Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diachta (dia-achtuighthe? diadhachta?)
aidiacht; ainm-fhocal; boineann
1.
truagh; iongantach; cóir.
+
Is diachta nach thiar ag a dhearbhráthair a chuir sé an t-airgead sin thar agus a chur chuig N. = is truagh nach agus rl.; is cóir go mbadh chuig an dearbhráthair a chuirfeadh sé é agus rl.
Is diachta nach thoir ins an mbaile a d'fhan sé agus gan a bheith ag tarraint anoir annseo ag déanamh círthuaithbhill de'n teach. Beidh scéal aige lá eicínt mara n-athruighidh sé béasaí. Gheobhaidh sé an tsráid amach feicfidh sé féin air. Bíodh sé buidheach do Sh. nach bhfuil sí faighte aige cheana
TUILLEADH (3) ▼
Is diachta (iongantach) nar thug sí an dochtúr agus an sagart ann freisin ó 'chuaidh sí i gcleitheamhnas a dhul ag déanamh flaisc cho mór sin. M'anam go mbadh chóra di go mór a dhul agus a cuid fiacha a íoc ná an tír a bheith ag magadh fúithe th'éis a cuid a ithe agus a ól
Is diachta nach istigh ins an teach a d'fhanfadh sib a leithide d'oíche thar agus a dhul amach ag bothaireóireacht. Beidh earradh agaibh de bharr na mbóithrí agus ní h-í an deagh-earradh ach oiread í — ní h-í sin
Is diachta nach gcrochfaí an diabhlánach, agus a bhean marbhuighthe aige. Is mór an díol truaighe anois é mar dhóigh dhe, ach ní fheicim go bhfuil truaighe ar bith do'n chréatúr bocht atá faoi'n gcréafóig. Sin é an chaoi a mbíonn sé: fear dhá bheathú agus fear dhá mharbhú
+
Diachta ghéar gan muid scartha leis ar fad = is truagh nach bhfuil sé dealuighthe uainn, nó muide dealuighthe uaidh, agus gan muid a bheith ag teacht salach ar a chéile chor ar bith
Is diachta ghéar nar fhága sib an sean-bhosca ceoil sin ins an áit a bhfuair sib é. Dá mbadh rud ar foghnamh é, ní bheadh sí leath cho spleodrach dá thabhairt daoib. Dúinigidh suas anois é, nó dar brigh an leabhar déanfaidh mise rud leis: a bhualadh amuigh annsin in aghaidh an chlaidhe agus ciseach a dhéanamh dó (dhe) ins an lasarnach in a dhiaidh sin
TUILLEADH (5) ▼
Diachta ghéar gur cheannuigh tú chor ar bith é mar bhicycle. Tá an teach bánuighthe aige ó a tháinic sé isteach ann. Tá a liachtaighe bícéad air agus atá de réalta ar an spéir, agus ní túisce ceann deasuighthe ná ceann briste. Agus níl aon-lá ins an aer nach bhfuil airgead ag imeacht le caoi eicínt a chur air
Is diachta ghéar nach leigeann tú de do cuid sioctha leis. B'fhéidir dá leigtheá dhó go suaimneochadh sé, ach 'sé an chaoi a bhfuil tú ag iarraidh a bheith ag baint amhlóireacht' as, agus gan call ar bith a bheith ag maoidheachtáil leis
Go leaghaidh an Diabhal agad iad nach n-éisteann leo uair eicínt. Is diachta ghéar nar fhan tú thoir aca ar fad agus an moladh atá agad orra. Diabhal aithne ort nach ridirí iad, dhá dtarraint anuas 'chuile núiméad (nóiméad)
Diachta ghéar gan an Nodlaig chéadna tharainn dá mbadh rud é a dhúinfeadh 'u' (bhur) mbéal. Níor thug sib forus ná suaimneas duinn le mí ach í in a leathrann agaibh len 'u' (bhur) mbricfeasta, agus len 'u' suipéar. An uair a thiocfas sí tiocfaidh sí agus ní fhéadfaidh sibse ná aon-duine eile a dhéanamh lá níos túisce. Breagh nach leigfeadh sibh dá 'u' gcuid clabaireacht' annsin fúithe.
Ní léar dhom go bhfuil maith ar bith a dhul ag cur chomhairle aríst air. Nach bhfuil an teanga caithte ag na daoine ag cur chomhairle. Is diachta ghéar nar thug tú cead dó lascadh leis go Sasana an uair a bhí sé ag éiliú a dhul ann, thar agus é a bheith ag tarraint droch-chliú air féin agus ar 'chuile dhuine a bhaineas leis. Dá mbadh ag tobar dheire an Domhain a bheadh sé ag dul, ní bhacfainn-se é ach moladh leis, go n-imigheadh sé as an mbealach
2.
deacair; doiligh.
+
Is diachta dom a bheith beathuighthe scáth a bhfaghaim len ithe = is iongantas é go bhfuil mé beathuighthe agus a laghad len ithe agus a fhaghaim; is deacair dom a bheith beathuighthe ó's rud é gur beag len ithe a fhaghaim
Is diachta dhó a bheith cho suaidhte sin; shílfeá go bhfaghann sé aire mhaith. Ach ní chuirfeadh an saoghal mór ar fad bior-eanga air. 'Sé an duine is do-thóigthe a chonnaic mé ariamh é
TUILLEADH (9) ▼
Is diachta do mo leithide-sa a bheith láidir: ag iarraidh a bheith ag sclábhuigheacht ar an oiread tae agus a shluigfeadh priompallán. Bhíodh cáineadh ar an tae ach badh é an uair a raibh sé fairsing a bhí cáineadh air. Cuirfidh mise geall leat gur beag a chloisfeas tú dhá cháineadh anois … Tá do scéal breagh go leor a mhic ó! Ach ní raibh aon-chleachta againne a theacht d'fhuireasbhaidh tae agus go mbíodh sé againn 'chuile phuinte ins an ló. Ní bhíonn sé againn ceann de ló féin anois.
Is diachta dhó a dhul ag coireamhaint uirre siúd agus gurb í an cleite is fearr in a sciathán í. Marach a fheabhas agus a chaith sí siúd leis féin agus len a theach, caillte leis an amhgar agus leis an ocras a bheidís. Ach ní bhíonn aon-chuimne ar an arán a h-ithtear arsa tusa
Is diachta dhuit a bheith fuar agus dhá bhróig nua ort, agus dhá léine, agus bríste agus drár. Má tá fuacht ort ní cheal éadaigh ná coisbhirt é — ní h-eadh sin. Guróir fuar a bhí ariamh ionnad ó a chaithfeas mé a rádh leat
Ní fhaca mé a leithide de "shet" ó rugadh mé. Is diachta dóibh a bheith staidéarach féin agus an cheird a bhíos ar an gclann ó mhaidin go faoithin: ag blaodhach agus ag blaidhirthiúch agus ag eirghe in áirde. Ní fhaca mé a dtógáil ar aon-chlann ariamh. Dheamhan é muis. Dá mbeidís siúd agamsa smachtóchainn iad nó dhéanfainn a lá in éindigh. Maidir le bheith ag éisteacht leo!
Is diachta dhuit ocras a bheith ort, ar scáth an t-achar ó bhí tú ag ithe cheana. Mo chroidhe ná raibh ag an diabhal go reicfeadh sib duine. Ag cur an tighe béal in áirde ag iarraidh beatha 'chuile ré soluis. Níl cuimhne ar bith agaibh cá bhfuighfear í nó cé a shaothróchas í
Is diachta sin dom muis, a bheith láidir: fear nach ndeachaidh aon-ghreim de bhiadh an tsaoghail ar a bhéal le leath-bhliain, cé's moite d'uibhín chirce agus de bhlogam bainne. Nach deacair duit a bheith ag iarraidh maitheasa ar a leithide sin. B'fhéidir an uair a thiocfadh an lá breagh go sceinnfinn amach thar mar tá mé
Is diachta dhó foghluim a bheith air ar scáth an t-achar a chaith sé ag dul 'un scoile … Bhí sé in ainm agus a bheith ag dul ann ceathair nó cúig de bhlianta, ach 'ar ndú ní bhíodh sé ann ach 'chaon tríomhadh lá, má bhíodh sé an méid sin féin. Agus scaithtí ní thaobhuigheadh sé aon-scoil ar feadh ráithe i mbéal a chéile.
Ba diachta dó nar fhan ins an mbaile. Is fada siar a thug a chosa é. Cá'r fhága tú an conórtas 'ar ndú! M'anam féin muise dá mbeadh seisean buailte síos — nar leigidh Dia an fear bocht! — gur fada go gcuimneochadh J. Mh. a theacht aniar do shiubhal a chos ag breathnú air. Tá baoghal beag air go deimhin
Is diachta dóib maoin ná bráigill a bheith orra agus cho caithmheach drabhlásach agus atá siad. Dá mbeadh dúithche an Ch. aca, ní fhágfaidís luach bonn bán uirre, nach istigh ag mná ósta a bheadh. Is mór an seasamh aca é. Ach ní mhaireann an rith maith do'n each i gcomhnuí. Mo choinsias ní mhaireann. Tiocfaidh an lá fós agus dá mbeadh breith ar a n-aithmhéala aca, dhéanfaidís tíoghbhus in am

Diachta in iontrálacha eile (11)

 
deara
Céard a thiubharfadh an chlann faoi deara dhóib féin ach an rud a chonnaic siad an mháthair a dhéanamh. Níor thóig a máthair sin ceann as ól ariamh. Ba diachta do'n chlann inghean annsin, mara mbeidís féin ag baint braon as de réir mar a gheobhaidís deis. Dheamhan ceilteamas ar bith aca air anois. Ólann siad as coinne 'chuile dhuine é
 
dearg 1
Tá sé craosach dearg agus is diachta dhó sin ach an oiread le scéal. Sén biadh san sruth fola a chuid sin. Nach mbíonn siad in árachaí 'chéile chuile ré solais?
 
Sílimse gur ar thaobh na deasóige atá sé, ach ní móide gurb eadh. Tá sé cho fada anois ó a bhí mé ann agus gur diachta dhom cuimniú cé'n taobh a bhfuil sé
 
Is beag an náire í. Bean nach bhfuil indon a deolcachán páiste a thógáil, is diachta di a cheapadh go dtóigfeadh sí cailín
 
Ag diúgaireacht chaoineacháin atá tú aríst. Is diachta duit sin. Dar ndóigh ní rud le n-ithe atá uait aríst agus a ghoirdeacht agus ó fuair tú "bruth-bruth".
 
Ag iarraidh duine eicínt a dhonú atá tú leis an maide sin? Leag uait as do láimh ar fad é. Tá an breathas ar do láimh, tá sin. Is diachta ghéar nach mbeadh ciall duit feasta choíchin
 
Deir siad gur baineadh corr-dhrillín fhola as lá an aonaigh. Ba diachta dhó mara mbaintí, agus é ag imeacht ag cothú achrainn ar feadh an lae
 
droim
Is diachta dhuit do bholg a bheith thiar in do dhruim agad ar scáth an t-achar ó d'ith tú gliúrach (gleorach) cheana. Is maith an dicheall do dhuine beatha a choinneál caithte agad
 
Bhí mé istigh ar an "side walk" agus dheamhan easna dhó nar scríob le mo threabhsar: puicneach mhór ruadh agus spéacláirí air. "Is diachta dhuit" arsa mise "nar mharbhuigh druimnochttha mé ó a chuir tú do láimh ann. Ach teara amach as an mótar sin" arsa mise "agus traoálfaidh (try) mé annseo thú agus annsin a bhéas cé hé searrach na deagh-lárach." Dheamhan "thú ná mé" adubhairt sé ach lascadh leis aríst agus níor fhiafruigh sé amháin ar eirigh aon-scríobadh dom. Nach dona a chruthuigh mé nar thug suas do'n phóilí é. Sin é a bhainfeadh an saghdar as deirimse leat
 
dubh- 5
Tá an dubh-fhuacht orm agus is diachta dhom sin, arae tá an-chlúdadh orm.
 
Is diachta dhó nach ngabhfadh ar aimsir bhreagh feasta. Tá sé ar an uair mhóir seo anois sáthach fada, ní ag ceasacht ar Dhia é