dochtúr
—/doxdūr/
—ainmfhocal, fireann
1.
lia; fear leighis.
a.
+–
Is dochtúr é
Níl a chuid dintiúirí chor ar bith ag an dochtúr sin, adeir siad
TUILLEADH (10) ▼
Chuaigh sé ag iarraidh an dochtúra don bhean
Cuireadh fios ar an dochtúr
Chaith sí i bhfad ag dul faoi lámha dochtúra, ach dheamhan maith a rinneadh di ina dhiaidh sin
Chuaigh sí sin ó scil na ndochtúirí uileag, agus deir siad gur leigheas N. é ina dhiaidh sin
Tá sé ag dul thar mheabhair na ndochtúirí a dhéanamh amach céard atá orm
Buidéal dochtúra a leigheasfadh an creatán sin ort. Tá sé do do chothú an-fhada
Tá sé ag cinnt ar na dochtúirí iad féin a leigheas, ní áirím a dhul ag leigheas daoine eile
Tá cruóg dochtúra air
Níl ansin ach gobán de dhochtúr. Dheamhan blas meabhair aige i nduine ach an oiread liomsa
Sin iad deiseannaí an dochtúra ─ na hacraí a bhíos aige
+–
Dochtúirí na cruinne (dochtúirí chrígh Fódla, dochtúir an domhain, dochtúir na hÉireann srl.) ní leigheasfadh anois é ─ leagha na bhFiann ní leigheasfadh é
Dochtúirí na cruinne agus ní raibh in ann a shlánú théis an méid sin
TUILLEADH (3) ▼
Dhá dtugtá dochtúirí na cruinne aige, ní dhéanfaidís a dhath maitheasa dhó má bhí an t-imeacht air
Dochtúirí na cruinne ní thabharfadh aon fhuarú dom, nó gur tarraingíodh amach í as cosa i dtaca. Is fada a chaith sé ag cragairt (cnagairt) agus ag criongán léithe shula fuair an teanchair aon ghreim uirthi (bun d'fhiacail), ach nuair a fuair, fuair sí crúscadh
"Dochtúirí na cruinne, ní leigheasfaidís mo chás; Go dtáinig péarla an bhrollaigh ghléigil agus gur leag sí orm láimh" (As amhrán. Amantaí i Péarla Deas an tSléibhe Bháin ach bíonn sé in amhráin eile freisin)
b.
+–
Dochtúr beathach é ─ veterinary surgeon
Tá sé ag dul isteach le bheith ina dhochtúr beathach
TUILLEADH (1) ▼
Is géar a theastódh dochtúr beathach anseo muis
2.
ainm flithmhagúil ar dhaoine.
+–
Céard adúirt dochtúirín sciorta leat ─ ainm drochmheasúil ar dhochtúr a bheadh in ainm is a bheith gan aon mhaith
Cá'il dochtúirín sciorta ag dul? An fear a bhfuil sé sin ag dul chuige anois muise is fear é atá ag tabhairt an tua bháis ina mhullach féin. Tabharfaidh sé sin buidéal de thogha na nimhe dhó!
TUILLEADH (2) ▼
Scread mhaidne air, an dochtúirín sciorta! Ní thabharfainn mo sheanasal chuige, agus is beag mo shuim ann
Bhí dochtúr dubh istigh i nGaillimh cupla bliain ó shin, agus deir siad nach raibh cinneadh go deo leis. B'fhearr é ná dochtúirín sciorta seo atá againne anois ar chaoi ar bith
·
Dia dhuit a dhochtúir! (leagan flithmhagúil, fearacht Dia dhuit a chaiptín!, Dia dhuit a Dugdale! srl. Le scorach adéarfaí é go hiondúil, ach deirtear le daoine thart é)
Cén scéal ag an dochtúr?
3.
gléas. Ainm greannmhar air fearacht Pilipe an Fhuail, Pete, Múirne fhireann srl.
·
Caithfidh mé braon a bhaint as an dochtúr ─ caithfidh mé mo mhún a dhéanamh
Ag dul ag baint braon as an dochtúr atá sé anois
Féach freisin
dochtúr in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
+
→
fóir
An buidéal sin a thug an dochtúr dom thug sé fuairínt (fóirithint) bhreá dhom ar an bpian — fuarú, réidh an achair; lag sé an phian orm
TUILLEADH (2) ▼
Chuir sé snáthaid ann. Uaidh sin amach ní raibh an phian chomh cráite air. Sin é an fhóirithint a fuair sé ón dochtúr
Níl d’fhóirithint ag an dochtúr le déanamh air ach ceirín a chur leis. Is fóirithint é sin fhéin nó go bhfuaraí sé. Ansin bíonn sé chomh dona céanna aríst nuair nach gcuirtear malrait ceiríní sách minic leis. Scrúdfadh sé thú ag éisteacht leis scaití. Ach ní bhíonn neart ag an tinneas air
→
cailm
Deir an dochtúr nach bhfuil cailm ar bith air agus go srianfaidh sé thríd, ach dheamhan a fhios agam.
→
carn
Ó bhuail an méid sin gearranála mé, bíonn mo phíobán carnaithe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ón dochtúr air ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, ainneoin gur íoc mé mo leathghine bhuí air.
Meas tú nach bhfaightheá buidéal eicínt ón dochtúr a bhainfeadh an chéithireacht sin dhíot, dhá dtéiteá chuige. Ach is beag an baol ort.
Dhá bhfaighteá tada ón dochtúr a ghearrfadh na crochaillí sin ort, b'fhiú dhuit a dhul chuige Dia Céadaoin.
→
bruach
Caithfidh mé a dhul chuig an dochtúr faoin mbruach atá ar shúil an pháiste sin. Tá an-tochas ann agus is fada liom atá sé ag cothú uirthi.
Bhí an bhean chomh dona sin agus nach ligfeadh an faitíos don dochtúr bualadh fúithi é fhéin go bhfuair sé dochtúr eile a chúnamh dhó.
Dheamhan an feasach an dochtúr céard atá air ach an oiread linn fhéin, ach go bhfuil sé buailte síos.
→
bualadh
Mura bhfaighe mé aon suaimhneas ón mbualadh croí go gairid, caithfidh mé a dhul ag dochtúr go bhfeice mé cén mheas a bheas aige orm.
→
aire
'Dá bhfaigheadh sé a dhóthain (a sháith, a dhíol) aire,' adeir an dochtúr, 'thiocfadh sé as.'
Chinn ar an dochtúr a dhéanamh amach céard a bhí orm, ach ar ndóigh ach an oiread le scéal, níl an dochtúr céanna in ann tada a dhéanamh amach.
+
→
anam
Ba in é a dtráth fios a chur ar an dochtúr agus an duine bocht in achar an ama!
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanfaidh sagart ná dochtúr aon mhaith dhó anois, arae tá sé in achar an anama agus níl ann ach go bhfuil sé díbheo.
+
→
athraigh
Mura ndéana athrú beatha aon mhaith dhuit, caithfidh tú a dhul chuig an dochtúr
TUILLEADH (1) ▼
Chuir an dochtúr ar athrú beatha mé; d'ordaigh an dochtúr dhom a dhul ar athrú beatha
→
feac 2
Ní fhéadaim mo chois a fheacadh chor ar bith le pianta. Dúirt an dochtúr liom a bheith dhá haclú, ach tá a scéal breá go leor. Dhá mbeadh mo phiansa air, ba bheag an aclú a dhéanfadh sé deirimse leat.
→
flaisc
Is corruair a níos sé é, ach nuair a níos, déanann sé flaisc. Ar ndóigh an bhainis sin a bhí ar an inín aige fhóbair go gcáillfí daoine ann. Bhí im agus spunógaí ag dul i mbéal Bh. sin thoir agus gan fios arbh imeacht nó a theacht dó lena raibh caite den bhraon chrua aige. Síleadh go gcaithfí fios a chur ar an dochtúr
Tá sé chomh francaithe leis an diabhal le tada a iarraidh air, ná araoid ar bith a chur air. Dar fia, ní dochtúr é le aghaidh na háite. Bhídís tíriúil go leor roimhe seo ach ná bac leo anois
→
frapa
Dúirt an dochtúr leis gan frapa gan taca go raibh a sheal tugtha. Nach raibh sé chomh maith dhó? Cén mhaith an fhírinne a cheilt ar dhuine nuair nach bhfuil i ndán bisigh dhó?
→
fáiteall
Gabhfaidh sí sin ag tóraíocht áit ar bith a n-aireoidh sí an fáiteall. Nach maith a fuair sí amach anois go raibh seanéadaigh cuileáilte ag an dochtúr. Ní bheadh an saol suas léithe
Mífhollántas na háite thoir ba chiontach léithe, adeir an dochtúr. Chuir sé aithne uirthi a dhul ar athrú aeir
→
ith
Dheamhan mórán atá an t-ithe (itheachán) a chur as dom, ainneoin gur dhúirt an dochtúr gan a ithe ach a laghad agus a d'fhéadfainn
+
→
faillí
Ní raibh tada i dtosach air ach drochshlaghdán, agus ligeadh i bhfaillí é gan fios a chur ar an dochtúr agus chuaigh sé in ainseal air
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart duit breathnú i ndiaidh na coise sin. Tá tú dhá buachailleacht rófhada. Is ceart di a bheith cneasaithe feasta, ach daighean cosúlacht fós uirthi. Téirigh ag an dochtúr léithe. Is maith í an fhoighid ach is olc í an fhaillí
→
fuasaoid
Má tá tú ag fuasaoid tada, b'fhearr dhuit a dhul go dtí an dochtúr. 'Sé is gaire do chabhair
→
fulaing
Ní fhulaingeodh sé leis an dochtúr ag lansáil an chnap. Bhí na hollghártha aige ag caoineachán
+
Dúirt an dochtúr nach raibh tada ar an amharc agam, ach gur ar fhorchraiceann na súl agus ar na foraí a bhí sé. Tá sí an-tinn
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig scamall beag fuarchraicinn san áit a raibh an neascóid, ach níor dhún sé ar fad, agus rinne sé ainfheoil ina bhéal aríst. Chuaigh mé chuig an dochtúr leis gur lansáil sé é, ach ba bheag an mhaith sin. Murach an luibh a bhain N. R. dhom, bhí mo chosa nite
Tá fuarchruit ar an duine bocht ó bhuail an rud sin é. Deir an dochtúr gur fabhtach atá cnáimh an droma agus go bhfuil sé ag liocadh isteach. Céard a dhéanfadh é sin? Eiteann meas tú? … Is gearr a mhairfeas sé agus an deis siúd air
→
fuacht
Fuair sé fuacht ar an bportach an lá báistí údan, agus tá sé buailte síos ó shin. Tháinig an dochtúr aige
→
fuascail
Thug an buidéal a fuair mé ón dochtúr fuascailt bhreá dhom ón (ar an) bpian — fóirithint; réidh an achair
Níl neart agam cor ar bith a bhaint asam féin nach dteagann pian chráite isteach faoi mo chaoldroim. Brath mhór atá agam a dhul chuig an dochtúr léithe, ach dheamhan is móide meabhair a bhainfeadh sé sin aisti ach an oiread liom féin. Is minic nach mbaineann
+
→
daigh
Tháinig daigh eicínt isteach faoi bhun m'easnacha anseo anuraidh agus mé ag feamnú, agus sheadaigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shin di
TUILLEADH (1) ▼
Chaith mé an lá inné agus snaidhm reatha ar mo phutógaí ag dó bhoilg. Fhóbair nár chniog sí mé. Is minic a bhí sí orm cheana; ach ní raibh sí chomh gártha siúd ariamh orm. Sílim go mbogfaidh mé soir ag an dochtúr an chéad lá eile, ach is beag a mhaith sin. Gheobhaidh mé an buidéal buí! Sin é an méid!
→
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh