Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dochtúir (34)

 
Chuaigh sí sin sna céadéaga leis an bhfiabhras. Bhí déanta lena bás ag dochtúirí agus ag chuile dhuine. Ach is cosúil nach raibh an t-imeacht uirthi ina dhiaidh sin. 'Sí atá luath láidir inniu théis a clann a bheith tógtha aici
 
dán
Má tá aon dán maitheasa duit, siúd é an áit agat. Mura dteaga tú suas ar chomhairle na ndochtúirí, cén mhaith dhuit a dhul acu chor ar bith?
 
daol
Tá sé in ann crochadóireacht leis, ach nuair a bhuaileas daol den phian sin é nach foláir dó síneadh go n-imí sí aríst. I nDomhnach tá sé in ann creachlaoiseacha móra a dhéanamh thar éis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caite amuigh sa ngarraí é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orthu a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a sheanléim aríst faoi cheann uair an chloig. Nuair a thugas an racht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt
 
déan 1
Shíl chuile dhuine nach ndéanfadh sé aon éirí, ach nach maith go ndearna ina dhiaidh sin. Téann cuid mhaith thar bhreithiúnas dochtúirí
 
Uair a bhí mé ag déanamh láthair mhoirtéil anseo, thit mo phíopa uaim agus chrom mé síos dhá thógáil agus hé brí (pé ar bith) cén sórt útamáil a bhí orm, chuaigh deannóidín bheag den aol faoi mo shúil agus scall sé mé. Tabhair scalladh air. Shíl mé dheamhan oscailt a dhéanfainn go brách uirthi. M'anam go mb'éigean dom a dhul ag an dochtúr. Agus i gcaitheamh seachtaine i ndiaidh an dochtúra féin, ní fheicinn an bhánshoilse léithe
+
Bhí déanta lena bás ag dochtúirí agus ag sagairt agus ag chuile dhuine. Eitinn a bhí uirthi agus chuaigh sí go doras an bháis léithe ceart go leor. Ach an té nach mbíonn an t-imeacht air, dheamhan bás ná bascadh a theagas air. 'Sí atá seanbheo inniu, agus is gearr go mbeidh inín ina méid féin aici, bail ó Dhia agus ó Mhuire orthu beirt
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfinn suim ar bith ansin. Má tá i ndán éirí dhó éireoidh sé, dhá mbeadh déanta lena bhás ag dochtúirí na cruinne agus ag feara Fáil. Beannacht Dé dhuit. Cé mhéad duine a chonaic muid cheana a bhí tugtha suas ag dochtúirí, agus 'siad atá luath láidir inniu. Is fearr é Dia ná dochtúr ar bith
+
Titeann déidín le gortú freisin. An bhfeiceann tú mac Th. G. ansin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorraigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas don bhás agus gan súil ar bith lena theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil; dar diagaí, shrian sé as faoi dheireadh. Sílim nach dteagann sé roimhe ná a dhath
TUILLEADH (1) ▼
An té a mbeidh déidín tite aige ná bac thusa leis. Má bhíonn sé tite ceart aige, is fear réidh é. Dochtúirí na cruinne ní leigheasfadh é. Má ghníonn an giall crapadh tá sé craptha, agus ná bac thusa lena thabhairt ar ais, mar níl aon ndán ar ais dó. Déarfaidh do rogha dochtúr leat é cuirfidh mise geall
 
díbir
Céard a chuir díbirt ar na fámairí agus ar na Gaeilgeoirí ach an droch-cháil sin a chuaigh amach den áit, tá cupla bliain ó shin. Dheamhan aithne ar dhochtúirí nach raibh chuile dhuine sa dá pharóiste ag dul ar na maidí de ghorta gharta
 
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. Nuair a bhí an dinnéar ite againn, bhí sé ina shuí síos agus ag seanchas chomh spleodrach agus a bhí sé aon oíche ná aon lá ariamh. Théis an dinnéar bhuail sé siar ar an leaba. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafraigh sí dhó (dhe) a raibh aon cheo air, agus dúirt sé nach raibh. Nuair a bhreathnaigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoigh sí orm féin anoir as an ngarraí. Ní bhlaofadh murach chomh scanraithe agus atá sí. Bhreathnaigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céanna i gcónaí. Nuair a shamhlaigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dúirt sé nach raibh cruóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir sa ngarraí agam tráthnóna. Mhuire is trua, ní raibh mé leathuair thoir sa ngarraí aríst nuair a rith sí aniar agus é ina huaire móire uirthi. Siar liom fhéin chomh tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dheartháir mo chroí thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agat gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharúil. Ach ní cás é, míle buíochas le Dia, ó rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
 
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimhneas ar bith ach ag diúgaireacht leis i gcónaí. Dar brí an leabhair, chuirfeadh sé carghas ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aici féin ann. Dúirt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. 'Dheamhan dochtúr muis,' adeir sí, 'ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis ansin agus a chead sin aige. Nuair a thogrós sé stopadh, stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste sa tír a fuair a aire sin; ach aon mhaith amháin dom é.' Dheamhan cás ar bith aici ann. 'Sí nach bhfuil an scrupall inti. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí gothúil go bhfaigheadh aon duine caidéis don pháiste, agus níl aon duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireachta na clocha glasa — scrúdfadh sin
 
Go deimhin níl mórán cúis leis ag dochtúireacht agus 'sé a chuma atá air. Céad slán le na dochtúir a bhí ar fónamh!
+
Chuaigh sé ag iarraidh an dochtúra don bhean
TUILLEADH (13) ▼
Chaith sí i bhfad ag dul faoi lámha dochtúra, ach dheamhan maith a rinneadh di ina dhiaidh sin
Chuaigh sí sin ó scil na ndochtúirí uileag, agus deir siad gur leigheas N. é ina dhiaidh sin
Tá sé ag dul thar mheabhair na ndochtúirí a dhéanamh amach céard atá orm
Buidéal dochtúra a leigheasfadh an creatán sin ort. Tá sé do do chothú an-fhada
Tá sé ag cinnt ar na dochtúirí iad féin a leigheas, ní áirím a dhul ag leigheas daoine eile
Tá cruóg dochtúra air
Sin iad deiseannaí an dochtúra ─ na hacraí a bhíos aige
Dochtúirí na cruinne (dochtúirí chrígh Fódla, dochtúir an domhain, dochtúir na hÉireann srl.) ní leigheasfadh anois é ─ leagha na bhFiann ní leigheasfadh é
Dochtúirí na cruinne agus ní raibh in ann a shlánú théis an méid sin
Dhá dtugtá dochtúirí na cruinne aige, ní dhéanfaidís a dhath maitheasa dhó má bhí an t-imeacht air
Dochtúirí na cruinne ní thabharfadh aon fhuarú dom, nó gur tarraingíodh amach í as cosa i dtaca. Is fada a chaith sé ag cragairt (cnagairt) agus ag criongán léithe shula fuair an teanchair aon ghreim uirthi (bun d'fhiacail), ach nuair a fuair, fuair sí crúscadh
"Dochtúirí na cruinne, ní leigheasfaidís mo chás; Go dtáinig péarla an bhrollaigh ghléigil agus gur leag sí orm láimh" (As amhrán. Amantaí i Péarla Deas an tSléibhe Bháin ach bíonn sé in amhráin eile freisin)
Dia dhuit a dhochtúir! (leagan flithmhagúil, fearacht Dia dhuit a chaiptín!, Dia dhuit a Dugdale! srl. Le scorach adéarfaí é go hiondúil, ach deirtear le daoine thart é)
 
dol 1
Beidh sé sa gcéad dola eile dochtúirí a gheobhas dintiúirí. Tá sé in am sin aige. Dheamhan lá le mo chuimhne nach bhfuil sé ag dul ag an Ardscoil sin, agus iad ag rá chuile lá gur gearr uaidh a bheith ina dhochtúr
+
Chuaigh sé faoi lámha dochtúirí trí nó ceathair de chuarta, ach má chuaigh féin sin é a raibh de mhaith dhó ann — chuaigh sé go dtí dochtúirí agus scrúdaigh siad é srl.
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé imithe go Baile Átha Cliath le dhul faoi lámha ard-dhochtúirí, déanaidís aon mhaith dhó nó ná déanadh
Níl a dhath maitheasa dhó sin a dhul faoi lámha dochtúirí, arae níl aon bhiseach ina chionn, an duine bocht. Tá sé tolgtha
Ní ghabhfadh sé faoi scian an dochtúra dóibh. Dúirt sé go mb'fhearr leis bás a fháil sa mbaile. Dheamhan bás na bascadh a tháinig air ó shin. Chonách sin air, an duine croí! Tuilleadh bisigh amárach air!
+
Deir siad go bhfuil na dochtúirí in ann an eitinn sin a leigheas anois má théann duine roimpi in am, ach má ligeann duine achar ar bith í, nach bhfuil i ndán leighis di
TUILLEADH (1) ▼
Murach go ndeachaigh mé roimhe an uair sin, dheamhan beo a bheinn inniu. Dúirt an dochtúr liom dhá bhfágainn seachtain eile é, go mbeadh sí ite roimhe agus nach bhféadfadh dochtúirí na cruinne aon mhaith a dhéanamh dhom