deis
—ainm-fhocal, buineann
—geineamhnach uathaidh — deise
—iolraidh = deiseannaí.
—Tá an focal rí-choitianta i gcaint ar gach uile bhealach dhá bhfuil sé annseo
1.
seans, dóigh, uain, caoi, bealach, slighe.
a.
+–
Is maith éascaidh a ghoidfeadh sé sin é, dhá bhfaghadh sé an deis = seans, dóigh caoi, ionbhadh
Má fhaghann tú deis ar bith an tseachtain seo biorruigh na claidheachaí ar Gharrdha an Chl. Má fhágtar cho maoilscríobach siúd iad, gabhfaidh an droch-rath ar ar gcuid féir ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Is tú a fuair an deis, ach ba bheag an rath a bhí ort in a dheidh sin. Ní mise a bheadh in do bhróga. Dá mbadh mé, bheadh rud eicínt de bharr m'aistir agam
Siubhail siar chuig an gcéilidhe. B'fhéidir duinn deis a fháil ar aon-bhean
Is iomdha deis a fuair tú air ó shoin agus níor chuir tú aon-aighneas air. Má tá faltanas istigh agad dó teirigh agus ídigh air é, agus ná bíodh sé in a leath-rann annseo agad chois an teallaigh 'chuile lá
Má fhaghann tú aon-deis ar aon-phíopa in áit ar bith croch leat é. Tá mé thart d'fhuireasbhaidh sean-dúda eicínt
Is diabhlaí a chruthuigh sí sin a theacht amach in a máistreás scoile agus laghad an deis a fuair sí. Ach bhí ínntreacht chinn ionnta sin ar fad
+–
Dhá bhfaghainnse deis uirre, ní fhágfainn ag ceachtar aca í. Ach ní bhfuair. Bhí an iomarca cruadhóige orm thairti
Dhá bhfaghainnse deis air, thiubharfainn dual na druinne dhó. Ach sin é an buille. Cá bhfuighidh mé deis air. Nímé an dtaobhuigheann sé tigh M. G. ar cuairt chor ar bith anois
TUILLEADH (4) ▼
Ní bhfuair mé aon-deis ar aon-pháipéar le seachtain, ach chuala mé go raibh na Rúiseánaigh ag déanamh íosbairte. Tá siad isteach ar fad ins an nGearmáin. Is mór an seasamh ag an nGearmáin bhocht é agus an domhan ar fad dhá cúinneáil. Is gearr uaithe anois cheapfainn
Má fhaghaim deis ar bith ar an asal sin aige, bascfaidh mé é. Deir tú leis a theagas ins an iothlainn agam 'chuile oíche, ach tá a dhíol céille aige le bheith imighthe shul a eirighim ar maidin. Sin é an gleacaidhe
Má fhaghann an sagart an deis ar an máistir scoile sin thoir, cuirfidh sé ag caitheamh na miotán é. Is fada in a dhiaidh é, ach is deacair a bheith suas leis an gceann eile féin
Má fhaghann na póilíos deis tóigeála ort gabhfaidh tú isteach. Mar sin bí ins an áirdeall = deis ghabhtha
·
Tá deis mhaith ar an bhfeamainn dearg annsiúd aige agus é buailte ar an gcladach. Má tá féin, dar príosta ní leis a eirigheas sí igcomhnaí
Ní bheadh sé a iarraidh anois ach an deis ort, le thú a chur ar siubhal. Is maith a bhéas tú ar do mhaidí nó béarfaidh sé ort uair eicínt mar sin féin
+–
Tapuigh do dheis a mhic ó. An té a leigeas a leas ar cáirde ní feairrde go minic é. Dhá bhfaghainnse do dheis, is fada go leiginn uaim í — is fada sin
An uair a d'eirigh an deis leat níor thapuigh tú í. Is fadó an lá a bheitheá igcrích dhá dtugtá áird ar do mhuintir. B'fhéidir dhá mbeadh breith ar t'aithmhéala anois agad go dtiubharfá
TUILLEADH (1) ▼
Sin í do dheis anois a fhleasca(igh), agus tapuigh í. Mara dtapuighidh bí buidheach dhuit féin
+–
Dhá mbadh mise thú, ní leigfinn an deis uaim. Ní móide go bhfuightheá cho réidh aríst í
Ní mórán de dheis ad'eirigh liom air, ach an méid sin féin, d'innis mé dhó é. Is dona a thaithnigh sé leis ach oiread. Rún a bhí aige shílfeá, rádh liom aire a thabhairt do mo ghna féin: gur beag a bhain a ghna-seisean dom
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an deis í ceart go leor, an té a bheadh faoi réir faoin a comhair, ach sin é an buille. Cé atá?
+–
Ní raibh aon-deis agam a dhul ann. Chaithfeadh duine eicínt fanacht ins an mbaile le giotamáil a dhéanamh timpeall an tighe. Ní hí an tsean-bhean sin a bhí indon freastal do bheithidhigh agus do mhuca
Níl aon-deis aige tada a dhéanamh mar atá sé. Tá sé idteannta ag an gcuingir eile
TUILLEADH (5) ▼
Cé'n deis atá aige sin a dhul 'na scoile. Tá sé ag tastáil ro-ghéar ins an mbaile. Is fada fós go mbeidh ceachtar de'n dream eile ionchongantach
Níl deis ar bith agamsa aon-bhuille oibre a dhéanamh. Feiceann tú féin an chaoi atá orm. Bíonn an mhaidin thar druim shul a bhíos freastal déanta agam ar bheithidhigh agus ar ghamhna
Níl aon-deis agam tada a léigheamh len a mbíonn ag dul fúm agus tharm. Bím thar bharr mo chéille aca scaithtí, ach céard a fhéadfas mé a dhéanamh
Is beag an deis atá aca anois aon-deoir a dhéanamh ó a cuireadh an droichead ar an abhainn. Níl a fhios aca, cé'n puínnte a mbuailfidh póilidhe isteach aca idir chlár agus chuinneoig
Tá deiseannaí ar an saoghal anois ag aos óg nach raibh fadó ann. 'Sé'n chaoi a raibh sé fadó, ní raibh ann ach Meiriocá, ach ó a thosuigh an Ghaedhilge ag teacht amach, is iomdha duine a bhfuil posta ag eirghe leis dhá barr. Shílfeá nach mórán tóir ag cuid aca uirre in a dheidh sin agus uiliog
+–
Ba mhaith liom deis a thabhairt dóibh thar agus mar fuair mé féin. Ar an dá luath agus a raibh mise deich mbliana d'aois, bhí mé ruaigthe amach ar aimsir. Thiubharfainn scoil agus fóghluim dóib seo, ach dair leat, níl siad an-ghabhthach leis an scoil. Bíodh aca. Iad fhéin a bhéas siar leis, agus ní mise
Rinne sí an teach nuadh sin le deis a thabhairt do'n mhac pósadh. Ach is cosamhail nach bhfuil aon-tsaint ag an mac an pósadh a dhéanamh
TUILLEADH (9) ▼
Má thugann tú deis domsa uirre, cuirfidh mise fáinne innte, feicfidh tú féin air. Dar mo choinsias cuirfead
Mharbhóchadh sé S. dhá dtugadh sé aon-deis dó dorna amháin a chur i gcion, ach ní thiubharfadh. Tá S. ro-úsáideach le na lámha aige
Ní thugann an t-Aifreann deireannach seo deis do dhuine a dhul in aon-áit. Dhá n-abruigheadh sé leis an am nuadh féin é, ba mhór ab fhiú do na daoine é — ba mhór sin
Níor thug sé aon-deis dhom labhairt leis. Bhí sé imighthe de ghort an gharta.
Caithfidh mé fanacht ins an mbaile le deis a thabhairt do N. a theacht scaithín
Ná tabhair an deis do'n tseáirsint ort. Má thugann leagfaidh sé ort feicfidh tú féin air
Is maith gasta a bhrisfeadh sé mé, dhá dtugainn an deis dó, ach ní thiubharfad le congnamh dé
Teigheadh duine ar an mbearna sin agus ná tugaighidh deis dó imeacht
Thug tú deis do'n fhear thall a aona heairt a chur fúmsa agus mé a chur as cúig. 'Gcuiridh dia an t-ádh ort, agus bíodh staidéar eicínt ionnad, agus ná bí ag caitheamh do chuid cártaí i dtraipisí mar sin
+–
Fanóchaidh mé go dteagaidh sé ar mo dheis. Gheobhaidh sé garbh annsin é
Dhéanfainn sin féin dá dteagadh sé ar mo dheis. B'fhéidir go dtiocfadh amach annseo le congnamh Dé
TUILLEADH (2) ▼
Mara dteagaidh sé ar mo dheis go maith diabhal baoghal ormsa a dhul dhá dhéanamh. Is iomdha rud is géire a thastuigheas uainn ná geata, nach bhfuil againn.
Má theagann sé ar mo dheis sean-leasóchaidh mé an garrdha sin imbliana. Ach ní móide go dtiocfadh. Is iomdha cruadhóig eile orainn, agus b'fhéidir nach dtiocfadh an fheamainn dearg an-chóireamhail
+–
Níl deis mhóna ar bith ins an taobh seo tíre. Tá na portaigh ro-fhada ó láthair. Nach h-aoibhinn daoibh soir agaibhse, a bhfuil siad ag béal an doruis agaibh
Ná bac le deis fheamainne agamsa. Tá mo chuid talmhana ro-aistreánnach, agus ar aon-chor, 'sé cuid an bheagáin di atá againn. Níl fás mór feamainne ar bith ar na cladaigh se'againne
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon-deis chaorach againne. Tá an sliabh ro-fhada ó láthair agus gan aon-chongnamh ann le dhul ag breathnú orra
Is suarach an deis phoitín atá aca. Féadfaidh an póilidhe siubhal isteach in a mullach in a rogha uair, agus ní aireochar ag teacht é.
Níl aon-deis troda aige anois, ó d'imigh an "t-aingeal" eile úd — N. J. Sin é a bhíodh ag coinneál choc leis i gcomhnaí
Is beag an deis óil atá aige anois ó a phós sé thiar ar an bF. sin. Tá sé ró-fhada ó na h-óstaí. Ní fhéadann sé a bheith cho taithighthe ionnta agus a bhíodh sé.
Maidir le mo chuid imeacht-sa, is beag an deis imeacht' atá agam — is beag sin
b.
+–
Bhí mé istigh tigh S. G. trathnóna agus go deimhin má 'bhíos féin bhí deis chainte (stiúir nó slis chainte) ar Mh. Bhí sé ag scilligeadh bréag mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Is iongantas liom go seasann a theanga dhó chor ar bith ar an gceird siúd.
Níor chuir sé aon-deis chainte air féin fós. 'Leabharsa an uair a chuirfeas beidh sé in a aimsir. Fan leat
TUILLEADH (2) ▼
Nach air atá an deis chainte! Tá rosc an fhile ceart air. Ní innseochadh sé sin anois smid de'n fhírinne dhá mbeadh sé ag cur dhó seacht lá na seachtaine
Shíl mé go n-imeochadh sé an uair a chorruigh J. T. ach mo léan deacrach, ní raibh sé ach ag cur deis chainte air fhéin an uair sin. Dheamhan imeacht ná go mbeadh sé in a lá gheal dhá bhfaghadh sé ugach ar bith fanacht
+–
Níl aon-deis tóigthe orm = níl deis nó slighe mhaireachtála agam
Duine ar bith atá i gcleitheamhnas an "dole", tá sé gan deis tóigthe. Tá mise ag fáil an oiread dó (dhe) le mo leithide ar bith, ach an uair a bhainim tobac na seachtaine as, is "dole" spurtha é
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an deis tóigthe atá air féin ná ar aonduine istigh ar a bhaile. Níl aonduine ar an bhfeadhain aca nach bhfuil taobh le leath-ghabhaltaisín gágach
Ní fheicimse dream ar bith anois is fhearr a bhfuil deis tóigthe orra ná an dream atá ag imeacht ar an scuir. Mise imbannaí nach ngabhfaidh aonduine aca a chodladh an lá sin d'fhuireasbhaidh béilí feola, ní hé sin domsa agus duitse é.
Gabharmint (Government) ar bith nach bhfuil in don deis tóigthe a chur ar na daoine, is gearr é a shaoghal. Nach len a aghaidh sin atá siad ann. 'Deile?
+–
Níl aon deis mhaireachtála aige ach ag imeacht mar sin indiaidh a chinn roimhe, agus lá oibre a dhéanamh annseo agus annsiúd ar lóistín na h-oíche agus ar lón an bhóthair
An bhfuil aon deis mhaireachtála de'n rath ar an gceann siúd. Shílfeá go mbíonn sé gléasta thar cíonn scaithtí
TUILLEADH (1) ▼
Má's leat pósadh caithfidh tú deis mhaireachtála a fháil thar agus mar atá ort. Meas tusa an bpósfaidh bean ar bith cuaille nach ndéanann de mhaith ná de mhaoin ach ag fánadóireacht soir agus anoir an bóthar ó mhaidin go faoithin. Baoghal uirre muis!
+–
Ara cé'n chaint sin ort? Níl deis phósta ar bith ormsa. Fear agus a dhá láimh cho fada le chéile. Go dtugaidh Dia ciall duit a dhuine sin
Tá deis phósta air gan "doubt" ar bith, ach cá bhfuighidh sé bean? Tá sé cho mí-shlachtar sin ní dhá roint leis é, agus go saghdfaí na mádraí ann idteach ar bith dá dtiocfadh sé.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-fhear ins an tír is fhearr a bhfuil deis phósta air ná an mac sin thiar ag M. Ph. Ph. agus tá 'chuile bhean ag cur suas dó in a dheidh sin. Níl gus ar bith ann mar bheadh i bhfear tímpeall mná.
2.
acra, gléas oibre, oirnis.
+–
Dá mbeadh deis agam dheasóchainn, ach níl = acra, oirnís, gléas oibre
Caithfidh mé a dhul i gcoinne mo chuid deiseannaí, agus cuirfidh mise caoi air annsin. Níl ag tastáil ach rinse agus cupla "lever"
TUILLEADH (12) ▼
Cé'n deis atá tastáil uait. Fagh siséal agus déan snuigheachan beag annsin air. Déanfaidh oiread na fríde é. Is beag nach bhfuil sé ag breith mar atá sé
Nach aige atá na deiseannaí! Do dhubhshlán láimh a leagan ar aon-cheann aca sin. Má leagann crapfaidh sé leis ar fad iad, agus cead agad féin caoi a chur air annsin
Níorbh fhuláir duit deis thairis sin le é sin a dheasú. Thastóchadh "monkey-wrench" le breith air sin. Ní chasfaidh tú é dá fuireasbhaidh
Níor mhór dhó sin go leor deiseannaí. Caithfidh tú a thabhairt isteach i "ngarage". Níl aon-mhaith dhuit daoine a leigean ag putráil leis. 'Sé'n chaoi a gcuirfidh siad ó rath ar fad é, igceann mar tá sé.
Tá deis aige le "fags" a dhéanamh as na nútaí sin: cineál "meaisín" beag. Mar sin ná caith uait na nútaí sin feasta. Foghanfaidh siad
An bhfuil aon-deis agadsa le tubán a thógáil. Tá na cláir agam, agus tá an feireadh ceart ins an tóin, ach níl mé indon a thógáil in a dheidh sin.
Cheannuigh mé deis indiu le gruaig a bhearradh. Tá sé thiar annsin ins an seomra. Tabhair aniar é go bhfeicidh sé é
Níl aon-chall duit a dhul suas an oiread sin staighrí chor ar bith. Tá deis annsiúd le thú a thabhairt suas. Níl ort ach seasamh istigh ann agus gabhfaidh sé suas uaidh féin
Tá deis anois aca le móin a bhaint thar agus le sleagháin. Chonnaic P. Mh. iad dhá baint leis thart síos. Bhainfeadh sé an oiread in imeacht uaire le céad sleaghdóirí.
Tá sé seo thíos ag iarraidh deis a dhéanamh a chuirfeas solus ar fud an tighe. Sórt muileann gaoithe a bhéas ann adeir sé. Bhuailfeadh an ceann céadna faoi rud ar bith
B'éigin dom eirghe asta cheal deise. Ní fiú do sheacht mallacht an t-oirdín sin. I gceann mar atá sé, níl aon-chois rathamhail ann
Is dona í mo dheis le dhul ag deasú bróg: ceap briste, casúr gan aon-chois, agus scian nach ngearrfadh an t-ím
+–
Cé'n sórt deis mharcuigheachta atá agad? Mótar! Dar príosta. Shíl mé nach raibh cead ag mótar ar bith a dhul 'un bóthair anois
Go deimhin agus go dearbhtha duit, is olc é mo dheis mharcaigheachta: sean-"bhicycle" ó'n díle a bhí caithte thuas ar lota an sciobóil, agus a dheasuigh muid an lá cheana. Níl ann ach gur fearr é ná a bheith gan tada
TUILLEADH (5) ▼
Gabhfaidh mé do'n Ch. R. ambáireach má fhaghaim deis ar bith. Tá "bicycle" aige seo thíos, ach fear a mbeadh beann mhór aige air a gheobhfadh uaidh é. Is dóigh nach mbeidh aon-bhus ag dul ann
Cé'n deis a bhí Gaillimh agad? … Bus an eadh. Badh é ab éascaidh dhuit, agus gan bheith de do mheath féin leis an "sean-bhicycle" sin.
Cé'n sórt deis a bhéas agad ag dul chuig an Aifrinn. Na buinn! Diabhal an fearr deis eile. 'Siad a bhí ann shul ar tháinig deis ar bith eile amach
Meastú a bhfuighidh mé deis ar bith a iomchróchas as seo mé, nó an mbeidh mé ann ar feadh an lae: 'Sé a chosamhlacht é, nach hé
Níl aon-deis bhóithreoireachta aice anois ach na buinn, ó a buaileadh suas an sean-"bhicycle" uirre. Is mór an t-iongnadh muis go bhféadann sí comhnú ins an mbaile, agus an faisean a bhí aice a bheith imighthe 'chuile phuínte dhá mbainfeadh clog nó "watch"
+–
Níl aon-deis scartha aige. Marach sin, is togha scarthóir é. Ach chinn orainn aon-bharra a fháil dó. Nach bambairneach an rud é sin féin; ach tá 'chuile dhuine anois ag obair len a bharra féin
An bhfuil aon-deis scríobhtha agad — peann nó eile? Dheamhan fad méire agam féin
TUILLEADH (26) ▼
Thug an dearbhráthair deis iascaigh as Baile Átha Cliath chuige: glionndaí, cairteannaí agus eile, ach níl a dhath ag gabhail leis anois.
Níl aon-deis ghliomadóireacht' againn i mbliana. Dheamhan é. Tá potaí agus eile briste. Is mór an lear a thastóchadh ó'n gcurrach féin shul a bheadh sí in araidheacht a dhul 'un fairrge. Tá faitíos orm go bhfuil a' (ar) gcuid gliomadóireacht ar iarraidh ó d'imigh na gearrbhodaigh eile
Is deacair deis spealadóireacht' a fháil anois. Tá clocha faobhar ar a ghainne freisin cho maith le spealta
Cé'n mhaith d'fhear a bheith indon obair a dhéanamh lá agus nach bhfuil aon-deis oibre aige. 'Bhfeiceann tú láigheantaí, bróga agus eile. Ní féidir a bhfáil
'Bhfuil aon-deis bhearrbóireacht' annseo agad? Ní hí an rásúr féin atá mé a iarraidh ach má tá "aon-bhruisín" agad. Tá rásúr agam féin
Níl aon-deis shníomhacháin in do thír anois. Má tá is fada ó chéile é. B'fhéidir go mbeadh cuid de na túirní féin indiaidh a chéile — na creatalaigh — ach tá na róthaí agus na rudaí eile briste le fada. Caithfidh siad filleadh ar cheann gan cíoradh anois, ó thárla nach bhfuil a mhalrait aca
Sin é an deis bhuailte. Breathnuigh air. Duine ar bith a gheobhfadh iarraidh dhó sin i mullach a chinn bhí a chnaipe déanta. Seas iarraidh dhom mara gcreideann tú mé!
Má chaitheann bád an stiúir, bíonn "job" ar an stiúir a chur ar ais. Bíonn an stiúir curta as na boltaí. Níl aon-deis smachtú ar an mbád dá h-uireasbhaidh
Níl aon-deis smachtú ar na h-amhlóirí sin ach neart slaite, agus a tabhairt dóib te bruithte. 'Sé a dhéanamh leo é — 'sé sin
Sin togha deis bhruitheacháin. Ba cheart ceann aca sin a bheith ins 'chuile theach
Tá deis lasta ag J. Sórt boiscín beag é agus níl ort ach do mhéir a chuimilt air, agus tiocfaidh lasair air. An-deis é le píopa nó "feaig" a dheargadh
Chonnaic mise deis ghlantacháin idteach i mBaile Átha Cliath agus b'fhearr é ná deich scuab. 'Sé a raibh le déanamh leis é a ghreamú ins an mballa agus scuabfadh sé an t-urlár lena bhrughadh síos agus suas. Le "electricity" a bhí sé ag imeacht
Is diabhlaí an deis sáithte a bhí aige: spíle a bhí curtha isteach aige ar bharr scine. Thollfadh sé cruadhach
Tá deiseannaí marbhú aca anois thar mar a bhí fadó. 'Ar ndú' ní raibh leath na ndeiseanna sin aca ins an gcogadh deireadh féin. D'imigh an diabhal orra. Sin é a bhfuil le rádh agamsa leo
Níl aon-deis chrochta i bpríosún ar bith in Éirinn ach i mBaile Átha Cliath. Ins an sean-reacht chrochtaí daoine ins 'chuile phríosún. Níl crochadóir ar bith in Éirinn ach oiread. Caithtear fios a chur ar an gcrochadóir go Sasana an uair a bhíos duine le crochadh
Níl deis eirighthe ar bith agam faoi'n mála seo. = rud ar bith a bhéarfadh bantáiste dhom
Dá mbeadh deis luighe agam ghabhfainn a chodladh = leabaidh nó seol nó sráideog
Ní fheicim deis ólta ar bith ann. Ach cé'n dochar. Is maith a fháil len 'ól as na buidéil féin
Ní raibh aon-deis taosctha againn, mar chaith an diabhal siúd, len a chuid meargántacht', an galún ins an bhfairrge. Sin é an scaibhtéara agad!
Is iomdha deis ghearrtha ann thar agus scian. Tóruigh rásúr nó tuagh nó sábh nó ceann de na rudaí géara sin a bhíos taobh amuigh ar ghrátaí. Ní bheidh tú gan deis ghearrtha feicfidh tú fhéin. Ar chuala tú ariamh é: níl aonduine dá mbeidh builín aige nach bhfuighidh scian len a ghearradh
An bhfeiceann tú nach bhfuil deis bhainte ar bith ar an nglas sin ó'n taobh amuigh. Tá glas eile annseo le cur mara mbeidh aon-duine ins an teach. Is diabhlaí áirdeallach iad, ach is cosamhail nach mór dóib sin. Tá an áit seo faoi ghaduidhes (gaduidhthe) as éadan
An bhfuil deis ar bith scaoilte air seo. Má tá, tá sé ag cinnt orm a fháil. Do mhéir a bhrúghadh air sin! Huga leat anois! Ní chuimhneochainn go deo air.
Níl deis cheangail ar bith ar an gcapall sin amuigh agus tá faitíos orm go réabfaidh sí an doras. Tá sí an-dodach go deo
Cé'n sórt deis churta isteach atá air seo. Dar príosta is beag a bhíos ar a n-aire agus cho puinteáilte agus a ghníos siad iad
Ní fheicimse go bhfuil deis dúinte ar bith air, nó má bhí, tá sé dhá fhuireasbhaidh anois
Deirimse cuibhriú leat. 'Ar ndú níor chuir tú aon-deis chuibhrighthe air. Bhí sé cho maith dhuit an t-asal sin a leigean ar an scuir, len a chur isteach ingarrdha gan cromnasc. An cás céadna
3.
faghaltas, maoin, bráigill.
+–
Tá deis aige sin = maoin nó saibhreas. Ní tugtar ar airgead go h-áirid é, ach ar údar airgid .i. talamh, áit nó gabhaltas ar foghnamh, beithidhigh, acraí curaidheachta (céachtaí agus rl.), teacht isteach agus rl. Deis airgid atá i gceist ann b'fhéidir; sé sin slighe airgid
"Is dona an rud onóir gan deis" (sean-fhocal) = duine a bheith uaibhreach, leitheadach agus gan aon-chur leis ann; uaisleacht dhona; "beggared gentility"
TUILLEADH (7) ▼
"Onóir gan deis nó putóg gan geir" ar chuala tú ariamh é
Sin í féin muis, an onóir dhona atá ag imeacht leo sin: onóir gan deis nó putóig gan geir, adeir siad
Níl luach a bhéilí aige, agus in a dheidh sin agus uiliog, shílfeá gur mac duine uasail é, tá sé ag imeacht cho suimeamhail, cho leitheadach sin. Onóir gan deis ná putóig gan geir, adeir siad
Diabhal bréag nach fiú dhó a bheith ag imeacht agus a "chollar" agus a "tie" air. Ní raibh aon-lá ariamh nach raibh stróic de'n leithead ag imeacht le na Seáiníní céadna, pé'r bith ins an diabhal cé'n fáth. Onóir gan deis 'ar ndú. 'Deile
Ghabhfadh sí thart ar an mbóthar anois gan beannú duit. Tá sí an-mhór innte féin i gcomhnaí, té (cé) nach mórán le cois na sláinte atá aice anois. Má tá sí indon snáth a choinneál faoi'n bhfiacail, 'sé a cloch-neart é. Ach tá an onóir innte in a dheidh sin — an onóir gan deis
Níl duine ar an bhfeadhain aca nach bhfuil an bealach céadna leis: árdnós agus onóir. Chuala mise ariamh é: putóig gan geir nó onóir gan deis. Sin é a fhearacht aca sin anois é. Is iomdha cor ins an saoghal ó'n am a bhféadfaidís sin cis ar easair a dhéanamh de'n tír. Ní dhéanfaidh siad níos mó é, dar mo choinsias
Ní mórán samhaoine dhóib an onóir sin: onóir gan deis mar adeireadh T. Ph. Sh., go ndéanaidh Dia grásta air!
+–
Tá deis aige sin nach bhfuil ag aonduine ins an mbaile sin: dhá acra agus fiche de scoth na talmhana, agus feamainn agus sliabh dhá réir. Is buachaill é sin atá in a shuidhe go te.
'Bhfeiceann tú a bhfuil de dheis agus d'áirgí aige! Níl aon-cheo dhá bhfeileann d' fheilméara nach bhfuil aige. Dar fiadh tá. Má's í an capall fiadhaigh féin í, tá sí ann
TUILLEADH (3) ▼
Tá deis agus bráigill aige. Dheamhan lá aonaigh dhá n-eirigheann air, nach mbíonn suas le leathchéad bulán annsin thiar aige. Go bhféachaidh Dia ort, tá an oiread sléibhe aige sin agus a thóigfeadh a bhfuil de bheithidhigh ó chaorán mór na Gaillimhe go dtí Caorán Mór an Chillín. Níor ghaisce dhó sin, arsa tusa. Is beag atá ar an bhfad sin le h-ais mar bheadh in áit eile
Níl cinneadh go deo len a bhfuil de dheis ag an bhfeairín sin muis. Agus in a dheidh sin agus uiliog, tugadh bosóg ins an tóin dó amach as do pharáiste gan aon-bhean a thabhairt dó. Dhá dteagadh ceannaidhe ceirteacha timpeall muis, is maith réidh a d'eireochadh ceann leis, is maith sin
Tá deis agus cuid agus maoin aige sin. Dar príosta dhá bhfeictheá a theach déarfá sin. Is breagh áirgeamhail an teach é, agus ní taise do'n ghabhaltas talmhan' é atá aige
+–
Bhí deis ins an teach sin tamall, ach is maith bochtuighthe é indiu. Tháinig an díleághadh air. Smál é sin a bhíos ar chuid de na daoine. Dheamhan neart a bhíos aca air
Níl sé taobh leis an méid sin deise. Nach bhfuil giodán eicínt talmhana aige i S. F. agus beithidhigh aige air freisin. Tá agus seala mór
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr le dhul a chuid deise ar fhear Achréidh. Go bhféachaidh Dia ar do cheann a stór. Bheadh a chúig oiread talmhan' ag fear Achréidh leis gan trácht chor ar bith ar an maith a bheadh ann thairis
Shanntuigh sé an deis. Sin é an fáth ar chuir sé an inghean ann. Leabharsa ní raibh néal ar bith ar siúd. B'fheasach dó cá raibh an ciste gan aon-neach a theacht chuige!
Tá an dola air, ach tá an deis air freisin (feiliméara an Achréidh) = caitheann sé a dhul faoi chostas idtaobh a chuid talúna; tá cíos agus rátaí troma air agus rl. ach tá deis airgid aige freisin
·
Bhí sé láidir go maith indeis cheana, ach neartuigh sé tuilleadh ó chuaidh an chlann i bpostaí. Tá airgead le dóghadh aige anois
Níl duine ar bith thart ins na bólaí sin nach bhfuil láidir i ndeis. Is dóib is fusa. Déanann siad iarmhais mhóra ar bhainne. An fear is lugha beithidhigh annsin, bheadh suas agus anuas le cúig nó sé de cheanna aige.
+–
Is mór a thuit siad indeis le gairid, té (cé) go mb'fhurasta cur aca roimhe seo. Ach tá na caisleáin ag tuitim agus na cairn aoiligh ag eirigh mar adeir an ceann eile
Tá sé ag tuitim indeis mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Ba gheal an lá dhó, an lá ar phós sé an bhean sin. Tá sruth agus gaoth leis ó shoin. Ach chonách maitheasa air. Is maith an aghaidh sin air
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta dhó sin tuitim indeis, agus gan aon-tsiopa eile fhoisceacht dhá mhíle dhó le luach leithphighne a chur as dó. Ní bheidh achar ar bith go mbeidh sé in a ridire má mhaireann dó. Diabhal achar
Tá an saoghal ag feithiú leis ach ní mór linn dó. Má tá sé ag tuitim indeis, shaothruigh sé go cruadh é. Dheamhan a dhath adeirigh leis sin go bog ó a rugadh é, ná cuid dhá dhath
·
Chuala mé gur mór a thug sé anuas indeis le gairid. Chonnaic mise é sin scathamh agus ní raibh aon-fhear — ba chuma ins an míádh ché hé féin — i gC. Fh. nach leagfadh sé amach punt ar an bpunt leis. Bhíodh leath na dtamhnachaí sin suas ar cíos nó ar féarach aige an uair sin. B'fhada a chaith T. Sh. ag maorsacht dó i dT. an L. Níor mhaith dhuit maorsacht a shamhlú le T. indiu. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Ag tuileadh agus ag trághadh a chaitheas sé an lá
4.
riocht, bail, staid, caoi.
a.
+–
Níl an dearbhráthair atá ins an mbaile ag ól tada léis (tar éis) an deis atá ar an gceann atá inG. = aindeoin an bhail, an riocht, an chaoi, an staid a bhfuil sé
Is deas an deis atá ort anois le ól
TUILLEADH (13) ▼
'Bhfeiceann tú an deis atá air anois: a chuid éadaigh uiliog faoi dhraoib agus é ag eitealladh leis an bhfuacht. Is mór dhá fhonn atá ormsa anois deis a chur ort a bheadh deich n-uaire níos measa, mara deas an chaoi duit a theacht isteach mar sin agus do chulaith nuadh ghlan in a bog-eibhinn agad
Diabhal mé gob (gurb) aisteach an deis atá ort ag imeacht in do cheoláinín mar sin, i leabaidh dhuit fanacht ins an mbaile i gcionn do mhná agus do chuid páistí, ó' thug Dia dhuit iad
Diabhal mé nach h-eadh, (n)ach gurb uirre sin atá an deis aisteach: ag imeacht agus treabhsar uirre mar 'bheadh ar fhear. Níl cás ná náire uirre faoi ach oiread
Níl mórán de dheis anois orm muis. Má leigeann tú anall binn bheag de'n stól liom, beidh mé ar fheabhas an domhain
Is aisteach an deis atá ar an máistir scoile seo thíos: ag scaoileadh anuas na mbrístí de phutach ar bith nach mbeidh a "lesson" aige. Shílfeá go mbadh mhór an náire dhó a leithide de chleas a dhéanamh
Níor bheag dó an deis a bhí air agus gan tusa a dhul ag déanamh tuilleadh air. Má's thuas a fríothadh é, thíos a fágadh é, 'nuair a bhí tusa réidh leis.
Is diabhaltaí an deis atá air in éadan 'chuile dhuine. Is fear é atá in áirid a bhuailte muis. Diabhal bréag nach bhfuil. Éistfear leis scathamh, ach smutfaidh duine eicínt as a dheireadh é. Má smutann féin dheamhan leath-chirt a dhéanfas sé leis
Is gránna an deis atá ort dá mbeadh a fhios agad é: ag lígheachán do smaoise le do theanga. Cé'n áit ar thug tú an faisean sin faoi deara dhuit féin. Ní annseo é ar aon-chor. Beidh duine ar bith ceart a thiubharfas comhluadar do'n bhrothtuinn sin thíos. Diabhal bréag nach mbeidh
Nach aisteach an deis atá air. Ní mian leis duine ná deoruidhe a leigean isteach faoi chaolachaí an tighe. 'Chuile uair dhá dteigheann sé amach fáisceann sé glas ar an dorus. I bhfaitíos atá sé cheapfainn, go gcuirfí aon-chaidéis ar an mbean
Is gránna í a dheis: ag imeacht ag éisteacht i ndoirse dúinte le faitíos a dtiocfadh scéal ar bith uaidh. Dhá mbeirtí air, 'séard a bhí le déanamh leis a bheith dhá lascadh go dtugtaí dath dubh air. Ro-mhaith a bheadh sé aige
An bhfeiceann tú an deis atá ar an diabhlánach anois. Sháruigh sé a bhfaca mé ariamh len a chuid ámhuilleacht'
Sílim leis an deis atá air go mb'fhearr leigean dó. Tá sé thíos 'sa talamh ag na doigheachaí bradacha sin
Ní bréag leaduidhe a thabhairt air. 'Sé a dheis atá air — 'sé sin
+–
An bhfeiceann tú an deis atá ar an mbaile anois aice — ar scáth aon-bhean amháin. Ba mhaith suaímneach an baile é seo shul má leag sí a cois istigh ann. Ach d'eireochadh di: tháinig sí as tír an achrainn
Nach dalba an deis atá ar an saoghal: ríoghachta an domhain fré chéile in adhar an chochaill. 'Sé deireadh an domhain é mara bhfuil ag Dia. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá air
TUILLEADH (13) ▼
An bhfaca tú an deis atá ar an ngarrdha sin thíos leis. Tá coill shalachair ann, agus is fhearr leis in a dheidh sin ag obair in aisce do 'chuile dhuine eile ná cupla lá a chaitheamh dhá ghort-ghlanadh
Gabh suas agus breathnaigh ar an deis atá ar an leabaidh a chóirigh mé ar ball beag, ag an bpaicle bitheamhnach sin. Smachtaigh anois iad. Níl géilleadh ar bith aca domsa. Is gearr aríst go ndéanaidh siad é, mara mbagruighidh tú orra
Chonnaic tú an deis a bhí ar chois an asail ar maidin. Bhí sé ag imeacht ar thrí cosa. Casadh i ndroch-phas eicínt aréir é — mara in iothlainn Mh. é. Ní bheadh carghas ar bith aige sin é a dhonú
Is túatach an deis a bhí ar an gcoca féir sin ar maidin indiu. Dheamhan asal ar an gceathramhadh nach dhá shracadh a bhí aréir
Feacha an deis a chuir na bruacháin sin ar an lacha. Níor fhága siad liobar clúmhaighe ag gabhail léithe nachar strachail siad di. Sin iad na h-údair agad. Is beag an dochar dóibh a bheith leigthe leo fhéin fhéin, agus gan aon-bhacadh ag dul orra, ná smid dhá rádh leo
Is deas an deis atá ar na cigarettes anois. Thug sí cead dóib tuitim ins an lathach agus tá siad bog báithte. Sin í an stuaim i gcomhnaí
Is caillte an deis atá mar sin air ag imeacht ar thrí cosa. B'fhéidir dhá mbeireadh sib air agus breathnú ar an gcrúib go mbeadh a fhios agaibh céard atá ag goilleamhaint air
Is dona an deis atá ar an aimsir seo le dhul in éadan féir. Sílim go mbainfidh mé féin scathamh eile amach ar na portaigh nó go n-athruighidh an aimsir
An bhfeiceann tú an deis atá ar an ngabáiste i mbliana: í rodtha ithte as cnáimh éadain ag péiste agus ag cuileogaí. InDomhnach tá, hébrí cé'n chiall é.
Sílim leis an deis atá ar an mbealach th'éis na báistighe nach bhfuil sé ionrásta ag asal ar bith ualach móna a thabhairt ann. Ní shiubhalfadh an fiadh na cíacraí bradacha sin scaithtí
Is breagh an deis atá ar 'u (bhur) gcuid móna th'éis na tuile seo. Breagh nachar thóig sib í as a scaradh an uair adubhairt mise lib é. Bhí sí in araidheacht a gróigeadh an uair sin, ach tá sí in a bog-eibhinn anois
Is maith an deis atá ar an tír dá mbarr. Nach bhfuil na daoine bánuighthe aca. Má thugann sib léas chúig bhliana eile dhóib, beidh sib ag iarraidh 'u' (bhur) gcodach. Tuilleadh diabhail agaibh a ghéilleas dóib!
An bhfeiceann tú an deis atá air ag imeacht ag ruathrúch (laogh) = caoi
+–
Is dona an deis a chuir sé ar a chuid airgid: é a chaitheamh ar sclaibéaraí. Is furasta aithinte an duine dona i gcomhnaí. Bíonn sé de bheith air, dhá mbeadh an saoghal aige, nach bhfágfadh sé cianóig ruadh aige féin
Níor fhága sé sop feamuinne ins an gcladach anuiridh nachar sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailighthe aige i gcomhnaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirre in a dheidh sin: a fágáil in a meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh 'chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceál ag dul 'un sochair do'n chomhursa
TUILLEADH (8) ▼
Fágadh an domhan agus a mháthair talmhan' aige sin, agus nach dona an deis a chuir sé air. Tá an chuid is fhearr dhe anois leigthe 'un fiadhántais aige, cheal saothruighthe agus 'cheal aire. Dar príosta, is olc an aghaidh ar chuid de na daoine tada a fhágáil aca. Déanfaidh siad cis ar easair dó
Nach dona an deis a chuir an bromaire sin thoir ar a shaoghal. Feacha anois é, agus gan a dhuth ná a dhath aige ach ag romhar ins an bpóicín siúd ó thuaidh de'n teach. Scread chasta air nach n-imeochadh go Sasana nó in áit eicínt agus gan a bheith ag locadóireacht annsiúd, ag cur guirín ar chroidhe an athar 'chuile uair dhá mbreathnuigheann sé air, agus ar chaill sé leis
Is dona an deis a chuir sé ar an údhachta a fuair sé … Cheal nar chuala tú é? Fuair sé lán laidhre, a mhic ó, agus níl iabh air anois ach dhá ól … Tá sé ráidhte ariamh a mh'anam: "airgead cailleachaí dhá mhún le ballaí"
Is dona an deis a chuir sí uirre féin, agus a bhfuair sí d'fhoghluim: a dhul agus an sean-liúdramán gránna sin a phósadh. Beidh a shliocht uirre: beidh aithmhéala uirre fós
Cé a chuir an deis siúd ar an dubhachán móna? D'fhága duine eicínt béal in áirde é, agus níl deoir as aer nach bhfuil ólta aige. Is cuma le cuid de na daoine é, ach an t-ualach sin a thabhairt as, agus é a fhágáil faoi thoildeona Dé annsin. Ní gan uí gan ó móin a fháil anois
Diabhal asna dhíot nach tú a chuir an deis siúd ar mo chuid féir aréir! B'fhurasta 'aithinte dhom é dhá gcuimhnighinn air. Tá an colbh thiar uiliog in a chiseach de bharr na h-oíche. Beirt eicínt a bhí ag cúirtéaracht ann. Ní hé do mhalrait féin a bhí ann ariamh
Céard a chuir an deis sin ar do bhéal. Tá sé míllte gearrtha. Ní féidir go raibh tú ag troid
Tá maith mhór dhuit leabhar nuadh a fháil do'n ruifíneach sin go deimhin. Cuirfidh sé an deis chéadna uirre a chuir sé ar an leabhar cheana. Ní sheasfadh airgead Damer do dhuine ag coinneál leabhra leis sin
b.
deasú, deisiú, cur faoi réir.
+–
Is breagh an deis atá aige ar an teach = caoi bhreagh, cuma cheart shlachtar air
Níl thairis sin de dheis ar a gharrdha muis
TUILLEADH (6) ▼
Tá priobán dheas talmhana aige dhá mbeadh aon-dheis air, ach sin rud nach bhfuil air ná nach mbeidh air, má bhíonn sé in a chleitheamhnas siúd
Dhá mbeadh deis ar an tóchar atá ann, tá an chuid is fhearr de'n talamh cuir atá againn ann. Tá muid ag tuineadh leo le chúig bhliana ag iarraidh comhla a chur leis a bhacfadh an taoille, ach bhí sé cho maith dhuinn a bheith in a(r) gcomhnaí, scáth ar thug siad de thoradh orainn. Tháinic seilbhéara ann agus mapaí aige, ach mo léan géar!
Is beag an deis a d'iarrfadh an bicycle sin nuair a bheadh sé ceart. Dá mbeadh péire "tubes" ann agus "mudguard", ba mhaith an congnamh air iad
Is beag an deis a theastóchadh ó'n teach sin chor ar bith 'nuair a bheadh sé in a theach bhreagh. Feicthear dhom gur mór an dícéille atá air bualadh faoi theach nuadh a dhéanamh agus teach cho breagh sin aige cheana
Níl deis ar bith ar an scioból sin l'aghaidh damhsa. Ní mór na fataí a chur amach as, agus coca a dhéanamh de'n tuighe, agus an t-urlár a scuabadh agus a sciúradh. Cá'id go mbeidh an chuairt mhíosa ann?
Is mór is fiú dhuinn an méid sin deis' a bheith ar gharrantaí bharr an bhaile againn thar agus mar bhí siad. Ní raibh goir ar bith againn a dhul dhá gcur cheana ach féadfar a gcur anois
+–
Nach breagh an deis a chuir sé ar an seomra siúd. Is seomra ornáilte ceart anois é. Tá díol rí de theach aige gan bhréig ar bith
Cuireadh an-deis ar an gculaith siúd dó. Is geall le culaith nuadh as an bpíosa anois í. Ní aithneochthá uirre gur caitheadh ariamh í
TUILLEADH (14) ▼
Má's againn a bhéas an sagart i mbliana, caithfear deis eicínt a chur ar an simléar sin. Níl puth dhá tharraingt aige
Is maith uaidh deis a chur ar thubáin leis an gceart a dhéanamh. D'fheicfeá daoine eile agus dhá mbeadh an stuaim féin ionnta, ní bheadh an soilgheas ionnta
Tá an barr-baile ó rath orainn ar fad 'nuair nach gcuirtear aon-deis ar an mbóithrín. Níl aon-ghoir againn aoileach ná feamuinn a chur amach
Ná bac leis siúd ag cur deis ar thada! Bhain sé féar annsin thíos anuiridh, agus níor bhain sé as a bhuille é, gur lobh sé ar an talamh le amluadh. Sin é an fear tighe agus urláir agad!
Mara gcuiridh tú deis eicínt ar an leaba sin thuas anocht, ní bheidh aon-deis (chodlata) ortsa innte. Tá lagán síos in a lár. An tsraith atá tugtha uaithe
Is géar a theastóchadh deis a chur ar an gcathaoir seo, agus gan a fágáil mar tá sí. Chaith mé an oíche aréir in mo shuidhe uirre agus go deimhin, má chaith féin, ní mórán deis' a bhí orm. Bhí sí ag sníomh fúm, agus faitíos orm 'chuile phuínte gur ar shlatrachaí mo dhroma ar an urlár a bheinn
Dá gcuirtí deis bheag ar an gcarr sin bheadh sé thar cíonn. Ach is deacair dó aon-smais a bheith air — carr nachar cuireadh bealadh ná "paint" ariamh air
Cuir deis ar an gcoca féir sin agus ná bíodh leath-mhaing mar sin air. An chéad-sinneán a thiocfas, ionntóchaidh sé druim ar ais é
Ní fuláir duit deis a chur ar an díon thairis sin. Is maith luath a cháinfeas do chliamhain an cur atá tú a thabhairt uirre (ar an tuighe) má chastar aniar é. Tuigheadóir puinteáilte é féin
Ní mórán de dheis a chuir sé ar na bróga th'éis ar bhain siad de chaint amach. Breathnuigh uirre sin. Nach bhfuil sí ag eirghe ó bhonn aríst. Mo choinsias tá
Cuirigidh deis eicínt ar bhearna na h-iothlann, agus ná bíodh a bhfuil agaibh béal in áirde agus asail na tíre ag déanamh plaicín ghabhair dhó (dhe). Is deacair dhaoib aon-teach a bheith agaibh, má mhaireann daoib ar an tsiléig sin
Shílfeá go gcuirfeadh sí deis eicínt ar a cuid gruaige agus gan í a bheith ag imeacht in a stuithneachán mar siúd. Siúd í ceann gan chíoradh ar chaoi ar bith!
Má tá pota le dhul ar an teine sin, ní mór dhaoibh deis bheag a chur uirre. Caith anuas gabhailín mhóna chugam … Nach gann gortach a thug sib isteach í, má tá sib taobh leis an méid sin
Ní fhéadfaidh mé a dhul ag damhsa ar bith go bhfaghaidh mé deis ar mo bhróga. Tá péire tosaigh ag tastáil uatha go géar
+–
Má's leat pósadh imbliana ní mór duit deis thairis sin a chur ort féin. Ní thiocfaidh siad isteach cho fada leat annseo ar an teallach. Is beag an baoghal orra.
Ara cé'n deis atá sé a chur air féin le posta a fháil. Ar chualaidh tú ariamh é: mheallfaí bean dá gcaithtí dúthracht léithe. Níl postaí le fáil ins na smiochóideachaí
TUILLEADH (4) ▼
Má bhí rún aige a dhul ag troid ba dona an deis a chuir sé air féin. Breagh nachar bhain sé anuas an "seaicéad", agus na muinchillí a chrapadh mar a rinne a leithide ariamh
Ní fheicim go bhfuil sé ag cur mórán deis' air féin le dhul 'na bhaile mhóir indiu. Déarfainn nach bhfuil. Is fada leis an t-aistir agus is fuar leis an lá
Má tá tú le dhul ag baint mhóna ambáireach, breagh nach gcuireann tú deis eicínt ort féin. An bhfuil barra agad? Ná dorugha. Ná sleaghan. Sílim go mbeidh sí gan baint má bhíonn sí in do chleitheamhnas-sa
Má's leat Earrach a dhéanamh cuir deis ort féin feasta. Ar chuala tú ariamh gur dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht
+–
Níl aon-deis 'e (de) rath ar aon-duine ar an mbaile seo, le dhul ag saothrú ar bhóithrí fós. Tá leath a gcuid fataí ins an talamh gan baint. Sílim go bhfuil 'chuile dhuine siar le na fataí i mbliana thar agus bliain ar bith eile. Tháinig an uair an-fhliuch.
Má tá sé ag tnuthán le obair breagh nach mbeadh deis air thar mar tá. 'Ar ndú' duine ar bith a d'fheicfeadh é ag fánuidheacht faoi'n mbaile sin thoir, ní thiubharfadh sé smeach oibre le déanamh dhó go bráth. Is túisce a ghabhfadh sé idtigh diabhail ag iarraidh fear oibre, ná a bheadh baint ná páirt aige leis
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé sin le dhul faoi bharra! Is deas an deis atá air muis le dhul faoi bharra. Diabhal bréag nach deas. B'fhéidir go dtóigfeadh sé aon-mhiaróigín a thuitfeadh di, agus go mbeadh sé indon a dtabhairt leis go dtí an cárnán. Ní mó ná sin é
Is breagh an deis glantacháin atá uirre, a cuid éadaigh Domhnaigh! Déarfainn dhá mbeadh fonn glantacháin uirre nach gabhtha gléasta mar sin a thiocfadh sí. Ach bíodh aice. Mara miste léithe féin a cuid éadaigh nuadha a mhilleadh, ní miste linne
5.
cumas nó spreacadh nó luighe le láimh seachas an lámh eile ag obair.
a.
+–
Tá an láighe sin ar mo dheis = má's ciotach duit, is láighe chiotach í, nó má's deiseall duit, is láighe dheiseall í
Céard í do dheis? = an ciotach nó deiseall atá tú
TUILLEADH (7) ▼
Níl a fhios agam an bhfeilfidh an sleaghan sin duit chor ar bith. Céard í do dheis
Ní fhéadfaidh mise aon-bhuille oibre a dhéanamh nó go bhfaghaidh mé láighe a bhéas ar mo dheis. 'Ar ndú' ní cheapann tú go bhfuil fear ciotach indon láighe dheiseall a oibriú. Baoghal air
Ní fhéadfainn aon-cheart a bhaint de'n láighe sin. Níl sí ar mo dheis
'Sí atá ar fheabhas ceart. Tá sí ar mo dheis
Is cuma céard í a dheis mar 'sé an cás céadna dhá gharrdha é. Dhá mbeadh sé ciotach agus deiseall cho maith le chéile, níl aon-spreacadh ann le tada a dhéanamh. Diabhal spreacadh ná cuid de spreacadh
Fear nach bhfuil a fhios aige cén deis a bhfuil sé, cén chaoi a bhféadfaidh sé fataí a chur = an deiseall nó tuaifeall é
Níl a fhios aige cén deis ar chóir don láidhe a bheith (deiseall nó tuaifeall). Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin!
+–
Cinnfidh ar Sheán aon-rath a dhéanamh má chuireann tusa an "ball" suas ar an taobh thoir. Ach leigeann tú chuige i gcomhnaí ar a dheis í
Is maith le chéile an cúpla sin. An bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil an liathróid ar a dheis ag 'chaon duine aca — fear deiseall agus fear ciotach. Déanfaidh siad puca de'n bheirt eile
TUILLEADH (4) ▼
Ceann ar bith a theagas ar a dheis chuige, leagann sé uirre, ach tá an fear istigh féin sáthach aigeanta. Níl sé dhá gcur amach ar a dheis chuige. Níl rath ar bith air leis an gciotóig
Shílfeá anois, fear ciotach go scríobhfadh sé ciotach; gurb é a bheadh ar a dheis. Ach ní fhaca mé aonduine ariamh ag scríobhadh ciotach. Bíonn siad ann in a dheidh sin is dóigh
Ar an taobh siúd is fhearr dhó í. Beidh sí ar a dheis aige. Ciotóg é. Shílfeá nach bhfuil locht ar bith aice ar na gnaithí ach an oiread. Dheamhan cuíbheamhlacht ar bith fanta ins na mná anois, ná cuid de chuíbheamhlacht. Is fada go leigfeadh bean fadó cead d'fhear breith uirre as comhair na tíre mar sin.
Buail é ó atá sé ar do dheis = ó tá deis, seans nó leigean agad air
b.
+–
An fhad's 'bhí mé ag cur suas na móna ar mo dheis bhí agam. Bhí mé ag tabhairt cnáimh le creinneadh do'n scarthóir, ach cho luath agus a d'athruigh siad, agus a mb'éigin dom tosuighe in aghaidh deise, bhíodh sé ag forcabhás orm ar an mbruach (ag baint mhóna in aghaidh deise = ag baint an bhínnse i riocht agus go gcaithfeá an mhóin a chur ar thaobh na láimhe ba lugha umhlachta)
B'fhurasta dhuitse earra mhóna a bheith ar bruach agad agus an scarthóir a shárú, ach feacha mise a bhí ag baint in aghaidh deise i gcaitheamh an lae. Is beag an dochar dhom arsa tusa a bheith gan seadh gan seoladh anois
TUILLEADH (5) ▼
Chaith mé lá ag casadh fóidín baice in aghaidh mo dheise do J. annsin thíos. Mara gcasainn mar sin é, chaithfeadh seisean an chlaise a chur isteach in aghaidh deise, agus ó a bhí sé in a shean-fhear ba mhór liom a dhul ag fiachadh air.
Chaith mé an lá ar mo mhine ghéire. Bhí a shliocht orm: is beag le go raibh mé indon mo shean-bháinín a iomchur abhaile trathnóna
Ní thiocfadh sí liom chor ar bith mar sin. Bheinn ag obair in aghaidh deise. Tá sé ceart go leor agadsa atá ar do dheis
Chaith mé an lá ag tarraingt an tubáin in aghaidh deise, leisce P. Mh. a chur dhá tharraingt scaithtí in aghaidh a dheise féin. Dhá n-athruigheadh muid mar a bhí againn a dhéanamh, thuitfeadh seisean i mbun a chos faoi. Dheamhan mórán gaisce a bhí air, mar a bhí sé féin
Seas ar an taobh seo agus píceáil amach ar do dheis í. Nach feasach duit gur in aghaidh deise atá tú ag píceáil anois. Shoraidh dhíot nach nglacann go réidh thú féin, agus gan forú mar sin a bheith ort. Is iomdha oíche ag an teampall orainn
·
Is diabhaltaidhe an báireoir é, agus an chóir a dteagann an liathróid chuige, caitheann sé an poc a bhualadh in aghaidh deise 'chuile uair. Tá trí chúl amuigh aige anois dhá bualadh in aghaidh deise. Dhá bhfaghadh sé ar a dheis í, níl a fhios cé'n gníomh atá ann. Dhéanfadh sé cat agus dhá rioball. 'Sé atá deas air!
Ionntuigh ar an taobh eile agus beidh do bhuille ar do dheis agad. Tá tú ag bualadh anois in aghaidh deise, agus do do chlaoidhe féin.
6.
faoi réir, réidhtighthe, ollmhuighthe.
a.
+–
Ní raibh mé ar mo dheis len a dhéanamh an uair sin = ní raibh mé faoi réir nó feistighthe
Is mór an seans é, do'n duine atá ar a dheis le tosuighe ar an toirt boise. Ach sin caoi nach bhfuil cuid againne
TUILLEADH (6) ▼
Níl mé ar mo dheis ceart fós, ach an uair a bhéas, feicfidh tusa dubhachan déanta. Ní stró ar bith dhomsa an garrdha sin a fhódú in imeacht cupla lá … Foighid ort go bhfeicidh tú!
An té a bhí ar a dheis le dhul ag baint mhóna an uair sin, agus an aimsir bhreagh a thapú, bhí a shliocht air: tá móin aige. Ach ní raibh fata de bhláth bliana lánuighthe ag cuid againn an uair sin. Sin é a d'fhága ar deireadh muid
An té atá ar a dheis anois le dhul ag sean-leasú leis an bhfeamainn dearg seo, tá leis. Féadfaidh maicín S. a tapú. Bíonn sé as cionn a chuid oibre i gcomhnaí. Is ait an saothruidhe é
Dhá mbeinn ar mo dheis, dhéanfainn sin féin, ach tálta (ó thárla) nach bhfuil caithfidh sé fanacht go mbeidh breith ag na daoine air. Níl rud ar bith is géire a thastuigheas timcheall an tighe faoi láthair ná fail mhuc
Ní fheicfidh tú ag caitheamh an phíopa é, ach an uair a mbíonn sé ar a dheis ceart: am scuirthe trathnóna, nó th'éis am dinnéir. Is beag an luadh a bheadh aige é a dheargadh chomh uain agus a bheadh sé ar a tháirm oibre. M'anam nach ndeargfaidh!
Ní mó ná dá mbeadh sé ar mo dheis ceart anois go ngabhfainn do mo mheárú féin ag biorrú claidheachaí. Tiocfaidh na claidheachaí leis an gcaoi atá orra, nó go bhfaghaidh na daoine ionbhadh maith ar a dhul in a n-éadan. Seo í an mhí dhubh ar aon-chor, agus níl mórán bearradh le baint ag aon-cheo de'n talamh
b.
bantáiste, cóir, i bhfeilmheaint.
+–
An uair a tháinic siad ar a ndeis chuir siad tuilleadh earraí isteach agus dheamhan i bhfad nó go raibh siopa láidir aca = an uair a bhí an oiread brabaigh nó bantáiste aca de bharr ar dhíol siad roimhe sin
Níl aon-mhaith dhuit ag caint ar an rud sin anois. Indiaidh a chéile a déantar na caisleáin. Tá do dhíol de theach agad faoi láthair. Fan go dteagaidh sé ar do dheis agus déan ceann annsin. Ach cé'n smál a bheadh ort a dhul ag bacadh leis anois agus a bhfuil eile ag glaodhach ort
TUILLEADH (6) ▼
Shín sé amach páipéar deich bpunt agam. "Seo anois a bhean chóir" adeir sé. "Íoc do chuid dlighteanais leis sin, agus ná bíodh deifir ar bith ort dhá íoc liomsa, nó go dteagaidh sé ar do dheis go maith. Níl dlúthas ar bith agamsa le airgead". Caraid a dhéanfadh é, nach h-eadh
Bheadh an scéal ceart go leor dhá bhféadthaí na gálaí sin a íoc ar ais uair ar bith a dtiocfadh sé ar dheis duine, ach ní fhéadfaí. Caithfidh duine a bheith suas leis an lá cáirde. Mara mbeadh "bháithfidís" a mbeadh ag gabhail leat
Bíodh foighid agad. Tiocfaidh sé ar do dheis uair eicínt iarraidh a thabhairt dó, agus ná leig do leas ar cáirde annsin. Tabhair dhó go trom tairbheach é
Fág mar sin é, nó go dteagaidh sé ar do dheis go maith. Ach a dteagaidh déan é, ach níl dlúthas ar bith leis go dtí sin.
Déarfaidh mé leis é, ach a dteagaidh sé ar mo dheis. Ní bhfuighinn ionnam féin a ionnsuighe faoi láthair. Tá mé faoi chumaoin aige. Ach a gcúitighidh mé an chumaoin sin, beidh mé díreach leis, agus féadfaidh mé mo rogha rud a rádh leis. Beidh a shliocht air: gheobhaidh sé an teanga uaimse, feicfidh tú fhéin air
Níl aon-ghoir aige 'chaon tsórt a dhéanamh in éindigh. Tabhair ionbhadh dhó. Bainfidh sé deatach as Sasana 'nuair a thiocfas sé ar a dheis. Siúd é an buachaill aice
+–
An uair a thiocfadh sé in a dheis, dhéanfadh sé é = an uair a bhfuigheadh sé faill air; an uair a mbeadh sé igcruth a dhéanta
Déanfaidh mé sin féin, má theagann sé in mo dheis. Mara dteagaidh, fanóchaidh sé annsin. Ní bhainfidh mé leis go mbeidh mé as cíonn mo chuid oibre ceart
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n ghoir atá agamsa fanacht nó go dteagaidh sé in do dheis-sa é a dhéanamh. Nach fearr go fada dhom leigean dó ar fad
c.
+–
Tá sé ar a dheis aige dháiríre anois = is féidir leis an rud a dhéanamh gan stró ar bith; níl teampán ar bith air faoi'n rud a dhéanamh, nó a chúis a chur i gcrích
Féadfamuid a dhul ag baint fóidín aiste (ag baint mhóna) lá ar bith feasta. Tá muid ar a' (ar) ndeis aige
TUILLEADH (4) ▼
'Sé atá ar a dheis aige ceart anois. Níl aon-fhear in do thír is fhearr an aghaidh bean ná é. Beidh "bainis Pheige Ní Eaghra" annsin. Níor fhága siad aon-éalann ariamh ar an ngnaoidheamhlacht
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aice anois. Measaim nach mbeidh aon-duine le dhul in a béal ort. Tá 'chuile dhuine ro-chruadhógach le na fataí
Is mé a bhí ar mo dheis aige ceart dá dteagadh sé ach níor tháinic. Loic sé. Bíodh aige anois. Is fada aríst go dtugaidh mise an dóigh dhó, ó d'fhan sé uaim.
Is iad atá ar a ndeis aige. Níl talamh na tráigh ag cur imní orra, lá agus nach gcuireann siad ach ceapaichín amháin fhataí. 'Ar ndú' féadann siad sin a bheith ag pléidh le poitín, 'chuile lá dhá n-eirigheann ar a súil
+–
Tá a theanga ar a dheis aige ar chuma ar bith = tá sé paiteanta ag caint; is cainteoir maith é
Ná h-iarr in a dhiaidh siúd é, má theigheann sé ag cóiriú aonduine. Tá a theanga ar a dheis aige. Ba dual dó. Cainteoir maith a bhí in a athair féin.
TUILLEADH (2) ▼
Tá a theanga ar a dheis aige, ar chuma ar bith. Is geall le 'tornae (atornae) é, ag scoilteadh cainte.
Chuirfeadh sí cosa beaga faoi na glasógaí ag caint. Mo léan géar nach aice atá an teanga ar a deis. Bheadh sé fánach ag mo leithide-sa a dhul ag coinneál cabaireacht' léithe
+–
Sin é an buachaill a bhfuil an chaint ar a dheis aige = ar a chomhairle féin
Tá an deagh-chaint i gcomhnaí ar a dheis aige. Ar chuala tú an oiread nathuidheacht' ag aon-chríostuidhe beo agus atá aige. Shílfeá go slóchtfadh sé é féin agus a mbíonn le rádh aige
TUILLEADH (3) ▼
Níorbh fhuláir do dhuine an Béarla a bheith ar a dheis aige le carra chainte a chur air sin. Maidir le mo leithide-sa, ní bheadh aon-ghnatha agam ag pléidh leis.
Chonnaic mise an chéad am a dtáinig sé sin annseo nach raibh smid Ghaedhilge in a phluic. Bheitheá ag caint leis igcaitheamh an lae agus ní bheadh a fhios aige an focal féin adéarfá. Ach mo choinsias, tá an Ghaedhilge ar a dheis aige anois
Tá an ghráiscínteacht sin ar do dheis agad go maith, tá sin. Ach níl do chuid paidreachaí agad leath cho maith. Diabhal é muis
7.
ionntú nó claonadh nó fiar chuig … , ar aghaidh, as coinne.
+–
Shílfeá go bhfuil tú ar dheis na gréine dhuit féin, bail ó dhia ort (ar dheiseabhar na gréine; is annamh adeirtear "deiseabhar") = ar aghaidh na gréine
Bhí dubh-theas ann indiu ar dheis na gréine. B'éigin dom féin agus do T. Mh. a dhul ar scáth na sceiche thuas ag an mboithrín treasna
TUILLEADH (5) ▼
Is breagh socamhlach atá tú bail ó Dhia ort ar dheis na gréine. 'Cheal nach n-airigheann tú griodánta indiu í. Ní airigheann
Tá sé aerach agus ar dheis na gréine. Is deas an áit tighe é
Oscluigidh an dorus atá ar dheis na gréine. 'Ar ndú' ní gaoth atá ann le go mbeadh sib dhá choinneál dúinte
Is gearr a bhéas an mhóin sin ag triomú feicfidh tú féin air. Tá deis gréine annsin uirre. Ní thriomóchadh do chumhachta na portaigh atá agamsa ar an taobh ó thuaidh de'n chnoc
Is deacair féar a thriomú i gcomhnaí ar an taobh sin de'n chnocán. Ach ní bhíonn anró ar bith air, ar an taobh ó dheas mar bíonn deis na gréine air
+–
Tá sé ar dheis na glóire le congnamh Dé; ar dheiseabhar na glóire = as comhair Dé ins na Flaithis
Ar dheis na glóire go raibh sé! Bhí 'chuile dhuine buidheach dó, agus beidh Dia freisin buidheach dó le congnamh Dé
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ar dheis na glóire anocht, agus má tá féin, is maith a shaothruigh sé í. Níor leig sé faillighe in aifreann ná in urnaighe ariamh
Níl call duit caitheamh in a diaidh ar bith a bheith agad. Is maith an mhalrait aice é. Tá a h-anam geal ar dheis na glóire anocht
Mara bhfuil seisean ar dheis na glóire is truagh do'n chuid eile againn. Níor ghoid sé ná níor fhuadaigh sé, ná níor chuala aon-duine ach an deagh-fhocal as a bhéal ariamh faoi'n gcomharsa. Go dtugaidh Dia a luach dó!
8.
an cluiche cor.
a.
+–
Diabhal mórán a d'fheicfeá iad ag bualadh deise ins an ruta seo anois. Ní bhíodh domhnach ná Dálach fadó nach h-í a bhíodh uiliog thíos annsin thíos ar an mbóthar, ach ní fhaca mé ann anois í le na cianta. 'Sé an áit a mbíodh an daoradh bualadh againn ar an leic sin ó thuaidh de bhóthar, ar aghaidh gheata Mh.
Teigheadh muid ag bualadh deise. Gheobhaidh muid an-spraoi air
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh rath ná ríoghacht leis an gcomlán a bhí againne. Bhídís ó dheis 'chuile phuínte. Bhí na buachaillí eile seo ro-aigeanta aca
b.
taighrigheacht chóireamhail nó bantáiste nó leigean buailte ins an gcluiche cor.
+–
Caithtear crainnte ar dheis = féachaint cé'n fuireann a gheobhas tús buailte ar an liathróid ins an gcluiche corr
Fan thusa ar an daoradh bualadh le deis a thabhairt duinne
TUILLEADH (13) ▼
Nach h-iad do dhream-sa a bhí ag tabhairt na deise.
Mara mbí tú go maith ins an áirdeall ort féin anois cuirfidh sé ó dheis thú = d'fhuirinn a dhóghadh nó a chur amach (féach dóghadh agus cluiche cor)
Má dhóightear iadsan geobhaidh muide deis.
An dóghadh ar chúl daoradh a chuir ó dheis muide trí h-uaire. Tá boc ag S. Mh. cho cam le cois deireadh cuit
Fuair siad-san deis ingeall ar do chuid sleamchúis-sa. Ní dhéanfadh áit ar bith thú leis an liathróid a chur ach isteach i gcrúib J. Uí Mh. 'chuile uair. Sin é an chaoi ar chaill muide deis leath na gcuarta
Níl sé indon deis a bhualadh achar ar bith. Ní raibh aon-duine ar an daoradh reatha aon-uair dhár bhuail sé í ó mhaidin. Tá muid cuibhrighthe ar an daora clis ó mhaidin
Amachaighidh lib. Tá deis againne
Is gearr an t-achar atá sé indon an "ball" a chur leis an deis chor ar bith. Fágann sé daoine ar an daoradh clis i gcomhnaí
Ag fanacht le deis atá siad le baint as. Cho luath agus a gheobhas siad deis, déanfaidh siad ar an daoradh teacht abhaile
Is diabhlaí go deo an pleota thú. Nachar dhubhairt muid leat cheana má aimsighthear an liathróid ins an aer indiaidh do dheise go bhfuil dóghadh ann. Ní mian le[at] in a dheidh sin gan a cur isteach i láimh an "tset" eile
Sin anois deis mhaith. Deifrighidh a chailleachaí. Beidh sib uiliog "ins an mbaile"
Buailighidh deis agam. Caith deis chugam a Sheáinín. Bainighidh as a chonuasachaí, bainighidh as, nó beidh sib dóighte
'Sé T. a chaith deis chuige an uair sin ar thug sé an boc dalba do'n "bhall". Thug sé abhaile uiliog muid an uair sin. 'Sé a bhí deas air. Nachar chuir sé siar ins an gcrích dhriseachaí í. Dhá mbeadh an daoradh teacht abhaile thoir ag an D. Mh. ba bheag an stró orainn a bheith ann. Dheamhan stró muis
deis in iontrálacha eile (100)
→
dán
Níl indán mise a mharbhú, adeir an fathach, go mbuailtear ar an mball dóráin atá ar mo chích dheis mé le ubh d'uibheachaí na lachan sin
→
daol
Chaithfeadh sé gur theangmhuigh daol eicínt leis ar maidin agus é a bheith ag imeacht ag bruimseálacht mar sin. Ní réidhteach do'n teach muis má tá dhá cheann an tighe thrídh lasadh mar sin (an fear agus an bhean ag troid). Ach b'fhurasta aithinte nach i bhfad a bhainfidís amach suaimhneach agus an deis a bhí uirre féin oíche na bainse
→
daor 1
Ba daor a chuaidh an bualadh air, ach diabhal a ngabhfainn i mbannaí nach ndéanfadh sé aríst é, dá dteagadh sé ar a dheis. 'Sé a bheadh deas air déarfainn
+
→
daoradh
Ní chuirfidh siad ó dheis muid an "trip" seo. Tá boc dalba ag an gcaiptín se'againne. Beidh muid ar fad ar an daoradh teacht abhaile shul a bhéas aonduine aca 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhi.
TUILLEADH (2) ▼
Ní shin é an chaoi a bhfuil sé in áiteachaí eile chor ar bith. Má chuireann siad an liathróid ar chúla an daoradh féin ní bhíonn tada dhá gcaillteamas leis. Ach sílim gur deise é mar atá sé againne
Bhí sé cuibhrighthe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinneamhaint air corruighe di. 'Chuile uair dhá leigeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóighte ar áit na mbonn. Ba shin é an deasú air. Níl aon-ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhuinn a bheith aige le "deis" féin
→
deachma
Is diabhlaí aibéil a tháinig siad sin anuas san saol! Dar príosta chonnaic mise iad muis, agus ní chuirfidís an deachma ar cáirde, ach bíonn a lá féin ag chuile dhuine. Agus sin é an deis a bhfuil siad anois: sirriam ag teacht orra. Is fiú do chuile dhuine an buachaill sin a choinneál ón a dhoras muis, má fhéadann a chumhachta chor ar bith é
+
→
dealaigh
Bhí deis annsiúd a dhealóchadh an droch-choirce ó'n gcoirce ar foghnamh ar an bpuínte boise. Cineál machine a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
Séard a theastóchadh deis eicínt annsin a dhealóchadh an droch-bhainne ó'n deagh-bhainne, má's cúrsaí de'n tsórt sin é. Ach níl leath-chreisteamhaint agam féin go dtolgann bainne daoine ar an gcaoi sin.
→
dealg
Ó'n trathnóna ar leag muid a chuid claidhtheachaí, bhí a dhealg sáithte aige ionnamsa uaidh sin amach. Chreid sé i gcomhnuí gur mise an ceann-feadhain a bhí ann. 'Ar ndú ní raibh sé ag dul i bhfad amú ach oiread. D'íoc mé ann ag an scoil. Uair ar bith a bhfuair sé deis ar bith orm, 'sé nar leig ar cáirde é, ach bruicneáil bhuailte a thabhairt dom féin. Bhí an catmara críochnuighthe orainn freisin agus a dhul ag cur araoid' ar bith ar a chuid claidhtheachaí …
+
→
déan 1
Dhéanfá do dhicheall, (do dhóthain, do dhíol, dalladh, cuid mhaith, cat agus dá rioball agus rl.) dá mbeadh deis agad
TUILLEADH (2) ▼
Is maith a ghníos sé a bheith ag cúirtéaracht, ó atá a dheis aige = tá an ceart aige agus rl.
Is fear é, nach mbeadh aon-mhairg air ól mór a dhéanamh, dhá bhfaghadh sé an deis. Ach coinnigheann an bhean smachtaighthe go maith anois é
+
→
deara
Cheal nachar thug tú aon-bhlas faoi deara aréir? An bhfaca tú í ag síneadh an leabhair chuige? Scríobh sí rud eicínt ar phísín de pháipéar roimhe sin, agus bhí an páipéirín sin ins an leabhar. Chuirfinn a bhfuil istigh agus amuigh agam go (gur) b'éard a bhí ar an bpáipéirín sin rádh leis castáil léithe anocht in áit eicínt. Ní raibh aon-deis eile aice é a rádh leis as coinne na máthar. Is dall an mhaise dhuit é, marar thug tú an méid sin faoi deara. Is maith a bhrath C. é. Nach bhfaca tú an fad a bhí sé a bhaint as a mhuineál ag iarraidh amharc a fháil isteach ar an leabhar
TUILLEADH (2) ▼
Céard a thiubharfadh an chlann faoi deara dhóib féin ach an rud a chonnaic siad an mháthair a dhéanamh. Níor thóig a máthair sin ceann as ól ariamh. Ba diachta do'n chlann inghean annsin, mara mbeidís féin ag baint braon as de réir mar a gheobhaidís deis. Dheamhan ceilteamas ar bith aca air anois. Ólann siad as coinne 'chuile dhuine é
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Má sé muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá indán agus gur buaileadh an ceann eile ag an h-aon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leath-uair th'éis an deich, i gcruthamhnas duit nachar mhór dhó bealadh a chur faoin a ioscadaí le bheith i nD. L. ag an h-aon dhéag: fear nach raibh "bicycle" ná deis marcaigheacht' ar bith aige ach na buinn
→
dearg 1
Tiúrfaidh siad faoi na Gearmánaí dearg anois é. 'Ar ndú' is aca atá a dheis! Iad fhéin uiliog atá ann anois
→
dearg 2
Tá deargadh mór déanta an taobh sin soir, ach tosaíonn siad sin ar an Earrach luath. Is dóib is fusa. Is aca atá a dheis
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
+
→
deas 1
Meastú cé's deise do chapallsa ná mo chapallsa?
TUILLEADH (6) ▼
Sin é an teach is deise ar an mbaile
'Sé an fear is deise clann inghean san tír é
'Sé an áit is deise teach é ó Gh. anoir
'Sé an fear is deise guth in do thír é
Ba é an té ba deise craiceann dhá raibh annseo ariamh é
Is deas an deis atá air anois: gan fód móna ag gabhail leis nach bhfuil díolta aige
+
→
deas 3
Bhí sé ar an taobh deas de'n bhóthar; ar thaobh na láimhe deise de'n bhóthar = ar thaobh na deasóige
TUILLEADH (1) ▼
Coinnigh ar thaobh na láimhe deise i gcomhnaí
→
deasóg
Cuir do dheasóig ann. Ní bhainfidh tú aon-cheart dhe le do chiotóig. Ní mór duit a bheith ar do dheis ceart
→
déidín
Dhá bhfágtaí capall ro-fhada gan rud len ithe, thuitfeadh déidín aice. Thuit déidín ag capall le N. Th. fadó an lá. 'Sé mo ghéar-chuimhne iad a fheiceál thuas in a h-éadan ins an gcró. Bhí 'chuile dheis aca léithe, ach chinn orra in a dheidh sin. Bhí an giall craptha ar fad, agus as sin ní fhágfad sé. Leagha na bhFíonn ní dhéanfadh aon-mhaith di … is cosamhail gur fágadh ro-fhada in a troscadh í, aindeoin go mbadh "set" (dream) iad a thugadh an-ghiollaidheacht do'n rud a bhíodh aca. Ach rinneadh éagcóir uirre ar chuma eicínt — rinneadh sin
→
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
+
→
deiseal
Cé'n deis thú? Deiseal nó ciotach?
TUILLEADH (1) ▼
Níl an láighe seo ar mo dheis chor ar bith. Ciotach atá sí, agus deiseal atá mise
→
deisiúil
Cé'n mhaith ins an tubaiste d'fhear a bheith deiseamhail, má bhaineann sé an craiceann dó féin ag saothrú na deise. Is beag an tsamhaoine d'aonduine é féin a chur síos ins an talamh fiche bliain roimh an ám. Ba mhaith le cuid againn sásamh eicínt a bhaint as an saoghal an fhad agus a bheadh muid ann. Is iomdha lá ins an reillic orainn mar adeir an ceann eile
→
deo
Tá an-olc go deó aige do Sh. D'íosfadh sé le gráinnín salainn é dhá bhfaghadh sé deis ar bith air
→
deoladh
Coinnigheann an dream atá i Meiriocá corr-dheoladh léithe ach má choinnigheann féin, tá sí ag fáil fuighleach le déanamh ó'n saoghal. M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin aca anois, gur sáthach righte a theigheas sé leo, ní áirighim ise nach bhfuil nidh dhár dhealbh an ghrian aice, ach an "trifle" beag sin a fhaghas na daill
→
dia 1
Mhaithfeá do Dhia gan é a fheiceál agus an deis a bhí air = chuirfeadh sé carghas ort a fheiceál. Bhí sé millte
+
→
diaidh
Ní beag dhuinn a bhfuil muid a dhéanamh faoi láthair, agus gan bacadh le teach. Indiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Déanfar an teach ach a bhfaightear an deis amach annseo faoi'n a bheith slán do na daoine
TUILLEADH (5) ▼
'Bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil cois indiaidh na cois' eile aige. Meastú an tuirseach atá sé. Is maith an scathamh go mbeidh sé ins an mbaile ar an deis sin
Bhreathnuigh sé orm indiaidh a leicinn, agus shílfeá gur brath mhór a bhí aige beannú dhom, ach níor bheannuigh ina dheidh sin. Is minic ar an deis sin le goirid é. Is fada leis go mbeannuighidh mé dhó, ach dheamhan beannú muis, ná cuid de bheannú, dhá gcailleadh sé síol a chlainne ag súil leis. Fuaraigheadh sé anois ins an gcraiceann céadna ar théigh sé ann cheana
Tá faitíos air go bhfuil aon-cheo dhá chaitheamh inganfhios air ins an seomra. Feacha an deis atá air ag breathnú indiaidh a ghualann. Is diabhlaí an conuas fir é. D'ólfadh sé tae eile anois aríst dhá bhfaghadh sé é, th'éis nach bhfuil sé ach indiaidh eirghe ó tae
Bhí sé indiaidh deis a fháil ar an talamh sin le tamall. Tá sé aige anois
Ná bíodh caitheamh in a dhiaidh ar bith ort. Tiocfaidh sé ar do dheis aríst le congnamh Dé. Béarfaidh bó eicínt laogh eicínt lá eicínt
→
dícéillí
Gearrchaile dícéillidhe a bhí innte nachar thapuigh é, nuair a bhí deis phósta aice leis sin thiar ar an bP. Dheamhan a ngabhfaidh críoch uirre le aon-fhear go bráth ab fhearr di ná é
→
dícheall
Má ghníonn tú do dhicheall air, b'fhéidir go mbainfeá é, ach má's eadh ní ar an deis sin é
→
díleá
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleághadh air sin, sceach a raibh geis uirre thiar ingarrdha an Ch. a bhaint. Bhí na "daoine maithe" — diúltaigheamuide dhóib — fúithe. An uair a tharraing sé an tuagh, tháinic an guth go dtí é: "ná buail" adeir sé. Ach bhí S. cho dórainneach, cho dubhshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí 'chuile údragáil. Ó'n lá sin amach bhí an díleághadh air: leághadh chubhar na h-abhann ar a raibh aige. Dar fiadh bhí an fear sin deiseamhail, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá agus gur thosuigh an saoghal ag dul in aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nar báitheadh nó nar bascadh nó nar cailleadh. Ó a bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lugha faoi'n domhan, agus scaithtí ní call dóib tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le sean-bhó bhuidhe ins an deire. Chonnaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhó-san sin. Ba mhaith bocht an fear é indeireadh a shaoghail, agus beo bocht a bhí a chlann in a dhiaidh nó gur dhealuigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeacha an sceach dó. Ara bhí sé cho do-chomhairleach leis an saoghal. "A chomhairle féin do mhac dhanra" arsa tusa "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith, ar aon-chor, a dhul thar theasbánadh, agus fuair seisean an teasbánadh — go ndéanaidh Dia grásta air!
Shílfeá agus cho díocasach agus atá sé chuig iascach go bhfuigheadh sé deis. Níl dorugha, snúda, glionnda ná ní dhár dhealbh an ghrian aige ach igcleitheamhnas 'chuile dhuine eile, agus gur minic a chaitheas an fear sin fanacht istigh (gan a dhul ag iasgach) an uair a bhíos a dheis imighthe amach aige-san
→
diogáil
Deir siad muis go bhfuigheadh sé seo thuas an "pradhas" ar an teach is deise marach coileach mór ruadh cuiltheach le T. Ph. a bhí ag bordáil timcheall an tighe aige agus an bhean a bhí ag meas ann. Ó a bhí faisean ag an gcoileach bordáil anuas ar a chuid cearc, is dona a chruthuigh sé nar ghíogáil freisin é i dteannta a chuid féin … 'Ar ndú' dhá ndéanadh, sháithfeadh T. Ph. é. 'Sé a chuir as a chuid airgid é
Leig mé ro-fhada orm féin é. 'Sé a raibh ann díogarnach lae agus mé ag fágáil L. Tá a fhios agad féin go maith (gur) deireannach é sin taca na Féile San Seáin. Anuas go díreach ag an bhF. M. a bhí mé an uair a tolladh an bicycle orm. Shanntuigh mé a dhul isteach tigh M. Dh. go bhfaghainn deis deasuighthe, ach dheamhan é. Chuimhnigh mé freisin sriogán (sreangán) a fháisceadh uirre, ach le chuile chamánuí bhí mé anuas ag na h-I. gan tada a dhéanamh, ach ag siubhal de réir mo choise. Ag cruach mhóna a d'airigh mé an rud. Nar leigidh Dia go ndéanfainn bréag, ach badh é an sonnda ab áibhéile é a chonnaic mé i gcaitheamh mo shaoghail …
→
díogha
Níl an deoruidhe féin aige annsin ach duine a fuinneadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomhairthidheacht len a chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann annsin thiar air, bhí claimhe de'n dream sin in éindigh leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil annsin go marbhóchadh muintir Ch. na R. é marach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siubhal ag imeacht aca. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chumaoin dóib J. a shábháil ach oiread. An uair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóib, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
→
díth
Ní díth airgid atá air ná tada dhá shórt. Céard a bhéarfadh díth airgid air agus an tslí agus an deis atá aige?
→
dlaíóg
Níor mhór dhuit corr-dhlaoidheoig de'n olann ghlas a chaitheamh ar an dlúth. Is amhlaidh is deise a bhéas sé
→
do- 2
Nach diabhlaí an chaoi a chuir sé air fhéin faoi dheireadh thiar th'éis a bhfuair sé de dheis. Deir siad go mbíonn an duine dona do-chomhairlighthe agus an duine sonaidhe so-chomhairlighthe. M'anam go bhfuil a chomharaidheacht len a chois freisin. Is beag den cheird sin a fheicfeas tú ar mhac Sh. an tSiopa seo thuas
+
Ní bhfuair muid tada ann ach an doicheall. Dheamhan láimh féin a craitheadh linn ná fáilte a cuireadh romhainn. Bhí siad cho gruamánta, agus gan smid de'n chaint aca … Bail ó Dhia ort! Tae muis! Bhí cosamhlacht mhór orra siúd go deimhin, a dhul ag réidhteach dhuinn. D'imigh linn ar an dá luath agus a bhfuair muid an deis
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an lá ar casadh ar leac an doichill mise. B'éigin dom a dhul isteach ag iarraidh deis deasuighthe "bicycle" ar Th. É. Dhá bhfeictheá an grúscán a chuir sé as. "A", "A", "A" adeireadh sé agus a mhéir faoin a chluais aige. "Ag an diabhal go raibh tú" adeirim féin
+
→
dóigh 1
Tá sí caillte le cás agus náire faoi'n deis atá ar an athair ag imeacht — in a dhóigh mhagaidh ag an tír. Deir tú leis a tháinic abhaile as G. an oíche faoi dheireadh agus cóiste cínn faoi, agus é ag rádh le 'chuile dhuine dhá raibh ag castáil leis go raibh inghean Lord C. len a phósadh, ach nach bpósfadh sé í mara dtugadh a h-athair an teach mór di. Sin é an "óinseach" agad
TUILLEADH (2) ▼
Is maith gasta a dhéanfaí dóigh annseo anois dó, dá lonnuigheadh sé achar ar bith ann. Ach is rí-mhaith atá a fhios aige sin. Chroch sé a chuid seolta leis, cho luath agus a fuair sé an deis
Traoáilfidh sé dóighte agus an-dóighte anois le'n a chur ag obair. Is cruaidh an cás é má chliseann air. Tá sé ag méirínteacht agus ag "fiddleáil" leis le ráithe, ach chinn air aon-cheart a bhaint dó fós … Deis l'aghaidh soluis atá sé ag iarraidh a dhéanamh
→
dóigh 3
Tá an comlán se'againne ar fad ó dheis. Dóigheadh T. shul má bhí sé ar an daoradh teacht abhaile
→
doiligh
An rud is doilighe le duine ná a bhás cá bhfios dó nach hé lár a leasa é. Is minic a chuala tú ariamh é. Ba shin é a fhearacht ag Brighid é. Bhí a muintir ag iarraidh a cur soir tigh J. Ph., agus bhí gráin an tsaoghail aice air, arae bhí sí "ag comhrádh" le mac a bhí annseo thiar ag C. Ní Ch., agus 'séard a bhí sí féin ag iarraidh a dhéanamh éalughadh leis go Meiriocá. Ach fuair a muintir amach uirre é, agus th'éis go leor anonn agus anall chuaidh sí tigh J. Ph. Níl aon-bhean ins an taobh seo go Gh. indiu atá in a suidhe cho te léithe. Tá deis agus talamh aice. Tá postaí ag a clann. Déarfá go raibh an t-ádh uirre ceart. An fear a bhí sí féin ag iarraidh a phósadh, marbhuigheadh i Meiriocá é leath-bhliain th'éis a dhul ann dó
+
→
domhan
Dheamhan áit faoi'n domhan is deise ná an áit seo, marach an aimsir
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon-teach ar thalamh an domhain ba deise ná a bhí aca, nó go dtáinic an tsraoill seo isteach ann. Chuir sí sin a caoi féin air
+
→
dona
Saol dona atá aige ná ag duine ar bith a bhfuil a dheis air
TUILLEADH (1) ▼
Leig tú an deis sin uait go dona
→
donacht
Tá sé ar a dhonacht anois ar chaoi ar bith. Déanfaidh an sneachta seo scrios ach grásta Dé. Agus níl cosúlacht ar bith ar aon-chlaochmú. B'fhurasta aithinte, agus an deis a bhí ar an ngaoith ag dul síos agus suas indiaidh a tóna le seachtain
→
dornán
Ná bac le síochán a dhearbhráthair mo chroidhe thú. Sé an chaoi a bhfuil na ríoghachta móra sin ar fad ag tarraint uisce 'na muilinn féin agus ag luighe ar an lagar má fhaghann siad an deis. Tá siad mar a bhí an fear fadó a roinn an coirce in a dhornán agus in a dhornán, agus bhí dornán corr ann. 'Sé an dornán corr sin a tharraingeochas an tsiúite aríst. Tá 'chuile cheann aca ag iarraidh é a bheith aige féin
→
drad
An bhfeiceann tú an deis atá ar an diabhlánach de chut anois. Tá drad air th'éis 'chuile dheoir de'n bhainne a ól
Bíonn sé ag imeacht in a dhraoidheadóirín mar sin síos faoi chladaigh i gcomhnaí, agus gabhfaidh sé i bhfalach má fheiceann sé aonduine ag déanamh air. Shílfeá gur fear luibheannaí é an deis a bhíos air
→
draoi
Cheannuigh sé an draoi beithidheach anuiridh agus gan aon-áit aige len a dtógáil, ach thiar ins na diomallachaí achrannacha sin thiar nó gur bascadh agus gur cailleadh iad. Cé'n ghna atá ag duine a dhul ag bualadh faoi stoc, mara bhfuil deis a dtógál' aige.
→
dreas 2
Is gearr a bheadh an gabha ag cur deis' air sin. Thiubharfadh sé goradh dhó sa teallach, agus ghabhfadh sé in a éadan ar an inneoin annsin, agus bheadh sé dhá ghreadadh, nó nach bhfágfadh sé a dhath de'n dreas sin air. D'fheicfeá ag eirghe dhó leis an ordlaidheacht é. Féadfaidh tusa an cleas céadna a dhéanamh, mara bhfuil tú ro-dhíomhaoineach
→
dris
Ní raibh mórán call do dhuine a bheith faoi dhris le gnothachtáil annsin anocht. 'Ar ndú' na h-imreoirí a bhí istigh níorbh fhiú cnaipe gan chos iad. Dheamhan cúig ná cárta a gheobhaidís dá mbeidís ag an gclár go ceann míosa. Ag caitheamh mámh ar bith a fhaghas siad idtraipisí. Sin é a ndeis ó a tháinig oíche
Rinne sé é ar na drochóirí dó féin, agus bhí a shliocht air: ní fhaca sé aon-lá de'n ádh uaidh sin amach. Bhí saidhbhreas na saidhbhreas aige an uair sin. Ba leis B. Bh., F., G. agus áiteacha tharta. Bhí dath gach bó ar shliabh aige, ach tháinig an díleaghadh ar fad ar a chuid. Leagh a raibh aige — deis beithidhigh agus eile — anuas in a ghlaedh ghlas. Ins an "bpoorhouse" a fuair sé bás. Is deacair a rádh nach h-olc an rud a dhul in aghaidh comhairle mhaithe
+
→
droim
Níor mhiste liom beirthe é marach an deis atá ar mo dhruim. Tá sí faoi phianta ar fad. Dar mo choinsias tá mo dhruím-sa ag saothrú mo bhuilg ar an aimsir seo
TUILLEADH (3) ▼
Níor fhága an ceann céadna bonn bán ar aonduine a raibh sé ag plé ariamh leis. Agus is dona an deis atá sé a chur air anois: ag imeacht dhá ól le súdairí. Ach an rud a chruinnighthear ar dhruim an diabhail, imigheann sé ar a bholg
Is maith a chruthóchas S. Ch. nó cuirfidh an coinnleoir de mhac sin aige de dhruim tighe é dhá mhéad í a dheis. Tá sé in ainm agus a bheith ag dul in a dhochtúr ach sin í an dochtúireacht eile. An uair a bheadh aige a bheith istigh ins an gColáiste 'sé an áit a mbíonn sé thíos i bpárlús J. in éindigh le bean na mbrístí, ag cur óil uirre as cosa idtaca. Is maith an dóigh dhó a bheith ar an gceird sin! Deirim leat nach bhfágfaidh sé bonn bán ar a athair, sin nó tá airgead in a chocaí beaga aige
Druim díbeartha a bhí a chur air fhéin agus ar a dhreám as an tír, agus cead a thabhairt dóib a dhul anonn go Sasana ó's ann atá a gcroidhe. Bhí an-chion aca ar thighearnaí i gcomhnaí, ach ní fhaghann siad deis ar a gcuid brocamais a dhéanamh anois, mar a rinne siad roimhe seo do na B., nuair a chaith siad an bhean a bhí idtinneas cloinne amach chois an chlaidhe.
+
Chuadhamar isteach ann, ach 'sé a raibh dhá bharr againn druim-dhiúltú. Dar leat, ní mórán gean ar bith a bhí aige orainn as ucht a theacht dhá iarraidh. Bhí scathamh eile muis, agus ba mhaith leo aca an deis. Ach tá an iomarca glaodhach anois air, agus é ar a ghainne
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail mé soir aige annseo uair nach raibh aon-ghráinne "diúain" (guano) agam, ná a luach. Bhí sé istigh romham ins an siopa. "An dtiubharfá céad "diúain" dom a Mhister F." arsa mise, "go ndíolaidh mé na muca." Thosuigh sé ag mungailt faoin a fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinic beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosuigh sé ag dradaireacht leo, agus choinnigh sé ag caint iad an fhad agus a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhuigh sé aníos mé fhéin, nó go dtáinic cuisliméara eicínt eile. "Go bráth aríst" arsa mise liom fhéin, "ní bhfuighidh tú an deis druim-dhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dteighinn a chodladh in mo throscadh." Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, níor sheas mise istigh in a theach, ná níor fhága mé luach na cianóige aige
Thapaigh sé a dheis, agus thug sé féin druimnochttha é, isteach díreach ar na polláirí
An uair a fuair an t-athair bás roinneadh an áit druimscoilte idir an triúr mac. Sin é a d'fhága 'chaon duine aca ag scríobadh leis an ngánntan. Bhainfeadh duine amháin nó beirt féin b'fhéidir beatha mhaith amach ann, ach ní raibh díol an tríomhadh duine ann, gan an triúr a bheith ar an gcaolchuid. Bhí deis agus bráigill ag an athair ach is maith bocht iad an chlann anois
→
dromainn
Tá drumainn ins an iomaire. Chuir sé lán ar a lár, ach níor chuir sé a dhath ar na bruachannaí. B'fhurasta aithinte dhom gurb shin é an deis a bheadh orra, agus mé dhá bhfágáil aige. Tá smál eicínt ar an gceann céadna nach bhféadfadh sé tada a dhéanamh ceart
→
dualgas
Tiubharfaidh sé dualgas an tslisne dhuit má fhaghann sé greim ort. Cé'n chiall a ndeárna tú an bhail sin a chur air. Tiubharfaidh sé fút garbh é muis, ach a bhfaghaidh sé deis ort
→
dubh 2
Sé an dubh an dath éadaigh is deise ina dheidh sin, ach gurb é díol an chatmara a choinneál glan
→
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin 'sa lag pholl tá dubhach annsin. Bíonn mar a bheadh ola ann as a cionn, agus an dúbhach thíos in íochtar. I sean-phortaigh is fhearr a gheobhfá í. Is mór a tóigeadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean lag-phuill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaghadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láighe nó sluasaid agad, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go h-iochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna láigheanntaí, mar bhíodh an-domhainn i gcuid de na puill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agad, chaithfeá an láib a bhaint aiste: ní thiubharfá abhaile leat ach an dubhach. B'fhurasta aithinte an dúbhach. Ní bheadh ort ach a diúrnadh, agus a tabhairt amach ó'n gcuid eile de'n lathach. D'fheicfeá an mearbhall innte i gcomhnaí. Thugadh muid abhaile le ancoird nó le buicéid nó le tubáin, nó rud ar bith ba thúisce agad í. Chuirfeá síos an olann annsin i bpota in éindigh leis an dubhach agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uiliog í. Níor mhór de'n olann a bheith bruithte as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (dionnóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh ní dhathóchadh do chumhachta í. Ní bheadh aon-ghlacadh aice leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an teine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneál brúighte agus measctha. Chaithfeá amach annsin ar chiseoig í, agus nighfeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh annsin í nó go dtriomuigheadh sí. Í a spíonadh annsin. Ba shin é an deis le dath dubh a thabhairt uirre. Dhá mbeitheá ag iarraidh dath buidhe … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)
→
dúiche
Is fhearr dhuit fanacht sa mbaile anois ó atá riar agad. Is deise dhuit é ná an tabhairt sin a thabhairt ort féin aríst. Is buan duine in a dhúithche féin, adeir siad
+
→
téigh ar
Chuaidh deich gclocha airsean, ach ormsa a chuaidh an dá chéad. Níor tholgán ar bith dhom a iomchar dhá mbeadh aon-deis agam air, ach ní raibh. Fear sioncuighthe (seangthuighthe) a bhí ionnam agus mé ins an mbaile
TUILLEADH (1) ▼
Feicim nach ndeachaidh aon-deis ar an talamh fós, agus beidh sé mar sin
→
téigh le
Ghabhfainn leis muise, marach leisce a bheith orm a ghortú. Th'éis ar dhubhairt sé liomsa diabhal mé go bhfuil gnaoi agam air. Ba é an t-ól a chuir an deis air a bhí air
+
→
téigh ó
An bhfuil a fhios agad cé'n cheird atá anois air? Ag déanamh deis' a chuirfeadh solas ar fud an tighe. Sin é an fear agad. Níl ní ar bith beo ag dul uaidh, agus ní raibh ariamh féin
TUILLEADH (1) ▼
Níl rud ar bith ag dul uait. Nach maith go gcaithfeá an méidín sin féin a chloisteáil. 'Ar ndú' is agad atá a dheis. Tá bleid buailte agad ar an bhfear soir agus ar an bhfear siar
Mo léan géar chaithfeadh sé a ladar fhéin a chur ann. Cé'n bhrigh dhá bhfágadh sé deis chainte ag aonduine ach ní fhágfadh. Ní beo é mara mbeidh sé ag dul romhat le 'chuile fhocal dhá dtiocfaidh as do bhéal
Ní raibh ag dul fúithe ná thairti ach sagart a dhéanamh de'n mhac sin, ach feacha an deis atá anois air: ina chiseach le ól is 'chuil' áit. D'eireochadh di croidhe dubh féin a bheith aice. Thóig sí é sin go muirneach — ro-mhuirneach b'fhéidir.