Bannaí
—
lúbán a cuirtear ar scolb sa díon le na dhaingniughadh, a's i riocht's go gcoinneochad sé a ghreim. Lúbtar in a lár é, a's sáithtear a dhá cheann sa díon, a's scolb eile faoi. Annsin buailtear leis a' máiléad é, le na thiomáint go maith.
+–
Níl sé 'cur bannuidhe 'bith mar is ceart ar na scoilb, a's beidh 'shliocht ar a' tuighe, eireocha sí aríst.
Cuirtear bannuidhe ar na scoilb, le na ndaingniughadh sa tuighe. D'eireochaidís aríst marach sin.
TUILLEADH (10) ▼
Níor chuir sé bannuidhe 'bith ar aon-scolb dhar chuir sé sa stráca sin, a's furast' 'aithinte ar a' tuighe nar chuir. Tá druim uirre, a's is gearr go n-eirighe sí ar fad.
Deirimse tuigheadóir leat! Dheamhan fhios aige le bannuidhe a chur ar scolb, ní airmhighim a mhalrait.
Ní ar na scoilb a chuirea(nn)s sé 'sna scaireannaí a chuirea(nn)s sé na bannuidhe chor a' bith, a's fágfa sin an tuighe eirighthe gan aon-achar.
Ní f'leárr an-bhannaídhe ar na scoilb a chuirea(nn)s tú sa gcailleach nó bogfa siad.
Bhí na scoilb ro-bhriosc, a's iad biorruighthe ro-mhór, a's bhrisidís orm a's mé 'cur bannaidhe orra(b).
Tá bannaí ar a' scolb sin, nach gclisfe go gclise caolach a' tighe 'n tosa(igh) = tá an-bhannuidhe air.
Bhí an iomarca uathbháis air, a's níor chuir sé aon-bhannuidhe ceart ar leath na scolb, a chuir sé sa teach. Is maoilscríobach a' cur atá ar a' tuighe in a dhiaidh.
Dheamhan a' miste leis sin bannuidhe orra(b) (i.e. ar na scoilb) ná dhíob, ach na strácaí 'bheith curtha aige, a's a pháighe 'fhaghail.
Togha tuigheadóra é, dhá nglacadh sé 'ionbhadh ceart, a's bannuidhe a chuir ar na scoilb, a's is cuma leis é, ach rith uirre (i.e. ar a' tuighe).
Cuirtear scolb de ghreim sa tuighe, a's scolb eile in a bhannaí air.
Bannaí in iontrálacha eile (39)
→
fág
Tá an braon ionad cheana féin, agus gan tú as an gcóta cabhlach fós. Mise i mbannaí! Cá bhfágfá é? Ba dual do do chineál an braon a bheith ionta.
+
→
bealach
Dheamhan cead a bhealaigh a gheobhfas sé d'uireasbha bannaí.
TUILLEADH (1) ▼
Is cam a' dlighe é! Buaileadh bannaí ar a' té a bhí saor, a's leigeadh amach an ceann a bhí as bealach, gan tada.
→
ainm
Is deacair a dhul i mbannaí air, má thug sé ainm contráilte uaidh, agus é ag béal a' doruis aca(b); bhain sé barr dhá bhfaca tú ariamh má thug sé an t-ainm contráilte do na gárdaí, agus é in a chomhnuidhe ar ghort a' bhaile aca(b) = níl rud a' bith a' cinneamhaint air etc.
→
failic
Má thugann tú an t-airgead dó sin, déanfaidh sé failic air. Níl duine ar bith is dearfa dhuit a thabhairt dó na do Ph. Mise i mbannaí nach gcaithfidh sé sin é
Ba bheag an fiod-gháire a dhéanfadh sé dhá leathn(uigh)thí dorna maith cruadh ar chnáimh a ghéill. Mise i mbannaí go gcuirfeadh sin ó fhiod-gháire é. Bhí scathamh agus dhéanfadh na daoine sin fhéin leis, ach níl muid in don anois
→
fuadar
Ní bheadh leath oiread fudair fút ag dul chuig an Aifreann. Mise i mbannaí nar mhiste leat dhá mbeitheá deireannach ag dul annsin. Ach ní fhailleóidh tú do ghnatha má bhíonn aon-phínn agad le dhul chuig an teach ósta. Is olc í do cheird muis. Diabhal bréag nach holc
→
feadh
Bhí sé an-tsaghdha in aghaidh an "Ghovernment". Ach ar feadh agus an pinsean a fháil, mise i mbannaí nar chuala aonduine mórán fuasaoid' aige ó shoin
→
fiagaí
Má bhíonn tae le fáil in áit ar bith san tír mise i mbannaí nach mbeidh sé ann ingan fhios di sin. Togha fiagaí í (soláthraí; fáiteallach)
→
fuiligh
D'fhuiligh an gliomach ar mo mhéir. Ní raibh aon-bhannaí ann = ghearr sé í; bhain sé fuil aisti
An bealach is fusa broc a chuir as brocach, staic de mhaide a sháthadh isteach, é a chur i bhfastós in a chuid fíonnaigh, agus cor fuinneamh a chur ann, nó go nairighe tú fuinneamh ag dul san gcraiceann freisin. Mise i mbannaí gur furasta é a thabhairt amach annsin. Níl aon-mhadadh cruthuithe indon broc a throid. Martróidh sé é
Is daighceamhail an mhaise dhuit é. Mise i mbannaí dhuit dhá bhfaighteá neart slaite gur maith gasta a d'eireochthá as an bhfaisean sin. Chonnaic muid do mhacsamhail cheana, agus smachtuigheadh iad.
→
daigh
Tá dógh croidhe agus dógh ghoile agus dógh bhuilg agus 'chuile dhógh dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá fhios agam-sa céard atá ag dul dó sin: neart leoistidheacht' agus rístidheacht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide 'nuair a thosuigheas sé sin ag fuasaoid, agus tosuighe dhá rúscadh leis aniar ar an dromán, agus é 'ruaigeadh amach in a ghnatha, mise i mbannaí gur beag 'fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataidheacht leis a bhíos siad in a leabaidh sin
Mara bhfuil uirre ach dalladh mullóg, tiocfaidh sí uaidh. Má chuireann tú ar athrú áite í, mise i mbannaí gur gearr a bhéas aon-cheo dhó sin uirre. Bhí na h-íochtair sin ro-fhliuch aice
→
daor 1
Ba daor a chuaidh an bualadh air, ach diabhal a ngabhfainn i mbannaí nach ndéanfadh sé aríst é, dá dteagadh sé ar a dheis. 'Sé a bheadh deas air déarfainn
→
daor 3
Chuir mise ceangal na naoi ndaora ceart uirre indiu. Ní bhfuair mé aon-tíoráil ariamh ach í a sháinniú. Marach putaichín beag le M. a casadh an bealach, bheinn in mo bhambairne. Ach mise i mbannaí dhuit nach mbrisfidh sí an chromnasc atá anois uirre. Ní bhrisfeadh ná Goll Mac Móirne
Ní hé an deáfhocal a bheadh in do bhéal leath cho maith! Ach mise i mbannaí go dtóigfidh tú an droch-fhocal sách gasta = focla míchuíbhiúla; nó focla eascainí nó gáirsiúlachta
→
dealaigh
Ní dhealóchaidh siad sin leo nó go bhfágaidh siad ciréim ar dhuine eicínt. Is maith ábalta na buachaillí iad, agus mise i mbannaí nach gceilfidh siad lúd a láimhe ar dhuine ar bith a chuirfeas aon-araoid orra, ná gan araoid ar bith má chaitheann siad in a gceann é
Tá mé ag réabadh dearg-laoigh ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearg-laoch). Má tá féin, is furasta í a mhunláil, ní hé fearacht portach na bliana anuiridh é. Mise i mbannaí gur beag 'e leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubh-dhomhainn
→
deoin
Mara n-ithidh sé dhá dheoin féin é, cé'n mhaith a bheith ag sáraidheacht leis. "Tairg biadh do dhuine beo, agus mara n-ithidh sé é leigeadh sé dhó." Mise i mbannaí dhá mbeadh ocras air, go mba deacair é a choinneál uaidh
→
diaidh
D'eirigh sé as an nathaidheacht sin. D'fhága sé in a dhiaidh í. Níl a fhios agam nach bhfuair sé a sháith di. Bhí sé ag tarraint an iomarca siothmálachaí air féin len a chuid deagh-chainte. Is maith an bannaí ar an teanga a mhic ó, corr-chriogaide a fháil
→
diogáil
D'fhéadfá a rádh gurb é atá gíogáilte ag imeacht. Agus an láimh thuas i gcomhnuí aige faitíos a mbeadh cuileoigín chlúmhaighe ná donóid shalachair ar a chuid éadaigh. Is fiú dhó. Sin é a bhfuil ar a aire. Dá mbeadh cúram gort agus garrdha air mar atá air thuille mise 'mbannaí dhuit gur beag an díogáil a bheadh aige air fhéin. Ach is mór is feicthear do'n diomhaointeas arsa tusa
Má sciorrann tú síos go dtí an táilliúr, mise i mbannaí go bhfuighidh tú píosa uaidh a dhéanfas é sin duit. Bíonn go leor diomallachaí éadaigh aige. Ní bheidh tú dhá mhionóid amuigh.
Má fuair sé go dlisteanach é, mise i mbannaí gur beag an chaidéis a chuirfeas na póilíos air faoi. Ach mara bhfuair, gheobhaidh sé garbh é
Má theigheann tú siar chuig P. B. agus taoscán breagh fuisce agad, ní hí fáilte an duine dhoichealla' a chuirfeas sé romhat mise i mbannaí. Cá bhfuighidh sé cliamhain is fhearr ná thú, agus thú ag saothrú trí phunt ins an tseachtain ar "scím" na móna
Is deacair le rud a dhul síos ins an bpíobán sin — píobán an doichill — mara mbeadh an iomarca an-bháthadha ort ag slugadh. Má ghníonn tusa réidhteach leat féin, mise i mbannaí nach dtiocfaidh aon-cheo síos píobán an doichill
→
drann
Ní leigfidh an faitíos dhó drannadh leat, mar chuaidh bannaí air ag an gcúirt seo caithte, agus má bhriseann sé an bannaí gabhfaidh bliain air, de ghorta gharta
→
dreoigh
Diabhal a leagfadh sí smut air! Deirimse leatsa dhá mbeadh a díol ocrais ar an gcailín sin (capall) gur beag an locht a gheobhfadh sí air, má tá sé buille dreoighte féin. Mise i mbannaí gur gearr a bheadh a chapall seo thíos in a éadan. Caith amach ag na h-asail é, agus ní bheidh siad i bhfad leis
→
drúcht
Shílfeá go bhfuil drúcht guiríní ort bail ó Dhia ort. Nigh thú fhéin chuile mhaidin as uisce te agus cuir gráinne salainn thríd. Mise i mbannaí gur gearr a fhágfas sé sin aon-cheann ort.
→
dubh 3
Breac-aimsir í. An t-aer ag dubhachan agus na léasáin sin ann gacha le leath-uair. Ní ghabhfainn i mbannaí nach gcaithfeadh sé tuile gan mórán achair
+
→
díogha
Má tá tú ag iarraidh díogha na talmhana a fheiceál ná fág amach an áit a bhfuil tú. Teirigh suas ins na breaclachaí agus ins na diomallachaí atá thuas annsin i mB. an Ghl., agus gan garrdha as 'chuile dheich gcinn iontsaothruighthe. Tá caitheamh agus cáineadh ar na sléibhte, ach mise i mbannaí dhuit, má chaitheann tú an oiread anró agus easonóra leis an sliabh agus a caithtear lena clochair atá thart annseo, go mbeadh rud eicínt de bharr do shaothair agad. An-talamh é an sliabh sin suas, má fhaghann sé giollaidheacht cheart. Ach an talamh atá thart annseo, tá sé ídighthe — spíonta ag feamuinn chladaigh. Nach bhfuil an leac leis ins 'chuile áit ann
TUILLEADH (1) ▼
Mise i mbannaí muis nach de'n díogha an cupán tae a bhí sí a ól. Bhí sé cho buidhe le ór agus shnámhfadh an spúnóg ann, bhí sé cho láidir sin. Ba bheag ab ionann é agus an scudalach tae agus "coffee" a bhíos againne. Tá sí siúd ag fáil tae as éadan as Sasana. 'Deile cé as a bhfuigheadh sí é
+
→
díol 1
Díolfaidh sé siúd an déirce má ghníonn éadan agus triollús dó é. Dheamhan fear a chonnaic mé ariamh a bhuailfeadh faoi 'chuile rud ach é. Chuaidh mé síos thairis an lá faoi dheire agus é ag déanamh láthair mhuirtéil ar an tsráid. "Cé l'aghaidh í" arsa mise. "L'aghaidh giall a chur ar an tobar" adeir sé "igcaoi agus go bhféadfar buicéad ar rópa a leigean síos ann an uair a thiocfas an triomach." Fear ar bith a chuimhneochadh ar inntreacht de'n tsórt i mbrollach an Earraigh, is fear é a dhéanfas cúis mise i mbannaí!
TUILLEADH (1) ▼
Má theigheann tú i mbannaí déan díol (fc. díoluigheacht, bannaí)
→
díol 2
Is díon déirce liom "na Meiriocánaigh" féin a fháil, an uair a chinneas 'chuile sholáthar eile orm. Tá neart aca tharta freisin, ach mise i mbannaí nach mise ná thusa a gheobhas iad. Coinneochaidh siad sin dá nduine fhéin iad — do na daoine móra seo — póilíos, máistirí scoile, agus bossannaí bóthair. Fanadh béal na truaighe uatha
→
dóigh 1
Níl aon-áit ins an gceathramhadh is fhearr dóigh coirce ná an ithir sin thíos agad-sa. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sí in a púir uiliog, tá sí cho séasúrach sin. Cuir coirce mór innte sin i mbliana, agus mise i mbannaí go mbeidh an toradh chéadtach agad air
→
dóirt
Bhí sé ag tabhairt phórtair uaidh annseo thoir faoi'n Nodlaig in a dhórtadh. Is maith é Sasana in a dheidh sin. Mise i mbannaí gur beag 'e bhrabach atá le fáil ar an té a d'fhan ins an mbaile. Beidh sé sin in a scráibín i gcomhnuí
→
téigh ó
Rachaidh duine ó aithne air go maith 'nuair nach mbíonn sé ag iarraidh a aithneachtáil, ach mise i mbannaí an té atá sé ag iarraidh a aithneachtáil gur beag an baoghal air a dhul ó aithne air