Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

biorán (19)

 
Ní fiú puintín bioráin an méid sin a dhéanamh as bealach, a dhuine chroidhe. 'Ar ndú' má's peacadh é bheith buidhe nach bhfuil na mílte damanta mar adeir an ceann eile
 
Níor mhiste dhó é, dhá dteagadh sé as cho saor sin. Ní fiú biorán rud fánach mar sin. Bhuailfeadh pianta mar sin an fear is ábalta agus is folláine ins an tír. Ar chuala tú ariamh é: níl duine ar bith nach gcaithfidh deachma na sláinte a íoc. Má 'sé sin a bhfuil air, ní dochar é, ach 'sé an faitíos a bheadh orm gurb í an cailín eile (an eitinn) a bheadh in a chrioslaigh. Tá snuadh an-lasúnta (lasmhanta) air le goirid, agus shílfeá go mbíonn an criotán eile sin ag gabhail dó freisin. 'Sé an sórt duine é ní éagnóchadh sé aon-cheo go bráth, nó go dtuitfeadh sé imbun a chos. Sin é an t-údar go gceapaim go raibh na pianta a bhí in a thaobh i bhfad tí (ní) ba ghártha ná bhí a leigean amach féin. Ach má bhí, cheil sé ar 'chuile dhuine é
 
dealg
An bhfuil tú indon dealg a bhaint as mo mhéir. Seo biorán duit agus deasuigh anall annseo ag an solus
 
Tá sé ag déanamh bioráin dom (fc. biorán)
 
Ní fiú biorán duine as an dioscán, mara bhfuil ann ach sin. Ach chuala mé go raibh díthchreideamh ar na h-Éireannaigh uiliog atá i Sasana. Deir cuid de'n dream a theagas nach mbíonn siad mí ann, an uair nach dtaobhuigheann siad Aifreann ná Ord.
 
Níor tháinig aon-bhiseach ariamh air, ach in a dheoruidhe dhona mar sin. Cé'n bhrigh ach dá mbeadh aon-dreach air. Ach mo léan níl, ach in a bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhfadh sé in a dheidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus ins an mbealach ar 'chuile dhuine
 
díol 2
Níl aon-díol faoin domhan nar thug sí orainn, scáth gamhain a dhul isteach i ngarrdha fataí annsin thuas uirre. Má chuaidh féin, ní dhearna sé aon-fhoghail: cupla sracadh le colbh. Is féidir len a cuid-sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingigheann tú anuas aice é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!
 
Fuair muid an-tsail, agus gan a dhath uirre cé's moite de chupla diúirín in a h-éadan ach níorbh fhiú biorán iad
 
dóirt
'Séard atá le déanamh agad a bhfuil de bhioráin ins an mboiscín a dhóirteadh amach ar an mbord, go bhfeicidh muid cé mhéad atá ann. Níl sé taobh le céad déarfainn
 
draoib
Baineadh truisle as agus síneadh ins an lochán é — lochán de'n draoib dhubh sin. Níor fágadh oiread agus puintín bioráin ó mhullach a chinn go bonn a choise nach raibh in a bhog-eibhinn
+
driog
Deir sí go dteagann driogannaí in a croidhe scaithtí. Ní bhíonn thairis sin de phian uirre ach mar sháithfí biorán treasna thríd. Is olc é an croidhe. Chuir mise faoi ndeara di a dhul chuig dochtúr leis, ach dheamhan ceo a fuair an dochtúr uirre. Dubhairt sé nar dhochar ar bith na driogannaí sin: go mbuailfidís duine le slaghdán nó galra ar bith mar sin. "Tá croidhe agad" adeir sé "cho slán le breac."
TUILLEADH (1) ▼
Níl dochar ins na driogannaí sin. Iasc beo iad. Sin nó pianta fáis. Bíonn pianta fáis ar 'chuile scurach. D'aireochadh duine ar bith an t-iasc beo sin. Is minic a bhíos siad ag léimreach (léimneach) in mo chosa féin. 'Seadh agus táraidhm (táirm) orra ag léimneach. Deir siad dhá sáithtí biorán ionnad ins an áit a mbíonn an t-iasc beo sin an uair a bhíos sé ag léimreach go gcaillfí thú.
 
dris
Diabhal bréag nach dona an áit a bhfuil a chosa dhá thabhairt. Ní dhéanfaidh sé morán tigheachais leis an dris sin. Ach ní fiú biorán í le h-ais na máthar. Ach a dtosuighidh an bheirt aca ag gabhail dó, is fear réidh é … Ní phósfainn í, dhá bhfaghainn dúithche an C. bronnta orm léithe.
 
Dá mbeitheá ag déileáil leis, níor mhiste dhuit a bheith in do dhroch-dhíoluidhe thar a bheith in do dheagh-dhíoluidhe, gheobhfá a dteastóchadh uait uaidh. Nach hé atá ag coinneál an dream' sin siar beo. Ach an té nach dtaobhuigheann é ach go h-annamh, ní thiubharfadh sé biorán beag — agus is fánach an rud é — dó gan an seachadadh-amach. Aithnigheann sé a dhuine féin i gcomhnuí
 
Ní shin deilgneach. Níl annsin ach drúcht guiríní agus ní fiú biorán é. Dheamhan gasúr san tír nach bhfuil ag fuasaoid leo sin. 'Ar ndú 'is beag a bhéas ar mhalrach nuair a éagnós sé é. Tá siad annsin thuas againn fhéin …
 
Bhí dubhachán an bhóthair agus na páirce de dhaoine ann. Badh é an t-oireachtas is mó a facthas ariamh annseo é. Dhá dtuiteadh biorán beag is ar chloigeann duine a thuitfeadh sé
 
Tá sé ag dul ar ghaoith andeas. Sin claochmú go siúráilte. Má ghníonn sé báisteach aisti seo, ní fheicfidh tú oiread agus puintín bioráin de'n tsneachta ar an talamh an t-am seo ambáireach.
 
Is breagh atá sí ag dul duit, go bhfágaidh Dia len a caitheamh thú. Sí do dhíol ceart í. Ní ghabhfadh biorán beag innte in éindigh leat féin, tá sí cho feilteach sin duit
 
Chuaidh an biorán go cnáimh