uair mhór (47)
→
calm
Is olc a' rud lá cailm ar a' bhfairrge. Dhá dhonacht an uair mhór, b'fhearr liom fhéin go fada í, ná seal cailm.
Tá marach eicínt ar a' saoghal nó ar na daoine, a's an chaoi 'bhfuil an uair. B'iongantas é anois, dhá dteagadh lá breagh. Ba mhór i gceist ag sean-daoine cothromacan síne na h-aimsire, ach inDomhnach d'fhéadfaí sneachta a chaitheamh ar a lorg anois.
→
crinn
Bhí fásach annsin, an uair a cuireadh ann iad, a's tá sé crínnte go créafóig anois, i gcruthamhnas duit an té a mbeadh riar gamhna chor a' bith aige, nar mhór dhó an-fhairsinge le na n-aghaidh.
→
folaigh
Níor mhór dhuit an sean-leasú sin anois a fhalach le ceobáinín beag aoiligh. Dhéanfadh sin thú! An uair a bhí an garraí sin curha faoi dheireadh bhí a dhá dhóthain leasuithe air
Tá an abhainn an-mhór anois. Is corr-uair a d'fheicfeá fuarloch anoir ar shrathachaí T. Mhac C., agus tá siad faoi uisce ar fad. Chuaigh mé thart an bealach sin inniu
→
dairt
Ní raibh a dhul isteach ins na póilíos fadó thar chaitheamh dairteachaí, i gcomórtas a dhul isteach ionnta anois. Dhá mbeadh caraidheachaí ar bith aghad an uair sin — duine ar bith adéarfadh focal ins an gcúirt duit — bhí leat. Ghlacfaí ionntu thú gan stróbh ar bith (stró > stróbh i gcomhnuí i gcaint de bharr a bheith idir-ghuthaí i gcomhnuí bunáite). Ach tá siad an-ghéar anois. Ní mór dhuit breac-fhoghluim mhór a bheith ort go nglacfaí thú. Nach ionnta atá saint ag 'chuile dhuine anois!
Baoghal air siúd a bhudóigín a dhíol leat. Ar an dá luath agus a bhfaca sé go raibh tú líomhtha ag (chuig) a ceannacht, ní leigfeadh sé lag labharta as na aon-phunt dhéag í. Ag iarraidh thú a chur uaithe a bhí sé an uair sin. Ba mhór leis duit í pé'r bith cé'n t-airgead a thiocfá léithe. Tá sé cho daoitheamhail le aon-duine a chonnaic mé ariamh
→
dea-ana
B'fhéidir go bhfuightheá deáanna anois. Caithfidh cothromacan síne na h-aimsire a theacht uair eicínt. Ba mhór a b'fhiú dhá n-eiríodh sé as an doininnse hé bí é.
→
deachma
Tugtar dreoilín eicínt aca i gcomhnuí do'n deachma … Tuige nach bhfaca tú aon-dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easbaí. Caithfidh tú a bheith ag tóruidheacht agus ag síor-thóruidheacht go bhfaghaidh tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag innte. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóruigheacht' dhuit chor ar bith, scaithtí. Bíonn neadrachaí dreóilín thar a chéile ann blianta. Scaithtí eile ní fheicfeá ceann ar bith … An uair a gheobhas tú an nead, níl agad le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharbhú agus a gcuid fola a chur ar shean-cheirt. Caithfidh tú fuil as 'chaon cheann aca a chur uirre. Mara gcuiridh ní bheidh aon-mhaith dhuit ann. Breith ar an sean-cheann annsin — an Rí — agus deirtear í a thabhairt do'n deachma. Ach is cuma cé'n ceann de na trí cinn déag a thiubharfá do'n deachma ins an gcás sin. Bíonn muirghín mhór ar an dreoilín. "Is mór mo mhuirghín: is beag mé féin" adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta annsin, le ceirt na n-easbaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoi'n dreoilín a tugadh do'n deachma. 'Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cunntas faoi cheirt na n-easbaí a fuair mé ó m'athair)
→
deara
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Má sé muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá indán agus gur buaileadh an ceann eile ag an h-aon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leath-uair th'éis an deich, i gcruthamhnas duit nachar mhór dhó bealadh a chur faoin a ioscadaí le bheith i nD. L. ag an h-aon dhéag: fear nach raibh "bicycle" ná deis marcaigheacht' ar bith aige ach na buinn
→
dearna
Dhá mbeadh sé agam anois i gcroidhe mo dhearnann mar a bhí sé an uair sin, ní scarfainn leis. Dheamhan deich bpunt a gheobhas mé aríst i mbliana ar an mbulán sin. Tá beithidhigh tuithte an-mhór
→
deifir
Ara níl deifir mhór ar bith mar sin leis an gcíos. Glacfaidh siad é uair ar bith a gheobhas siad é
Bhí an laogh suas le uair idir chnámha agus é cínnt orm fhéin a thabhairt liom. D'fhan mar sin go ceann dhá lá, agus shílfeá nach raibh daor-bhasctha di chor ar bith. Ach bhuail donacht annsin í, agus chaith sí mí mhór fhada idir luighe agus eirghe. Diabhal mé gur shíl mé féin go srianfadh sí as, ach cailleadh í faoi dheireadh agus faoi dhó
Bhí an lá ag diúltú dhá sholus indiu an uair a chuaidh an bus thart. Ach chreidim gur suarach an t-iongnadh sin agus muid ar ghearrógaí dubha na Nodlag. Ba mhór ab fhiú é dhá mbeadh an lá casta féin. Dheamhan a n-aireochadh duine síneadh ag teacht air aríst
+
→
dochar
Tá foghail mhór déanta ort, agus ní hé a d'fheil duit a dhuine bhoicht, ach níl rud ar bith is fhearr duit anois ná an buille réidh. An uair is mó an dochar 'seadh is fhearr an fhoighid
TUILLEADH (2) ▼
Níl a dhath dochair (níl dochar ar bith, níl lá dochair, níl blas dochair agus rl) i bpeacadh sologhtha. Peacadh fánach é. An uair nach sceadfadh duine é féin an-mhór
Ní bheadh aon-dochar dhuit an bhó sin a leigean amach cupla uair indiu h-idir dhá mhúr. Níor mhór di é
Is fada síos a ghabhfainn agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair! Bhí mé cheana thíos ann ar bhainis Ph. N. agus dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam ní thiubharfainn an tabhairt orm fhéin. Agus ba mhór liom a bheadh amhlaidh. Ba ag brughadh ar an doicheall ceart dúinn a dhul ann. Níor fiafruigheadh cá dtáiniceamar, go raibh muid cupla uair ann, agus an uair sin féin ba suarach a caitheadh linn. Aon-ghloine amháin fuisce a fuair mé ar feadh na h-oíche. Dar lán an leabhair sin é an méid, agus ní mé an t-aon-duine a bhí amhlaidh: dá bhfaghadh T. Ph. cead a chomhairle féin, bhí sé ag dul ag déanamh brosna do'n teach. Badh é a dhéanamh leis é. Ní raibh an teine féin ann.
→
drad
An bhfeiceann tú an ghloine mhór sin thuas ar íochtar an drisiúir. 'Sí a leath-cheann sin a bhí aige, agus chuir sé go drad dom í trí h-uaire. Nach beag an dochar dhom a bheith súgach féin?
→
driog
Rug sé annsin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinic deoir fhola. Ach mara dtáinig, bhí pian ann. Timcheall agus leath-uair in a dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráidhte ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leath-uair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ó'n ngualainn díom
+
→
dris
Diabhal cailleadh ar bith ar an bhfear ach maidir léithe féin dris fhireann í. Ní bhainfeadh Éire bheag ná Éire mhór aon-cheart di … Tá sí spleádhach go leor mar sin ag dul an bóthar, ach féach léithe é go bhfeicidh tú. Sin é an uair a gheobhas tú le léigheamh é.
TUILLEADH (1) ▼
Níor shíl muid tada a dhéanamh ar an mbaile ariamh nach mbeadh sé sin in a dhris chasáin i gcomhnuí romhainn. An uair a d'fhéach muid le na dá ghabhaltas a thabhairt d'aonduine amháin annseo, ba mhór leis go mbeadh an méid sin maitheasa orainn, agus chuaidh sé d'aon-úaim ag cur suas le P. a chuid féin a choinneál. Anois aríst an uair a bhí an tsean-bhean ag teacht againn, ba mhór leis na deich scilleacha duinn agus chuaidh sé siar do mhaol a mhainge le droch-cháil a thabhairt orainn di. Nar agruighidh Dia air é. Ní fhéadfadh muide a bheith buidheach dó ar chaoi ar bith.
→
droim
'Sé'n t-ól a chuir dhá dhruim é. Marach sin, ní raibh cinneadh go deo leis. Deir siad rud ar bith a léighfeadh sé nó a chloisfeadh sé uair amháin go raibh sé aige len a shaoghal. Nachar mhór an feall é. Ach tá ag duine an t-ól a sheachaint. Mara seachnuighidh, beidh a chuid féin ag an ól.
→
dual 2
Tuilleadh diabhail aige má fhaghann sé dual na druinne. Chaith mé dhá uair ag tuineadh leis ag iarraidh a thabhairt abhaile, ach ní raibh aon-mhaith ann. Ní éadáil mhór an dream atá cruinnighthe air anois
→
dustaí
Gheobhaidh airgead Shasana an dustaí céadna anois agus a fuair an t-udhachta cheana. Diabhal blas de'n cheart nach bhfuil aca a sásamh a bhaint as, 'fhad agus a sheasfas sé. Dheamhan a gcos a thiocfas a chodladh in a dtroscadh, ach an oiread leis an té atá cruadh coinneálach. Uair bheag agus uair mhór, mar adeir an ceann eile
→
dáil
Tá muid indáil le taobh leis an leathchoróin aríst, th'éis a raibh gnóithte againn ar ball. Uair bheag agus uair mhór arsa tusa
→
déag
Bhí sé as na déaga shul á ndeachaidh treabhsar air. M'anam go mbíodh sé ag dul thart annsin le na chóta dearg agus é in a chliobaire mhór shínte. Chonnaic mise tuithte ar meisce é faoin a chóta dearg. Sin é an chaoi a raibh 'chuile dhuine an uair sin. Ní maith go mbíonn siad coiscthe de'n chích anois an uair a bhíos brístín glúnach fáiscthe thuas orra …
→
dícheall
Droch-rath ar do dhicheall agad! Bhí céad lá de mo shaoghal agus dhéanfainn an oiread i gcaitheamh uair an chluig agus a dhéanfá seachtain mhór fhada!
→
díocas
Tá díocas air chuig feamuinn, ach m'anam go bhfuil a donacht féin ins an bhfeamuinn. Pléidhfidh an caladh seo thíos leis é, feicfidh tú féin air. Má thagann carcair mhór di agus droch-uair, dar an leabhar ní mórán díocais a fhágfas seachtain di air
+
Cé'n díogarnach lae! Bhí mé ins an mbaile ó ló mhór féin. 'Sé'n áit a ndeacha an ghrian faoi orm ag Árd D. L. Ní mórán le ceathramhadh uaire a thóig sé orm srianadh anoir. Ba bheag leis an naoi a chlog a bhí sé an uair a tháinig mé abhaile.
TUILLEADH (1) ▼
Is fiú mhór é muise le h-ais na bliana anuiridh. Anuiridh ní raibh le fáil ag an duine ach leath-ghalún (ola mhór) agus cá'id a ghabhfadh an méid sin. Ba ghearr le dhul leath-ghalúinín gágach. Bhíodh muid i dtuilleamuidhe na gcoinnle sin an uair a d'fhaghadh muid iad, ach mo chreach na coinnle! Dá mbeitheá annseo anuiridh chaithfeá a theacht le díogarnach bheag soluis, agus dá mbeadh sin féin agad, is tú a bheadh buidheach. Tá muid thar cíonn imbliana: dhá ghalún an teach. Is mór an subháilce an solus féin. Má tá easbaidh ann anois, ní easbaidh soluis é
→
díol as
B'éigin dom mámh a dhíol as. Ba shin í an láimh agad! Tháinig an-chóisir mhámhasaí agam i dteannta a chéile an uair sin. Sin é an chaoi a mbíonn siad: uair bheag agus uair mhór.
→
díolaí
Deir siad go mbadh an-díolaidhe é an t-Athair M. ach nach raibh rath ná rígheacht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeracht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus 'chuile shórt dhá dteastuigheadh uaidh chuige. Bhí dubh-phlód beithidheach aige agus bheathuigheadh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir 'chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar 'chuile lá, nó ionann agus é. Meastú 'chuile uair a dteastuigheadh a pháighe uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú do'n tsagart, agus annsin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí h-uaire, shul a gheobhadh sé aon-phighinn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaidheacht a bhaint as
+
→
díol 2
Leigeadh fairsinge mhór orm an uair a d'imigh B. Ph. síos amach. Fuair mé an chuid ab fhearr a bhí ag gabhail leis — thuas i mbarr an bhaile. Ceathramha gabhaltais eile nar mhór dom anois. Chuirfeadh sin go dtí mo dhíol ceart mé.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí M. Mhór ag glámhóid nach raibh díol a chaointe istigh, ach an uair a chuir sí féin uaill aisti, dheamhan a raibh go dona di.
→
díth
Cé'n chiall iad ag cur i dtír aríst. Rud eicínt a d'fhága siad in a ndiaidh. Ní calm ná díth córach ná uair mhór atá orra. Bheadh lán na trí seolta siar aca go deas anois
Bhí sé ag iarraidh scór ar an gcruach mhóna siúd! M'anam nachar mhór candáil níos mó a bheith ar mhóin ná atá uirre ar ala na h-uaire, le go dtiocfadh sí siúd scór. Deich bpunt a cheapfainnse di. Dheamhan dhá "lorry" móna istigh in a corp. Céard atá innte ach dithreabhach de chruaich
→
dóigh 1
Ní dóigh ro-mhaith a bheith idtuilleamaí talmhana ar an aimsir seo, scáth a bhfuil beithidhigh ag dul. Tá siad an-mhór anuas ar ala na h-uaire. Ach b'fhéidir dóibh feabhsú amach annseo idtús féir. Mara bhfeabhsuighidh, beidh na daoine in ainriocht
→
dóirt
Bhí muid creinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scathamh maith. Ach an uair a tháinic sí teann (an ghaoth) agus as sin in a gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fánaidh roimhe, in a cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
→
Dónall
D'ith a raibh aca ann fré chéile é. Cé'n cuireadh a d'iarr siad siúd. Thug siad fhéin cuireadh dhá chéile. Chuir sé poll maith in mo phóca-sa ar aon-chor, an uair a bhí an phighinn bheag agus an phighinn mhór íoctha amach agam. "Is cuma cé a ólfas é, 'sé Domhnall a íocfas é" arsa tusa
→
dóthain
Thug mé a dhóthain mhór airgid dó ag imeacht, má's é a chaitheamh nó a chailleadh a rinne sé. Pé'r bith cé'n bhail a chur sé air, ar aon-chor, ní raibh díol a fhreastail aige an uair a chuaidh an crudh ar an tairnge
→
dúlaí
Is minic a chonnaic mé duine a bheadh i bhfad in a throscadh dúlaidhe imbeatha an uair a gheobhfadh sé leigean uirre; ach maidir leis siúd chaithfeadh sé go raibh sé in a throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste in a mhiainis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne reamhar, a bhulóg aráin mar deireadh N. Ph. agus "taypot" tae. An uair a d'altuigh sé an biadh ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaoidheachtáil air é! — agus a shluigfeadh dreoilín. Cé'n bhrigh ach an rud adubhairt sé i dtosach: "is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le goirid — is beag sin." Dar láthar Dé dubhairt. Is fear é a fuair anshógh le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoi'n bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus cho mór-thráthach agus atá. "Go méaduighidh Dia 'chuile shórt ar fheabhas agaibh" adeir sé. M'anamsa muis nar mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sáthach minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mara ndéanadh is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
+
→
dúradán
Sin é an siomsán a bhíodh ag an Athair P. i gcomhnuí an uair a bhíodh sé ag cur chomhairle ar bith ar an bpobal: "Is léar dó an dubhradán faoi shúil a chomharsan ach ní léar dó an tsail mhór faoin a shúil féin." Ba bhreagh ó'n Athair P. seanmóir a dhéanamh, an uair a bhuaileadh sé fúithe. Maidir le na sagairt a bhí ó shoin ann, ní bheadh a fhios ag duine céard a bheadh siad a rádh. Ach bhí an chaint aige siúd in a chomharthaidheacht féin
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhluí an t-aon (t-aen) é. Ag caitheamh agus ag cáineadh agus ag baint fogha agus easbaidh as 'chuile dhuine ar an gcaoi sin. 'Séard a bhí a dhéanamh leis an chaint a bhíodh ag a athair — go ndéanaidh Dia maith air — a mheabhrú dó. 'Chuile uair a gcloiseadh an t-athair duine ag gearradh na comharsan 'séard adéarfadh sé i gcomhnuí: "Is léar do dhuine an dubhradán i súil na comharsan, ach ní fheiceann sé an tsail mhór in a shúil fhéin." Ba bheag ab ionann é féin agus an mac seo anois. Níor chuala aon-duine ariamh an t-athair ag gíbliú (díbliú) ar aon-duine, ní hé a fhearacht sin ag an mac é. Ó'n máthair a thug an mac an cheird sin. Marab eadh ní ó'n athair.
Diabhal a dhath faoi'n saoghal a ghníos an mhór-chuid de na cléireachaí sin, ach eirghe de na stóilíní corr-uair len a leath-deireadh a aclú. Nach bhfaca mé iad!