Dochtúr
—/doxdūr/
—ainm-fhocal, fireann
1.
liaigh; fear leighis.
a.
+–
Is dochtúr é
Níl a chuid dindiúirí chor ar bith ag an dochtúr sin, adeir siad
TUILLEADH (10) ▼
Chuaidh sé ag iarraidh an dochtúra do'n bhean
Cuireadh fios ar an dochtúr
Chaith sí i bhfad ag dul faoi lámha dochtúra, ach dheamhan maith a rinneadh di in a dheidh sin
Chuaidh sí sin ó scil na ndochtúirí uiliog, agus deir siad gur leigheas N. é in a dheidh sin
Tá sé ag dul thar mheabhair na ndochtúirí a dhéanamh amach céard atá orm
Buidéal dochtúra a leigheasfadh an criotán sin ort. Tá sé do do chothú an-fhada
Tá sé ag cinnt ar na dochtúirí iad féin a leigheas ní áirighim a dhul ag leigheas daoine eile
Tá cruadhóg dochtúra air
Níl annsin ach gobán de dhochtúr. Dheamhan blas meabhair aige induine ach an oiread liomsa
Sin iad deiseannaí an dochtúra = na h-acaraí a bhíos aige
+–
Dochtúirí na cruinne (dochtúirí Chrích Fódla, dochtúir an domhain, dochtúir na h-Éireann agus rl.) ní leigheasfadh anois é = leágha na bhFíann ní leigheasfadh é
Dochtúirí na cruinne agus ní raibh indon a shlánú th'éis an méid sin
TUILLEADH (3) ▼
Dhá dtugtá dochtúirí na cruinne aige, ní dhéanfaidís a dhath maitheasa dhó má bhí an t-imeacht air
Dochtúirí na cruinne ní thiubharfadh aon-fhuarú dom, nó gur tarraingigheadh amach í as cosa i dtaca. Is fada a chaith sé ag cragairt (cnagairt) agus ag criongán léithe shul a fuair an teannachair aon-ghreim uirre (bun d'fhiacail) ach nuair a fuair, fuair sí crúscadh
"Dochtúirí na cruinne ní leigheasfaidís mo chás; Go dtáinig péarla an bhrollaigh ghléigil agus gur leag sí orm láimh" (As amhrán. Amanntaí i "bPéarla Deas an tSléibh Bháin" ach bíonn sé in amhráin eile freisin)
b.
+–
Dochtúr beitheach é = vetarinary surgeon
Tá sé ag dul isteach le bheith in a dhochtúr beitheach
TUILLEADH (1) ▼
Is géar a theastóchadh dochtúr beitheach annseo muis.
2.
ainm flith-mhagúil ar dhaoine.
+–
Céard adúirt dochtúirín sciorta leat = ainm-droch-mheasúil ar dhochtúr a bheadh in ainm agus a bheith gan aon-mhaith
Cá'il dochtúirín sciorta ag dul? An fear a bhfuil sé sin ag dul chuige anois muise is fear é atá ag tabhairt an tuagh bháis in a mhullach féin. Tiúrfaidh sé sin buidéal de thogha na nimhe dhó!
TUILLEADH (2) ▼
Scread-mhaidne air, an dochtúirín sciorta! Ní thiúrfainn mo shean-asal chuige, agus is beag mo shuim ann
Bhí dochtúr dubh istigh inGaillimh cupla bliain ó shoin, agus deir siad nach raibh cinneadh go deo leis. B'fhearr é ná dochtúirín sciorta seo atá againne anois ar chaoi ar bith
·
Dia dhuit a dhochtúir! (leagan flith-mhagúil, fearacht "Dia dhuit a chaiptín!" "Dia dhuit a Dugdale!" agus rl. Le scurach adéarfaí é go h-iondúil, ach deirtear le daoine thart é)
Cé'n scéal ag an dochtúr?
3.
gléas (ainm greannmhar air fearacht "Philipe an Fhuail", "Pete", "Múirne fhireann" agus rl.).
·
Caithfidh mé braon a bhaint as an dochtúr = caithfidh mé mo mhún a dhéanamh
Ag dul ag baint braon as an dochtúr atá sé anois
Féach freisin
Dochtúr in iontrálacha eile (58)
Níl neart agam cor ar bith a bhaint asam féin, nach dteagann pian chráidhte isteach faoi mo chaoldruim. Brath mhór atá agam a dhul chuig an dochtúr léithe, ach dheamhan agus móide meabhair a bhainfeadh sé sin aiste ach an oiread liom féin. Is minic nach mbaineann
+
→
daigh
Tháinic doigh eicínt isteach faoi bhun m'asnacha annseo anuiridh, agus mé ag feamnadh, agus sheaduigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shoin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó a chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shoin di.
TUILLEADH (1) ▼
Chaith mé an lá indé agus snaidhm reatha ar mo phutógaí ag dógh bhuilg. Fhobair nachar chriog sí mé. Is minic a bhí sí orm cheana; ach ní raibh sí cho gártha siúd ariamh orm. Sílim go mbogfaidh mé soir ag an dochtúr an chéad lá eile, ach is beag 'e mhaith sin. Gheobhaidh mé an buidéal buidhe! Sin é an méid!
→
dáil
Tá sé indáil le thrídh aoithiú anois. Dubhairt an dochtúr dhá maireadh sé cupla uair eile go raibh aige
→
dairt
Chuaidh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'eirigh sé faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinic táiraidhm (táirm) ar bith orra go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann droch-mhúineadha. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon-dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na h-ailt. Dhonuigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáithte ins an mbínnse é. B'éigin an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola in a srúlaí: i gcruthamhnas dhuit mar adeir an fear fadó an uair is fhearr an sogradh gurb eadh is fhearr leigean dó
→
dálach
Diabhal mé gur suarach an t-iongnadh go mbeadh an dochtúr sin amscaidhe féin ag imeacht, agus a bhfaghann sé de ghlaodhach. Tá sé ar a chois Domhnach agus dálach
Dá mbeitheá an fhad ar neamh-chodladh agus atá mise, bheitheá féin in do dhall-dúda freisin. Níl a fhios agam ó Fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaidh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé cho maith dhá bhfuireasbhaidh. Níor chaith mé an ceann deire a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall-dúda leis, ach ar an dá luath agus a dteighim ar an leabaidh, imigheann sé d'aon-iarraidh … Bím ag tuitim in mo chodladh agus airighim ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisighim suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
→
de
Bhí mé in anchaoi aige (tinneas mo bhuilg) ach ó thug an dochtúr an tsiuróib sin dom, d'fhan sé dhíom
→
dealaigh
Níl na ciarógaí dealuighthe go fóill, aindeoin an chaoi a chuir an dochtúr siúd ar an teach. Ó a rinneadh é sin leis, níor chuala mé aon-chr[...]g[...] ann ó shoin. Is cosamhail gur mharbhuigh sé iad. Shíl mé go dtiubharfadh sé froisín faoi na ciarógaí freisin, ach níor thug, nó má thug tá siad ar ais aríst
→
dealg
Bhfeiceann tú Mac P. N. atá ins an aspuicil le dul 'un bliana len a láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín annsiúd in aice an tighe. D'eirigh fleasc beag de'n chloich — fleasc a bhí cho tanuidhe le lann scine. Bhuail sé ins an láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread agus cuímniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, an uair a shéid sí suas. Rinne sí bulóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaidh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé ins an aspuicil ar an bpuínte é, agus tá sé ann ó shoin. Déarfá go mbadh fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
→
deannóid
Uair a bhí mé ag déanamh láthair mhuirtéil annseo, thuit mo phíopa uaim agus chrom mé síos dhá thógáil agus hébrí (pé'r bith) cé'n sórt útamáil a bhí orm chuaidh dionnóidín bheag de'n aol faoi mo shúil agus scál sé mé. Tabhair scaladh air. Shíl mé dheamhan oscailt a dhéanfainn go bráth uirre. M'anam go mb'éigin dom a dhul ag an dochtúr. Agus i gcaitheamh seachtaine indiaidh an dochtúra féin ní fheicinn an bhán-shoillse léithe
→
déanta
Ní chuirfinn suim ar bith annsin. Má tá indán eirghe dhó eireochaidh sé, dhá mbeadh déanta len a bhás ag dochtúirí na cruinne agus ag Feara Fáil. Beannacht Dé dhuit. Cé mhéad duine a chonnaic muid cheana a bhí tugtha suas ag dochtúirí, agus 'siad atá luath láidir indiu. Is fearr é Dia ná dochtúr ar bith
→
deatach
Ní bhíonn deatach ar bith gan teine. Marach go raibh aicíd eicínt ann, 'tuige a raibh siad ar fad in a luighe, agus gur chuir an dochtúr aithne ar dhaoine gan a dhul isteach ann
+
→
déidín
An té a mbeidh déidín tuithte aige ná bac thusa leis. Má bhíonn sé tuithte ceart aige, is fear réidh é. Dochtúirí na cruinne ní leigheasfadh é. Má ghníonn an giall crapadh tá sé craptha, agus ná bac thusa len a thabhairt ar ais, mar níl aon-ndán ar ais dó. Déarfaidh do rogha dochtúr leat é cuirfidh mise geall
TUILLEADH (1) ▼
Deirimse leatsa gur beag dochtúr atá sásta a dhul i dtréim le déidín. Fuadóchaidh siad ag an ospuicil (oispidéal) ar an bpuinnte é (an té a bhfuil déidín tuithte aige) agus sin ní fhágfaidh sé go dteighidh sé ar thaobh eicínt. Maidir le go dtiocfaidh dochtúr amach annseo ag méirínteacht leis, is beag an baoghal a mhic ó.
→
deilín
Cén áit ar bhain tú an deilín aisti. Annsin! Ar ionntuigh tú uilig uirre. Is olc an áit. Níl a fhios agam nar chóir duit a dhul ag dochtúr agus a 'sbáint dó. Is fánach mar d'fhanfadh bacaíl ort le do ló uaithe sin
→
deoch 1
Thug an dochtúr deoch suain dó, agus níor dhúisigh sé aríst go ceann dhá uair déag, ach nuair a dhúisigh bhuail an phian aríst é
+
→
deoladh
D'orduigh an dochtúr gan a thabhairt dó ach deoladh trí huaire ins an ló, agus dá mbeadh sé ag strócadh ag iarraidh tuilleadh, gan aon-áird a thabhairt air.
TUILLEADH (1) ▼
"Bíodh an catmara ag an dochtúr" adeir sé. "Is fhearr a fhios agamsa céard a bhaineas dom féin, ná ag dochtúr ar bith. Ar son Dé torm (tabhair dhom) deoladh — dá mbadh é lún (lón) mo bháis é."
→
dia 1
Níl ag an sean-dream sin uiliog ach ag caint ar thoil Dé, agus ag rá go n-eireóidh rud más toil le Dia é. Dheamhan dochtúr na mbeitheach a thiúrfaidís sin ag aon-bhó go deó. Ach d'ordaigh Dia féin cúnamh (fc. cinnire)
→
diachta
Is diachta (iongantach) nar thug sí an dochtúr agus an sagart ann freisin ó 'chuaidh sí i gcleitheamhnas a dhul ag déanamh flaisc cho mór sin. M'anam go mbadh chóra di go mór a dhul agus a cuid fiacha a íoc ná an tír a bheith ag magadh fúithe th'éis a cuid a ithe agus a ól
Dheamhan dochtúr faoi sheacht ranna an domhain is dímheabhraighe ná é. Bhí sé chomh maith dhuit fear de'n bhaile a thabhairt ag breathnú ort leis.
+
B'fhéidir dhó a bheith cho maith le dochtúr ar bith, ach níl a chuid dinndiúirí aige in a dheidh sin.
TUILLEADH (3) ▼
Níor thug an dochtúr sin amach a chuid dinndiúirí chor ar bith. Deir siad gur eirigh sé as shul ár chríochnuigh sé
Tá an-dinndiúirí ag an dochtúr sin, adeir siad, agus níl rath ná ríoghacht air 'na dheidh sin. Má thóigeann an bhróig léas ar do sháil, fuadóchaidh sé isteach ag an aspuicil (óispidéal) thú
Dhá bhfáightí amach air é, ghabhfadh sé daor air. Níl aon-bhaint ag dochtúr ar bith láimh a leagan ar dhuine mara bhfuil a chuid dinndiúirí amuigh aige
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. An uair a bhí an dinnéar ithte againn, bhí sé in a shuidhe síos, agus ag seanchus cho spleodarach agus a bhí sé aon-oíche ná aon-lá ariamh. Th'éis an dinnéar bhuail sé siar ar an leabaidh. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafruigh sí dhó (dhe) a raibh aon-cheo air, agus dubhairt sé nach raibh. An uair a bhreathnuigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoidh sí orm féin anoir as an ngarrdha. Ní bhlaodhfadh marach cho scanruighthe agus atá sí. Bhreathnuigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céadna i gcomhnuí. An uair a shamhluigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dubhairt sé nach raibh cruadhóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir ins an ngarrdha agam trathnóna. 'Mhuire is truagh, ní raibh mé leath-uair thoir ins an ngarrdha aríst, an uair a rith sí aniar agus é in a h-uaire móire uirre. Siar liom fhéin cho tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dhearbhráthair mo chroidhe thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agad gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharamhail. Ach ní cás é, míle buidheachas le Dia, ó a rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
→
díol 2
Níl aon díol in Éirinn nar thug an dochtúr ar a fear faoi nar chuir sé fios ní ba túisce air. "Má fhaghann sí bás anois" adeir sé, "bíodh a bás ort-sa. Diúltaighim-se í ar fad." Marach go ndeacha sé go bog agus go cruadh air, ní chuirfeadh sé láimh ar bith ínnte
Bhí an mháthair ar chuma ar bith sáthach diomdhach de mhuintir Sh. Dh. Níor thaobhuigh sí iad ó cailleadh an inghean. Dubhairt sí gur fhága siad annsin í, gan fios a chur ar an dochtúr go raibh sí ag saothrú báis
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimneas ar bith ach ag diúgaireacht leis igcomhnuí. Dar brigh an leabhair chuirfeadh sé carghaos ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aice féin ann. Dubhairt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. "Dheamhan dochtúr muis" adeir sí "ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis annsin agus a chead sin aige. An uair a thogróchas sé stopadh stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste ins an tír a fuair a aire sin; ach aon-mhaith amháin dom é." Dheamhan cás ar bith aice ann. 'Sí nach bhfuil an scruball innte. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí guthamhail go bhfuigheadh aon-duine caidéis do'n pháiste, agus níl aon-duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireacht' na clocha glasa — scrúdfadh sin
→
dlús
Má tá pian cho gártha sin ort, ní fuláir duit dlúthas a chur léithe. Níl gnatha ar bith a bheith dhá buachailleacht. Siúd é atá agad a dhéanamh: bualadh soir chuig an dochtúr an chéad lá eile
+
→
dochar
Ní bheadh a fhios agad cá'il an dochar chor ar bith. Deir sé féin amanntaí gur in iochtar a bhrún é, amanntaí eile isteach díreach in a imleacán. Tá an phian cho luaithneach leis an ngaoith má's ceart géilleadh dó féin. Tá an dochtúr sifleáilte (shuffleáilte?) aige cho maith le duine
TUILLEADH (1) ▼
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é len a chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi ins an leabaidh é. D'innis S. Sh. dó cá raibh an dochar. "Annseo" arsa seisean agus bhuail sé a shean-dorna anuas ar an gcaoldruim air, agus chuir sé snamannaí (snadhmannaí) ins an leabaidh air. Ach cho luath agus a fuair S. a anáil leis, d'eirigh sé de léim chascartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh leigthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlóchadh sé aon-fhata go bráth aríst!
+
→
docht 1
'Sé'n chaoi a raibh sé ag dul domsa docht a bheith orm. Bhí a mh'anam in imeacht trí nó ceathair de laetheanta. Chuaidh mé siar ag an dochtúr, ach 'ar ndú', ba déanamh mo ghearáin le giolla gan truaighe é. Cé'n brigh ach bhí leisce orm a dhul ag caint faoi le aonduine. Diabhal easna dhó (dhe) nachar tháinig uaidh féin sa deireadh
TUILLEADH (2) ▼
Bhí stopainn ar a uisce, agus thug an dochtúr purgóid eicínt dó. Annsin bhuail docht fuail é = bhí stopainn ar an uisce nó go dtug an phurgóid fuascailt dó, ach tháinic sé annsin in a scáird chumasach
Tháinic docht fuail uirre — an créatúr — cupla lá shul ó fuair sí bás, agus níorbh fhéidir soithigh a fháil a dtuillfeadh sé ann. Rud eicínt a rinne an dochtúr léithe. Ach má seadh féin, ní bhfuair sí aon-bhiseach in a dhiaidh
→
drandal
Deir an dochtúr go bhfuil na dranndail go maith agam, ach go bhfuil na fiacla lobhtha in a dheidh sin. Is mór an sásamh dhom é sin — nach mór
+
→
driog
Deir sí go dteagann driogannaí in a croidhe scaithtí. Ní bhíonn thairis sin de phian uirre ach mar sháithfí biorán treasna thríd. Is olc é an croidhe. Chuir mise faoi ndeara di a dhul chuig dochtúr leis, ach dheamhan ceo a fuair an dochtúr uirre. Dubhairt sé nar dhochar ar bith na driogannaí sin: go mbuailfidís duine le slaghdán nó galra ar bith mar sin. "Tá croidhe agad" adeir sé "cho slán le breac."
TUILLEADH (1) ▼
Rug sé annsin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinic deoir fhola. Ach mara dtáinig, bhí pian ann. Timcheall agus leath-uair in a dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráidhte ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leath-uair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ó'n ngualainn díom
→
dubh 3
Bhí sé dearg idtosach, agus d'imigh an deirgeadas as, agus shíl mé go raibh sé (lot) ag cneasú ach in a leabaidh sin séard a rinne sé dúachan, agus bró thinn a dhéanamh, agus b'éigin dom a dul chuig an dochtúr faoi
→
dubhní
Measaim gur shíl sé dubh ní a dhéanamh, marach gur rugthas air. Bhí a raibh san teach imithe amach ach tháinic bean chomharsan isteach ag iarraidh rud eicínt agus fuair sí ar sliobarna as an mboimbéal é. Tháinic cúnamh annsin agus cuireadh fios ar an dochtúr agus ar an sagart ar an bpuínte. Dheamhan ceó a d'fhan air ar chaoi ar bith. Sén fear staidéarach é anois
+
→
dúnáras
Bhí an dearbhráthair in athchur an anama agus é féin ag dul síos agus suas annsin 'chuile lá, thar mhuintir an bhaile, agus ní chainteochadh sé air, ar bhás an domhain. Thug sé cead báis dhó le na chuid dúnáruis, ins an deire, gan dochtúr ná sagart a fháil. Bhí an phúcaidheacht chéadna air ag an gcuisle (coiste). Ní raibh smid le baint as le pionsúr, ach é ag mungailt faoin a fhiacla. Is maith a chuaidh sé as nach istigh faoi "mhurder" a bhí sé. Dhá mbeadh féin, ba bheag an scéal é. Chaith an sagart dhá uair in a éadan, ach má chaith féin sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air amhdachtáil ar bith a bhaint as.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an teach uiliog buailte síos leis an bhfiabhras, agus le teann dúnáruis níor innis siad d'aonduine é. 'Sé M. B. faoi dheire a bhrath nach raibh cor ná car istigh, agus chuaidh sé ag an dorus agus thosuigh sé dhá rúscadh. Ní innseochaidís dó an uair sin féin é. Meas tusa nach raibh an coimhthigheas agus an dúnárus ag siubhal leo sin! Chuaidh M. B. siar agus d'fhuagair sé do phóilíos é. Tháinig na póilíos agus an dochtúr annsin, agus h-árduigheadh isteach chuig an aspuicil iad. Marach sin, bíodh a fhios agad, dheamhan deóruidhe aca a bheadh ins an gcomhaireamh ceann. D'fhanfaidís annsiúd go dteigheadh sé in ainsil orra, agus nar b'fhéidir a dtabhairt as. Tá an dream sin aisteach, ní dhá roint leo é
+
→
dúradán
An uair a chonnaic sí an rud a thug an ceannuidhe len ithe do'n dochtúr eile tháinig falrach gáire uirre agus chuir sí aníos an dubhradán dubh a bhí ar íochtar a putóige. "Sin é do mhaith anois" adeir an ceannuidhe. "Tá tú leigheasta. Is liom thú ó t'athair" = bean a raibh ualach lionnduibh uirre agus leigheas ceannuidhe mála í
TUILLEADH (3) ▼
'Sé a raibh de shiocair aige idtosach dubhradán a dhul faoin a shúil. Shéid an tsúil agus chuaidh sí 'un óthrais. Mo choinsias 's dar m'anam is súil bhocht anois í. Chuaidh sé ag an dochtúr léithe, agus thug sé rud dó le cur fúithe as tiúb. Chaith sé coicís dhá chur fúithe, ach dheamhan maith a bhí ag teacht uirre. Bhí sé thoir aige an lá faoi dheire agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé a dhul isteach ins an aspuicil (ospuidéal) léithe. Cheidim go gcaithfidh sé sin féin a dhéanamh mara dteagaidh aon-bhiseach go h-aibéil uirre. Is furasta cur ag an tsúil thar áit ar bith
Cé'n fáth a bhfuil an púicín siúd ar an tsúil ag C. Mh. Mh. … Bhí sé ag briseadh cloch. Bhuail sceabhadh de chloich ins an tsúil é agus chuaidh dubhradán beag isteach innte. Bhí sí tinn aige agus leig sé do 'chuile dhuine a dhul dhá laimhseáil. Dheamhan easna dhi nar at, agus dubhairt an dochtúr leis dá bhfágadh sé mórán achair eile í, go mbeadh sé gan súil. Caithfidh sé an clúdach sin a choinneál uirre go ceann fada
Chuaidh dubhradán faoi shúil an chapaill agus tá sí caoch anois i leath-shúil nó indáil leis. Deir an sórt dochtúr beithidheach sin atá ag dul thart gur fionn atá ar a súil, ach diabhal fionn ná fionn. B'fhurasta aithinte an dubhradán istigh innte na chéad laetheantaí, dá dtapuighinn an uair sin í, ach ó fuair sé ionbhadh, bhí sé mall a dhul di. Is mór an babhta uirre é pé aca sin é
+
Chuaidh mé ag an dochtúr le mo chois = bhí rud eicínt ar mo chois agus chuaidh mé ag an dochtúr nó go mbreathnuigheadh sé uirre
TUILLEADH (1) ▼
Teirigh ag an dochtúr leis an láimh sin
Meastú nach ag dul 'un donacht atá sé. Sin é adéarfainn. Níl aon-mheas ag an dochtúr air
→
téigh do
Níor airigh mé a dhath ariamh ag dul dom go dtí an méid sin, ach ní beag do dhuine a thúisce, arsa tusa. Bíonn pian ghártha orm scaithtí. Tá brath mhór agam a dhul go dtí an dochtúr fúithe, ach cé'n mhaith sin? Tiubharfaidh sé an buidéal céadna dhom atá sé a thabhairt dóib ar fad.
→
téigh i
Níor thug mé áird ar bith air, nó go ndeachaidh sí ins an tríomhadh lá. Dubhairt mé liom fhéin annsin go raibh sé in am a dhul roimhe, agus chuaidh mé soir ag an dochtúr leis
+
Tá cois bhocht agad. Ní fuláir duit a dul roimpe in am. Má shéideann sí sin suas mórán eile, gheobhaidh tú rud le déanamh uaithe. Tá droch-ábhar eicínt istigh innte. B'fhéidir go ndéanfadh an dochtúr í a lansáil duit
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhaca mé a (bhur) leithidí ó a rugadh mé. Ní rachadh sibh roimh rud ar bith, ach fanacht dhá bhuachailleacht annsin, nó nach mbíonn sib indon corruighe leis. Tá tusa anois ag fuasaoid do chliabhraigh a Sheáin le ionann agus bliain, agus ní ghabhfá soir ag an dochtúr leis in a dheidh sin. Is fhearr leat ag éagcaoineadh annsin, ná a dhul go dtí an fear a dhéanfadh maith dhuit
Marach go ndeachaidh mé roimhe an uair sin, dheamhan beo a bheinn indiu. Dubhairt an dochtúr liom dhá bhfágainn seachtain eile é, go mbeadh sí ithte roimhe, agus nach bhféadfadh dochtúirí na cruinne aon-mhaith a dhéanamh dhom