Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deirbhshiúr
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh: na deirbhshíre (/d′r′ef′īr′ə/)
uimhir iolraidh: deirbhshiúrachaí (/d′r′əurəxī/)
an fhréimh ghaoil bhuineann is goire dhuit ó shinsir (sister).
+
A dheirbhshiúr
A dheirbhshiúr ó mo chroidhe thú!
TUILLEADH (3) ▼
A dheirbhshiuirín na páirte
A dheirbhshiuirín dhílis
A dheirbhshiúr m'anama thú!

Deirbhshiúr in iontrálacha eile (16)

 
Chuaidh 'chuile dhuine de'n chine sin ins na céad-déaga le aois. An bhfeiceann tú an deirbhshiúr eile atá aice. Tá sí deich mbliana fichead ag tarraingt an phinsean agus is maith an mhaise dhi fós é.
 
dáil
Gabhfaidh sí soir indáil leis an deirbhshiúr eile anois. Tá áiteacha maithe soir annsiúd i gCoill an Bhoga(igh)
+
Deirbhshiúr agus dearbhráthair iad
TUILLEADH (2) ▼
Tá siad mar a bheadh an deirbhshiúr agus an dearbhráthair ann = an carthannas céanna sin aca le chéile; platonic friendship
Tóigeadh iad mar a bheadh an deirbhshiúr agus an dearbhráthair ann
 
Tá déidín tuithte aige ag fanacht go n-imighidh an deirbhshiúr agus go bhféadaidh sé pósadh, agus gan cuimne ar bith féin ag an deirbhshiúr aon-chois a chorruighe as siúd. Tá an iomarca aoise aice anois le go n-iarrfadh duine ar bith le pósadh í, mara mbeadh sean-súmaire go díreach ann, a chaith a shaoghal i réigiún coimhthigheach eicínt agus a thiocfadh abhaile lobhtha le airgead. Ní chuirfeadh sean-raicleach ar bith aon-éiseall ar a leithide sin
 
diaidh
Ní raibh a ndóthain aca féin leis an teach a chríochnú, ach chuir an deirbhshiúr siúd atá imighthe in a dhiaidh, agus críochnuigheadh annsin é. Chosain sé, idir 'chaon tsórt, trí chéad agus dá fhichead punt. Ba diabhaltaí an lab airgid é
 
An ndéanann sé mórán díolacháin anois … is dóigh gurb é an chaol-chuid é, ó a d'imigh an deirbhshiúr uaidh. Sin í an cailín a bhí indon an díolachán a dhéanamh
+
Ní col-ceathracha dlisteanacha iad. Leas-chol-ceathracha iad. Nach leas-dearbhráthair agus leas-deirbhshiúr P. agus S. Sin é annsin
TUILLEADH (2) ▼
Is deirbhshiúr dhlisteanach dó S. ach níl C. ach in a leas-deirbhshiúr aige. Fuair an mháthair bás agus í ag oileamhaint an dá leanbh sin. Dar fiadh is fadó ariamh an lá é. Má 'sí an deirbhshiúr is sine, níor cheart di a bheith i bhfad as deich mbliana fichead
Níl sé dlisteanach ag fear ar bith deirbhshiúr a mhná a phósadh. Má's cúrsaí de'n tsórt sin é nach bhféadfadh duine a dheirbhshiúr féin a phósadh
 
dóigh 1
Meastú a Sheáin nar mhaith an dóigh do 'chaon duine againn bogadh amach ag tóraidheacht mná an Inid seo. Dar príosta sílim féin nach mbeadh de chailleadh air. Gabhfamuid i dteach eicínt a mbeidh beirt deirbhshiúr ann, agus fágfaidh mé an ceann is óige agadsa ach cuid de'n spré a thabhairt dom
 
droim
Bhuail sé siar, agus níor chomhnuigh sé de dhruim oíche nó go ndeachaidh sé cho fada le U. Á. Bhí sé ann sul ar eirigh aonduine. D'fhan sé timcheall na sráide nó go raibh muintir an tighe ag eirghe. Ba é an chéad bhall é a chonnaic an deirbhshiúr ar an dorus a oscailt di ar maidin
 
Beirt dearbhráthar a bhí ann agus deirbhshiúr. Bhí an deirbhshiúr pósta agus triúr cloinne aice. Níor phós ceachtar de na dearbhráthrachaí ariamh. 'Séard a rinneadh leis an udhachta cheithre leith druimscoilte a dhéanamh di, cuid ag 'chaon dhuine de na dearbhráthracha, cuid ag an deirbhshiúr, agus cuid eile ag a clann eatorra. Deirimse leat go mbadh bheag é cuid an duine di, an uair a bhí sí roínte amach agus a ailp féin bainte ag 'chuile dhuine aisti. Ara ag na dligheadóirí a bhí an ceann reamhar di — 'deile
 
Is mór le rádh páighe Shasana, agus tháinic J. Sh. abhaile as an lá cheana agus ó'n deirbhshiúr i nG. ab éigin dó luach an bhus a fháil lena thabhairt abhaile
 
Bhí an deirbhshiúr ag iarraidh an talamh a cheannacht, ach chuaidh mac Ph. Ch. seo thoir in a bhéal uirre. Chuir sé scór eile é, agus fuair sé é. Níl aon-fhear beo ach túatachán críochnuighthe a ghabhfadh in a bhéal uirre (chuaidh sé in a bhéal uirre = níor fhága sé an margadh fúithe-se, ach d'fhéach sé féin leis an talamh a cheannacht)