Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Fearacht (42)

 
daba
Tá an scoin-mhíol atá ar an mbaile sin mar bheadh mádraí ann. Má chaitheann tú daba ag madadh, leanfaidh sé i dtigh diabhail thú. Sin é a fhearacht aca sin é. Tugann M. corr-dhaba dhóib, agus tá sé ina dhia beag aca a mhic ó
 
dáimh
Tá dáimh aice sin le 'chuile dhuine sa tír má's fíor di féin, ach 'sé gaol mhadadh Úna le madadh Áine é. Ar chuala tú ariamh é: "Uisce fuar mo chreach agus gaol i bhfad amach". Sin é a fhearacht aice sin é
 
daor 3
Déanfaidh sé fearacht Chéadtaigh leat: ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ort, nó go mbeidh laidhricín do choise ag coinneál seanchuis le poll do chluaise
 
Ó a thiocfas deachma na sláinte ar dhuine tá a chuid maitheasa ar iarraidh. Sin é a fhearacht agamsa anois é. Caithfidh siad cúis a dhéanamh dem uireasa. Ach tá neart aca fhéin ann anois go leige Dia slán na daoine
 
déan 1
Déanfaidh tú rud go deimhin. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn. Sin é a fhearacht agadsa é. Gaothtaireacht uiliog thú
 
dearg 1
Is tú atá círíneach dearg bail ó Dhia ort, ach is beag an dochar duit. Is maith é do ghreim, ní hé a fhearacht sin againne é
 
Tá mé ag réabadh dearg-laoigh ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearg-laoch). Má tá féin, is furasta í a mhunláil, ní hé fearacht portach na bliana anuiridh é. Mise i mbannaí gur beag 'e leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubh-dhomhainn
 
Tá sé sin deas-lámhach 'mo choinsias. Ní fheicfidh tú aon-chuileóigín chlúmhaighe ag imeacht ar a chuid éadaighe ní hé m'fhearacht féin é
 
Mo léan géar, ní hé m'fhearacht féin é, ní hé baladh na deataighe a bhí uirre, th'éis an S. Meastú cá'il sí ag fáil a luach igcomhnaí. M'anam gurb ait atá sí ag cruthachtáil, gurb ait sin
 
Nach deas a shíl siad imirteas ort: gan ceachtar aca ag tabhairt saoradh ná séanadh dhuit faoi. Sin é a fearacht é ag: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deireadh
 
deis
Níl duine ar an bhfeadhain aca nach bhfuil an bealach céadna leis: árdnós agus onóir. Chuala mise ariamh é: putóig gan geir nó onóir gan deis. Sin é a fhearacht aca sin anois é. Is iomdha cor ins an saoghal ó'n am a bhféadfaidís sin cis ar easair a dhéanamh de'n tír. Ní dhéanfaidh siad níos mó é, dar mo choinsias
 
Is maith í an diagantacht má chuireann sí rud ar do mhéis. Sin é a fhearacht ag an sagart sin é
 
díbir
Shílfeá go bhfuil an tae do do dhíbirt. 'Ar ndú' bail ó Dhia ort ní nuaidheacht ar bith agadsa tae, ní hé a fhearacht sin ag daoine eile é. Leig do scíth go fóilleach. Beidh tú sáthach luath ins an mbaile
 
díle 1
Sean-ghnás ó'n díle na crasógaí a chur suas Oíche Fheil' Brighde. Níor cheart daoibh eirghe as anois. Ní pirseogaí ar bith na crasógaí, ní hé a fhearacht sin ag na gaidíní Bealtaine é. Ach is mór atá an saoghal ag athrú is mór sin
 
ding
Bhí siad uiliog mar a bheadh confairt ann ar thí an rud a bhí agam. Ach ba é an té a d'oil mé ar mo chích féin ba mheasa dhom in a dheidh sin. Chuala tú ráidhte ariamh é gur le gínn di féin a scoiltear an liomhán. Ba shin a fhearacht agamsa é
+
D'fhéadfá sin a rádh. 'Siad an díoghadh dhá ríre iad. An té atá igcleitheamhnas na "gclags" sin, b'fhearr dó imeacht cosnochtuighthe. Dá n-imigheadh duine ins na buinn, is gearr go mbeadh sé taithighthe air. An bhfeiceann tú na daoine a bhí annseo fadó. Fear sé nó seachráin a mbíodh bróig ar bith air, agus nach aca a bhíodh an tsláinte. Is beag na scoilteachaí a bhíodh dhá gcraipliú, ní hé fearacht an dream atá anois ann é
TUILLEADH (1) ▼
Dubhairt sí leat ceann ar bith a thogair tú a thabhairt leat, agus d'fhága tú an langa agus an trosc in do dhiaidh, agus chroch tú leat an faidhtín! Diabhal bréag nach h-ait an soláthruidhe thú. Ó chuala mise ariamh é: tabhair roghain do'n bhodach agus tóigfidh sé an díogha. Sin é a fhearacht agadsa anois é.
+
díol 2
Mara bhfuil díol a fhreastail muis ag máistir scoile, is truagh ghéar do thuilleadh. Nar agruighidh dia ort é a mháistir. Ag imeacht as do chranna cumhachta atá tú len a bhfuil agad. Tá tú fearacht na n-uaisle ar fad …
TUILLEADH (1) ▼
Cé hé díol an mhagaidh anois fiafruighim díot — tusa nó mise. D'fhéach tusa le dhul ag magadh fúmsa, ach sílimse gur mise atá ag magadh fútsa. Mar adubhairt an ceann eile: — "Bíonn daoine ag magadh fúmsa an uair a bhainim an choirce glas; Ach bímse ag magadh fútha-san an uair a thuiteas an gráinne as". Sin é a fhearacht agamsa agus agadsa anois é
 
'Sé díoghaltas Dé é a theacht anuas air agus an chaoi a raibh sé féin le tuilleadh, cho uain agus a bhí an "power" aige. 'Bhfeiceann tú an dílleachta bocht a chaith sé annsin thoir, agus an créatúr a bhuail sé gur chuir sé ó mhaith an tsaoghail é. Tá sé ar a mhéis féin aige anois, ní dhá roint leis é. Is mairg a bheadh go h-olc agus bocht in a dhiaidh, adeir siad. Sin é a fhearacht aige-san anois é, ach go mbadh mhór ab fhiú dhó a bheith bocht, seachas an bhail atá air …
 
díth
Tuige dhom a dhul siar ann ab eadh? Tuige ar bith. Dícéille. Dícéille a bhain an mhéir do Mhurchadha, agus ba bheag an scéal Murchadha ná a mhéir má bhí sé m'fhearacht-sa
 
Déan deabhadh anois má rinne tú ariamh é. Is gearr nach léar duit do láimh. Tá an lá ag diúltú dhá sholus cheana, agus níl siar ná aniar ann an tráth seo bhliain. Dhá mbeadh an lorry líonta againn ó sholus, níor chás duinn é. Níl muid ag iarraidh fearacht Sh. Ph. Mh. a dhéanamh leis: spaidealach agus scrathachaí agus clocha a thabhairt dó de shiubhal oíche!
 
dlaoi
Is furasta coirce a bhaint a fhearacht seisean. Ní bheadh ar dhuine ach an dlaoi a leagan thairis gan glanadh ná piocadh ar bith. Ghabhfainn féin poll maith isteach ingarrdha coirce, lá ar an gcaoi sin.
+
Má b'fhíor go raibh 'chuile Éireannach i Sasana le tógáil agus le cur amach ins an gCogadh de'n bhuidheachas. Diabhal Éireannach ar bith a tóigeadh ar a shon sin mara raibh a chionntsiocair féin leis. Duine ar bith a bhí ag iarraidh fanacht as an Arm b'fhurasta dhó a dhéanamh. Chonnaic mise é. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn adeir siad. Badh é sin a fhearacht ag na h-Éireannaigh i Sasana é. Bhí an t-Éireannach indon a rogha rud a dhéanamh i Sasana. Nach raibh na Sasanaigh ag creathadh in a gcraiceann rómpa
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil airgead ar bois agad ná taobhuigh siopaí na G. Má thaobhuigheann is ag brughadh ar an doicheall a bhéas tú. Siúd é an áit deire ag duine le dhul mara bhfuil pócaí teann' agad. Ná bac leis an bhfear falamh. Níl siad siúd dhá iarraidh. Is beag é a n-iarracht air. Tá sé a fhearacht ag an bhfear fadó: —"Pócaí falmha bocht, buailidís bóthar agus gheobhaidh siad seantáin amach faoi'n tír"
 
dóigh 3
Creid mé dhuit ann anois go mb'fhearr liom donacht ar bith eile faoi'n domhan a bheith orm an puínte seo de ló ná an t-anshógh atá orm. Ach deir siad an té a bhíos dhá bháthadh go mb'fhearr leis dhá dhóghadh. Sin é a fhearacht agamsa é, chreidim
 
An rud is doilighe le duine ná a bhás cá bhfios dó nach hé lár a leasa é. Is minic a chuala tú ariamh é. Ba shin é a fhearacht ag Brighid é. Bhí a muintir ag iarraidh a cur soir tigh J. Ph., agus bhí gráin an tsaoghail aice air, arae bhí sí "ag comhrádh" le mac a bhí annseo thiar ag C. Ní Ch., agus 'séard a bhí sí féin ag iarraidh a dhéanamh éalughadh leis go Meiriocá. Ach fuair a muintir amach uirre é, agus th'éis go leor anonn agus anall chuaidh sí tigh J. Ph. Níl aon-bhean ins an taobh seo go Gh. indiu atá in a suidhe cho te léithe. Tá deis agus talamh aice. Tá postaí ag a clann. Déarfá go raibh an t-ádh uirre ceart. An fear a bhí sí féin ag iarraidh a phósadh, marbhuigheadh i Meiriocá é leath-bhliain th'éis a dhul ann dó
 
Deir siad nach bhfuil ceannús ceann ar bith ar an gclann atá aige sin le drabhlás. Árduigheann siad leo na beithidhigh de'n talamh thiar, agus díolann siad ingan fhios dá n-athair iad. 'Sé a fhearacht sin aca é le cruiteanna fataí, le coirce, agus le 'chaon tsórt dá mbíonn ann.
 
Go deimhin ní drisín ná dreancán é, ní hé t'fhearacht féin sin (fc. dris. Cuirtear drisín agus dreancán le chéile mar sin)
 
dreas 2
Mara n-eirighidh creataigh an tsamhraidh léithe, ní bhíonn dreas ná teas innte. Caithfidh tú an ghrian a thapú nuair a bhéas sí ársuighthe, má's leat móin mhaith theine a bheith agad, agus gan a bheith fearacht Ph. Á. a thriomuigheadh í ar anna beag na Féile Michil
 
Cé'n sórt dreolán d'fhear de mhac é siúd aige. Shílfeá nach bhfuil biseach ar bith faoi. Dubhradáinín dona fearacht an athar a dhéanfas sé
 
Is driopásaighe é ná P. R. a bhí annseo fadó. Ní leigeadh an driopás do Ph. R. a bhróga a dhúnadh nó go mbeadh portach móna gróigthe aige. In am dinnéir a dhúineadh sé iad: leath-láimh ag ithe agus leath-láimh ag dúnadh. Sin é a fhearacht aige-san anois é
 
Is beag de'n drugall trágha seo atá air ní hé t'fhearacht-sa é. Bhí sé thíos le "pound day" indiu agus a chliabh aige ag sracadh feamainne duibhe is an gclochairín
 
Ná bac leis an áit seo a stór mo chroidhe! Déantar droichead dínn igcomhnaí. Ní fhaca mé tada dhá leigean amach ariamh, a bhfuigheadh an baile seo aon-bhrabach air. Bheadh sé sciobtha ag an mbaile sin thoir nó ag an mbaile sin thiar. Sin é a fhearacht ag na bóithrí anois é. Tá bóthar an bhaile sin thoir dhá dhéanamh agus tá bóthar an bhaile sin thiar dhá dhéanamh, agus níl cás ar bith imbóthar an bhaile seo, th'éis nach siubhailfeadh na gabhair é. Bhuel tá rud le déanamh leo, gan aon-bhót a thabhairt dóibh aríst go bráth
+
droim
Ní raibh "aon-lorries" ná aon-charrannaí ann an uair sin. Chaithfidís a gcuid earradh a thabhairt leo ar a ndruim nó déanamh dhá fuireasbhaidh. Ar chuala tú ariamh é, is maith a shaothruigheas an druím an bolg. Ba shin é a fhearacht aca ins an ám sin é
TUILLEADH (2) ▼
Ar chuala tú ariamh é an rud a chruinnigheas duine ar dhruim an diabhail, caitheann sé ar a bholg é. Sin é a fhearacht ag J. anois é. Ní hé leath-chóir Dé é go bhfuil an mac ag ól mar atá sé. Chaithfeadh Dia é féin a fhoillsiú air, ar chaoi eicínt, agus a liachtaí pighinn cham a bhain sé amach ins an siopa sin ariamh. Ní raibh aon-chneamhaire gan chrochadh ach é sin. Nachar chuir sé faoi ndeara do D. Bh. N. annsin thiar fiacha a íoc faoi dhó
Bíonn sé ag gabhail ag pósadh 'chuile mhí ins an mbliain, ach cuireann rud eicínt dhá dhruim é i gcomhnaí, má's fíor dó féin. Anuiridh bhí sé "socruighthe" tigh Sh. L. ach níor phós sé í in a dheidh sin. Deir sé féin go dtáinic scéala as Ameriocá aige na laetheanta céadna gur bhásuigh dearbhráthair leis ann. Is tráthamhail go mbíonn rud eicínt len a chur dhá bhuille igcomhnaí. Sílim go bhfuil sé fearacht go leor eile: thob ann agus thob as aige, agus faitíos air 'nuair a theigheas sé ar an scian is géire nach mbíonn sé dhá fháil sáthach maith. Dheamhan duine a chonnaic mé ariamh ar an ealadhain sin, nach mbuailfí air í — ágóid eicínt — ins an deireadh. 'Sé dioghaltas Dé é
 
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé druiminn ort le a dtiubharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asad annsin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agad. Nach breagh nach mbeitheá cuibheamhail fearacht do leithide ar bith 'san tír, agus gan na daoine a náiriú
 
Má seadh féin, th'éis ar shiubhail sé tá nósa na tíre tóigthe aríst aige. Deir tú leis a bhfuil na seidhríní thuas aige, fearacht an athar. Leanann báidh dúchas 'ar ndú'
 
Ab í an scainimheáin sin thiar! Ní bheadh seasamh ar bith aice sin dhá dteagadh spalpadh mór, fearacht na bliana anuiridh. B'fhearr dhuit a dhul in éadan an dubhrabháin i mbliana. Cé méad bliain atá craiceann ar an bpáirc sin thuas agad
 
Is diabhluí an t-aon (t-aen) é. Ag caitheamh agus ag cáineadh agus ag baint fogha agus easbaidh as 'chuile dhuine ar an gcaoi sin. 'Séard a bhí a dhéanamh leis an chaint a bhíodh ag a athair — go ndéanaidh Dia maith air — a mheabhrú dó. 'Chuile uair a gcloiseadh an t-athair duine ag gearradh na comharsan 'séard adéarfadh sé i gcomhnuí: "Is léar do dhuine an dubhradán i súil na comharsan, ach ní fheiceann sé an tsail mhór in a shúil fhéin." Ba bheag ab ionann é féin agus an mac seo anois. Níor chuala aon-duine ariamh an t-athair ag gíbliú (díbliú) ar aon-duine, ní hé a fhearacht sin ag an mac é. Ó'n máthair a thug an mac an cheird sin. Marab eadh ní ó'n athair.
 
Ná teigheadh sé 'un bundúin aríst ort fearacht ar ball. Breagh nach mbeadh foighid agus éisteacht agad. Is fada dhuit do shaoghal ar an gcaoi a bhfuil tú