drochmhúineadh, drochmhúinte
—tabhair faoi deara go bhfuil an bhéim ar an gcéad siolla, go bhfuil an mh maon sa bpéire, agus an n leathan i drochmhúineadh
—
+–
Tá an drochmhúineadh (/droxūnə/) ann mar ba dual dó — olc, oilbhéas, drocháisc, fearg, donacht. Níl an chiall drochbhéasa nó bad-manners leis seo chor ar bith sa gcaint, ná leis an aidiacht drochmhúinte (/droxūɴ′tə/) ach an oiread. Mímhúineadh agus mímhúinte adeirtear leis sin
Tá neart drochmhúineadh sa mbodach. Is maith gasta a bheadh sé sin ag tabhairt cniogaide dhuit dhá gcuirtheá aon mhúisiam air
TUILLEADH (10) ▼
Le neart maistínteacht agus drochmhúineadh a rinne sé é sin. Níl cinneadh ar bith leis
Cén t-údar a bhí aige ab ea! Dheamhan údar ar bith, ach cár fhága tú an drochmhúineadh, rud atá ann go fairsing. Bhuailfeadh sé siúd a athair, ní áirím an té a bhuail sé
Lig de do chuid drochmhúineadh anois nó beidh rud ar a shon agat
Níl drochmhúineadh ná oilbhéas ann agus go deimhin sin é atá i ndán is i ndúchas aige freisin. Níor tháinig drisín ná dreancán ar a chine ariamh
Dheamhan a dhath drochmhúineadh sa madadh sin. D'fhéadfá a bheith ag sá do láimhe siar ina bhéal ó mhaidin go faoithin agus ní theangódh sé léithe
Is beag den drochmhúineadh sin a bhí sa ngamhain gur mhúin sibh agus gur mhill sibh fhéin é. Anois níl gair ag duine drannadh leis nach dtabharfaidh sé poca dhó
Nuair a d'iarr mé air é, níor mhian leis sásamh ar bith a thabhairt uaidh. Ba mhó dhá fhonn a bhí air go fada a dhul chun drochmhúineadh liom ach stán sé nuair a chaintigh mé ar na póilíos
Feicfidh tú féin air go mbainfidh an príosún an drochmhúineadh as. 'Sé atá deas air
Beidh beagán den drochmhúineadh sin ag plé leis muise, ach a mbeidh mise réidh leis — ní bheidh mórán den drochmhúineadh sin ann
Ní fhaca mise a dhath dá chuid drochmhúineadh ariamh — ní raibh sé drochmhúinte liom, pé ar bith céard a rinne sé le aon duine eile
+–
Nach é atá drochmhúinte, ná duine ar bith eile a thóg cloch agat (chugat)! Tá gotha an chrochadóra ar an diabhal
Is drochmhúinte an mhaise dhuit é! Éirigh as anois nó gheobhaidh tú luach do chuid drochmhúineadh, gheobhaidh sin
TUILLEADH (5) ▼
Ba mhaith drochmhúinte a labhair sé deirimse leat!
Ná bí chomh drochmhúinte sin! Tá nimh ort!
Diabhal fear is drochmhúinte ná é má fhaigheann sé tsiocair ar bith!
Tá rud dána drochmhúinte déanta agam (fc. dána)
Mura bhfuil tú mór ná láidir, ná bí dána ná drochmhúinte (fc. dána)
+–
Labhair sé go doiligh drochmhúinte — go cantalach agus go holc
'Sé a bhí go doiligh drochmhúinte liom nuair nach n-inseoinn dó cá bhfuair mé iad. Ach sin rud nach raibh aon iallach orm a inseacht
TUILLEADH (3) ▼
Carrachán doiligh drochmhúinte é sin. Is mór an gar gur beag é a ghníomh
'Sé a bhí doiligh drochmhúinte nuair nár inis mé dhó go raibh mé ag teacht go ceann an bhóithrín. Thosaigh sé ag strócántacht liom ag iarraidh trí pínne eile a bhaint díom. 'Téirigh chun diabhail thú fhéin agus a bhfuil de bhusannaí déanta,' adeirimse, 'mura maith a gheofá go ngabhfainnse ag íoc airgid aríst leat'
Tá sé doiligh drochmhúinte! Tabhair buíochas le Dia nach bhfeiceann tú é a iníon ó; ach mise a chaitheas ceart a bhaint dó ó mhaidin go faoithin!
drochmhúineadh in iontrálacha eile (50+)
→
feadhain
Níl aon fhear ar an bhfeadhain acu is drochmhúinte ná Pádraig dhá dtéití sa gceann sin leis. Tá nimh craite air sin. Níor mhaith dhuit ruibh oilc a fheiceáil air. Teagann cúr lena bhéal
→
fág
Tá sí drochmhúinte. Muise cá bhfágfadh sí é (an drochmhúineadh). Bhí a hathair amhlaidh — ba dual di a bheith drochmhúinte
→
fáir
Nach in í an cuaille agat! Dhá gcaithinn mo theanga léithe, dheamhan fáir ná freagra a thabharfadh sí orm. Neart staiciúlacht agus drochmhúineadh. Is gearr nach mbeidh seasamh ar bith léithe
→
carcair
'Sé díol an diabhail aon cheart a bhaint den charcair sin. Tá sé beo drochmhúinte, agus ar bheagán spleáchais le chuile dhuine.
+
→
ceal 1
Ní cheal oilc atá air, deirimse leat!; má tá cheal ar bith air, ní cheal drochmhúineadh é.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an faltanas sa mbithiúnach ceart go leor. Ní cheal drochmhúineadh ná drochéisc atá air, ach cheal spreactha agus nirt.
Is olc an éadáil é siúd má spadhrann sé. Tagann an t-olc céatach air. Chonaic mé anseo i mbliana é agus cúr lena bhéal, le teann coipthe agus drochmhúineadh.
Dheamhan duine ba chúirialta ná é sin a d'fheicfeá in do shiúl lae, ach 'sí an bhean atá dhá shaighdeadh agus ag cur na drochmhúineadh ann.
→
beart
'Sé an beart is fhearr dhuit é a ghlacadh go réidh. Dheamhan maith ar bith dhuit a dhul chun drochmhúineadh leis. Má théann, ní bhainfidh tú ceart ar bith dhe.
→
coiric
Is drochmhúinte an éadáil aon araoid a chur air siúd má bhíonn aon deoir sa gcoiricín aige go háirid.
+
→
beo 1
Tá sé beo drochmhúinte — bhíogfadh sé agat chun drochmhúineadh go héasca.
TUILLEADH (14) ▼
D'éirigh sé suas beo drochmhúinte agus rún aige a raibh sa teach a chaitheamh amach.
Sin é an stalcáinín atá beo drochmhúinte.
Mura raibh sé sin beo drochmhúinte, castar leis é!
Duinín beo drochmhúinte é M. Sh. G., ach is beag a bhíonns de bharr a chuid drochmhúineadh aige go minic.
Shílfeá le bheith ag caint mar sin léithe nach leáfadh an t-im ina béal, ach déarfadh an dream a bhfuil eolas acub uirthi gurb í atá beo drochmhúinte.
Amach leis ar an tsráid go beo drochmhúinte, agus shílfeá gur mó an fonn a bhí air tosaí ag cur a chraicinn di amuigh.
Dheamhan duine a chonaic tú ariamh in do shaol chomh beo drochmhúinte leis sin má fhaigheann sé aon údar.
Ní raibh aon duine dhá dhream nach beo drochmhúinte a bhí, agus ní dheachaigh seisean in aghaidh dúchais ach an oiread le duine.
M'anamsa muise gurb eo í an áit deiridh ag duine beo drochmhúinte mar é. Is gearr a d'éistfí anseo leis nó go ndaití (ndathaítí) an smut aige.
Duine sásta é shílfeá nó go mbaintí as é, ach i nDomhnach nuair a bhainfí, tá sé beo drochmhúinte.
Is olc an éadáil do dhuine ar bith atá beo drochmhúinte é a chasadh isteach ar an mbaile sin, áit a bhfuil seala amhas cheana.
Dar mo choinsias duit, is beo drochmhúinte adúirt sé liom mo bhéal a dhúnadh agus éirí as an ngráiscínteacht!
'Sí an ropaire is drochmhúinte beo í.
Níl caoi beo is fhearr duit ná é a ghlacadh go réidh: má théann tú chun drochmhúineadh leis, ní bhainfidh tú ceart ar bith dhe.
→
bogán
Shiúil an bogán de phóilí, atá thíos ansin tigh an Ch., anall chugainn agus 'sé dúirt go beo drochmhúinte nach raibh aon chead againn a bheith ag imirt ar an mbóthar.
→
borr
Is fhearr an réiteach a ghlacadh le Tom. Ní bheidh tú ach ag borradh leis má théann tú chun drochmhúineadh leis.
Níor dhúirt sé sin focal sibhialta le aon duine ariamh, le teann brúisciúlachta agus drochmhúineadh
→
burla
Dhá laghad araoid dhá gcuire tú ar an mburla mór, is amhlaidh is fhearr duit fhéin — tá an drochmhúineadh agus an staiciúlacht ann.
→
ainm
Tá sé in ainm is a bheith an-drochmhúinte, ach dheamhan ceo dhá chuid drochmhúineadh a chonaic muide ariamh — deirtear gur duine olc oilbhéasach é, ach ní raibh sé amhlaidh linne ariamh
Dheamhan a dhath dhá chuid drochmhúineadh a lig sé amach liomsa ariamh — níor 'speáin sé aon cheo dhá chuid drochmhúineadh domsa ariamh
→
anam
Dhá bhfeicteá i láthair comhluadair é, shílfeá nach raibh ann ach gur cuireadh an t-anam ann ar éigean, agus deir siad ina dhiaidh sin go bhfuil sé beo drochmhúinte má bhaintear as é.
→
fiachadh
Dhá mbeadh scruplaíocht ar bith ann mar mháistir scoile, ní ag dul ag fiachadh ar an dílleachta sin a bheadh sé. Ach tá sé siúd beo drochmhúinte. M'anam gurb é a chuma sin atá air
→
fraigh
Chomh luath agus a caintíodh ar an áit thoir chuaigh sé sna fraitheachaí. Shílfeá a mhic ó go leagfadh sé an teach go talamh. Siúd é an diabhal atá drochmhúinte.
→
isteach
Beidh a sháith don tsaol ag an gcliamhain isteach mar tá an t-athair luath láidir drochmhúinte fós — an fear a phósfas isteach sa teach ann, is fear i dteannta é mar tá an t-athair láidir agus olc fós agus beidh sé in éadan an chliamhain go síoraí
→
foighid
Nuair nach mbeadh aon cheo de bharr na drochmhúineadh, bheadh sé chomh maith do dhuine rud mar sin a ghlacadh ina fhoighid
→
abair
D'fhéadfá a rá gur maith te drochmhúinte an cuimleacháinín é sin, má théann araoid ar bith air
Bhí sé ag daingniú chun drochmhúineadh — bhí a chuid drochmhúineadh ag neartú, bhí sé ag dul chun feirge nó chun oilc
→
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
→
daol
Daol drochmhúineadh agus neart maistínteachta atá anois uirthi. Déarfá nach mbeadh sé éasca í sin a bhearradh ar ala na huaire! Ach míneoidh sí síos ar ball agus féadfaidh tú caint a chur uirthi má tá aon spéis agat inti
→
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
→
de
Mura bhfuil sé fáilí, dheamhan a bhfuil mórán den drochmhúineadh ag siúl leis ach oiread, ná cuid de dhrochmhúineadh