Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diachta (dia-achtuighthe? diadhachta?)
aidiacht; ainmfhocal, baineann
1.
trua; iontach; cóir.
+
Is diachta nach thiar ag a dheartháir a chuir sé an t-airgead sin thar is a chur chuig N. — is trua nach srl.; is cóir go mba chuig an deartháir a chuirfeadh sé é srl.
Is diachta nach thoir sa mbaile a d'fhan sé agus gan a bheith ag tarraingt anoir anseo ag déanamh cíor thuaifil den teach. Beidh scéal aige lá eicínt mura n-athraí sé béasaí. Gheobhaidh sé an tsráid amach feicfidh sé féin air. Bíodh sé buíoch do Sh. nach bhfuil sí faighte aige cheana
TUILLEADH (3) ▼
Is diachta (iontach) nár thug sí an dochtúr agus an sagart ann freisin ó chuaigh sí i gcleithiúnas a dhul ag déanamh flaisc chomh mór sin. M'anam go mba chóra di go mór a dhul agus a cuid fiacha a íoc ná an tír a bheith ag magadh fúithi théis a cuid a ithe agus a ól
Is diachta nach istigh sa teach a d'fhanfadh sibh a leithide d'oíche thar is a dhul amach ag bóithreoireacht. Beidh earra agaibh de bharr na mbóithrí, agus ní hí an dea-earra ach oiread í — ní hí sin
Is diachta nach gcrochfaí an diabhlánach, agus a bhean maraithe aige. Is mór an díol trua anois é mar dhóigh dhe, ach ní fheicim go bhfuil trua ar bith don chréatúr bocht atá faoin gcréafóig. Sin é an chaoi a mbíonn sé: fear dhá bheathú agus fear dhá mharú
+
Diachta ghéar gan muid scartha leis ar fad — is trua nach bhfuil sé dealaithe uainn, nó muide dealaithe uaidh, agus gan muid a bheith ag teacht salach ar a chéile chor ar bith
Is diachta ghéar nár fhága sibh an seanbhosca ceoil sin san áit a bhfuair sibh é. Dá mba rud ar fónamh é, ní bheadh sí leath chomh spleodrach dá thabhairt daoibh. Dúnaigí suas anois é, nó dar brí an leabhair, déanfaidh mise rud leis: a bhualadh amuigh ansin in aghaidh an chlaí agus ciseach a dhéanamh dó (dhe) sa lusarnach ina dhiaidh sin
TUILLEADH (5) ▼
Diachta ghéar gur cheannaigh tú chor ar bith é mar bhicycle. Tá an teach bánaithe aige ó tháinig sé isteach ann. Tá a liachtaí bícéad air agus atá de réalta ar an spéir, agus ní túisce ceann deasaithe ná ceann briste. Agus níl aon lá san aer nach bhfuil airgead ag imeacht le caoi eicínt a chur air
Is diachta ghéar nach ligeann tú de do cuid sioctha leis. B'fhéidir dá ligtheá dhó go suaimhneodh sé, ach 'sé an chaoi a bhfuil tú ag iarraidh a bheith ag baint abhlóireachta as, agus gan call ar bith a bheith ag maíochtáil leis
Go leá an diabhal agat iad nach n-éisteann leo uair eicínt. Is diachta ghéar nár fhan tú thoir acu ar fad agus an moladh atá agat orthu. Diabhal aithne ort nach ridirí iad, dhá dtarraingt anuas chuile nóiméad
Diachta ghéar gan an Nollaig chéanna tharainn dá mba rud é a dhúnfadh a (bhur) mbéal. Níor thug sibh foras ná suaimhneas dúinn le mí ach í ina leathrann agaibh lena (bhur) mbricfeasta, agus lena suipéar. Nuair a thiocfas sí tiocfaidh sí agus ní fhéadfaidh sibhse ná aon duine eile a dhéanamh lá níos túisce. Breá nach ligfeadh sibh dá gcuid clabaireachta ansin fúithi
Ní léir dhom go bhfuil maith ar bith a dhul ag cur chomhairle aríst air. Nach bhfuil an teanga caite ag na daoine ag cur chomhairle. Is diachta ghéar nár thug tú cead dó lascadh leis go Sasana nuair a bhí sé ag éileamh a dhul ann, thar is é a bheith ag tarraingt droch-chlú air féin agus ar chuile dhuine a bhaineas leis. Dá mba ag tobar dheireadh an domhain a bheadh sé ag dul, ní bhacfainnse é, ach moladh leis go n-imíodh sé as an mbealach
2.
 deacair; doiligh.
+
Is diachta dom a bheith beathaithe scáth a bhfaighim le n-ithe — is iontas é go bhfuil mé beathaithe agus a laghad le n-ithe agus a fhaighim; is deacair dom a bheith beathaithe ós rud é gur beag le n-ithe a fhaighim
Is diachta dhó a bheith chomh suaite sin; shílfeá go bhfaigheann sé aire mhaith. Ach ní chuirfeadh an saol mór ar fad bior eanga air. 'Sé an duine is dothógtha a chonaic mé ariamh é
TUILLEADH (9) ▼
Is diachta do mo leithidese a bheith láidir: ag iarraidh a bheith ag sclábhaíocht ar an oiread tae agus a shlogfadh priompallán. Bhíodh cáineadh ar an tae, ach ba é an uair a raibh sé fairsing a bhí cáineadh air. Cuirfidh mise geall leat gur beag a chloisfeas tú dhá cháineadh anois … Tá do scéal breá go leor a mhic ó! Ach ní raibh aon chleachta againne a theacht d'uireasa tae agus go mbíodh sé againn chuile phointe sa ló. Ní bhíonn sé againn ceann de ló féin anois
Is diachta dhó a dhul ag coiriúint uirthi siúd agus gurb í an cleite is fearr ina sciathán í. Murach a fheabhas agus a chaith sí siúd leis féin agus lena theach, caillte leis an amhgar agus leis an ocras a bheidís. Ach ní bhíonn aon chuimhne ar an arán a hitear arsa tusa
Is diachta dhuit a bheith fuar agus dhá bhróig nua ort, agus dhá léine, agus bríste agus drár. Má tá fuacht ort ní cheal éadaigh ná coisbhirt é — ní hea sin. Goróir fuar a bhí ariamh ionat ó chaithfeas mé a rá leat
Ní fhaca mé a leithide de shet ó rugadh mé. Is diachta dóibh a bheith staidéarach féin agus an cheird a bhíos ar an gclann ó mhaidin go faoithin: ag blaoch agus ag blaidhriúch agus ag éirí in airde. Ní fhaca mé a dtógáil ar aon chlann ariamh. Dheamhan é muis. Dá mbeidís siúd agamsa smachtóinn iad nó dhéanfainn a lá in éindí. Maidir le bheith ag éisteacht leo!
Is diachta dhuit ocras a bheith ort, ar scáth an t-achar ó bhí tú ag ithe cheana. Mo chroí ná raibh ag an diabhal go reicfeadh sibh duine. Ag cur an tí béal in airde ag iarraidh beatha chuile ré solais. Níl cuimhne ar bith agaibh cá bhfaighfear í nó cé a shaothrós í
Is diachta sin dom muis, a bheith láidir: fear nach ndeachaigh aon ghreim de bhia an tsaoil ar a bhéal le leathbhliain, cé is moite d'uibhín chirce agus de bhlogam bainne. Nach deacair duit a bheith ag iarraidh maitheasa ar a leithide sin. B'fhéidir nuair a thiocfadh an lá breá go scinnfinn amach thar mar atá mé
Is diachta dhó foghlaim a bheith air ar scáth an t-achar a chaith sé ag dul chun scoile … Bhí sé in ainm is a bheith ag dul ann ceathair nó cúig de bhlianta, ach ar ndóigh ní bhíodh sé ann ach chaon tríú lá, má bhíodh sé an méid sin féin. Agus scaití ní thaobhaíodh sé aon scoil ar feadh ráithe i mbéal a chéile
Ba diachta dó nár fhan sa mbaile. Is fada siar a thug a chosa é. Cár fhága tú an cunórtas ar ndóigh! M'anam féin muise dá mbeadh seisean buailte síos — nár lige Dia an fear bocht! — gur fada go gcuimhneodh J. Mh. a theacht aniar do shiúl a chos ag breathnú air. Tá baol beag air go deimhin
Is diachta dóibh maoin ná brá gill a bheith orthu agus chomh caifeach drabhlásach agus atá siad. Dá mbeadh dúiche an Ch. acu, ní fhágfaidís luach bonn bán uirthi, nach istigh ag mná ósta a bheadh. Is mór an seasamh acu é. Ach ní mhaireann an rith maith don each i gcónaí. Mo choinsias ní mhaireann. Tiocfaidh an lá fós agus dá mbeadh breith ar a n-aiféala acu, dhéanfaidís tíobhas in am

diachta in iontrálacha eile (16)

 
Is diachta dhóibh sin a bheith go maith agus na dallaráin de dheartháracha a bhí acu. Tá mé ag ceapadh nár thriomaigh a súile ón lá ar sheas siad ag an scoil go dtí an lá ar fhága siad aríst í, ach ag geonaíl chaoineacháin ar an bhfad sin. Ní raibh aon pheaca faoin domhan ach a mbualadh chor ar bith, arae ní raibh aon neart acu air: ní raibh sé de mheabhair iontu tada a thógáil
 
Is deacair leis an gcasacht dealú leis. Tholg sé slaghdán cupla mí ó shin, agus ghreamaigh an chasacht dó ó shin. Shílfeá muis go bhfuil a dhóthain clúdaigh air, agus gur diachta di (don chasacht) greamú dó ar an gcaoi sin
 
deara
Céard a thabharfadh an chlann faoi deara dhóibh féin ach an rud a chonaic siad an mháthair a dhéanamh. Níor thóg a máthair sin ceann as ól ariamh. Ba diachta don chlann iníon ansin mura mbeidís féin ag baint braon as de réir mar a gheobhaidís deis. Dheamhan ceilteamas ar bith acu air anois. Ólann siad os coinne chuile dhuine é
 
dearg 1
Tá sé craosach dearg agus is diachta dhó sin ach an oiread le scéal. 'Sé an bia sa sruth fola a chuid sin. Nach mbíonn siad in árachaigh a chéile chuile ré solais?
 
Sílimse gur ar thaobh na deasóige atá sé, ach ní móide gurb ea. Tá sé chomh fada anois ó bhí mé ann agus gur diachta dhom cuimhniú cén taobh a bhfuil sé
 
Is beag an náire í. Bean nach bhfuil in ann a deolcachán páiste a thógáil, is diachta di a cheapadh go dtógfadh sí cailín
 
diaidh
Is diachta don leaba chéanna a bheith i ndiaidh a chéile chor ar bith agus an macnas agus an éirí in airde a bhíos orthu sin inti chuile oíche. Dheamhan aithne orthu nach amuigh ar na cnocáin a bhíos siad. Beidh a shliocht orthu: ar feadh iad an leaba sin a bhriseadh, codlóidh siad ar an talamh, agus comhairleoidh sin iad, feicfidh tú féin air.
 
Dírigh suas! Cén sórt codladh atá ort! Is diachta dhuit codladh a bheith ort agus ar chodail tú aréir
 
Ag diúgaireacht chaoineacháin atá tú aríst. Is diachta duit sin. Dar ndóigh ní rud le n-ithe atá uait aríst agus a ghairdeacht agus ó fuair tú bruith bruith
 
Ag iarraidh duine eicínt a dhonú atá tú leis an maide sin? Leag uait as do láimh ar fad é. Tá an breathas ar do láimh, tá sin. Is diachta ghéar nach mbeadh ciall duit feasta choíchin
 
drann
Ní bhfaighidh tú cead drannadh leis an airgead beag, dhá gcuirtheá do shúile ar chipíní dá iarraidh. Is beag an baol. Fuair tú coróin gheal Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart, agus is diachta dhuit a deireadh a bheith caite fós agat
 
Deir siad gur baineadh corrdhrithlín fhola as lá an aonaigh. Ba diachta dhó mura mbaintí, agus é ag imeacht ag cothú achrainn ar feadh an lae
 
droim
Is diachta dhuit do bholg a bheith thiar in do dhroim agat ar scáth an t-achar ó d'ith tú gliúrach cheana. Is maith an dícheall do dhuine beatha a choinneáil caite agat
 
Bhí mé istigh ar an sidewalk agus dheamhan easna dhó nár scríob le mo threabhsar: puicneach mhór rua agus spéacláirí air. 'Is diachta dhuit,' arsa mise, 'nár mharaigh droimnochta mé ó chuir tú do láimh ann. Ach teara amach as an mótar sin,' arsa mise, 'agus traíálfaidh (try) mé anseo thú agus ansin a bheidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach.' Dheamhan thú ná mé adúirt sé ach lascadh leis aríst agus níor fhiafraigh sé amháin ar éirigh aon scríobadh dom. Nach dona a chruthaigh mé nár thug suas don phóilí é. Sin é a bhainfeadh an sodar as deirimse leat
 
dubh- 5
Tá an dubhfhuacht orm agus is diachta dhom sin, arae tá an-chlúdú orm.
 
Is diachta dhó nach ngabhfadh ar aimsir bhreá feasta. Tá sé ar an uair mhóir seo anois sách fada, ní ag ceasacht ar Dhia é