Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
domhain
/dəu:ɴ′/
aidiacht ag freagairt do domhain, doimhneacht
tá dhá shárchéim aige (is domhaine, is doimhne) cé nach bhfuil ann ach an bunchéim amháin: domhain. Tá roinnt den idirdhealú a sainíodh idir domhain, doimhneacht mar ainmfhocla, le brath i mbreis agus i sárchéimeanna an aidiachta, cé nach bhfuil sé chomh cruinn sin féin.
an t-aidiacht iolra: domhaine
1.
 doimhneacht a bheith i rud (farraige, talamh, buicéad, bróga, oíche, intinn srl.)
a.
+
Chaithfinn amach thú sa bpoll is doimhne sa bhfarraige
B'fhearr dhuit bró mhuilinn faoi do mhuineál agus thú caite amach sa bpoll is doimhne sa bhfarraige, mar adúirt an sagart, ná a bheith ar cheird den tsórt sin. 'Sí an cheird dheiridh í
TUILLEADH (15) ▼
Talamh an-domhain é
Shílfeá go bhfuil an bhróig sin an-domhain
Tá a dhroim an-domhain — logán mhór inti
Tá leicne domhaine aige — logáin domhaine ina leicne
Tá an teach siúd an-domhain — déanta i ngleann
Cladach domhain atá ansin thíos
Caitheann siad a dhul amach anois ar na criathraigh domhaine leis an bpoitín a chur i bhfolach. Poitín gan sásamh é
Téann siad sin ag iascach amach ar na farraigí domhaine sna báid mhóra sin
Caithfidh muid a thabhairt amach ar an bhfarraige domhain lá eicínt. Beidh sé an-lionraithe ansin. Ní raibh sé ach ag imeacht le cloich fós
Tá an capall sin an-domhain ina droim
Tá sé istigh ródhomhain agat
Nach diabhaltaí domhain a chuir tú ann é
Gearradh domhain é
Chuaigh an dealg an-domhain in mo chois
Chuir sé an buidéal an-domhain sa móta. Nuair a chuaigh mise ar a thóraíocht, fhóbair nach bhfaighinn chor ar bith é
+
Tá sé domhain sa talamh inniu — tá sé curtha san uaigh
Is domhain i dtalamh atá an duine bocht anocht, go ndéana Dia trócaire air
TUILLEADH (2) ▼
Nach bhfuil S. É. domhain sa talamh le fada an lá
Ná bac le S. Ph. Mh. Tá a chuid bainne sláinte ólta. Is gearr gur domhain i dtalamh a bheas sé
+
Tá an eitinn go domhain ina chnámha — tá sí in ainseal air
Ní raibh aon ghair agam corraí a mhic ó agus an slaghdán bradach sin go domhain in mo chnámha
TUILLEADH (4) ▼
Is furasta le chuile ghalra a dhul domhain i gcnámha na ndaoine anois, más in ísle bhrí atá siad thar mar a bhí siad fadó. Chuile líne ag dul chun míne, adeir siad
Má théann an cailín sin domhain sa gcnáimh aige, gheobhaidh sé fuílleach le déanamh agus a cur as a chrioslaigh
Is fear é a bhfuil an bás go domhain sa gcnáimh aige, nó is fear mise a bhfuil mearbhall orm. D'imigh sé ar an uisce bruite uileag ó chonaic mé cheana é
Tá an t-éag go domhain ann cheapfainn
b.
+
Nach thú a chuaigh domhain sa gcaint?
Tá intinn an-domhain aige
TUILLEADH (5) ▼
Tá an chaint sin ródhomhain domsa
Deir siad go bhfuil an sceathracháinín beag sin an-domhain i bhfoghlaim
Má théann sibh anois ar chaint dhomhain, tá sé chomh maith dhomsa éirí as
Nach domhain atá tú ag dul sa scéal. Éirigh as anois
Is mian leis a dhul an-domhain i scéal ar bith a tharraingeos duine anuas. Bíonn sé ag iarraidh an iomarca údair ar fad
c.
 mall, deireanach.
+
Tá sé an-domhain san oíche — deireanach, mall (is iondúla mar seo é ná mar ainmfhocal)
Ní fiú dhúinn a fhágáil ina ndiaidh (ár ndiaidh), ar scáth a bhfuil ann, ach tá sé an-domhain san oíche
TUILLEADH (3) ▼
Murach chomh domhain agus atá sé, d'imreodh muid cluiche eile, ach tá sé mór a dhul ag coinneáil teach ar bith ina ndúiseacht níos faide
Is fhearr duit fanacht mar atá agat go maidin. Tá sé ródhomhain san oíche anois le dhul sa tabhairt sin
Ní obair do dhuine ar bith a bheith amuigh domhain san oíche, agus gan a fhios aige, go sábhála Dia sinn, céard a chasfadh leis. Mura mbeadh cruóg ar bith eile air go díreach! Má bhíonn, ní baol dó a bheith amuigh
2.
i bhfad amach.
+
Bhí sé an-domhain i bhfarraige inniu — an-fhada amach
Ná téighidh domhain i bhfarraige anois Dia aithnítear!
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mo chos-sa a rachas ann. Tá sé amach ródhomhain sa sliabh

Féach freisin

domhain in iontrálacha eile (95)

 
Chuala mé fothramán mar a bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile — fothramán gártha
 
dairt
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
 
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí san am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige sa méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nár) léir dúinn an láí. Agus dhá mbeifeá ag déanamh airneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol, chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile, arae bheifeá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saol sin — míle buíochas le Dia
 
dána
Bhac an póilí é faoina dhul ann, ach thug sé siúd a dhúshlán agus chuaigh sé ann. Tá sé dubhdhána mar sin, théis nach bhfuil aon duine faoi thalamh an domhain is láí ná is oibleagáidí ná é, má tá sé leat
 
danra
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
 
daol
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus 'sé an áit ar bhuail an donacht é ag Airdín an D. Ba é an rud ba tobainne é a chonaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith san oíche agus an áit sin sách uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam an dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn ina chionn. Ach d'imigh sí aríst chomh tobann agus a tháinig sí, chomh luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
 
daor 3
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
Thit deannóidín shúí ar an bpáipéar chomh uain is a bhí sé dhá léamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi ansin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety ansin — ceann a bhí síos an-domhain ina phóca — agus seó páipéir timpeall uirthi. Dhá bhfeictheá chomh deas agus a chuir sé corr na lainne faoin deannóidín shúí, agus chuaigh sé amach ansin gur chuimil sé ar an gclaí í. Tá sé chomh pointeáilte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith úis air
 
Níl aon duine faoi thalamh an domhain is dearmadaí ná mé. Leagfainn rud as mo láimh, agus ní bheadh a fhios agam ó neamh cá mbeadh sé. Is minic nach bhfeicfinn é agus é os comhair mo dhá shúil
 
deifir
Bíonn deifir an domhain (an tsaoil, deifir a bhfaca tú ariamh srl.) air
+
Mura bhfuil ag Dia, 'sé deireadh an domhain é — is gearr uainn deireadh an domhain. Déarfaí é le báistigh shíoraí, le cogadh uafásach, nó rud ar bith neamhiondúil mar sin
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ina dhórtadh aríst inniu. An tseachtain seo as éadan. Mura bhfuil ag Dia, 'sé deireadh an domhain (an tsaoil amantaí) é
Ná bac leis an saol anois. Ní bheidh aon dhuine ann ina dhiaidh seo. 'Sé Cogadh an Domhain é. 'Sé, agus 'sé deireadh an domhain é ach grásta Dé
An bhfaca tú an chaoi a gcaitheann sé na scaltrachaí le gairid. Agus an chuma atá air ag báisteach. Dheamhan fiú agus an lá a tháinig aon samhradh anois le chúig bhliana, a bhféadfá caitheamh dhíot le brothaíl. Ó, 'sé deireadh an Domhain é ach grásta Dé
+
Dhá mba é lá deiridh (/d'er'ú/; /d'er'aw/) an domhain é, ní fhágfaidh mé seo go gcríochnaí mé é
TUILLEADH (2) ▼
Ar lá deiridh an domhain, beidh do chuid peacaí ar chlár t'éadan, agus cead ag a rogha duine a léamh
Phós sé ar lá deiridh na hInide! Beannacht Dé dhuit! Dhá mba é lá deiridh an domhain é, ba ghearr ar siúd pósadh!
+
deis
Níl mórán de dheis anois orm muis. Má ligeann tú anall binn bheag den stól liom, beidh mé ar fheabhas an domhain
TUILLEADH (1) ▼
Nach dalba an deis atá ar an saol: ríochta an domhain fré chéile in oighear an chochaill. 'Sé deireadh an domhain é mura bhfuil ag Dia. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá air
 
Ní léir dhom go bhfuil maith ar bith a dhul ag cur chomhairle aríst air. Nach bhfuil an teanga caite ag na daoine ag cur chomhairle. Is diachta ghéar nár thug tú cead dó lascadh leis go Sasana nuair a bhí sé ag éileamh a dhul ann, thar is é a bheith ag tarraingt droch-chlú air féin agus ar chuile dhuine a bhaineas leis. Dá mba ag tobar dheireadh an domhain a bheadh sé ag dul, ní bhacfainnse é, ach moladh leis go n-imíodh sé as an mbealach
 
diaidh
Ní bhreathnódh sí díreach ort ar bhás an domhain, ach ag iarraidh thú a dhearcadh i ndiaidh a leicinn i ngan fhios.
 
Mo choinsias is dar m'anam, bainfidh an ghaotalach seo gíoscán as na creatlaigh aige inniu, ná ag fear ar bith eile atá ag déanamh an bhóthair sin. 'Sé leiceann ó thuaidh Ch. Bh. an geadán is díbeartha in Éirinn. Níl aon tsíon dhá séideann aníos ó mhullach an domhain nach n-aimsíonn é
+
Tá an saol ag teacht an-aisteach anois. Idir díchreideamh agus chaon tsórt, ní bheadh a fhios agat céard adéarfá le na daoine. Ar ndóigh deir siad go mbeidh díchreideamh as éadan ann nuair a thiocfas AntiChrist. 'Sé a chosúlacht go bhfuil sé ag tarraingt ar dheireadh an domhain ar aon chor
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an dochar don aimsir fhéin a bheith mar atá sí agus a bhfuil de dhíchreideamh fud an domhain. Chonaic mé Éireannach ag teacht thall i Sasana. Ba as an gcontae seo é — ceantar Bhéal Átha na Sluaighe. Diabhal a raibh sé mí ariamh ann gur chaith sé in aer an t-aifreann, agus gur thosaigh sé ag rá nach raibh Dia ar bith ann. 'Agróidh Dia ort é,' adeir Árannach a bhí abuil mé
 
Rinne sé díchúis dom. Leag sé a raibh de chlaíochaí ar na barra garbha agam agus gan a dhath údair aige leis, ach lá anseo ar iarr sé an carr orm le aistir móna a thabhairt abhaile. Ní raibh aon ghair agam a thabhairt dó an lá céanna thar laethantaí an domhain, arae bhí mé féin ag feamnú an lá céanna. Dúirt mé leis mura raibh aon dlús mór leis, é a fhágáil go dtí an lá dár gcionn, agus go bhféadfadh an carr a bheith aige ar feadh an lae. Ach d'imigh sé uaim mar a bhuailfeá ar an gcluais é. Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, tá smut air liom
 
Fágfaidh an cogadh seo baintreachaí agus dílleachtaí ar fud an domhain, go bhfóire an tAthair Síoraí orainn a leainín (leainbhín)
 
Dheamhan dochtúr faoi sheacht ranna an domhain is dímheabhraí ná é. Bhí sé chomh maith dhuit fear den bhaile a thabhairt ag breathnú ort leis
 
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
 
Dá mbreathnaíteá grinn, cheapfá go mbeadh díogarnach bheag lae ann, ach sin é an méid. Ba díogarnach fhánach é. Chuir sé iontas an domhain orm fear a fheiceáil thuas ansin an tráth sin. Dar mo choinsias bhí roinnt bheag scátha do mo bhualadh, níl aon mhaith dhom a dhéanamh ach an ceart. Ach d'aithin mé é ar an toirt agus ar labhair sé
 
Tá diomalú an domhain mhóir sa gcaoireoil sin idir chnámha agus gheir. B'fhearr punt amháin muiceola ná trí phunt di, ach is rud í muiceoil nach bhfuil aon fháil uirthi anois. Níl ná ar an teampall a bhfuil sí
 
Bhí diomdha an domhain air má b'fhíor dó féin, nach bhfuair sé scéala faoin tseanbhean go dteagadh sé ar an tsochraide. Ach bhí sochraide dlite dhó anseo cheana agus ba bheag an lua a bhí aige a theacht ann. Dar príosta muise, ní ag amhdú an oilc é, ní thaobhóidh muid é má bhíonn an t-anó air fhéin
 
Bain dlaoinín as drioball an mhadaidh an chéad lá eile, agus cuir leis é. Nach maith domhain a chuir sé na fiacla ionat ar aon chor
 
Más airgead dlisteanach é, tá cead aige a rogha rud a dhéanamh leis, ach más airgead mailíseach é, b'fhearr dhó báite sa bpoll is doimhne sa bhfarraige é. Agróidh Dia ar fhear na mailíse é luath nó mall
 
M'anam muise mura mbeadh mise le dhéanamh dobrónach ach a bhás sin, gur beag an dobrón a bheadh orm. Dheamhan ar mhiste liom dhá mbeadh a bhfuil de cheannphoirteachaí faoin domhain imithe. Is beag an scéal iad sin: ag ullmhúchan scléipe agus achrainn agus diabhlaíochta
 
Tá S. seo thíos an-dóighiúil den domhan as an gcliobóig d'inín sin aige. Ní iarrfaidh sí a dhul amach go deo ag cuartaíocht! Ní thaobhódh sí damhsaí ar bhás an domhain! Maidir le fir, bhí sé chomh maith duit fuafíonach a shamhailt léithe le fir! Sin é ráite an athar. Ach aire dhuit a Sh! Níl sé seachtain fós ó chonaic mise istigh sa raithneach ansin thiar í le fear! Bíonn ciúin ciontach adeir siad
 
Ní thabharfainn trumpa gan teanga ar dhóighiúlacht an domhain fré chéile d'uireasa rud eicínt ina theannta. Ní breáichte a ghníos brachán ach min adeir siad. Is beag an mhaith an dóighiúlacht mura mbeidh rud agat
+
domhan
Bhí sé ar fud an domhain
TUILLEADH (34) ▼
Níl aon teanga ann ach an Béarla ina dhiaidh sin. Thabharfadh sí ar fud an domhain thú
Tá a cháil ar fud an domhain i chuile áit anois
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is measa ná é. Bí siúráilte dhó sin — níl sé ann srl.
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is fiúntaí ná é, an té a mbeadh aon bheann aige air
Dhá bhfaighinn seacht ranna an domhain, ní fhéadfainn cromadh
Rinne sé torann mar a bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile — fothramán gártha
Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile nuair a phléasc sé
Bhí curachaí an domhain amuigh inniu — go leor acu
Bhí asail an domhain ag grágaíl aréir
Tá cearca an domhain aici fós, théis ar thug an sionnach uaithi
Tá mná an domhain ar an mbaile sin anois
Feictear dhom go bhfuil Gaeilgeoirí an domhain anseo soir
Bíonn mná rialta an domhain sínte ó chluais go rioball thíos ar Bh. na T. chuile lá. Dheamhan an féidir an cladach a thaobhachtáil acu
Tá féar an domhain amuigh i mbliana
Bhí móin an domhain agam anuraidh, ach chinn orm caoi a chur ar a leath
Tá iasc an domhain aige de bharr an lae inné
Tá airgead an domhain aige i ngeall ar an uachta sin a fuair sé
Tá talamh an domhain aige agus a leath ag dul i bhásta cheal a shaothraithe
Tá caoirigh an domhain amach ar na criathraigh anois
Tá sliabh an domhain ag an mbaile sin. Sin é atá ag bualadh na ndaoine anseo, nach bhfuil sliabh ná barr baile ar bith acu a gcuirfidís beithígh sheasca air
Fir an domhain agus ní bhainfidís feanc as nuair a chuir sé cosa i dteannta air féin, ach é in aon ghróigín amháin ansiúd
Tá olc an domhain air anois, ach is furasta sin a chur air, arsa tusa
Bhí cuthach an domhain air nach raibh sop ar bith ann roimhe fhéin
Tháinig faitíos an domhain uirthi, agus gan call ar bith dhi leis
Tá fuacht an domhain sna cosa orm ó d'fhliuch mé mé fhéin ar maidin
Bhí ríméad an domhain air tráthnóna
Bhuail meanmna an domhain é nuair a chuala sé go raibh na mná ar fáil
Dheamhan bó faoi thalamh an domhain ba mhó bainne ná í, ach go raibh sí an-dothógtha
Níl aon chladach faoi thalamh an domhain is fhearr bráideannaí gliomach ná an cladach sin thíos. Tá a chomharthaíocht lena chois. Nach bhfeiceann tú é druidte le potaí?
Níl aon mhadadh ar thalamh (faoi thalamh) an domhain is críonna ná é sin
Ní raibh aon teach ar thalamh an domhain ba deise ná a bhí acu, nó go dtáinig an tsraoill seo isteach ann. Chuir sí sin a caoi féin air
Níl aon tseafóid de dhuine ar thalamh an domhain is mó ná é, a bheith ag tabhairt airde ar lucht cumadóireachta mar sin
Níl aon díth céille ar thalamh an domhain ach a dhul ag tógáil bheithíoch anois, agus iad dhá ndíol ar ardú orm
Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain (seacht ranna na néal) cá'il sé
 
doras
Tháinig sé go doras, ach ní thiocfadh sé isteach ar bhás an domhain
 
Thug sí cochall dó, agus bhí draíocht sa gcochall. Cochall draíochta a bhí ann. Ní mba léir do dhuine ar bith faoi thalamh an domhain é chomh uain is a choinneodh sé an cochall air féin
 
Bíonn sé i gcónaí ar an drantán sin, mar dhóigh dhe gurb air féin atá anó an tsaoil agus nach bhfuil tada déanta; ach théis sin, dheamhan duine faoi thalamh an domhain is soilíosaí ná is grádiaúla ná é dhá mbeifeá ina chall
 
Níl samhail ar bith faoin domhain aige ach an dreolán teaspaigh
 
dris
'Sí Sasana an dris chosáin. Deile. Go mbuailtear Sasana, ní fheicfidh tusa aon lá suaimhnis ar fud an domhain. An bhfaca tú aon lá ariamh nach ag ullmhúchan scléipe a bheadh sí. Agus gheobhaidh sí na hamadáin ansin ar fud an domhain lena tarrtháil nuair a bheas sí i dteannta. Níl agat ach breathnú uirthi. Cé na fir fobhairne atá aici inniu …
+
Cén chaoi a mbeadh a fhios agatsa go mbeadh bradáin ina luí ar an átha? Bhuel inseoidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad ina luí ar an láib … ag cónaí thíos ar an láib. Nuair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoin domhain … b'fhéidir dhóibh. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanaíochan. Dá mbeidís ina sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
TUILLEADH (1) ▼
Mura mbeidh an poll sách domhain ní thiocfaidh driúillíní ar bith air … níl a fhios agam. B'fhéidir go dteagann
 
droim
Ní raibh aon leathchuma faoin saol nach ndearna sí sin ar a deartháir. Go fiú is an pluid leabthan níor fhága sí aige í an t-am ar bhásaigh an mháthair. Agus féacha anois í. Trí chéad punt curtha amach aici le dlí nach mbuachfaidh sí aon phínn go brách air. Bhí sé chomh maith di a dhul go díreach glan agus é a chaitheamh síos sa bpoll is doimhne sa bhfarraige leis an rud a rinne sí. Is cóir adeir siad: an rud a chruinníos duine ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg
+
Níl sé ar dhromchlár an domhain inniu, an té is oilce ná é sin — ar uachtar nó ar dhromchla na cruinne; faoi thalamh an domhain; le fáil
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeadh sé in áit ar bith ar dhromchlár an domhain, nach scríobhfadh sé agam leis an fhad seo, ach litir ná scuan níor tháinig uaidh le hocht mbliana
Meas tú an bhfuil sé ar dhromchlár an domhain inniu aon fheithideach is measa croí ná é. Má tá muise, is iontas é
Níl aon tír ar dhromchlár an domhain is deisiúla a d'fhéadfadh a bheith an pointe seo de ló ná an tír seo, murach a bhfuil d'fhaltanas againn fhéin dá chéile
 
Má ghníonn tú tada, tabharfaidh mé an dubhscríb in do dhiaidh, agus dá dtéiteá go deireadh an domhain béarfaidh mé ort
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin sa lagpholl tá dúch ansin. Bíonn mar a bheadh ola ann os a cionn, agus an dúch thíos in íochtar. I seanphortaigh is fhearr a gheofá í. Is mór a tógadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean-lagphoill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaigheadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láí nó sluasaid agat, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go híochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna lántaí mar bhíodh an-domhain i gcuid de na poill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agat, chaithfeá an láib a bhaint aisti: ní thabharfá abhaile leat ach an dúch. B'fhurasta a aithinte an dúch. Ní bheadh ort ach a diurnadh agus a tabhairt amach ón gcuid eile den lathach. D'fheicfeá an mearbhall inti i gcónaí. Thugadh muid abhaile le ancaird nó le buicéid nó le tobáin, nó rud ar bith ba thúisce agat í. Chuirfeá síos an olann ansin i bpota in éindí leis an dúch agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uileag í. Níor mhór den olann a bheith bruite as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (deannóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh, ní dhathódh do chumhachta í. Ní bheadh aon ghlacadh aici leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an tine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneáil brúite agus measctha. Chaithfeá amach ansin ar chiseoig í agus nífeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh ansin í nó go dtriomaíodh sí. Í a spíonadh ansin. Ba in é an deis le dath dubh a thabhairt uirthi. Dhá mbeifeá ag iarraidh dath buí … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)
 
dúil
Dá dteagadh dúil ag duine sa bpíopa aon uair amháin, ní dhéanfadh na fags sin maith ar bith dhó. Corruair má bhímse d'uireasa tobac, tugann siad ceann acu dhom. Bhainfinn mo ghaisneas as, ach mo chreach mhaidne, 'sé an tsrathar in áit na diallaite é. B'fhearr liom aon ghail amháin den phíopa ná a bhfuil faoi thalamh an domhain acu
 
dul
Well ar an gcéad dul síos, ní bheadh an Ghearmáin choíchin in ann ag airgead Shasana, mura mbeadh ann ach sin. Nach ag Sasana atá ór an domhain … Thug tú éitheach. 'Sé an t-ór a ghnóthós an cogadh. Ná hinis domsa é!
 
Bhí an deartháir in achar an anama agus é féin ag dul síos agus suas ansin chuile lá thar mhuintir an bhaile, agus ní chainteodh sé air ar bhás an domhain. Thug sé cead báis dhó lena chuid dúnárais sa deireadh, gan dochtúr ná sagart a fháil. Bhí an phúcaíocht chéanna air ag an gcuisle (coiste). Ní raibh smid le baint as le pionsúr, ach é ag mungailt faoina fhiacla. Is maith a chuaigh sé as nach istigh faoi mhurder a bhí sé. Dhá mbeadh féin, ba bheag an scéal é. Chaith an sagart dhá uair ina éadan, ach má chaith féin, sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air amhdachtáil ar bith a bhaint as
+
Is deacair S. a bharraíocht chor ar bith. Tá sé an-dúnárasach. Níl a fhios ag aon duine céard a bhíos ina chloigeann, má bhíonn tada ann. Ach bíonn. Tá sé an-domhain, ach leis an mbealach dorcha dúnárasach atá leis, ní bheidh a fhios ag aon duine choíchin cén intinn atá aige
TUILLEADH (1) ▼
Más dúnárasaí é ná an t-athair muise, sháraigh sé loirgne dóite. Thóg sé lá mé ag dul suas an bóthar lathaí: bhí carr aige. Suas L. A. a bhí mise ag dul. Tá go leor daoine muintreacha aige suas ansiúd. Tá siad an-scaipthe: i L., ar an gC., i gC. na B., i gC. E. Dá mbeinn in éindí leis go dtéadh soir siar, ní inseodh sé dhom cá raibh sé ag gabháil. Diabhal inseacht muis. Ná ar chaith sé trí fhocal cainte ó d'fhága muid Ard an Bh. nó gur lig sé anuas mé ag bóthar L. Chas sé an capall aríst agus as go brách siar leis. Sin é an uair a chuimhnigh mé nach raibh sé ag teacht thar Ch. E. ach go dtáinig sé an chuid eile liomsa. Nár ghnaíúil an mhaise dhó é ina dhiaidh sin. Ach ní inseodh sé dhom ar bhás an domhain cá raibh sé ag dul é féin, luath ná mall
 
Mura bhfuil an domhain agus an triomach sa dúrabhán, ní fiú dhuit a rá go mbeidh aon mheaingeal air, is cuma cén leasú a ghabhfas air. Chonaic mé ansin thuas anuraidh agam iad sa nGarraí Páirteach …
 
Gabhfaidh sé sin dó anois ar chaoi nach bhféadfadh aon fhear faoi thalamh an domhain a eiteach. Cuirfidh mé geall leat, théis chomh danra agus chomh daoithiúil agus atá Sean S., go bhfaighidh sé breith a bhéil féin uaidh. Tá an tseamair Mhuire aige sin a mhic ó!
 
Ní rachadh leo murach an chaoi a dtáinig an saol agus gur áitíomar féin a chéile. Bhí sé bruite ar bhainne dhó agus gheobhadh sé a phosóid. Ach ar an dá luath is ar éirigh power leis an dream eile, thosaigh sé ag brú orthu agus ba ghearr go mba é togha an domhain acu é. Theastaigh a bhót agus a chuid airgid uathu agus buaileadh cois ar an spíodóireacht. Is ait an mac an saol a dheartháir mo chroí!