Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dícheall
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach: díchill
oibriú ar do neart; do chlochneart; mine ghéire; chomh maith, chomh beo, chomh hacmhainneach nó chomh spleodrach agus is féidir; lántsaothar.
a.
+
Tá sé ar a dhícheall — ag oibriú chomh maith nó chomh hacmhainneach agus atá sé in ann
Bhí sé ar a dhícheall ceart (ar a sheandícheall, ar a mhíle dícheall, ar a sheacht ndícheall, ar a dhícheall báis is beatha, ar iomlán a dhíchill srl.)
TUILLEADH (3) ▼
Téirigh ar do dhícheall. Tá an iomarca leisce sa gcnáimh agat, tá sin
Chuaigh mé ar mo dhícheall, ach má chuaigh féin, ba bheag an mhaith é mo dhícheall
Ab in é do dhícheall. Más é, is beag an mhaith é do dhícheall
+
B'éigean dom mo dhícheall a dhéanamh críochnaithe lena thabhairt aníos
Déan do dhícheall a fhleasca(igh)
TUILLEADH (2) ▼
Breá nach ndéanann tú do dhícheall leis
Éirigh as an spreallaireacht agus déan do dhícheall
+
"Is leor do Mhór a dícheall" — is leor do dhuine a dhícheall a dhéanamh; ní féidir le duine a dhéanamh ach a dhícheall
Ní fhéadaimse a dhéanamh níos mó. Is leor do Mhór a dícheall, arsa tusa
TUILLEADH (1) ▼
Shaothraigh mé go maith é, ní as ucht mé féin dhá rá é, ach chinn orm de mo bhuíochas. Ach nach leor do Mhór a dícheall, mar adeir an ceann eile
+
"Is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh"
Rinne mé mo dhícheall agus deir siad gur leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
Sin é a bhféadaimse a dhéanamh leis, ach is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh, is leor sin
Sin í anois í. Tá sí scríofa agus ní go slachtmhar é, ach is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh
Rinne mé péire cléibh dhó, ach cén sórt déanamh é! Ceo ar bith ach go dtabharfaidh siad uailín móna ón bportach dó. Bhuel, is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh, arsa tusa
+
Ní dhéanfaidh do dhícheall é — cinnfidh sé ar do dhícheall
Cinnfidh sé ar do dhícheall an chloch sin a ardú
TUILLEADH (9) ▼
Ní dhéanfaidh do dhícheall an méid sin oibre inniu
Dhá mbeadh sé léithe ó shin, deamhan a mhíle dícheall a thabharfadh gaoth di
Cuirfidh sé go dtí do dhícheall thú an méid sin a ghróigeadh inniu — 'sé do dhícheall é
Cuirfidh sé go dtí do dhícheall tú an oiread feamainne a bhaint an rabharta seo agus a leasós an dá gharraí siúd
Má bhíonn tú réidh 'sé do dhícheall é. Tabharfaidh sé rud le déanamh dhuit freisin, dar mo choinsias
Spréigh mé é, ach ba é mo dhícheall é. Diabhal bréag nár fhéach sé mé freisin
Ní thógfaidh tú é gan do dhícheall (a dhéanamh)
Is fada ó do dhícheall tú fós. Leag ort féin! Cé leis a ndeachaigh tú chor ar bith
Shíl tú go raibh sé ag déanamh a dhíchill. Ní raibh muis a mh'anam. B'fhada óna dhícheall a bhí sé. Dhá mbeadh, ní raibh aon fhear sa bpáirt sin nach scoithfeadh sé ach P. Ph. b'fhéidir. Bainim P. as margadh gan doubt
+
Chríochnaigh mé é, ach fuair mé mo dhícheall uaidh
Fuair mé mo dhícheall go binn uathu ag iarraidh a gcur isteach. Tá an diabhal crónta (corónta) ar an gceann buí. Ní raibh le déanamh leis ach é a mharú
TUILLEADH (2) ▼
Fuair mé mo sheacht ndícheall uaidh. Murach a fheabhas agus a bhí mé ar mo mhaidí, chinnfeadh sé orm
Fuair mise mo dhícheall inniu ag iarraidh na claíochaí siúd a bhiorú, agus ná leagaidh aríst iad má tá an t-ádh oraibh!
+
Thug sé mo dhícheall dom an mallach feamainne sin a líonadh ag an láimh atá agam
Chuaigh ag mo dhícheall air, ach 'sé a raibh ann é — b'éigean dom mo dhícheall go binn a dhéanamh leis an gceann is fhearr a fháil air
TUILLEADH (1) ▼
Tá gnaithí de do dhícheall agat anois; beidh gnaithe dhá dhícheall aige ar ball nuair a chaithfeas sé freastal do chuile shórt (fc. gnaithe)
+
Go gcuire Dia an t-ádh ort! Is beag an dícheall a rinne tú leis. Dhá ndéantá, ní mar sin a bheadh sé
Dhá ndéanadh sibh an dícheall sin i gcónaí, bheadh rud agaibh, ach ligfidh sibh a (bhur) maidí le sruth anois aríst go ceann míosa
TUILLEADH (5) ▼
Is dona na gnaithí a bhí oraibh an dícheall sin a dhéanamh le cuid aon duine. Dá mba bé (dá mba é) a (bhur) gcuid fhéin a bheadh ann, mise i mbannaí gur beag an baol a bheadh oraibh a dhéanamh
Rinne sé a dhícheall ar an gcloich ach níor bhris sé í ina dhiaidh sin
Rinne sé a dhícheall orm, ach chinn air mé a leagan ina dhiaidh sin
Má ghníonn tú do dhícheall air, b'fhéidir go mbainfeá é, ach más ea, ní ar an deis sin é
Rinne siad a ndícheall ar an máistir scoile lena bhriseadh, ach níor fhéad siad
·
Chuaigh mé thar mo dhícheall leis agus tá a shliocht orm: tá mo dhroim mar atá sí ó shin. Ní fhéadaim a lúbadh ná a díriú
Níl gnaithe ag duine ar bith a dhul thar a dhícheall. Má théann, beidh a shéala air. Sin é an chaoi ar bhain P. S. stangadh as féin
+
Dícheall fánach é a dhícheall sin. Ní chuirfidh sé a lúth amach deirimse leat
Déanadh sí a dícheall faoi chéad agus is beag an ghair a bheas aici uirthi siúd — ar inín J. Th. Dícheall suarach é a dícheall le hais inín J.
TUILLEADH (4) ▼
Droch-chríoch ar a dhíchillín suarach! Is postúil a labhródh sé san áit a mbeadh fir!
Drochrath ar do dhícheall agat! Bhí céad lá de mo shaol agus dhéanfainn an oiread i gcaitheamh uair an chloig agus a dhéanfá seachtain mhór fhada!
Sin é an dícheall suarach, a dhícheall sin!
Sin é an dícheall mar siúd, a dhícheall sin! Ní bheadh a dhíol féin móna bainte aige in imeacht ráithe, ní áirím in imeacht mhíosa!
+
Ní bheidh sé déanta againn théis a (ár) ndíchill — dhá fheabhas dá n-oibreoidh muid ní bheidh sé déanta (tá an leagan sin ríchoitianta i gcaint)
Théis a (ár) ndíchill, is beag na fataí a fhéadfas muid a chur dhá mbeadh muid chomh maith le Ceaite Heic (Hicks?)
TUILLEADH (13) ▼
Théis a ndíchill ní bheidh aon cheo dhá bharr acu
Is beag atá sé in ann a dhéanamh théis a dhíchill, agus is maith an scéal do chuid againn nach bhfuil. Dhá mbeadh, ní bheadh gnaithe ar bith ag cuid againn ann
Cinnfidh sé air théis a dhíchill. Níl a dhóthain stuaim ann, agus tá sé ró-uafásach le rud ar bith. Ní mór leis a dhéanamh de rith is de léim
Ní bheidh sé craptha agaibh anois théis a (bhur) ndíchill roimh an múr. Is beag an baol oraibh. Tá cion cheithre bheart ann fós, nó tuilleadh. Déanaidh deabhadh ar aon chor
Ní chuirfidh muid as í théis a (ár) ndíchill. Tá sí ródhaingnithe ann. Ní mór gró agus spéicí. Rud ar bith níos lú ná sin ní chuirfidh as í
Níor fhéad mé aon chaoi a chur uirthi théis mo dhíchill. Tá an feire uileag réidh. B'fhéidir dhá dtugtá ag gréasaí maith í go ndeasódh sé fós í, ach drochsheans. Ná bac leis an leathar atá amuigh anois! Ní fiú do sheacht mallacht é
Théis a díchill, bhí sé fánach aici. Ab é siúd ru! Ní fhágfaidh sé siúd an teach ósta ar chomhairle aon duine nó go mbeidh an chianóig dheireanach caite aige
Ní raibh bord feamainne bainte agam théis mo dhíchill, ainneoin gur fhan mé ann nó go raibh sé ag tuile in mo mhullach. Ní bheadh duine ach dhá mheath fhéin leis an bhfáisín dona údaí
Ní dhéanfaidh tú aon chúis théis do dhíchill. Más leat an áit sin a réiteach, fan go samhradh agus dóigh an sraithaiteann agus na bunannaí sin i dtigh diabhail as. Maidir le go gcuirfidh tú as mar sin iad, tá sé fánach agat
Ní dhéanfadh muid aon bhun théis a (ár) ndíchill. Bhí an bheirt eile seo róláidir. Dhá dtugainn é, scuabfainn do chuileatasa, agus bhí cosaint aige seo i gcónaí ar an rí. Ní bheinn ach ag caitheamh m'aon i dtraipisí i gcónaí
Buaileadh iad i ndiaidh (tar éis) a ndíchill. Buaileadh agus go gránna. Ní raibh gair ná gaobhar acu ar an dream eile, agus ba cheart go mbeadh a fhios acu sin ó thús
Théis mo dhíchill, gabhfaidh sé rite liom a bheith críochnaithe an tseachtain seo. B'fhéidir dhá mbeadh freastal agam i gcónaí go mbeadh iarracht mhaith air, ach nuair a chaithim fhéin chaon dara súileoig a scaradh, is deacair dhom mórán dúchain a dhéanamh. Tá an cúl siúd leis an gclaí thiar sách buan freisin
Níl aon asal in ann a dhul ann anois. Chuaigh mise ann tá seachtain ó shin, agus níor thug mé liom ach bord na gcléibh. Ba trioma an uair sin é ná anois. Chuaigh sé dhá bháthadh orm faoi dhó ina dhiaidh sin, théis mo dhíchill
b.
+
Is maith an dícheall dom (orm) na cearca a choinneáil as an ngarraí sin thoir — 'sé mo dhóthain go binn é le déanamh
Is maith an dícheall air (dhó) móin a choinneáil isteach dhá mbeadh gan tada eile a bheith ar a aire
TUILLEADH (10) ▼
Dar príosta ba mhaith an dícheall duit caint a choinneáil leis agus a raibh le rá aige. Is mór an t-ionadh nach mbeadh sé tuirseach uair eicínt di
Ba mhaith an dícheall dhom salann a choinneáil tarraingthe aige as G. ar feadh na bliana anuraidh. Ní raibh cinneadh go deo le ar ith sé d'fheoil agus d'iasc
Is maith an dícheall dom pínneachaí a choinneáil caite amach libh. Tá trálach (tálach) in mo láimh le uair dhá gcaitheamh amach anseo, agus sibhse dhá gcrapadh. Tá mé bánaithe agaibh. Cáit cúig iontaithe thú féin astu, a chomharsa
Dar diagaí is maith an dícheall di an mhóin a scaradh. Agus tá scaradh fada uirthi freisin
Nuair a bhí siad uilig cruinn, ba mhaith an dícheall di arán a choinneáil fuinte leo, ba mhaith sin
Is maith an dícheall do T. a bheith ag tarraingt mhóna do mhac Ph. Sh. Agus tá sé ag fágáil a chuid oibre féin ansin gan déanamh
Is maith an dícheall di a gcumhdach ar fad — cheithre dhuine dhéag acu. Cén bhrí ach tá an chuid is sine acu chomh hábhailleach lena bhfaca tú ariamh, agus an chuid is óige an-chantalach
Is maith an dícheall don Ghearmánach coc a thabhairt dóibh ar fad. Tá a bhfuil acu ann ina mhullach. Is gearr a thabharfas anois. Tá sé ar na preaba deireanacha cheapfainn. B'ait é agus seasamh an fhad sin féin
Ba mhaith an dícheall duit freastal dóibh ar fad. Cén bhrí, ach ní shásódh a bhfaca tú ariamh cuid acu sin. Ní bheadh uathu ach údar casaoide
Is maith an dícheall dom rith síos is aníos ag siopaí chuile ré solais le tobac a fháil duitse. Meas tú an bhfuil tada eile ar m'aire ach a bheith ag tendáil ortsa. Is maith é mo luach saothair muis. Gheobhaidh tú féin feasta é ar mo shonsa nó troiscfidh tú. Is fadó an lá a bhí agam é a dhéanamh leat

dícheall in iontrálacha eile (50+)

 
Is diabhlaí an t-earasbarr a bhí agam agus gur shíl mé go mba ar a chruachúis dom mo dhícheall a bheith agam
 
Ara is beag é a dhícheall, an frídeoirín bocht caillte. Ar ndóigh ní meáchan atá sé siúd in ann a thógáil. Ceo ar bith ach go dtabharfadh sé do bhéilí chugat sa ngarraí. Sin é an méid.
 
Dheamhan mórán atá dhá fhálróid ag na caoirigh sin muise mar nach mórán talúna atá aige théis a dhíchill le tabhairt le fálróid dóibh. Dheamhan slí do choise de thalamh ar an mbaile sin. Nach bhfuil sé sáinnithe uilig ag mac Bh. Dh. dhó féin. Ach tá mé ag ceapadh go mbíonn cead scoir ag na caoirigh ansin sa ngeimhreadh, mar a bhíodh san áit seo a bhfuil tú ann fadó.
 
féar
Caithfidh mé a ndíol théis mo dhíchill ó tharla nach bhfuil féar tirim ná farae agam dóibh (beithígh)
 
Tá carcaireacha draighin ann agus is maith an dícheall do dhuine a bhealach a dhéanamh thríothub chor ar bith. Casadh i dtreascairt ann mé an oíche faoi dheireadh agus níor fhága na sceacha liobar leathair ar aon láimh liom.
 
Buachaill coilgneach é an gliomach, go dté bannaí ann, ach is beag a bhíos sé in ann a dhéanamh théis a dhíchill, uaidh sin amach.
 
cíble
Níor chuala tú a leithide de chíble cainte ar aon duine i gcaitheamh an tsaoil! Dar príosta, is maith an dícheall dhó seasamh ar an táirm siúd i gcónaí.
 
Tá an cíosáinín sin thuas ag M. Bh. istigh againn chuile ré solais. Meas tú an ndéanann sé buille maitheasa ar bith, ach chreidim gurb é cuid an bheagáin atá sé in ann a dhéanamh théis a dhíchill. Dheamhan brí ann.
+
beann
Is beag an bheann atá aige ar do dhícheall — má dhéanann tú do dhícheall amach is amach fhéin, gheobhaidh sé an ceann is fhearr ort.
TUILLEADH (2) ▼
Cuireadh sé scéala isteach ormsa más breá leis. Is beag an bheann atá agamsa ar a dhícheall.
Déanadh sé a dhícheall: is beag é mo bheannsa air théis a dhíchill.
 
Is maith an dícheall don chráisiléad siúd an bóthar a shiúl lena bhfuil d'fheoil air.
 
beo 1
Diabhal bean in do thír chomh beo chomh scolbánta léithe fós. Chonaic mé ag dul thar chlaí ansin thiar í an lá faoi dheireadh, agus dar mo choinsias, ba mhaith an dícheall dhom a dhul thairis más agam atá an óige.
 
bocht 1
Cén ghnaithe atá ag mac duine bhoicht ag comórtas leob sin! Chinnfeadh air a bheith suas leob théis a dhíchill.
 
bocht 2
Caithfidh na boicht a bheith barainneach théis a ndíchill.
 
'Sé dícheall duine é a shiúl, ní áirím bicycle a thabhairt air, le na brachlainneachaí cloch cladaigh a scaradh air le scaitheamh.
 
aer
Ní fhéadfadh mórán eile báistí bheith san aer théis a dhíchill — nuair a chaithfeadh sé go leor tuilte
 
Drochghual é sin. Níl a dhath buanadais ann. Is maith an dícheall do dhuine é a choinneáil caite ar an tine
 
buille
Tá sé buille sean anois le bheith ag bualadh báire. Ní fhéadfadh an choisíocht a bheith aige, théis a dhíchill.
+
Cinnfidh sé anois air, ainneoin (d'ainneoin) a dhíchill — déanadh sé a sheandícheall anois agus cinnfidh sé air ina dhiaidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhaidh mé an posta anois d'ainneoin a ndíchill
Tá sé ag dul rite liom é a fhuascailt ainneoin mo dhíchill
 
Is maith an dícheall dhom a bheith san airdeall ar na cearca sin i gcónaí le faitíos go gcartfaidís an coirce.
 
Níor mhór dhuit a bheith gróigthe ar an gclaí ag aireachas ar na gabhair sin, agus ní choinneofá sáinnithe iad ina dhiaidh sin théis do dhíchill.
 
aire
Is maith an dícheall dó a bhfuil de bhalcaisí air a iompar, tá sé chomh haireach sin air fhéin.
 
aire
Ba mhaith an dícheall dom aire a thabhairt dom fhéin agus gan bacadh le aon duine eile — chuaigh sé rite liom mo chuid aobha féin a thabhairt liom as an anachain, nó as an gcontúirt, agus ní raibh aon ghair agam tarrtháil a dhéanamh ar aon duine eile.
 
Tá sé ar a dhícheall ag iarraidh bean a dhéanamh amach do Sheán agus é ag cinnt air.
 
Bhí sé ag cur dhe ar a dhícheall, ach dhá mbeadh a fhios aige chomh neamhairdiúil agus atá an dream a bhí ag éisteacht leis, bheadh sé ina chónaí.
 
anam
Tá lán tí de pháistí aici. Is maith an dícheall di an t-anam a choinneáil ar fad iontub
 
Tá bó mhór oscarthach agam a cheannaigh mé ar aonach na Faiche bliain go Bealtaine seo chuaigh thart, agus is maith an dícheall dom í a thógáil chor ar bith.
 
imir
Imreoidh mé anois ar do dhícheall — dhá fheabhas na cártaí atá agat anois, sáróidh mise thú (deirtear i gcéill b. é freisin)
 
Is maith an dícheall dom mo léine a iompar inniu — is maith atá mé ag cruthachtáil agus a bheith in ann mo léine a choinneáil orm, tá an lá chomh meirbh sin.
 
Beannóidh mé do do dhícheall nuair a thiocfas sé isteach fúm — labhróidh mé leis an gcárta is fhearr dhá bhfuil in do ghlaic; buailfidh mé an cárta is fhearr dá bhfuil agat
 
istigh
Is maith an dícheall dhom freastal don áit istigh
 
fia
Séard a bhí le déanamh leis an asal sin luí fia a chur air in éindí. Tá na daoine thar bharr a gcéille aige. Is maith an dícheall dúinn a choinneáil cuibhrithe, dá mbeadh gan tada eile a bheith ar ar n-aire. Cuir sa gcró é, agus fáisc air nó go dtite sé as a sheasamh leis an ocras
 
dairt
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú. Is maith an scéal gur beag é a dhícheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baol air
 
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
Roinn mé é chomh cothrom agus a d'fhéad mé agus an té atá ar deireadh bíodh. Dheamhan neart agamsa air. Is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh
 
diaidh
Is maith an dícheall do na daoine a bheith i ndiaidh a chéile chor ar bith agus an aimsir a bhí ann le fada. Tá chuile dhuine ag fuasaoid slaghdáin, agus má tá féin is beag an dochar dóibh. B'uair mhínádúrtha í. Níor thada eile í
 
Bheadh na rangeannaí sin ródhiomalach ar mhóin. Le aghaidh guail a rinneadh iad. Ar ndóigh dhá gcuirtheá móin iontu, ba mhaith an dícheall duit a coinneáil caite síos
 
dlús
Bhí sé anseo inniu ab ea? Ag iarraidh an tuarastail? Nach aige atá an dlús leis! Shílfeá gur ag dul a chodladh ina throscadh atá sé. Is maith an dícheall do na daoine sagairt a choinneáil íoctha. Ag sclamhaireacht ag iarraidh airgid chuile lá
 
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
 
dorú
Leag sé an simléar sin cheithre huaire agus bhíodh sé as dorú i gcónaí, théis a dhíchill. B'éigean dó éirí as sa deireadh, agus cead a thabhairt do S. a dhul ina éadan. Má chuaigh féin, níor fhan aon fhuíoll air ina dhiaidh
 
dos
Shílfeá go raibh tú ag cúirtéireacht le dos mór in áit eicínt lena bhfuil de leadáin ort. Dar fia tá do chloigeann ó mhaith ar fad. Beidh easonóir ort anois iad sin a bhaint amach. Fanóidh cuid acu istigh théis do dhíchill
 
Má nochtann an sceanadóir siúd a dhrandal, beidh gnaithe do do dhícheall agat lena theacht uaidh. Tá sé an-fhrancaithe. Úll na haithne ceart!
 
draoib
Sin é an sórt spágachán é. Is maith an dícheall do dhuine glantachán ina dhiaidh áit ar bith a leagfaidh sé a chois. Tugann sé draoib an bhaile leis i gcónaí ar a bhróga
 
droim
Is diachta dhuit do bholg a bheith thiar in do dhroim agat ar scáth an t-achar ó d'ith tú gliúrach cheana. Is maith an dícheall do dhuine beatha a choinneáil caite agat
 
dronn
Tá dronn rómhór ar an bpíosa sin. Tá faitíos orm go dtiocfaidh an tiúb amach ann théis do dhíchill. Ach ar a fhéachaint a bheidh a fhios é, arsa tusa
 
dréim
Dhá bhfaigheadh an cat a dhul ag dréim lena chuid crúcaí, bheadh gnaithe dhá dhícheall ag an madadh, ach níor thug sé an t-ionú dhó, ach breith i ngreim cúl cinn air, agus a chroitheadh …
 
déan 1
Dhéanfá do dhícheall (do dhóthain, do dhíol, dalladh, cuid mhaith, cat agus dá rioball srl.) dá mbeadh deis agat