Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochmhúineadh, drochmhúinte
Tabhair faoi deara go bhfuil an bhéim ar an gcéad siolla, go bhfuil an mh maon, san bpéire, agus an n leathan i drochmhúineadh
+
Tá an drochmhúineadh (/droxūnə/) ann mar ba dual dó = olc, oilbhéas, droch-fháisc, fearg, donacht (níl an chiall droch-bhéasa nó bad-manners leis seo chor ar bith san gcaint, ná leis an aidiacht drochmhúinte (/droxūɴ′tə/) ach an oiread. Mí-mhúineadh agus mí-mhúinte adeirtear leis sin.)
Tá neart drochmhúineadh san mbodach. Is maith gasta a bheadh sé sin ag tabhairt criogaide (cniogaide) dhuit, dhá gcuirtheá aon-mhúisiam air
TUILLEADH (10) ▼
Le neart maistínteacht agus drochmhúineadh a rinne sé é sin. Níl cinneadh ar bith leis
Cén t-údar a bhí aige ab eadh! Dheamhan údar ar bith ach cár fhága tú an drochmhúineadh, rud atá ann go fairsinn. Bhuailfeadh sé siúd a athair ní áirím an té a bhuail sé
Leig de do chuid drochmhúineadh anois nó beidh rud ar a shon agad.
Níl droch-mhúineadh ná oilbhéas ann, agus go deimhin sin é atá indán agus i ndúchas aige freisin. Níor tháinig drisín ná dreancán ar a chine ariamh
Dheamhan a dhath drochmhúineadh san madadh sin. D'fhéadfá a bheith ag sá do láimhe siar in a bhéal ó mhaidin go faoithin agus ní thangódh sé léithe
Is beag den drochmhúineadh sin a bhí san ngamhain gur mhúin sib agus gur mhill sib fhéin é. Anois níl goir ag duine drannadh leis nach dtiúrfaidh sé poca dhó.
Nuair a d'iarr mé air é, níor mhian leis sásamh ar bith a thabhairt uaidh. Ba mhó dhá fhonn a bhí [air] go fada a dhul chun drochmhúineadh liom ach stán sé nuair a chaintigh mé ar na póilíos
Feicfidh tú féin air go mbainfidh an príosún an drochmhúineadh as. Sé atá deas air
Beidh beagán den drochmhúineadh sin ag plé leis muise, ach a mbeidh mise réidh leis = ní bheidh mórán den drochmhúineadh sin ann
Ní fhaca mise a dhath dá chuid drochmhúineadh ariamh = ní raibh sé drochmhúinte liom pér bith céard a rinne sé le aonduine eile
+
Nach hé atá drochmhúinte ná duine ar bith eile a thóig cloch agad (chugad)! Tá gothadh an chrochadóra ar an diabhal
Is drochmhúinte an mhaise dhuit é! Eirigh as anois nó gheobhaidh tú luach do chuid drochmhúineadh, gheobhaidh sin
TUILLEADH (5) ▼
Ba mhaith drochmhúinte a labhair sé deirimse leat!
Ná bí cho drochmhúinte sin! Tá nimh ort!
Diabhal fear is drochmhúinte ná é má fhaghann sé tsiocair ar bith!
Tá rud dána drochmhúinte déanta agam (fc. dána)
Mara bhfuil tú mór ná láidir ná bí dána ná drochmhúinte (fc. dána)
+
Labhair sé go doilí drochmhúinte = go cantalach agus go h-olc
Sé a bhí go doilí drochmhúinte (doilighe?) liom, nuair nach n-innseóinn dó cá bhfuair mé iad. Ach sin rud nach raibh aon-iallach orm a innseacht
TUILLEADH (3) ▼
Carachán doilí drochmhúinte é sin. Is mór an gar gur beag é a ghníomh
Sé a bhí doilí drochmhúinte nuair nachar innis mé dhó go raibh mé ag teacht go ceann an bhóithrín. Thosaigh sé ag strócántacht liom ag iarraidh trí pínne eile a bhaint díom. "Teirigh 'un diabhail thú fhéin agus a bhfuil de bhusannaí déanta" adeirimse "mara maith a gheobhfá go ngabhfainnse ag íoc airgid aríst leat".
Tá sé doilí drochmhúinte! Tabhair buíochas le Dia nach bhfeiceann tú é a inghean ó; ach mise a chaitheas ceart a bhaint dó ó mhaidin go faoithin!

drochmhúineadh in iontrálacha eile (10)

 
Bhí sé ag daingniú chun drochmhúineadh = bhí a chuid droch-mhúineadh ag neartú, bhí sé ag dul chun feirge nó chun uilc.
+
dána
"Tá rud dána drochmhúinte déanta agamsa agus fios a chur ort" adeirim féin, "ach inDomhnach a athair bhí sé ar a chailleadh nó facthas domsa go raibh" = rud sonnda sotalach
TUILLEADH (4) ▼
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dubhairt sé mara dteigheadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
Labhair an mháthair go dána drochmhúinte leo, agus chuir sí aithne orra fanacht as ach mo léan géar, dheamhan lá áird aca sin ar a máthair. Dhá n-abruigheadh an t-athair focal amháin, b'fhearr é ná dhá gcaitheadh an mháthair a teanga leo
Tá sé sin dána drochmhúinte. Ruittialach bradach má chuireann duine ar bith aon-araoid air
Mara bhfuil tú mór ná láidir ná bí dána ná drochmhúinte (sean-chomhairle)
 
de
Mara bhfuil sé fáilí dheamhan a bhfuil mórán den drochmhúineadh ag siúl leis ach oiread, ná cuid de dhrochmhúineadh
 
Ní bhíonn sé drochmhúinte liomsa hébrí céard a dhéanfas sé le (bheith drochmhúinte le) duine ar bith eile = thiocfadh dhó a bheith drochmhúinte le daoine eile, ach ní bhíonn sé drochmhúinte liomsa
 
Buaileadh sé é, feiceamuist. M'anam gurb shiúd é nach dtiocfadh anonn ná anall leis, ach a thabhairt isteach ar an dranndal dó gan "peárail" (parole? parler?) ar bith a ghlacadh leis. Sin é féin atá beo drochmhúinte le araoid ar bith a chur air
 
Níl agad ach a dhul ar dhrochmhúineadh leis. Scanróchaidh sin é. Tá sé an-scáthmhar