bheadh meas maith agam air. Shíl mé go raibh sé ag saothrú báis chuile mhionóid an lá sin
Sheas sé an Mháirt, agus deirimse leatsa gur corrdhuine a sheas an lá sin ─ sheas sé ag obair
Dhá gcuireadh sé an Chéadaoin tharam, ghabhfainn 'na bhaile mhóir an lá ina dhiaidh sin
Bhí sé anseo Dé Máirt seo caite (Dé Máirt seo (gha)bh thart, Dé Máirt seo (gha)bh tharainn, an Mháirt seo caite)
Tiocfaidh sé Déardaoin seo chugainn (Déardaoin beag seo)
Bliain atá sé curtha cothrom na hAoine seo chugainn
Bhí sé anseo an Chéadaoin a bhí chugat (an Chéadaoin dhár gcionn; an Chéadaoin ina dhiaidh sin)
D'fhan sí go dtí an Mháirt a bhí chugat
Ní fhaca mé ón Déardaoin roimhe sin é
Má bhíonn an Mháirt in araíocht, gabhfaidh muid chun farraige
An bhfeiceann tú í sin thuas nach ligfeadh aon luaith amach Dé Luain. Deir sí nach bhfuil sé sonaí. Sin í an chailleach a bhfuil na pisreogaí aici
+–
Ní dhéanann sé aon bhuille ó Luan go Satharn ─ ar feadh na seachtaine
Níl aon cheo ag cur imní air ó Luan go Satharn ach ag guairdeall ar na coirnéil sin
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan smeach a ghníos sé ó Luan go Satharn ach mar a fheiceas tú é
Níl ag dul síos leis ó Luan go Satharn ach an cheird sin
Obair! Dheamhan buille a ghníos T. ó mhaidin go faoithin ná ó Luan go Satharn, ach istigh sa gclúid ag léamh nuaíochtaí
Níor choinnigh sé ach ó Luan go Satharn é go dtug sé bóthar dhó aríst (seachtain)
+–
Tá tú réidh leis anois go Luan an Bhrátha ─ Lá Philipe an Chleite; lá an Luain
Dheamhan a chos sin a fhillfeas go Luan an Bhrátha. Tá baol air. Ó dhealaigh sé uathu aon uair amháin, ní thaobhóidh sé aríst iad
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan amharc a gheobhas tú ar do shluasaid aríst go Luan an Bhrátha. Ná bac le rud ar bith a bhfaighidh siad sin greim air. Caith sneachta ar a lorg
Go Luan an Bhrátha aríst, ní chuirfidh mise mo chois ná mo chnáimh isteach ina dteach. Tá mo chomhairleachan faighte agam anois
Tá mise réidh leis an ngrifisc sin aríst go lá an Luain, agus a údar agam faraor
Má fhaigheann na tincéaraí sin ligean ar t'asal, go lá an Luain aríst, ní bhfaighidh tú aon dé air. Do chumhachta cinn ní aithneoidh é
+–
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn ─ tá geis ar na ceann oibreachaí sin na laethantaí sin
Sin é an marú salach Sathairn! Ní thaitníodh sé le seanBh. chor ar bith go ndéana Dia grásta uirthi!
TUILLEADH (8) ▼
Más pisreog ná pisreog anois é, is gránna é an marú Sathairn. Marú salach Sathairn! Chuala muid caint chuile lá ariamh air!
"Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin: ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
Mo lomadh Luain ort!
Lomadh Luain ort le cleas a dhéanamh!
Lomadh Luain air le am a theacht, i lár a (ár) gcruóige!
Mo lomadh Luain agus mo sheacht ndóláis, nár fhan mé mar a bhí mé agus gan an tabhairt seo a chur orm féin, scáth a bhfuil ar a shon agam
Lomadh Luain agus marbhfháisc ar an asal sin, mura bhfuil lasctha aríst dó. Caithfear a dhul ar a thóir anois muis, faitíos na fálach thuas
Lomadh Luain ar an bpiodarlán sin nach dteagann isteach agus gan é fhéin a chailleadh ag déanamh spraoi amach ansin. Meas tú an bhfuil spíonán ag gabháil linn nach bhfuil bainte aige aríst!
+–
Luan soir agus Máirt siar, agus tá an Déardaoin sonaí soir nó siar ─ duine a bheadh dhá pósadh, ní ceart di a dhul soir ach Dé Luain srl.
Amárach a bheas brat ag dul uirthi! Deir siad go bhfuil an Déardaoin sonaí soir nó siar
TUILLEADH (1) ▼
Pósadh inné iad. Huga leat anois! Leanann siad na seanghnásannaí i gcónaí. Luan soir, adeiridís
+–
Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine ─ ní mar a chéile a bhíos an Aoine agus chuile lá eile den tseachtain. Má bhíonn na tseachtain go breá (fliuch, gaofar, ádhúil, gan aon bhualadh a bheith ar iasc srl.) beidh an Aoine fliuch (ciúin, mí-ádhúil srl.)
Tá sé fliuch inniu. An Aoine in aghaidh na seachtaine i gcónaí
TUILLEADH (7) ▼
Ar ndóigh sí an Aoine í, agus caithfidh sí a bheith in aghaidh na seachtaine. Lá idir dhá shíon é déarfainn. Feicfidh tú an lá amárach ina dhórtadh aríst, nó tá mise ag dul amú go mór
Tarlóidh muid isteach é (arbhar) amárach. Beidh an lá cóiriúil aige. Is iondúil don Aoine a bheith in aghaidh na seachtaine
B'fhurasta a aithinte go mbeadh an lá inniu ar fónamh. Is deacair an tseanchaint a shárú: an Aoine in aghaidh na seachtaine, adeir siad
Ná fág an féar ar mhíscríb amárach, arae beidh an lá go breá faoi go raibh an tseachtain fliuch. Bíonn an Aoine i gcónaí in aghaidh na seachtaine
M'anam go bhfuil an Aoine in aghaidh na seachtaine agatsa ar chaoi ar bith. Tá tú ag dul siar anois le do leathghine buí a tharraingt ─ seanphininséara ag dul i gcoinne an phinsean
Hé brí céard a dhéanfas tada, bhí an Aoine in aghaidh na seachtaine agamsa, dar fia. Níor ól mé an oiread i gcaitheamh an tsaoil ariamh agus a d'ól mé inné
Ba chóir dhúinn a dhul ar meath inniu. Mura raibh aon mharú orthu (iasc) i gcaitheamh na seachtaine, beidh an lá inniu thar cionn. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine
+–
Tús Aoine nó deireadh Sathairn ─ má theagann tús na hAoine fliuch, níl i ndán aitealla dhó go faoithin. Tá sé mar sin le deireadh an tSathairn
Lá sa gclaí é anois. Níor thriomaigh sé ariamh dhá dtosaíodh tús Aoine
TUILLEADH (3) ▼
Éirigh as anois agus teara abhaile. Ní bhfaighidh tú fabhall aríst inniu. Tús Aoine nó deireadh Sathairn a mhic ó
Má fheiceann tú deireadh Sathairn ag teacht anuas, tá tú réidh le triomach a fháil an lá sin
Níor thaitnigh liom tús Aoine a fheiceáil ariamh ag teacht ina bháistigh. Ní thugann sé aon aitealla uaidh níos mó
·
Sin é boislín broghach an tSathairn ─ is iondúil an níochán a ghnítear Dé Sathairn go mbíonn fuíoll an fhoraithe air, mar gur le haghaidh an Domhnaigh a bhíos chugat é
Boislín broghach an tSathairn atá mise a dhéanamh. Dheamhan folach léine a bhí agam a chuirfinn le mo chraiceann amárach
b.
seo cuid de na laethantaí áiride ar feadh na bliana.
+–
Luan (/ʟūn/ Conamara, /ʟūən/ Achréidh) Cásca (an lá tar éis Domhnach Cásca)
Luan Cincíse (an lá tar éis Domhnach Cincíse; bíonn breacshaoire ar an dá Luan sin nó bhíodh go dtí gairid ó shin)
TUILLEADH (9) ▼
Luan Lúnasa (an chéad Luan de Lúnasa. Bíonn saoire phoiblí air)
Máirt Inide (an lá roimh Chéadaoin na Luaithre — an chéad lá den Charghas)
Céadaoin na Luaithre
Céadaoin na Bratha (an Chéadaoin roimh Aoine an Chéasta. Bíonn an focal baineann i gcónaí. An brath (breith), breithiúnas atá i gceist ann i leaba brath (spíodóireacht)? Breatnais na haimsire seo brawd = breithiúnas)
Déardaoin na Bratha nó Déardaoin Cheannlá (an lá i ndiaidh Chéadaoin na Bratha)
Déardaoin Deascabhála, Déardaoin Chorp Críost (dhá lá saoire sa samhradh)
Déardaoin Dearg (lá na leanbh nó lá chrosta na bliana nuair is cothrom le Déardaoin a bhíos sé. Deirtear gur Déardaoin a bhí ann an lá a ndearna Herod ár na leanbh)
Aoine an Chéasta
Satharn mór na Nollag (an Satharn roimh Lá Nollag)
Féach freisin
→
cinnire
→
anam
→
abair
→
dearg 1
→
deo
→
duine
→
Aoine
→
Céadaoin
→
dé 1
→
Luan
→
Máirt
→
Satharn
dia in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (5) ▼
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin damáisteach go leor
Beidh tú amuigh nó go gcuirtear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil an bóithrín sin síos síúil, fuagraí muid dea-chomharsanacht orthu, agus síocháin barainneach inniu Dé Máirt!
Nach beag a fhaitíos é, a Thiarna Dé, a dhul amach an tráth sin d'oíche!
Is duine gan aon fhaitíos é roimh Dhia ná Mhuire agus caint mar sin a rá leis an sagart
Fan as faitíos na contúirte go sábhála Dia sinn!
→
fara
Ab é an seanbhicycle sin. Beannacht Dé dhuit agus caith ar an bhfara é. Ar ndóigh, ní thabharfadh sé sin trí choisméigeachaí na trócaire thú
+
Is caillte an aimsir í, ní ag ceasacht ar Dhia é. Chuile lá ag baint earasbarr dá chéile — is measa gach lá dhá dteagann ná aon lá roimhe sin
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig acu ag baint farasbarr dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aici ligean fúithi dhá mba é toil Dé é
Teagann tharasbarr bisigh air chuile lá. Is gearr go mbeidh sé as le cúnamh Dé
+
Cuireann sí feadhnach leamhnachta ar chuid na muc chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith iontu. Go bhfóire Dia ar na muca nach bhfaigheann ach an fata tor! Is deacair dóibh aon rath a bheith orthu
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí an feadhnach feamainne a chuir sé ar an gcapall. Ach is beag an tolgán a bhí aici siúd ann, mo léan. An-chapall í, bail ó Dhia uirthi!
→
fearacht
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar a rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thabharfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grá dia an uair sin ar chaoi ar bith
+
→
fear
Má phósann tú ní aireoidh tú go mbeidh na gasúir — má gheallann Dia dhuit iad — ag fearadh ort. Gheobhaidh tú do chuid leathchorónachaí, agus ní bhíonn achar ar bith orthu go mbíonn siad inchúntach. Ní aireoidh tú go mbeidh siad in ann cuid den obair a bhaint dhíot
TUILLEADH (1) ▼
Go lige Dia a sláinte di! Is mór an grá dia a rinne sí agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grá dia uirthi. 'Siad atá i riocht
+
→
feart
A Dhia na bhfeart céard atá tú a dhéanamh? — a Dhia mhóir na ngrásta
TUILLEADH (3) ▼
A Dhia na bhfeart go dtuga tú fóirithint dúinn agus do chuile chréatúr eile a bhfuil an t-anó air!
"Is fhearr é sin le Dia na bhfeart, ná a dhul faoi sheacht don Róimh" as rann: an dá líne tosaigh dhe: "Foighid in aghaidh gach locht, agus déirce don duine bhocht gan treoir"
Tá mé éirithe as an tobac inniu agus ní chaithfidh mé aon ghráinne aríst le cúnamh Dé go dtí Lá Fhéil Pádraig na bhfeart. Bainfidh mé píopa as an lá sin. Deir siad nach dochar é
Nach cumasach an chaoi a bhfuil sé ag cothú ar an bhfearthainn seo? Ní thiocfaidh aon aghaidh ar an aimsir i mbliana mura bhfuil ag Dia
'Sé an feithideach is caillte é a chruthaigh Dia — dreoláinín dona; éagbhás; bás ar sliobarna; péisteánach nár mhian leis scaradh le pínn ar bith airgid
→
fiosacht
Ba bheag a bhí le déanamh agat ól a thabhairt dó sin agus a fhiosacht duit nach dtabharfadh sé fhéin deoir do Dhia shúlach
+
→
fios
B'fhaide dhuit ná fios do shaoil an oíche siúd. Ghabhfadh an sioc a bhí ann thrí chlár daraí. Sháraigh muid í ina dhiaidh sin, buíochas le Dia
TUILLEADH (5) ▼
Go gcuire Dia an t-ádh ort agus lig dhom. Níl fios rúin ná mioscais agamsa faoi fhéin ná faoina chuid cúrsaí. Muise nach aisteach an cleite comhrá a tharraing tú chugam i mbrollach an lae?
Níl a fhios agam ó Dhia anuas (ó sheacht ranna an domhain; ó sheacht ranna na néal; ó neamh ná néal; ó neamh ná néal; ó Dhia go talamh; ó Dhia; ó Fhlaitheas Dé na ngrást; bruite ná fuar srl.) céard a dhéanfas mé
Tá a fhios ag Dia (tá a fhios ag an lá; tá a fhios ag an lá beannaithe; tá a fhios ag mo chroí srl.) go bhfuil mé tinn — tá mé tinn go cinnte
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith. Níl mé ag fáil aon mhámh i gCathair Pheadair ná Phóil
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia agus an bhail seo a chur orm! Mé a chasadh i lár an bhulc bligeards is corónta a chonaic mé ariamh!
→
fliuch 1
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhalaí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
→
fliuch 2
"Báisteach ó Dhia againn agus é a bheith fliuch agus cuid an lae amárach go ndéana sé inniu" rann
→
fliuchán
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní somhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach anseo in aice chúnta Dé
+
→
focal
Sin é an rud adúirt sé go díreach glan. Nár lige Dia go gcuirfinnse cor an fhocail air. Tá seisean ar shlí na fírinne agus mise ar shlí na bréige
TUILLEADH (2) ▼
Ná hinis do scéal d'aon duine. Má insíonn gabhfaidh cor an fhocail air. Nach air sin atá daoine ag faire. Beannacht Dé dhuit! Féacha a gcloiseann tú de luaidreáin chuile lá
Chuir mé focal ar bheart slat le fear as an Taobh Mín Dé Sathairn seo caite, ach níor thug sé chugam inniu iad
+
→
foilsigh
Rinne sé an choir. Is furasta a aithinte anois air é, ní dhá roinnt leis é. Foilsíonn Dia rudaí mar sin — agraíonn Dia rudaí mar sin ar dhuine (sa saol seo fhéin); is follasach é na rudaí a tharlaíos do dhuine go raibh Dia ag ídiú nó ag fearadh a dhrochghníomhra air
TUILLEADH (7) ▼
Foilsíonn Dia an drochní i gcónaí dhá fhada go dtí é. Deir siad go bhfuil muilte Dé mall ach go meileann siad mín … Féacha an fear sin thiar. Mharaigh sé comrádaí leis ar an sliabh. Dheamhan a fhios agam ar mharaigh nós murar mharaigh — diúltaímid dhó — ach go raibh sé ráite leis. Nach maith a tháinig sé sa saol gur tharlaigh an cleas céanna dhá mhac fhéin. Thug an t-athair an eang leis. Ar an mac a hídíodh é
An corpadóir bradach! 'Sé cóir Dé é an méid sin a éireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhroim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aici céard a bhí ann ach gur theastaigh cupla cloch mhine uaithi le aghaidh a háilín … Ach foilsíonn Dia an éagóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfaigheadh an cneámhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
Nár lige Dia go bhfearfadh sé a chionta air. Tá an rud thart anois, agus níl muid ag guí an oilc dó, théis a ndearna sé orainn. Ach foilseeoidh Dia an chréatúlacht luath nó mall
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orthu, go mba leo fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad ina rith seoil ceart críochnaithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foilsíonn Dia an chneámhaireacht agus an míscrupall i gcónaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach amhlaidh a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonaic fear eile ag marú duine agus dhá chur i ngan fhios. Mhionnaigh sé agus mhóidigh sé mura bhfoilsíodh Dia é nach mbeadh aon aird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maraíodh. Nach maith gur fhoilsigh Dia an choir sin!
Má tá Dia thuas foilseoidh sé é fhéin ar an bhfear sin faoin anó a lig sé ar a athair agus ar a mháthair.
B'fhada a rith an scabhaitéireacht leis, ach d'fhoilsigh Dia é féin air sa deireadh. 'Sé Dia an fear is fhearr ina dhiaidh sin
Ná bacaidh léithe. Ligidh di. Fágaidh ag Dia í. Foilseoidh Dia é fhéin uirthi. Más mall, is trom í díoltas Dé adeir siad
+
→
foirgthe
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
TUILLEADH (1) ▼
Dar diagaí tá chuile fhear dhá ardú (i bpáí) ach go bhfóire Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirgthe ar fad
+
→
foirm
Tá foghlaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach más in í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí sa té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa don fhear sin. Nár chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon Naomh Pádraig amháin, moladh go deo leis
TUILLEADH (1) ▼
Go bhfuil siad in ann an cloigeann a bhaint de dhuine agus cloigeann eile a chur air! Go dtuga Dia ciall duit! Níl do scéal i gclár ná i bhfoirm! An dtabharfása cead an cloigeann a bhaint díot fhéin?
+
Déanann tú scríbhneoireacht an-fhollasach bail ó Dhia ort — soiléir soléite
TUILLEADH (2) ▼
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon chaidéis orthu sin. Ligfidh siad isteach ansiúd chomh follasach os comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a ligfidís lá den tseachtain
Is follasach gur chuir tusa fataí cheana bail ó Dhia ort! Tá na múslaí agat!