Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh
briathar
fuaim: dul /ɡol′/ go hiondúil ach scaití /ɡōʟ/. Tá briathar dul agus gabháil measctha le chéile is cosúil. Ní bhíonn fuaim d san ainm briathartha aon uair. Bíonn fuaim /ə/ (a) agus séimhiú roimh an ainm briathartha nuair nach mbíonn ag roimhe .i. in ann a dhul. Fuaim ie sa mBéarla die san aimsir láithreach, ach nach bhfuil sé chomh barainneach amach is amach. Tá níos mó den e (/ə/) ann i nGaeilge. Is minice sílim an -tear sa mbriathar saor láithreach (téitear) gan séimhiú ná séimhithe, ach athraíonn sé ó dhuine go duine. Tá na fuaimeanna céanna san aimsir ghnáthchaite, sa bhfoshuiteach láithreach agus caite agus sa modh ordaitheach.
an aimsir chaite: chuas /xūə:s/, /xūəs/ ach imíonn ua go minic agus déantar /xos/ dhe, agus, tógann sé an aimsir chaite go minic ó gabh .i. ghabhas /ᵹə:s/. Chuaigh sé /xūə/ (gan fuaim ar bith ar -igh). Ar an Achréidh agus i Maigh Cuilinn tá fuaidh /fūə/ an-choitianta. An diúltach in chuile áit: ní dheachas, ní dheachaigh srl. (/axə/ níl aon fhuaim ar an d).
aimsir fháistineach: is minice aimsir fháistineach agus modh coinníollach anois as gabhrachaidh srl. Gabhfaidh mé srl. (/ɡō/ Cois Fharraige; /ɡə/ Camus, Ros Muc agus na ceantair siar) an ghnáthaimsir fháistineach, ach go bhfuil rachaidh tréan go leor fós i ngach uile áit. rachaidh is mó atá ar an Achréidh ach tá gabhfaidh (abh, fuaim ou i round Béarla) ann freisin. Sa mbriathar saor caite deirtear ní dheachadh (rialta) i leaba ní dheachthas go minic.
deirtear gabháil /ɡō:l′/ ó gabh in áit dul go minic san ainm briathartha, agus cloistear an dá rud i leaganacha fearacht ag dul dó, ag gabháil dó srl.
tógtar an t-aidiacht bhriathartha ó gabhimighimigh go hiondúil .i. tá sé imithe ann, nó tá sé gafagaibhte ann). Níl dulta sa gcaint. Tugtar an difríocht idir imeacht agus a dhul faoi deara: nuair a bhíos an chiall gluaiseacht ó áit, nó áit a fhágáil le dul, ní bhaintear leas as dul ann féin. Ní féidir chuaigh sé ar he went a rá ná chuaigh sé as seo nuair is fágáil nó scarúint atá i gceist. D'imigh sé adeirtear i gcásanna den tsórt sin .i. d'imigh sé ar ball, d'imigh sé, d'imigh sé leis (ní chuaigh sé leis). Ach chuaigh sé go Baile Átha Cliath. Chuaigh sé sa mbus ag ceann an bhóithrín. Chuaigh sé ar an rothar srl. (D'imigh sé ar an rothar — d'fhága sé áit áirid agus is rothar a bhí aige ag fágáil).
tógtar an aimsir láithreach as gabh scaití: má ghabhaim /ɡō:ᴍ′/ srl.
bíonn brí áirid leis de réir an réamhfhocail a bhíos roimhe nó ina dhiaidh, nó de réir an rá cainte a mbeidh sé ann
baintear leas as gabh láithreach, fáistineach agus caite, agus imigh mar aidiacht bhriathartha nuair a chiallaíos siad dul sna samplaí seo síos
1.
imeacht nó gluaiseacht.
a.
+
Chuaigh sé an bóthar. Ní dheachaigh sé an chora
Cén bealach a ndeachaigh sé abhaile? An cosán ab ea? Shíl mise go ngabhfadh sé (go rachadh sé) an timpeall
TUILLEADH (12) ▼
Ná téirigh an t-aicearra. Tá an oíche ródhorcha. Is fhearr dhuit a dhul an bóthar
Is dícéillí an fear thú a dhul an abhainn (trasna na habhann, a dhul an chora) a leithide d'oíche. Beidh fuarlach (forloch) inti anocht, agus is fánach an chaoi a scuabfaí chun bealaigh thú, i bhfad uainn an anachain!
Ná téirigh an chora anocht. Téirigh an droichead má tá timpeall féin ann
Chuaigh mé na breaclachaí, ach dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam ní rachainn, arae níor fágadh snáth éadaigh orm gan stróiceadh
Is olc an bealach é an sliabh ag aon duine le dhul má bhíonn aon duibheacht san oíche
Ní ghabhfaidh tú an sliabh, an ngabhfaidh. I nDomhnach b'fhearr liom a dhul an bóthar, agus fios agam go bhfuil sé a thrí fhad. Tá an criathrach sin faoi chaochphoill agus faoi chíocraí as éadan
Ná téirigh an garraí trasna anocht nó ní fhágfaidh na crígheanna snáth ort
Tá tú ag dul an bealach ceart anois. Déan ar t'aghaidh
Sílim nach raibh muid ag dul an bealach ceart chor ar bith ar ball
Gabhfaidh mise an t-eolas. Téadh a rogha duine a rogha taobh
Ní ghabhfaidh tú an choill anois. M'anam gur suaimhní dhuit an bóthar
Chuaigh mé an garraí ar maidin agus ní fhaca mé aon amharc dhe
·
Téann sé an bóthar chuile tráthnóna he passes by here
Chuile uair dhá dtéann sé an bóthar glaonn sé isteach
b.
·
Cá'il an píosa le dhul agat? — cá'il an t-aistir atá romhat; cén áit ar an mbróig a bhfuil píosa le cur
·
Cén áit ar do bhríste a bhfuil an píosa le dhul? Ní ar an bpoll seo é
Ag binn an tí atá an stráca le dhul, an ea?
c.
+
Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó é a mharú — an-ghar
Chuaigh sé chomh gar dó agus a chuaigh an ceol do hAnraí (é a mharú, a bhriseadh as a phosta; é a bháthadh srl.)
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé ag obair i muinín a chroí agus a chruite
d.
+
Chuaigh muide cluiche — rinneamar cluiche; bhaineamar cluiche amach an babhta sin
Chuaigh siad trí chluiche i mbéal a chéile agus chinn orainne a dhul cluiche ar bith. Dheamhan cúig ná cárta a bhí mé a fháil
TUILLEADH (8) ▼
An ndeachaigh sibh deich? Chuaigh muide cúig
Cé a chuaigh fiche? An dá Sheán. Bígí san airdeall orthu agus féachaidh leis an mbun a choinneáil istigh
Ní dheachaigh sé ach deich. Ar ndóigh, dhá dtéadh, meas tú an ligfinn tharam a aon a hairt gan sclamh a bhaint aisti!
Chuaigh muid cúig an geábh deiridh agus rachaidh muid scór an geábh seo, agus bun amuigh a bheas an uair sin ann
Is beag a chuaigh tú a dhuine bhoicht ach an oiread liom féin. Ní féidir a bheith suas le na healaíontóirí eile seo. D'imreoidís ar Rí na Méaracán
Ní dheachaigh tú fiche anocht, ní áirím an trip seo. Cé leis a ngabhfá fiche agus a raibh de ghadhair istigh ag faire ort
Chuaigh mé ard go maith, ach ní dheachaigh mé sách ard ina dhiaidh sin le bun a dhéanamh
Dhá airde dhá ngabhfaidh tú, gabhfaidh mise an chúig bhairr ina dhiaidh sin. Bí siúráilte dhó sin
·
Chuaigh mé chúig cinn — d'éirigh cúig cinn liom (i mbáire binne nó cluiche mar sin)
Chuaigh Seán naoi gcinn déag agus buaileadh é ina dhiaidh sin
e.
+
Chuaigh sé an-ard leis an teach. Thairg sé trí chéad chúig phunt dhéag is trí fichid air
Chuaigh T. Ph. L. dhá phunt dhéag deich leis an mbodóigín, ach ní scarfadh S. léithe gan an t-airgead díreach
TUILLEADH (19) ▼
Chuaigh mise scór leo, ach ní raibh aon mhaith dhom ann. Tá sé an-danra. Ní ligfeadh sé laglabhartha as dhá phunt is fiche deich iad
Ghabhfainnse tuilleadh léithe, ach b'fheasach dom go maith nach raibh aon tsomhaoine dhom a dhul ag margáil fúithi, nach ligfeadh sé as an airgead adúirt sé í
Cé mhéad a chuaigh an bhó … muise an ndeachaigh?
Meas tú cé mhéad a ghabhfadh an capall sin dá mbeadh sí agam ar aonach na F.?
Cé mhéad atá plúr ag dul anois … tá baol. Nach í an scrios í?
Gabhfaidh móin naoi bpunt an lorry amach anseo. Foighid ort!
Rachadh féar tuilleadh i mbliana murach a fheabhas agus a tháinig an bhliain
Ní ghabhfadh sí an praghas sin ar aon aonach eile, nó baol ar bith uirthi
Níor ceart go rachadh sí an praghas sin, dhá mbeadh ceart le fáil, ach tá chuile shórt ina ór
Má chuaigh sí deich bpunt, chuaigh sí a luach go maith. Céard atá inti ach seanchrupach atá aois chapall na muintire
Tá móin ag dul a luach go binn anois. hOcht bpunt ar lán do ghabháil de lorry. Sa saol a tháinig sé tada a bheith uirthi
Ab in é a bhfuil sí ag dul anois mar cheilp, théis a raibh de chaint uirthi. Ní fiú an tairbhe an trioblóid
Bhí beithígh bliana ag dul hocht bpunt an ceann an t-am seo anuraidh, ach níl baol orthu a bheith dhá dhul sin i mbliana — fós ar aon nós
Nuair a fheicfeas tusa dhá dhul sin iad — scór an ceann mar a théidís sa gcogadh cheana — abair an uair sin gur togha saoil é
Chuaigh siad dhá phunt dhéag an ceann an t-aonach cheana. Má bhí siad dhá dhul inniu, ní fhaca mise iad, agus bhí mé chomh luaineach ar fud an aonaigh le aon fhear agaibhse
Má chuaigh caoirigh an méid sin an uair sin níl siad dhá dhul sin anois, agus ní bheidh aríst go bhfeice tú scaitheamh
Cén fáth a dtabharfainn breith do bhéil féin duit? Dhá mbeadh fataí dhá dhul sin, thabharfainn duit é, ach is feasach duit féin chomh maith liomsa nach bhfuil. Is fada uathu é
Níl plúr ag dul an oiread anois agus a bhí sé cupla bliain ó shin. Dhá mbeadh sé dhá dhul anois, ní bheadh aon ghair ag na daoine a cheannacht chor ar bith
Ní fhéadfaidh tú an dubh a chur ina gheal ormsa. Is beag an baol go bhfuil móin dhá dhul sin, nó má tá, is ó arú inné é
f.
+
Is gearr le dhul air cupla scilling — ní sheasfaidh sí i bhfad dó; ní mór dó cuid mhaith le cois cupla scilling lena dhola a dhíol
Tá chúig phunt ag teacht isteach ann in éadan na seachtaine ach cáid le dhul ar an teach sin chúig phunt agus a bhfuil de mhuirín ann. Nach bhfuil dháréag agus píobaire ann bail ó Dhia agus ó Mhuire orthu!
TUILLEADH (9) ▼
Ara cáid le dhul puintín gágach. Seas suas in aghaidh cuntar ósta agus nach maith an poll a chuirfeas tú ann le do thart a choisceadh, ní áirím thú a chur ar meisce
Nach gearr a chuaigh mo cháca air. Bhí sé ite aige ar iontú an tsoip. Tá sé siúd ag fáil angair (amhgair). Sin nó tá collach goile air nó rud eicínt nach bhfuil ceart
Dar príosta is gearr le dhul ormsa dhá unsa tobac más é díol mo sheachtaine é. Dhá bhfaighinn trí unsa féin, ní bheadh mórán le reic acu
Ba ghearr le dhul air siúd bairille pórtair ar a aghaidh féin. Tá méadail an phórtair aige
Is gearr a rachas an teirgéis tae atá muid a fháil ar an teach seo. Ní ghabhfaidh sé achar ar bith. Nach ar tae a bhí na daoine ag maireachtáil
Shílfeá muis go raibh muide ag fáil foracún maith tae i ngeall ar na páistí, ach ba ghearr a théadh sé ina dhiaidh sin. Nuair a thugas daoine d'fhaisean dóibh fhéin a bheith ag caitheamh síos scalach dó (dhe) chuile ré solais, bíonn siad thart dhá uireasa nuair nach bhféadann siad a fháil
Ba ghearr le dhul ar an gceann céanna deich bpunt sa tseachtain dá mbeadh sé dhá fháil. Tá sé an-drabhlásach. Cheapfainn nár shábháil sé leithphínn ariamh dhár shaothraigh sé
Tá riar maith talúna againn, ach cén t-achar le dhul é ar a bhfuil de bheithígh againn agus ar a ndéanann muid de chur. Bíonn cur mór againn i gcónaí
Tá an-uachta ina diaidh, ach is gearr gairid a ghabhfas sí ar a bhfuil de sclamhairí ansiúd dhá hiarraidh
+
Is gearr le dhul Seán ormsa — ní sheasfaidh sé achar ar bith dom; buailfidh mé i dtroid é gan stró ar bith
Tá an F. láidir, ach cáid le dhul air siúd é? Ní sheasfadh sé ala an chloig don bhéinneach údan
TUILLEADH (3) ▼
Tá gardaí agus cóirí catha mar sin aige, ach ba gearr a ghabhfadh sé ar fhear ar fónamh. Dorna amháin ó Mh. Mh. agus chuirfeadh sé luí fia air go ceann míosa, mura ngiorraíodh sé leis ar fad
Dhá mbeadh an oiread eile téagair ann ba ghearr le dhul é ar Mh. seo thoir. Tá M. chomh crua le miotal. Ar rug sé greim ariamh ort? Is measa an dá chrobh láimhe atá aige ná bís an Bh.
Ba ghearr le dhul ar an mbád sin tonna ballasta
+
Beannacht Dé dhuit! Cén t-achar a ghabhfadh do chupla puintín gágach ar luach tí. An bhfeiceann tú chomh daor agus atá chuile shórt. Ní dhéanfá aon teach anois níos lú ná trí chéad phunt, dhá mbeadh sé taobh leis
Is gearr a chuaigh sé ar mhadadh J. B. inné — an madadh gliobach sin atá aige. Rug sé i ngreim muiníl air agus bhuail sé anuas faoin talamh é agus choigil sé faoi é nó nach raibh smeámh ann
TUILLEADH (10) ▼
Bíodh unsa céille agat! Is gearr le dhul do chruach mhóna ar a chruaich siúd. Tá a dhá oiread inti ar a laghad ar beithígh
Ní mórán a chuaigh an méid sin leasaithe ar an ngarraí. Shíl mé go mba cheart di stróic thairis sin a thabhairt léithe, ach tá a oiread go leith eile ag teastáil ar a laghad ar bith
Gabhfaidh an méid sin cloch anois cuid mhaith ar an teach. Ní bheidh do dhíol ann, ach dheamhan mórán as a bheas tú
Chuaigh na trí galúin riar maith ar lucht na bainse. Níor riar siad chuile dhuine, ach dheamhan ceo ar bith nár riar. Bhí againn teacht leo, agus an té a bheadh diomdhach, a chead sin a bheith aige
Ba cheart go rachadh an chruach mhóna sin achar maith orainn má ghníonn muid réiteach ar bith léithe, ach is minic linne réiteach a dhéanamh le rud ar bith!
Rachaidh an coirce síl sin stróic mhaith ar a bhfuil d'ithir againn i mbliana. Dhá bhféadthá buta eile a fháil in áit eicínt, bheadh riar do cháis agat
Ní ghabhfaidh a bhfuil d'fhataí ansin achar ar bith ar na beithígh. Nach mb'fhearr dhaoibh a dhul i gcoinne aistear eile!
Maidir lena bhfuil na daoine a fháil do tae anois, ní ghabhfadh sé i bhfad ná i ngearr ar chomhluadar. Cén chaoi a ngabhfadh, teirgéis mar é
Ní rachaidh na cupla fag sin i bhfad ná i ngearr air siúd. B'fhearr dhaoibh a dhul ag soláthar aríst. Reicfidh sé muid má bhíonn sé d'uireasa fags
Go dtuga Dia ciall duit! Ní rachaidh buidéilín pórtair i bhfad ná i ngearr ar mo thartsa. Níl ann ach sú salúin i mbéal bulláin dom, má tá sin féin ann
+
Tá cupla punt agam, ach ní mór suí ina bhun ceart, arae is gearr le dhul é — ní sheasfaidh sé i bhfad
Tá cupla coca féir agam ach is gearr le dhul iad agus a bhfuil ag faire orthu
TUILLEADH (6) ▼
Maidir lena bhfuil d'fheamainn dubh againn i mbliana, cáid le dhul í más linn na trí gharraí sin thuas a chur
Is gearr le dhul thú a dhuine bhoicht. Níl spreacadh an éinín gé ionat. Chuirfeadh fear ar fónamh de shéideoig don Domhan Soir thú
Ara tabhair cead glaomaireachta dó go mbeidh sé tuirseach. Sin é eile a bhfuil sé in ann a dhéanamh. Is gearr le dhul é má chuireann sé achrann ar aon duine. Níl brí slat mhara lofa ann. Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an gcleiteacháinín bocht: níorbh fhiú sin
Déan do dhícheall ach is gearr le dhul thú. Mharóinn céad de do leithidí
Meath do chine aríst! Cáid le dhul thú a charracháinín dona na míol! Ní bheadh tolgán ar bith agam deichniúr mar thú a chur in aer. Féach liom é go bhfeice tú!
Tá gaisce mhaith acu ag imeacht lena gcuid gunnaí mar sin, ach ba gearr le dhul iad dhá dteagadh orthu. Ní mé cáid a rachaidís ar an German. Dheamhan a seasfaidís uair an chloig dó
2.
a.
+
Gabhfaidh mé Baile Átha Cliath go gairid — go Baile Átha Cliath. Áiteacha a bhíos i gceist go minic i gcaint fágtar an go ar lár; fc. na samplaí seo síos. Ach tabhair faoi deara gur go Meiriceá adeirtear, agus ní Meiriceá d'uireasa an go
Chuaigh sé Gaillimh inniu
TUILLEADH (13) ▼
Théinn Baile Átha an Rí ar aontaí roimhe seo
Rachaidh muid Conamara go gairid. An bhfuil tú sásta?
Is fadó an lá anois nach ndeachaigh sé Contae an Chláir
Théadh sé taobh Mhaigh Cuilinn go minic fadó, ach is beag a théas sé ann anois
Chuala mé é ag rá go raibh sé le dhul taobh Uachtar Ard Dé Domhnaigh seo chugainn
Ní dheachaigh tú taobh na bhF. le tamall. Cén chiall?
Meas tú nach bhfaigheadh sé bean dá dtéadh sé bealach an Chlocháin. Deir siad go bhfuil mná ann ar ardú orm
Má théann tú bealach R. aon uair, buail isteach chuige
An ngabhfaidh tú taobh S. Gh. inniu?
An rachaidh tú tigh Sheáinín Sh. É. anocht. Tá céilí ann
B'fhéidir go ngabhfainn soir tigh Mh. Ph. R. Tá cliobóig dheas d'inín aige
Ní ghabhfainn tigh Ch. aríst go ceann scaithimh dhá mba mé thusa. Má bheireann sé ort, tabharfaidh sé faoi na foraí (fabhraí) dhuit é
Ní théann sé tigh Sh. chor ar bith anois. Tá an brachán dóirte
b.
·
Cá rachaidh tú? — cá'il tú ag dul (an-choitianta ag seandaoine)
Dia dhuit a Tom. Cá rachaidh tú anois, a chuid?
+
Cá'il do dheifir (do chruóg) ag dul
Fan liom. Cá'il do dheifir ag dul? — cá rachaidh tú le go bhfuil an oiread sin deifir ort?
TUILLEADH (2) ▼
Cá'il do dheifir ag dul? Bíodh foighid agat. B'éigean fanacht leat nó gur rugadh thú
Shílfeá go bhfuil an t-an-fhurú ort bail ó Dhia ort. Cá'il do dheifir ag dul? Breá nach suífeá síos agus do reasta a ligean mar a dhéanfadh fear
c.
+
Ní ghabhfadh Pádraig go dtí n-a ghlúine, tá sé chomh mór sin
Is beag an baol ort a bheith chomh mór leis. Níl tú ag dul go dtí a ghualainn féin
TUILLEADH (5) ▼
Ab í an tsodóigín bheag sin. Ní ghabhfadh sí go dtí mo lár
Tá féasóig air ag dul go dtí n-a bhrollach
Tá na beithígh ag dul go dtí a mbolg i bhféar
Bhí muid ag dul go dtí a (ár) muineál i gcriathrach (in uisce srl.)
Chuaigh mé go dtí mo cholpaí in uisce ag iarraidh a theacht abhaile
d.
+
Téann sé siar (soir, suas, síos, amach, isteach, thart srl.) an bóthar (an abhainn, an cladach, an pháirc srl.) chuile lá
Chuaigh sé siar le cíor agus chuir sé corrshlám anseo agus ansiúd, ach cén mhaith sin? Teastaíonn an teach ar fad a chur. Níl orlach bacairt ann nach bhfuil ag ligean isteach
TUILLEADH (3) ▼
Ghabhfadh sé i dtigh diabhail ag tóraíocht óil
Chuaigh an ghaoth ó thuaidh — d'athraigh sí
Gabhfaidh sí ó dheas go gairid (an ghaoth)
3.
ag dul mar bhriathar cúntach. Tá ag dul an-choitianta mar bhriathar chúntach agus é ag teacht isteach tuilleadh déarfainn: tá sé ag dul ag déanamh an tí; tá mé ag dul ag bualadh coirce; bhí mé ag dul dhá thógáil murach go dtáinig tú; bhí mé ag dul ag ligean fead go díreach ort; beidh sé ag dul ag tarraingt fheamainne amárach srl.
+
B'fhearr duit a dhul agus é a dhéanamh
Breá nach dtéann tú agus a dhul ann as láimh
TUILLEADH (1) ▼
Cheal nach rachfá agus díon a chur ar an gcró sin amuigh shula dtitfidh sé

Féach freisin

dul
gabh

téigh in iontrálacha eile (50+)

 
Bhí sé brocfhliuch ag dul a chodladh dom aréir — roinnt fliuch
 
Bhí an dubhfhaitíos air ag dul isteach
 
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht, ghabhfadh muid thar claí nó go dtéidís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
+
Tá faitíos a bhriseadh air má théann sé ag obair chomh moch sin
TUILLEADH (16) ▼
An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air (seanfhocal) — an rud a theangmhaigh leat cheana, ní mian leat a dhul ag plé leis aríst
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Faigh cearrbhach eicínt eile anocht. Théis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
Chuaigh faitíos air thiar — cuireadh faitíos air; he was threatened; he saw a ghost
Má théann faitíos air — agus is furasta sin a chur air — ní labhródh sé níos mó
Chuaigh an faitíos cráite air cheana. Tá sé ag dul chun dánaíocht aríst muis
Chuaigh sé chun faitís air — tháinig faitíos air
Tá sé ag dul chun faitís ar an bhfear seo istigh
Chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air (fc. fonn agus téigh ar)
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air ina dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithe. Diabhal easna den deartháir nach dteagann isteach agus nach mbeireann air …
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirthi sa deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaigh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán oíche thall agus fás fuinseoige aige, agus thosaigh sé ag gleadhradh an dorais leis …
Chuaigh an faitíos go smior ann an oíche sin, agus níor scar sé leis ó shin
Is fear i bhfaitíos é anois, nó tá mise ag dul amú! — tá an-fhaitíos air
Le neart an fhaitís a bhí air, níor bhain sé cois de rith nó go ndeachaigh sé isteach béal an dorais
Téadh muid abhaile faitíos sneachta
Is fhearr dhom a dhéanamh as láimh faitíos na timpiste. An rud a théas i bhfad, téann sé chun righneadais — le faitíos nach ndéanfainn aríst é
+
fara
"'Och, och,' arsa an chearc agus í ag dul ar an bhfara, 'Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chlainne; Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag'" (As Cearc agus Coileach)
TUILLEADH (1) ▼
M'anam muise gur beag an baol atá orm na stocaí sin a chaitheamh ar an bhfara. An fhad is a sheasfas siad, fónfaidh siad, mar adeir an ceann eile. Dhá dtéadh bean mhaith ina n-éadan ba bheag an stró uirthi péire nua a dhéanamh dhíobh aríst
+
Ní hin é adúirt mise chor ar bith. An té a d'aistrigh mo chuid cainte (a d'inis do dhaoine eile í), chuir sé earasbarr léithe. Sin é an chaoi i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
+
Níl aon fhear ar an bhfeadhain acu is drochmhúinte ná Pádraig dhá dtéití sa gceann sin leis. Tá nimh craite air sin. Níor mhaith dhuit ruibh oilc a fheiceáil air. Teagann cúr lena bhéal
TUILLEADH (2) ▼
'Sé T. an té is measa liom ar an bhfeadhain acu. 'Sé agus dhá mbeadh an oiread eile ann. Tá an croí mór aige. Dheamhan fear ariamh a rug ar scilling is lú scrupall inti ná é
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
+
Chuaigh feadhnach lucht portaigh soir sa leoraí ar ball. Shíl mé nach mbeadh aon obair acu inniu agus saoire ar an lá. Ach chreidim nach miste leo sin céard a dhéanfas saoire ná sollúna
TUILLEADH (3) ▼
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
Chonaic mé ag dul Gaillimh í an lá faoi dheireadh agus feadhnach bainne aici i gcarr asail — ancard nó coire
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
 
Nuair a scaoil mé an feadhnach (feadhnóg; feadhnac; cleitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas droim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindí
 
feanc
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti. Dar príosta, ní bhainfinn
+
M'anam nach é fearacht cheana é, má bheirimse ort ann aríst, nach ngabhfaidh sé chomh saor leat agus a chuaigh sé an uair dheiridh — lig mé uaim réidh go leor thú an uair cheana, ach ní hamhlaidh a bheas sé aríst
TUILLEADH (6) ▼
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa ansiúd agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
Chuaigh sé amach go doras fearacht is dhá mbeadh rún aige a bhualadh ach d'fhill sé aríst
Chonaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht is dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Más ea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leadrán anseo níos faide.
Chuir mise fataí freisin, agus fearacht an scéil ar ball, ní dheachaigh a ndóthain leasú orthu agus tá a shliocht orthu
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag teacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann, a fhearacht sin (a fhearacht siúd) — ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
 
An té a gheobhadh fearann arán coirce agus babhal leamhnacht, ba bheag an chlóic a bheadh air — straiméad de cháca arán coirce; an ceathrú cuid den cháca
 
Beidh sé ag fearúint mar seo go dté an ghealach amach. Ba chóir go mbeadh sí i ndáil le caite. Tá sí ar an gceathrú dheiridh, dar liom féin.
 
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. 'Ní fré chéile a chacfas sí seo,' adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. 'Fan go bhfeice sibh mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirthi'. Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aici!
+
feiste
Ní dheachaigh mé ina fheiste ná ina fhínne ó shin — níor thaobhaigh mé é; níor bhrúigh mé air; níor chuir mé araoid ar bith air
TUILLEADH (3) ▼
B'fhearr leis, dar liom fhéin, nach labhróinn chor ar bith leis. Tá a shliocht air. Ní dheachaigh mé ina fheiste ná ina fhínne ó shin. Ná ní ghabhfaidh ach oiread
Bhótáil adeir tú! Ara tá mé bréan daofa fréna chéile. Ní théim ina bhfeiste ná ina bhfínne chor ar bith. Measaim gurb agam atá an ceart.
Ní ansin a théim ag an aifreann dubh ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireanach agus thug sé aghaidh mar a thabharfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! 'Dheamhan mé,' arsa mise liom péin, 'má scagaim mé fhéin uait an babhta seo nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!' Agus ní fhaca. Ní raibh mé ina fheiste ná ina fhínne ó shin. Téim suas go dtí an fear nach mbíonn doicheall aige roimh aon duine
+
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uileag air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh rua a thaithíos sé, pé ar bith cén sórt feithideach é
TUILLEADH (1) ▼
M'anam gur cinniúint uirthi siúd é má ligeann sí tada leat. Níl a fhios agam cé leis a ndeachaigh sí chor ar bith. 'Sí an feithideach is tútaí í a rug ar scilling ariamh
 
feáin
Ní raibh fí ná feáin ar Sheán nó go dtéinn in éindí leis — bhí sé ag stróiceadh le mo thabhairt leis; ní ghlacfadh sé aon leithscéal uaim gan a dhul leis; ní shásódh tada é mura dtéinn leis (an aimsir chaite a bhíos leis an fí ná feáin go hiondúil)