Dul
—briathar.
—Fuaim: /ɡol′/ go h-iondamhail ach scaithtí (/ɡōʟ/). Tá briathar dul agus gabhail measctha le chéile is cosamhail. Ní bhíonn fuaim d ins an ainm-bhriathar aon uair. Bíonn fuaim /ə/ (a) agus séimhiú roimh an ainm-bhriathar 'nuair nach mbíonn "ag" roimhe i.e. indon a dhul. Fuaim ie ins an mBéarla "die" ins an Aimsir Láithrigh, ach nach bhfuil sé cho barrainneach amach agus amach. Tá níos mó de'n "e" (/ə/) ann inGaedhilge. Is minice sílim an "-tear" ins an mBriathar Saor Láithreach (teightear) gan séimhiú ná séimhighthe, ach athruigheann sé ó dhuine go duine. Tá na fuaimeanna céadna ins an Aimsir Gnáth Caithte, ins an bhFoshuidhteach Láithreach agus Caithte agus ins an Modh Orduightheach.
—An Aimsir Caithte: chuadhas = /xūə:s/ /xūəs/ ach imigheann ua go minic agus deantar /xos/ dhe, agus, tóigeann sé an aimsir chaithte go minic ó ghabh i.e. ghabhas (/ᵹə:s/). Chuaidh sé = /xūə/ (gan fuaim ar bith ar -idh). Ar an Achréidh agus i Muigh Cuilinn tá fuaidh (/fūə/) an-choitianta. An diúltach ins 'chuile áit: ní dheachas, ní dheachaidh agus rl (/axə/ : níl aon-fhuaim ar an d).
—Aimsir Fháistíneach: is minice aimsir Fháistíneach agus Modh Coingheallach anois as gabh ná rachaidh agus rl. Gabhfaidh mé agus rl. (/ɡō/ — Cois Fhairrge; /ɡə/ Camus Rosmuc agus na ceanntair siar) an ghnáth-aimsir Fháistíneach, ach go bhfuil rachaidh tréan go leor fós ins gach uile áit. Rachaidh is mó atá ar an Achréidh ach tá gabhfaidh (abh = fuaim ou i "round" Béarla) ann freisin. Ins an mBriathar Saor Caithte deirtear ní dheachadh (Riaghalta) i leabaidh ní dheachthas go minic.
—Deirtear gabhail (/ɡō:l′/) ó ghabh in áit dul go minic ins an mbriathar saor, agus cloistear an dá rud i leaganacha fearacht "ag dul dó", "ag gábhail dó" agus rl.
—Tóigtear an t-aidiacht-briathar ó ghabh nó imigh (ó "imigh" go h-iondamhail i.e. tá sé imighthe ann, nó tá sé gabhtha nó gaibhte ann. Níl dulta ins an gcaint. Tugtar an deifridheacht idir imeacht agus a dhul faoi deara: an uair a bhíos an chiall gluaiseacht ó áit, nó áit a fhágáil le dul, ní bhaintear leas as dul ann féin. Ní féidir "chuaidh sé" ar "he went" a rádh ná "chuaidh sé as seo" nuair is fágáil nó scaramhaint atá i gceist. "D'imigh sé" adeirtear i gcásanna de'n tsórt sin i.e. d'imigh sé ar ball, d'imigh sé, d'imigh sé leis (ní "chuaidh sé leis"). Ach "chuaidh sé go Baile Átha Cliath". "Chuaidh sé ins an mbus ag ceann an bhóithrín". "Chuaidh sé ar an róthar agus rl. ("D'imigh sé ar an róthar" = d'fhága sé áit áirid agus is róthar a bhí aige ag fágáil).
—Bíonn brigh áirid leis de réir an réamhfhocail a bhíos roimhe nó in a dhiaidh, nó de réir an rádh cainte a mbeidh sé ann
1.
imeacht nó gluaiseacht.
a.
+–
Chuaidh sé an bóthar. Ní dheachaidh sé an chara
Cé'n bealach a ndeachaidh sé abhaile? An casán ab eadh? Shíl mise go ngabhfadh sé (go rachadh sé) an timcheall
TUILLEADH (12) ▼
Ná teirigh an t-aithgiorra. Tá an oíche ro-dhorcha. Is fhearr dhuit a dhul an bóthar
Is dícéillidhe an fear thú a dhul an abhainn (treasna na h-abhann, a dhul an chara) a leithide d'oíche. Beidh fuarloch (forloch) innte anocht, agus is fánach an chaoi a scuabfaí 'un bealaigh thú, i bhfad uainn an anachain!
Ná teirigh an chara anocht. Teirigh an droichead má tá timcheall féin ann
Chuaidh mé na breaclachaí, ach dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam ní rachainn, arae níor fágadh snáth éadaigh orm gan stróiceadh
Is olc an bealach é an sliabh ag aonduine le dhul, má bhíonn aon-duibheacht ins an oíche
Ní ghabhfaidh tú an sliabh, an ngabhfaidh. Indomhnach b'fhearr liom a dhul an bóthar, agus fios agam go bhfuil sé a thrí fhad. Tá an criathrach sin faoi chaochphuill agus faoi chíacraí as éadan
Ná teirigh an garrdha treasna anocht nó ní fhágfaidh na crícheanna snáth ort
Tá tú ag dul an bealach ceart anois. Déan ar t'aghaidh
Sílim nach raibh muid ag dul an bealach ceart chor ar bith ar ball
Gabhfaidh mise an t-eolas. Teigheadh a rogha duine a rogha taobh
Ní ghabhfaidh tú an choill anois. M'anam gur suaímnighe dhuit an bóthar
Chuaidh mé an garrdha ar maidin agus ní fhaca mé aon-amharc dhe
·
Teigheann sé an bóthar 'chuile trathnóna = he passes by here
'Chuile uair dhá dteigheann sé an bóthar glaodhann sé isteach
b.
·
Cáil an píosa le dhul agad? = cáil an t-aistir atá rómhat; cén áit ar an mbróig a bhfuil píosa le cur
·
Cén áit ar do bhríste a bhfuil an píosa le dhul? Ní ar an bpoll seo é
Ag binn an tighe atá an stráca le dhul, an eadh?
c.
+–
Chuaidh sé 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhó é a mharbhú = an-ghar
Chuaidh sé cho gar dó agus a chuaidh an ceol do Hannraoi (é a mharbhú, a bhriseadh, as a phosta; é a bháthadh agus rl.)
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh sé ag obair i muinghnín a chroidhe agus a chruite.
d.
+–
Chuaidh muide cluiche = rinneamar cluiche; bhaineamar cluiche amach an babhta sin
Chuaidh siad trí chluiche imbéal a chéile agus chinn orainne a dhul cluiche ar bith. Dheamhan cúig ná cárta a bhí mé a fháil
TUILLEADH (8) ▼
An ndeacha sib deich? Chuaidh muide cúig
Cé a chuaidh fiche? An dá Sheán. Bígidh ins an áirdeall orra agus féachaighidh leis an mbun a choinneál istigh
Ní dheachaidh sé ach deich. Dar ndú', dhá dteigheadh, meastú an leigfinn tharm a aona h-airt gan sclamh a bhaint aisti!
Chuaidh muid cúig an geábh deireadh agus rachamuid scór an geábh seo, agus bun amuigh a bhéas an uair sin ann
Is beag a chuaidh tú a dhuine bhoicht ach an oiread liom féin. Ní féidir a bheith suas le na h-ealadhantóirí eile seo. D'imreochaidís ar Rí na Méaracán
Ní dheachaidh tú fiche anocht, ní áirighim an "trip" seo. Cé leis a ngabhfá fiche agus a raibh de ghadhair istigh ag faire ort
Chuaidh mé árd go maith ach ní dheachaidh mé sáthach árd in a dheidh sin, le bun a dhéanamh
Dhá aoirde dhá ngabhfaidh tú, gabhfaidh mise an chúig bhairr in a dheidh sin. Bí siúráilte dhó sin
·
Chuaidh mé chúig cinn = d'eirigh cúig cinn liom (i mbáire binne nó cluiche mar sin)
Chuaidh Seán naoi gcinn déag agus buaileadh é in a dheidh sin
e.
+–
Chuaidh sé an-árd leis an teach. Thairg sé trí chéad chúig phunt dhéag agus trí fichid air
Chuaidh T. Ph. L. dhá phunt dhéag deich leis an mbudóigín, ach ní scarfadh S. léithe gan an t-airgead díreach
TUILLEADH (19) ▼
Chuaidh mise scór leo, ach ní raibh aon-mhaith dhom ann. Tá sé an-danra. Ní leigfeadh sé lag labhartha as dhá phunt agus fiche deich iad
Ghabhfainnse tuilleadh léithe, ach b'fheasach dom go maith nach raibh aon-tsamhaoine dhom a dhul ag margáil fúithe, nach leigfeadh sé as an airgead adubhairt sé í
Cé mhéad a chuaidh an bhó … muise an ndeachaidh?
Meastú cé mhéad a ghabhfadh an capall sin dá mbeadh sí agam ar aonach na F.?
Cé mhéad atá plúr ag dul anois … tá baol. Nach hí an scrios í?
Gabhfaidh móin naoi bpunt an "lorry" amach annseo. Foighid ort!
Rachadh féar tuilleadh imbliana marach a fheabhas agus a tháinic an bhliain
Ní ghabhfadh sí "an pradhas" sin ar aon-aonach eile, nó baoghal ar bith uirre
Níor ceart go rachadh sí an pradhas sin, dhá mbeadh ceart le fáil, ach tá 'chuile shórt in a ór.
Má chuaidh sí deich bpunt, chuaidh sí a luach go maith. Céard atá innte ach sean-chrupach atá aois chapall na muíntire.
Tá móin ag dul a luach go binn anois. H-ocht bpunt ar lán do ghabhail de "lorry". Ins an saoghal a tháinic sé tada a bheith uirre
Ab shin é a bhfuil sí ag dul anois mar cheilp, th'éis a raibh de chaint uirre. Ní fiú an tairbhe an trioblóid
Bhí beithidhigh bliana ag dul h-ocht bpunt an ceann an t-am seo anuiridh, ach níl baoghal orra a bheith dhá dhul sin imbliana — fós ar aon-nós
'Nuair a fheicfeas tusa dhá dhul sin iad — scór an ceann mar a theighidís ins an gcogadh cheana — abair an uair sin gur togha saoghail é
Chuaidh siad dhá phunt dhéag an ceann an t-aonach cheana. Má bhí siad dhá dhul indiu, ní fhaca mise iad, agus bhí mé cho luainneach ar fud an aonaigh le aon-fhear agaibhse
Má chuaidh caoirigh an méid sin an uair [sin] níl siad dhá dhul sin anois, agus ní bheidh aríst go bhfeicidh tú scathamh
Cé'n fáth a dtiubharfainn breith do bhéil féin duit? Dhá mbeadh fataí dhá dhul sin, thiubharfainn duit é, ach is feasach duit féin cho maith liomsa nach bhfuil. Is fada uatha é
Níl plúr ag dul an oiread anois agus a bhí sé cupla bliain ó shoin. Dhá mbeadh sé dhá dhul anois, ní bheadh aon-ghoir ag na daoine a cheannacht chor ar bith
Ní fhéadfaidh tú an dubh a chur in a gheal ormsa. Is beag an baoghal go bhfuil móin dhá dhul sin, nó má tá, is ó arbhú indé é
f.
+–
Is gearr le dhul air cupla scilling = ní sheasfaidh sí i bhfad dó; ní mór dó cuid mhaith le cois cupla scilling len a dhola a dhíol
Tá chúig phunt ag teacht isteach ann in éadan na seachtaine ach cá'id le dhul ar an teach sin chúig phunt agus a bhfuil de mhuirín ann. Nach bhfuil dháréag agus píobaire ann bail ó Dhia agus ó Mhuire orra!
TUILLEADH (9) ▼
Ara cá'id le dhul puintín gágach. Seas suas in aghaidh cuntar ósta agus nach maith an poll a chuirfeas tú ann le do thart a choisceadh, ní áirighim thú a chur ar misce
Nach gearr a chuaidh mo cháca air. Bhí sé ithte aige ar ionntú an tsuip. Tá sé siúd ag fáil ángair (amhgair). Sin nó tá collach goile air nó rud eicínt nach bhfuil ceart.
Dar príosta is gearr le dhul ormsa dhá unsa tobac má's é díol mo sheachtaine é. Dhá bhfaghainn trí unsa féin, ní bheadh mórán le reic aca
Ba ghearr le dhul air siúd bairille pórtair ar a aghaidh féin. Tá méadail an phórtair aige
Is gearr a rachas an teirgéis tae atá muid a fháil ar an teach seo. Ní ghabhfaidh sé achar ar bith. Nach ar tae a bhí na daoine ag maireachtáil
Shílfeá muis go raibh muide ag fáil foracún maith tae ingeall ar na páistí, ach ba ghearr a theigheadh sé in a dheidh sin. An uair a thugas daoine d'fhaisean dóib fhéin a bheith ag caitheamh síos scallach dó (dhe) 'chuile ré solais, bíonn siad thart dhá fhuireasbhaidh nuair nach bhféadann siad a fháil
Ba ghearr le dhul ar an gceann céadna deich bpunt ins an tseachtain dá mbeadh sé dhá fháil. Tá sé an-drabhlásach. Cheapfainn nachar shábhail sé leithphighinn ariamh dhár shaothruigh sé
Tá riar maith talmhana againn, ach cé'n t-achar le dhul é ar a bhfuil de bheithidhigh againn, agus ar a ndéanann muid de chur. Bíonn cur mór againn i gcomhnaí
Tá an-údhachta in a diaidh, ach is gearr goirid a ghabhfas sí ar a bhfuil de sclamhairí annsiúd dhá h-iarraidh
+–
Is gearr le dhul Seán ormsa = ní sheasfaidh sé achar ar bith dom; buailfidh mé idtroid é gan stró ar bith
Tá an F. láidir, ach cá'id le dhul air siúd é? Ní sheasfadh sé ala an chluig do'n bhéinneach údan
TUILLEADH (3) ▼
Tá gárdaí agus cóirí catha mar sin aige, ach ba gearr a ghabhfadh sé ar fhear ar foghnamh. Dorna amháin ó Mh. Mh. agus chuirfeadh sé luighe fiadha air go ceann míosa, mara ngiorraigheadh sé leis ar fad
Dhá mbeadh an oiread eile téagair ann ba ghearr le dhul é ar Mh. seo thoir. Tá M. cho cruadh le miotal. Ar rug sé greim ariamh ort? Is measa an dá chrobh láimhe atá aige ná bís an Bh.
Ba ghearr le dhul ar an mbád sin tonna balasta
+–
Beannacht Dé dhuit! Cé'n t-achar a ghabhfadh do chupla puintín gágach ar luach tighe. An bhfeiceann tú cho daor agus atá 'chuile shórt. Ní dhéanfá aon-teach anois níos lugha ná trí chéad phunt, dhá mbeadh sé taobh leis
Is gearr a chuaidh sé ar mhadadh J. B. indé — an madadh gliobach sin atá aige. Rug sé ingreim muiníl air agus bhuail sé anuas faoi'n talamh é agus choigil sé faoi é, nó nach raibh smeámh ann
TUILLEADH (10) ▼
Bíodh unsa céille agad! Is gearr le dhul do chruach mhóna, ar a chruaich siúd. Tá a dhá oiread innte ar a laghad ar bith
Ní mórán a chuaidh an méid sin leasuighthe ar an ngarrdha. Shíl mé go mbadh cheart di stróic thairis sin a thabhairt léithe, ach tá a oiread go leith eile ag tastáil ar a laghad ar bith
Gabhfaidh an méid sin cloch anois cuid mhaith ar an teach. Ní bheidh do dhíol ann, ach dheamhan mórán as a bhéas tú
Chuaidh na trí galúin riar maith ar lucht na bainse. Níor riar siad 'chuile dhuine, ach dheamhan ceo ar bith nachar riar. Bhí againn teacht leo, agus an té a bheadh diomdhach a chead sin a bheith aige
Ba cheart go r[achadh] an chruach mhóna sin achar maith orainn, má ghníonn muid réidhteach ar bith léithe, ach is minic linne réidhteach a dhéanamh le rud ar bith!
Rachaidh an coirce síl sin stróic mhaith ar a bhfuil d'ithir againn imbliana. Dhá bhféadthá buta eile a fháil in áit eicínt, bheadh riar do cháis agad
Ní ghabhfaidh a bhfuil d'fhataí annsin achar ar bith ar na beithidhigh. Nach mb'fhearr dhaoib a dhul i gcoinne aistear eile!
Maidir len a bhfuil na daoine a fháil do tae anois, ní ghabhfadh sé ibhfad ná ingearr ar chomhlódar. Cé'n chaoi a ngabhfadh, teirgéis mar é
Ní rachaidh na cupla "fag" sin i bhfad ná ingearr air siúd. B'fhearr dhaoib a dhul ag soláthar aríst. Reicfidh sé muid, má bhíonn sé d'fhuireasbhaidh "fags"
Go dtugaidh Dia ciall duit! Ní rachaidh buidéilín pórtair i bhfad ná ingearr ar mo thart-sa. Níl ann ach sugh salmhain i mbéal buláin dom, má tá sin féin ann
+–
Tá cupla punt agam, ach ní mór suidhe in a bhun ceart, arae is gearr le dhul é = ní sheasfaidh sé i bhfad
Tá cupla coca féir agam ach is gearr le dhul iad, agus a bhfuil ag faire orra
TUILLEADH (6) ▼
Maidir len a bhfuil d'fheamainn dubh againn imbliana, cáid le dhul í, má's linn na trí gharrdha sin thuas a chur
Is gearr le dhul thú a dhuine bhoicht. Níl spreacadh an éinín gé ionnad. Chuirfeadh fear ar foghnamh de shéideoig do'n Domhan Soir thú
Ara tabhair cead glaodhmaireacht' dó go mbeidh sé tuirseach. Sin é eile a bhfuil sé indon a dhéanamh. Is gearr le dhul é, má chuireann sé achrann ar aonduine. Níl brigh slatmhara lobhtha ann. Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an gcleiteacháinín bocht: níorbh fhiú sin
Déan do dhicheall ach is gearr le dhul thú. Mharbhóchainn céad de do leithidí
Meath do chine aríst! Cá'id le dhul thú a characháinín dona na míol! Ní bheadh tolgán ar bith agam deichneabhar mar thú a chur in aer. Féach liom é go bhfeicidh tú!
Tá gaisce mhaith aca ag imeacht len a gcuid gunnaí mar sin, ach ba gearr le dhul iad dhá dteagadh orra. Nímé cá'id a rachaidís ar an German. Dheamhan an seasfaidís uair an chluig dó.
2.
a.
+–
Gabhfaidh mé Baile Átha Cliath go goirid = go Baile Átha Cliath (áiteacha a bhíos igceist go minic i gcaint fágtar an "go" ar lár. Fc. na somplaí seo síos. Ach tabhair faoi deara gur "go Ameriocá" adeirtear, agus ní Ameriocá d'fhuireasbhaidh an "go")
Chuaidh sé Gaillimh indiu
TUILLEADH (13) ▼
Theighinn Baile Átha an Ríogh ar aontaigh roimhe seo
Rachamuid Conamara go goirid. An bhfuil tú sásta?
Is fadó an lá anois nach ndeachaidh sé Conndae an Chláir.
Theigheadh sé taobh Mhuigh Cuilinn go minic fadó, ach is beag a theigheas sé ann anois
Chuala mé ag rádh go raibh sé le dhul taobh Uachtar Árd Dé Domhnaigh seo chugainn
Ní dheachaidh tú taobh na bhF. le tamall. Cé'n chiall?
Meastú nach bhfuigheadh sé bean, dá dteigheadh sé bealach an Chlocháin. Deir siad go bhfuil mná ann ar árdú orm
Má theigheann tú bealach R. aon-uair, buail isteach chuige
An ngabhfaidh tú taobh S. Gh. indiu?
An rachaidh tú tigh Sheáinín Sh. É. anocht. Tá céilidhe ann
B'fhéidir go ngabhfainn soir tigh Mh. Ph. R. Tá cliobóig dheas d'inghin aige
Ní ghabhfainn tigh Ch. aríst go ceann scathaimh, dhá mbadh mé thusa. Má bheireann sé ort, tiubharfaidh sé faoi na foraí (fabhraí) dhuit é
Ní theigheann sé tigh Sh. chor ar bith anois. Tá an brachán dóirtthe
b.
·
Cá rachaidh tú? = cáil tú ag dul (an-choitianta ag sean-daoine)
Dia dhuit a Tom. Cá rachaidh tú anois, a chuid?
+–
Cá'il do dheifir (do chruadhóg) ag dul
Fan liom. Cá'il do dheifir ag dul? = cá rachaidh tú le go bhfuil an oiread sin deifir ort?
TUILLEADH (2) ▼
Cá'il do dheifir ag dul? Bíodh foighid agad. B'éigin fanacht leat nó gur rugadh thú
Shílfeá go bhfuil an t-an-fhorú ort bail ó Dhia ort. Cá'il do dheifir ag dul? Breagh nach suidhfeá síos agus do reasta a leigean mar a dhéanfadh fear
c.
+–
Ní ghabhfadh Pádraig go dtín a ghlúine, tá sé cho mór sin
Is beag an baoghal ort a bheith cho mór leis. Níl tú ag dul go dtí a ghualainn féin
TUILLEADH (5) ▼
Ab í an tsudóigín bheag sin. Ní ghabhfadh sí go dtí mo lár
Tá feasóig air ag dul go dtín a bhrollach
Tá na beithidhigh ag dul go dtí a mbolg i bhféar
Bhí muid ag dul go dtí a (ar) muineál i gcriathrach (in uisce etc.)
Chuaidh mé go dtí mo cholpaí in uisce ag iarraidh a theacht abhaile
d.
+–
Teigheann sé siar (soir, suas, síos, amach, isteach, thart etc.) an bóthar, (an abhainn, an cladach, an pháirc agus rl.) 'chuile lá
Chuaidh sé siar le cíor agus chuir sé corr-shlam annseo agus annsiúd, ach cé'n mhaith sin? Tastuigheann an teach ar fad a chur. Níl orlach bacaird ann, nach bhfuil ag leigean isteach
TUILLEADH (3) ▼
Ghabhfadh sé idtigh Diabhail ag tóraidheacht óil
Chuaidh an ghaoth ó thuaidh = d'athruigh sí
Gabhfaidh sí ó dheas go goirid (an ghaoth)
3.
Ag dul mar bhriathar congantach. Tá ag dul an-choitianta mar bhriathar chongantach agus é ag teacht isteach tuilleadh déarfainn: tá sé ag dul ag déanamh an tighe; tá mé ag dul ag bualadh coirce; bhí mé ag dul dhá thóigeál marach go dtáinic tú; bhí mé ag dul ag leigean fead go díreach ort; beidh sé ag dul ag tarraint fheamainne imbárach agus rl.
+–
B'fhearr duit a dhul agus é a dhéanamh
Breá nach dteigheann tú agus a dhul ann as láimh
TUILLEADH (1) ▼
Cheal nach rachthá agus díon a chur ar an gcró sin amuigh, shul a dtuitfidh sé
Dul in iontrálacha eile (50+)
Nach tú atá ainfhiosach a dhul ag rádh rud den tsórt sin i láthair comhluadair agus gan fiús "i gcead e (don) chomhlódar" a rádh
→
faiteach
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an "stage" dó. Bhí sé in a fhudar fadar. Tá sé ro-fhaiteach l'aghaidh na ceirde sin. Níorbh fhuláir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
→
faitíos
Tá fonn air a dhul go Sasana ach tá faitíos imirce air in a dhiaidh sin
TUILLEADH (12) ▼
Bhí sé caillte le faitíos a dhul abhaile
Chuaigh an faitíos cráite air cheana. Tá sé ag dul chun dánaíocht aríst muis
Tá sé ag dul chun faitiais ar an bhfear seo istigh
Ní leigfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó a thuitfeadh oíche dhá bhfádh sé Éire bronnta air
Is beag a fhaitíos ort a dhul dhá dhéanamh sin aríst, agus an liúradh a fuair tú cheana faoi
Nach beag a fhaitíos é, a Thiarna Dé, a dhul amach an tráth sin d'oíche!
Is fear i bhfaitíos é anois, nó tá mise ag dul amú! = tá an-fhaitíos air
Is fear gan faitíos (gan mórán faitiais, gan a dhath faitiais etc.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin 'chuile oíche san aer
Tá faitíos orm nach bhféadfaidh tú a dhul ann anocht muis
Bhí sé ag creathadh le faitíos a dhul amach
Cuir an sceach san mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin, agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpuinnte. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claidhe thoir agus a dhul san iothlainn!
Teirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agad faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin deá-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon-asna briste. Ach ní bheadh a fhios agad. Is fhearr a dhul roimhe in am
→
fara
"Och, och," arsa an chearc, agus í ag dul ar an bhfara, "Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chloinne Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag" (As "Cearc agus Coileach")
→
farúch
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach árduithe den talamh uiliog aca. Ní theagann fútha, nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas ionnta ach oiread
→
feadhain
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
+
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
TUILLEADH (1) ▼
Chonnaic mé ag dul Gaillimh í an lá faoi dheireadh agus feánach bainne aice i gcarr asail = ancord nó coire
→
feanc
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti. Dar príosta, ní bhainfinn
+
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Chonnaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht's dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Má sea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leádrán annseo níos fuide.
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht san mbaile, agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní hanna d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag tiacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann 'fhearacht sin (a fhearacht siúd) = ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
→
feart
"Is fhearr é sin le Dia na bhFeart, ná a dhul faoi sheacht don Róimh" (as Rann: an dá líne tosaigh dhe: "Foighid in aghaidh gach locht, agus déirce don duine bhocht gan treóir")
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith
+
→
feáin
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
TUILLEADH (2) ▼
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. Sé an chloch is faide siar ar a pháidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
Ní raibh fí ná feáin air go bhfádh sé a dhul ar an Achréidh i mbliana. Ach is cosúil nar thaithnigh leis! Dhá mhéad scímhle a bhí ag dul soir air, bhí a dhá oiread sin ag teacht anoir aríst air. Leabharsa dhuit ní hé an chéad duine aríst é a bhfeicfidh tú a láighe ar a ghualainn aige ag dul ar an Achréidh!
→
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
+
→
fios
'Ar ndú ba cheart go mbeadh fios na rólachaí agadsa feasta. Tá tú sách fada ag dul go dtí oifig an "dole" ar chaoi ar bith.
TUILLEADH (7) ▼
Cén ghnatha atá agamsa a dhul chun cainte leis? 'Ar ndú, ní fios mo labharha atá agamsa le dhul chun cainte le sagart = ní bheadh a fhios agam céard adéarfainn leis; níl mo sháith fólaime etc. orm
Mara bhfuil fios do ghnatha agad fhéin feasta choichín, tá sé fánach agamsa a dhul dhá innseacht duit
Breá nach mbeadh fios do ghnatha agad thairis sin. A dhul ag tabhairt tairní cruithe capaill leat nuair a bhí agad táirní cruithe bróg a thabhairt leat. Tá tú in do cheann ar bior
Buaileadh tuí shrathair air ag an mbainis. Bhí a fhios sin aige agus a dhul ann = ní fhéadfadh tada eile tarlachtáil; níor cheart dó a dhul ann
Tá sé in am fios a dhul (a chur) ar a hinín. Mara dteighe, agus go beó, ní bhéarfaidh sí beó uirre
Bhí (ag) Seán ní b'fhearr a fhios ná a dhul i mbealach a bhascha = bhí fios ní b'fhearr aige ná …
Shílfeá go mbeadh sagart ní b'fhearr a fhios ná a dhul ag scríobhadh síos scéalta gáirsiúla mar sin
→
fliuchán
Fuair sé sin neart an fhliucháin (go leór báistí etc.) roimhe seo, agus anois atá sé ag dul roimhe
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh san gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharabógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindigh liomsa ní raibh ann ach sbogán nar cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
→
focal
D'aithin mé ón (ar [an]) bhfocal adúirt sé nach raibh fonn ar bith air a dhul ann, dhá bhféadadh sé fanacht as
→
foirm
Tá fólaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach má sin í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí san té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa do'n fhear sin. Nachar chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon-Naomh Pádraig amháin, moladh go deó leis
+
Tá teach follasach aige. Teach ceann slinne, agus é ar an árd ag béal an bhóithrín. Ní fhéadfá a dhul amú air
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfaí gan breith air. Theigheadh sé ro-fhollasach ar an abhainn. Nar fhéad na maora é a fheiceál ag dul ann chuile phuinnte
→
foláir
Ní fuláir do dhuine a dhul san bpraghas le culaith éadaigh anois. Mara dteighe ní bhfuighidh sé aon-éadach ar fónamh