díle
—ainm briathartha
—
ag cur; caidhleadh; rilleadh; ag caitheamh go trom.
+–
Tá sé ag díle sneachta — tá sé ag caidhleadh sneachta; tá sé ag cur shneachta go trom
Bhí sé ag díle báistí i gcaitheamh na hoíche. Shíl mé go mbeadh chuile áit báite ceart, ach ina dhiaidh sin agus uileag, shílfeá nach mórán dá chosúlacht atá ar an talamh inniu: níl clascanna an Fh. go bruach, ná baol air. Ach bhí ar chréafóg scrúdaithe théis an spalpadh mhóir
TUILLEADH (1) ▼
Is geall le lá é a thosódh ag díle sneachta. Nár chónaí sé go dtosaí sé, agus mé ag ceapadh go mbeadh na cupla mullach sin thoir bainte agam. Fata ar bith nach bhfuil bainte anois, tá sé chomh maith é a fhágáil i dtalamh. Béarfaidh an sioc air agus ní bhuachfar aon cheo go deo ar fhataí seaca. Duine ná beithíoch ní leagfaidh smut orthu. Is beag an baol go leagfaidh
díle in iontrálacha eile (9)
→
deachma
Níor chuala mé gur tógadh deachmaí anseo ariamh ach bhídís ansin thoir ar Dhúiche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaigheadh iad sin nach iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fúthu. Tá siad sin caite suas le saol is aimsir … Ón drochshaol ab ea? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé lena anam — trí bliana roimh an Drochshaol (1846-1847) agus ní raibh siad ann lena linn. Cáid ó bhí Oíche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, más fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafraigh de Sh. Ó. C. é. Sin é an fear a inseos na húdair dhuit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige lena ais. Tá údar aige faoi chuile shórt ón Díle
+
→
dearg 1
Dheamhan brat pósta a ghabhfas air sin go deo dearg na díle — go héag
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanfadh sé é go deo dearg na díle murach go bhfuair sé cúnamh, ná dheamhan déanamh!
→
deis
Go deimhin agus go dearfa duit, is olc é mo dheis mharcaíochta: seanbhicycle ón díle a bhí caite thuas ar lota an sciobóil, agus a dheasaigh muid an lá cheana. Níl ann ach gur fearr é ná a bheith gan tada
→
deo
Ní fheicfidh tú é go deo aríst; go deo na díle; go deo dearg na díle; go deo na ndeor; go deo na ndreancaidí!; go deo ná go brách
→
díon 1
M'anam go bhfuil fear an bhóthair sách dona freisin: gurb é atá. Amuigh ansin ar lom an bhóthair agus a shluasad aige, agus dhá dteagadh sé ina dhíle, gan díon deor aige ná gair aige corraí. Ach níl siad chomh géar anois agus a bhídís roimhe seo. D'fhéadfá ráig a ligean thart anois, ach mo choinsias má bheireann siad fós féin ort, is beag is aite leo é. Chonaic mé fear acu ag teacht amach ansin thiar anuraidh …
→
díonmhar
Ní teach díonmhar go dtí teach ceann tuí deirimse leat. Feicim na ballaí nua sin anois atá siad a dhéanamh sna tithe ceann slinne. Tá siad faoi scáiniúchaí as éadan. Ní sheasfaidh siad aon chéad bliain go brách. Cáid atá na tithe ceann tuí déanta? Is seantithe ón Díle cuid mhaith acu
→
dóigh 1
Cá bhfuair tú an seanbhicycle. Dar fia sin seandéanamh ón díle ceart. Is maith an dóigh é déarfá. Dar mo choinsias anois, ní maith ó dúirt tú é. Ní shuífinn thuas air chor ar bith
→
don
Don h'fhiafraí agus mo chuid tubaiste oraibh murab í an chaint atá ina díle oraibh. Breá nach dtabharfadh sibh scíth dhá dteanga (dho bhur) uair eicínt. Shílfeá gurb í an taoille atá ag teacht oraibh leis an anbhá cainte atá oraibh!