Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dochtúir (34)

 
Chuaidh sí sin ins na céad-déaga leis an bhfiabhras. Bhí déanta len a bás ag dochtúirí agus ag 'chuile dhuine. Ach is cosamhail nach raibh an t-imeacht uirre in a dheidh sin. 'Sí atá luath láidir indiu th'éis a clann a bheith tóigthe aice
 
dán
Má tá aon-dán maitheasa duit, siúd é an áit agad. Mara dteagaidh tú suas ar chomhairle na ndochtúirí, cé'n mhaith dhuit a dhul aca chor ar bith?
 
daol
Tá sé indon crochadóireacht leis ach an uair a bhuaileas daol de'n phian sin é nach flearr (fuláir) dó síneadh go n-imighidh sí aríst. InDomhnach tá sé indon creachlaoiseacha móra a dhéanamh tharéis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caithte amuigh ins an ngarrdha é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orra a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a shean-léim aríst faoi cheann uair an chluig. An uair a thugas an reacht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt.
 
déan 1
Shíl 'chuile dhuine nach ndéanfadh sé aon-eirghe, ach nach maith go ndearna in a dheidh sin. Teigheann cuid mhaith thar bhreitheamhnas dochtúirí
 
Uair a bhí mé ag déanamh láthair mhuirtéil annseo, thuit mo phíopa uaim agus chrom mé síos dhá thógáil agus hébrí (pé'r bith) cé'n sórt útamáil a bhí orm chuaidh dionnóidín bheag de'n aol faoi mo shúil agus scál sé mé. Tabhair scaladh air. Shíl mé dheamhan oscailt a dhéanfainn go bráth uirre. M'anam go mb'éigin dom a dhul ag an dochtúr. Agus i gcaitheamh seachtaine indiaidh an dochtúra féin ní fheicinn an bhán-shoillse léithe
+
Bhí déanta len a bás ag dochtúirí agus ag sagairt agus ag 'chuile dhuine. Eitinn a bhí uirre agus chuaidh sí go doras an bháis léithe ceart go leor. Ach an té nach mbíonn an t-imeacht air, dheamhan bás ná bascadh a theagas air. 'Sí atá sean-bheo indiu, agus is gearr go mbeidh inghin in a méid féin aice, bail ó Dhia agus ó Mhuire orra beirt
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfinn suim ar bith annsin. Má tá indán eirghe dhó eireochaidh sé, dhá mbeadh déanta len a bhás ag dochtúirí na cruinne agus ag Feara Fáil. Beannacht Dé dhuit. Cé mhéad duine a chonnaic muid cheana a bhí tugtha suas ag dochtúirí, agus 'siad atá luath láidir indiu. Is fearr é Dia ná dochtúr ar bith
+
Tuiteann déidín le gortú freisin. 'Bhfeiceann tú mac Th. G. annsin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorruigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas do'n bhás agus gan súil ar bith len a theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil, dar diaguí shrian sé as faoi dheire. Sílim nach dteagann sé roimhe, ná a dhath
TUILLEADH (1) ▼
An té a mbeidh déidín tuithte aige ná bac thusa leis. Má bhíonn sé tuithte ceart aige, is fear réidh é. Dochtúirí na cruinne ní leigheasfadh é. Má ghníonn an giall crapadh tá sé craptha, agus ná bac thusa len a thabhairt ar ais, mar níl aon-ndán ar ais dó. Déarfaidh do rogha dochtúr leat é cuirfidh mise geall
 
díbir
Céard a chuir díbirt ar na fámuirí agus ar na Gaedhilgeoirí ach an droch-cháil sin a chuaidh amach de'n áit, tá cupla bliain ó shoin. Dheamhan aithne ar dhochtúirí nach raibh 'chuile dhuine ins an dá pharáiste ag dul ar na maidí de ghort an gharta
 
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. An uair a bhí an dinnéar ithte againn, bhí sé in a shuidhe síos, agus ag seanchus cho spleodarach agus a bhí sé aon-oíche ná aon-lá ariamh. Th'éis an dinnéar bhuail sé siar ar an leabaidh. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafruigh sí dhó (dhe) a raibh aon-cheo air, agus dubhairt sé nach raibh. An uair a bhreathnuigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoidh sí orm féin anoir as an ngarrdha. Ní bhlaodhfadh marach cho scanruighthe agus atá sí. Bhreathnuigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céadna i gcomhnuí. An uair a shamhluigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dubhairt sé nach raibh cruadhóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir ins an ngarrdha agam trathnóna. 'Mhuire is truagh, ní raibh mé leath-uair thoir ins an ngarrdha aríst, an uair a rith sí aniar agus é in a h-uaire móire uirre. Siar liom fhéin cho tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dhearbhráthair mo chroidhe thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agad gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharamhail. Ach ní cás é, míle buidheachas le Dia, ó a rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
 
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimneas ar bith ach ag diúgaireacht leis igcomhnuí. Dar brigh an leabhair chuirfeadh sé carghaos ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aice féin ann. Dubhairt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. "Dheamhan dochtúr muis" adeir sí "ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis annsin agus a chead sin aige. An uair a thogróchas sé stopadh stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste ins an tír a fuair a aire sin; ach aon-mhaith amháin dom é." Dheamhan cás ar bith aice ann. 'Sí nach bhfuil an scruball innte. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí guthamhail go bhfuigheadh aon-duine caidéis do'n pháiste, agus níl aon-duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireacht' na clocha glasa — scrúdfadh sin
 
Go deimhin níl mórán cúis leis ag dochtúireacht agus 'sé a chuma atá air. Céad slán le na dochtúir a bhí ar fónamh!
+
Chuaidh sé ag iarraidh an dochtúra do'n bhean
TUILLEADH (13) ▼
Chaith sí i bhfad ag dul faoi lámha dochtúra, ach dheamhan maith a rinneadh di in a dheidh sin
Chuaidh sí sin ó scil na ndochtúirí uiliog, agus deir siad gur leigheas N. é in a dheidh sin
Tá sé ag dul thar mheabhair na ndochtúirí a dhéanamh amach céard atá orm
Buidéal dochtúra a leigheasfadh an criotán sin ort. Tá sé do do chothú an-fhada
Tá sé ag cinnt ar na dochtúirí iad féin a leigheas ní áirighim a dhul ag leigheas daoine eile
Tá cruadhóg dochtúra air
Sin iad deiseannaí an dochtúra = na h-acaraí a bhíos aige
Dochtúirí na cruinne (dochtúirí Chrích Fódla, dochtúir an domhain, dochtúir na h-Éireann agus rl.) ní leigheasfadh anois é = leágha na bhFíann ní leigheasfadh é
Dochtúirí na cruinne agus ní raibh indon a shlánú th'éis an méid sin
Dhá dtugtá dochtúirí na cruinne aige, ní dhéanfaidís a dhath maitheasa dhó má bhí an t-imeacht air
Dochtúirí na cruinne ní thiubharfadh aon-fhuarú dom, nó gur tarraingigheadh amach í as cosa i dtaca. Is fada a chaith sé ag cragairt (cnagairt) agus ag criongán léithe shul a fuair an teannachair aon-ghreim uirre (bun d'fhiacail) ach nuair a fuair, fuair sí crúscadh
"Dochtúirí na cruinne ní leigheasfaidís mo chás; Go dtáinig péarla an bhrollaigh ghléigil agus gur leag sí orm láimh" (As amhrán. Amanntaí i "bPéarla Deas an tSléibh Bháin" ach bíonn sé in amhráin eile freisin)
Dia dhuit a dhochtúir! (leagan flith-mhagúil, fearacht "Dia dhuit a chaiptín!" "Dia dhuit a Dugdale!" agus rl. Le scurach adéarfaí é go h-iondúil, ach deirtear le daoine thart é)
 
dol 1
Beidh sé ins an gcéad dola eile dochtúirí a gheobhas dindiúirí. Tá sé in am sin aige. Dheamhan lá le mo chuimhne nach bhfuil sé ag dul ag an Árd-scoil sin, agus iad ag rádh 'chuile lá gur gearr uaidh a bheith in a dhochtúr
+
Chuaidh sé faoi lámha dochtúirí trí nó ceathair de chuarta, ach má chuaidh féin sin é a raibh de mhaith dhó ann = chuaidh sé go dtí dochtúirí agus scrúduigh siad é agus rl.
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé imighthe go Baile Átha Cliath le dhul faoi lámha árd-dhochtúirí, déanaidís aon-mhaith dhó nó ná déanadh
Níl a dhath maitheasa dhó sin a dhul faoi lámha dochtúirí, arae níl aon-bhiseach in a chionn, an duine bocht. Tá sé tolgtha.
Ní ghabhfadh sé faoi scian an dochtúra dóib. Dubhairt sé go mb'fhearr leis bás a fháil ins an mbaile. Dheamhan bás na bascadh a tháinic air ó shoin. Chonách sin air, an duine croidhe! Tuilleadh bisigh amáireach air!
+
Deir siad go bhfuil na dochtúirí indon an eitinn sin a leigheas anois má theigheann duine roimpe in am, ach má leigeann duine achar ar bith í, nach bhfuil indán leighis di
TUILLEADH (1) ▼
Marach go ndeachaidh mé roimhe an uair sin, dheamhan beo a bheinn indiu. Dubhairt an dochtúr liom dhá bhfágainn seachtain eile é, go mbeadh sí ithte roimhe, agus nach bhféadfadh dochtúirí na cruinne aon-mhaith a dhéanamh dhom