Domhainn
—/dəu:ɴ′/
—Tá dhá shár-chéim aige (is domhainne, is doimhne) cé nach bhfuil ann ach an bun-chéim amháin: domhainn. Tá roint de'n idir-dhealú a sainigheadh idir "domhainn" "doimhneacht" mar ainm-fhocla, le brath i mbreis agus i sárchéimeanna an aidiachta, cé nach bhfuil sé cho cruinn sin féin.
—Domhainne: an t-aidiacht iolraidh.
—
doimhneacht a bheith i rud (fairrge, talamh, buicéad, bróga, oíche, intinn agus rl.).
a.
+–
Chaithfinn amach thú is an bpoll is doimhne 'sa bhfairrge
B'fhearr dhuit bró-mhuilinn faoi do mhuineál agus thú caithte amach sa bpoll is doimhne 'sa bhfairrge, mar adubhairt an sagart ná a bheith ar cheird de'n tsórt sin. 'Sí an cheird dheireadh í
TUILLEADH (15) ▼
Talamh an-domhainn é
Shílfeá go bhfuil an bhróig sin an-domhainn
Tá a dhruim an-domhainn = lagán mhór innte
Tá leicne domhainne aige = lagáin domhainne in a leicne
Tá an teach siúd an-domhainn = déanta i ngleann
Cladach domhainn atá annsin thíos
Caitheann siad a dhul amach anois ar na criathraigh domhainne leis an bpoitín a chur i bhfalach. Poitín gan sásamh é
Teigheann siad sin ag iascach amach ar na fairrgí domhainne is na báid mhóra sin
Caithfidh muid a thabhairt amach ar an bhfairrge domhainn lá eicínt. Beidh sé an-lionruighthe annsin. Ní raibh sé ach ag imeacht le cloich fós
Tá an capall sin an-domhainn in a druim
Tá sé istigh ro-dhomhainn agad
Nach diabhaltaí domhainn a chuir tú ann é
Gearradh domhainn é
Chuaidh an dealg an-domhainn in mo chois
Chuir sé an buidéal an-domhainn 'sa móta. Nuair a chuaidh mise ar a thóraidheacht, fhobair nach bhfuighinn chor ar bith é
+–
Tá sé domhainn sa talamh indiu. = tá sé curtha 'san uaigh
Is domhainn idtalamh atá an duine bocht anocht, go ndéanaidh Dia trócaire air
TUILLEADH (2) ▼
Nach bhfuil S. É. domhainn 'sa talamh le fada an lá
Ná bac le S. Ph. Mh. Tá a chuid bainne sláinte ólta. Is gearr gur domhainn i dtalamh a bhéas sé
+–
Tá an eitinn go domhainn in a chnámha = tá sí in ainsil air
Ní raibh aon-ghoir agam corruighe a mhic ó agus an slaghdán bradach sin go domhainn in mo chnámha
TUILLEADH (4) ▼
Is furasta le 'chuile ghalra a dhul domhainn i gcnámha na ndaoine anois, má's in ísle bhrígh atá siad thar mar a bhí siad fadó. 'Chuile líne ag dul 'un míne, adeir siad
Má theigheann an cailín sin domhainn 'sa gcnáimh aige, gheobhaidh sé fuighleach le déanamh agus a cur as a chrioslaigh
Is fear é a bhfuil an bás go domhainn 'sa gcnáimh aige, nó is fear mise a bhfuil mearbhall orm. D'imigh sé ar an uisce bruithte uiliog ó a chonnaic mé cheana é
Tá an t-éag go domhainn ann cheapfainn
b.
+–
Nach thú a chuaidh domhainn 'sa gcaint?
Tá íntinn an-domhainn aige
TUILLEADH (5) ▼
Tá an chaint sin ro-dhomhainn domsa
Deir siad go bhfuil an scearacháinín beag sin an-domhainn i bhfoghluim
Má theigheann sib anois ar chaint dhomhainn tá sé cho maith dhomsa eirighe as
Nach domhainn atá tú ag dul 'sa scéal. Eirigh as anois
Is mian leis a dhul an-domhainn i scéal ar bith a tharraingeochas duine anuas. Bíonn sé ag iarraidh an iomarca údair ar fad
c.
mall, deireannach.
+–
Tá sé an-domhainn 'san oíche = deireannach, mall (is iondamhla mar seo é ná mar ainm-fhocal)
Ní fiú dhuinn a fhágáil in a ndiaidh (ar ndiaidh), ar scáth a bhfuil ann, ach tá sé an-domhainn 'san oíche
TUILLEADH (3) ▼
Marach cho domhainn agus atá sé d'imreochadh muid cluiche eile, ach tá sé mór a dhul ag coinneál teach ar bith in a ndúiseacht níos fuide
Is fhearr duit fanacht mar atá agad go maidin. Tá sé ro-dhomhainn 'san oíche anois le dhul 'sa tabhairt sin
Ní obair do dhuine ar bith a bheith amuigh domhainn 'san oiche, agus gan a fhios aige, go sábhálaidh Dia sinn, céard a chasfadh leis. Mara mbeadh cruadhóg ar bith eile air go díreach! Má bhíonn ní baoghal dó a bheith amuigh
d.
i bhfad amach.
+–
Bhí sé an-domhainn i bhfairrge indiu = an-fhada amach
Ná teighighidh domhainn i bhfairrge anois Dia aithnighthear!
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mo chos-sa a rachas ann. Tá sé amach ro-dhomhainn 'sa sliabh
Domhainn in iontrálacha eile (6)
→
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
→
dlaoinín
Bain dlaoinín as drioball an mhadadh an chéad lá eile, agus cuir leis é. Nach maith domhainn a chuir sé na fiacla ionnad ar aon-chor
Mara mbeidh an poll sáthach domhainn ní thiocfaidh driúillíní ar bith air … níl a fhios agam. B'fhéidir go dteagann
→
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin 'sa lag pholl tá dubhach annsin. Bíonn mar a bheadh ola ann as a cionn, agus an dúbhach thíos in íochtar. I sean-phortaigh is fhearr a gheobhfá í. Is mór a tóigeadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean lag-phuill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaghadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láighe nó sluasaid agad, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go h-iochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna láigheanntaí, mar bhíodh an-domhainn i gcuid de na puill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agad, chaithfeá an láib a bhaint aiste: ní thiubharfá abhaile leat ach an dubhach. B'fhurasta aithinte an dúbhach. Ní bheadh ort ach a diúrnadh, agus a tabhairt amach ó'n gcuid eile de'n lathach. D'fheicfeá an mearbhall innte i gcomhnaí. Thugadh muid abhaile le ancoird nó le buicéid nó le tubáin, nó rud ar bith ba thúisce agad í. Chuirfeá síos an olann annsin i bpota in éindigh leis an dubhach agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uiliog í. Níor mhór de'n olann a bheith bruithte as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (dionnóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh ní dhathóchadh do chumhachta í. Ní bheadh aon-ghlacadh aice leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an teine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneál brúighte agus measctha. Chaithfeá amach annsin ar chiseoig í, agus nighfeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh annsin í nó go dtriomuigheadh sí. Í a spíonadh annsin. Ba shin é an deis le dath dubh a thabhairt uirre. Dhá mbeitheá ag iarraidh dath buidhe … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)
Is deacair S. a bharruidheacht chor ar bith. Tá sé an-dúnárusach. Níl a fhios ag aonduine céard a bhíos in a chloigeann, má bhíonn tada ann. Ach bíonn. Tá sé an-domhainn, ach leis an mbealach dorcha dúnárusach atá leis, ní bheidh a fhios ag aonduine choidhchin cé'n intinn atá aige
→
dúrabhán
Mara bhfuil an domhainn agus an triomach 'sa dubhrabhán, ní fiú dhuit a rádh go mbeidh aon-mheangail air, is cuma cé'n leasú a ghabhfas air. Chonnaic mé annsin thuas anuiridh agam iad 'sa nGarrdha Páirteach …