deis
—ainmfhocal, baineann
—ginideach uatha: deise
—iolra: deiseannaí
—tá an focal ríchoitianta i gcaint ar gach uile bhealach dhá bhfuil sé anseo
1.
seans, dóigh, uain, caoi, bealach, slí.
a.
+–
Is maith éasca a ghoidfeadh sé sin é, dhá bhfaigheadh sé an deis — seans, dóigh, caoi, ionú
Má fhaigheann tú deis ar bith an tseachtain seo, bioraigh na claíochaí ar Gharraí an Chl. Má fhágtar chomh maolscríobach siúd iad, gabhfaidh an drochrath ar ár gcuid féir ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Is tú a fuair an deis, ach ba bheag an rath a bhí ort ina dhiaidh sin. Ní mise a bheadh in do bhróga. Dá mba mé, bheadh rud eicínt de bharr m'aistir agam
Siúil siar chuig an gcéilí. B'fhéidir dúinn deis a fháil ar aon bhean
Is iomaí deis a fuair tú air ó shin agus níor chuir tú aon aighneas air. Má tá faltanas istigh agat dó téirigh agus ídigh air é, agus ná bíodh sé ina leathrann anseo agat chois an teallaigh chuile lá
Má fhaigheann tú aon deis ar aon phíopa in áit ar bith, croch leat é. Tá mé thart d'uireasa seandúda eicínt
Is diabhlaí a chruthaigh sí sin a theacht amach ina máistreás scoile agus laghad an deis a fuair sí. Ach bhí intreacht chinn iontu sin ar fad
+–
Dhá bhfaighinnse deis uirthi, ní fhágfainn ag ceachtar acu í. Ach ní bhfuair. Bhí an iomarca cruóige orm thairti
Dhá bhfaighinnse deis air, thabharfainn dual na droinne dhó. Ach sin é an buille. Cá bhfaighidh mé deis air. Ní mé an dtaobhaíonn sé tigh M. G. ar cuairt chor ar bith anois
TUILLEADH (4) ▼
Ní bhfuair mé aon deis ar aon pháipéar le seachtain, ach chuala mé go raibh na Rúiseánaigh ag déanamh íospairte. Tá siad isteach ar fad sa nGearmáin. Is mór an seasamh ag an nGearmáin bhocht é agus an domhan ar fad dhá cúinneáil. Is gearr uaithi anois cheapfainn
Má fhaighim deis ar bith ar an asal sin aige, bascfaidh mé é. Deir tú leis a theagas san iothlainn agam chuile oíche, ach tá a dhíol céille aige le bheith imithe shula éirím ar maidin. Sin é an gleacaí
Má fhaigheann an sagart an deis ar an máistir scoile sin thoir, cuirfidh sé ag caitheamh na miotán é. Is fada ina dhiaidh é, ach is deacair a bheith suas leis an gceann eile féin
Má fhaigheann na póilíos deis tógála ort, gabhfaidh tú isteach. Mar sin, bí san airdeall — deis ghafa
·
Tá deis mhaith ar an bhfeamainn dearg ansiúd aige agus é buailte ar an gcladach. Má tá féin, dar príosta ní leis a éiríos sí i gcónaí
Ní bheadh sé a iarraidh anois ach an deis ort, le thú a chur ar siúl. Is maith a bheas tú ar do mhaidí nó béarfaidh sé ort uair eicínt mar sin féin
+–
Tapaigh do dheis a mhic ó. An té a ligeas a leas ar cairde, ní fearrde go minic é. Dhá bhfaighinnse do dheis, is fada go liginn uaim í — is fada sin
Nuair a d'éirigh an deis leat, níor thapaigh tú í. Is fadó an lá a bheifeá i gcrích dhá dtugtá aird ar do mhuintir. B'fhéidir dhá mbeadh breith ar t'aiféala anois agat go dtabharfá
TUILLEADH (1) ▼
Sin í do dheis anois a fhleascaigh, agus tapaigh í. Mura dtapaí, bí buíoch dhuit féin
+–
Dhá mba mise thú, ní ligfinn an deis uaim. Ní móide go bhfaightheá chomh réidh aríst í
Ní mórán de dheis a d'éirigh liom air, ach an méid sin féin, d'inis mé dhó é. Is dona a thaitnigh sé leis ach oiread. Rún a bhí aige shílfeá, rá liom aire a thabhairt do mo ghnaithe féin: gur beag a bhain a ghnaithe seisean dom
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an deis í ceart go leor, an té a bheadh faoi réir faoina comhair, ach sin é an buille. Cé atá?
+–
Ní raibh aon deis agam a dhul ann. Chaithfeadh duine eicínt fanacht sa mbaile le giotamáil a dhéanamh timpeall an tí. Ní hí an tseanbhean sin a bhí in ann freastal do bheithígh agus do mhuca
Níl aon deis aige tada a dhéanamh mar atá sé. Tá sé i dteannta ag an gcuingir eile
TUILLEADH (5) ▼
Cén deis atá aige sin a dhul chun na scoile. Tá sé ag teastáil róghéar sa mbaile. Is fada fós go mbeidh ceachtar den dream eile inchúntach
Níl deis ar bith agamsa aon bhuille oibre a dhéanamh. Feiceann tú féin an chaoi atá orm. Bíonn an mhaidin thar droim shula bhíos freastal déanta agam ar bheithígh agus ar ghamhna
Níl aon deis agam tada a léamh lena mbíonn ag dul fúm is tharam. Bím thar bharr mo chéille acu scaití, ach céard a fhéadfas mé a dhéanamh
Is beag an deis atá acu anois aon deoir a dhéanamh ó cuireadh an droichead ar an abhainn. Níl a fhios acu, cén pointe a mbuailfidh póilí isteach acu idir chlár is chuinneoig
Tá deiseannaí ar an saol anois ag aos óg nach raibh fadó ann. 'Sé an chaoi a raibh sé fadó, ní raibh ann ach Meiriceá, ach ó thosaigh an Ghaeilge ag teacht amach, is iomaí duine a bhfuil posta ag éirí leis dhá barr. Shílfeá nach mórán tóir ag cuid acu uirthi ina dhiaidh sin agus uileag
+–
Ba mhaith liom deis a thabhairt dóibh thar is mar fuair mé féin. Ar an dá luath is a raibh mise deich mbliana d'aois, bhí mé ruaigthe amach ar aimsir. Thabharfainn scoil agus foghlaim dóibh seo, ach dar leat, níl siad an-ghafach leis an scoil. Bíodh acu. Iad fhéin a bheas siar leis, agus ní mise
Rinne sí an teach nua sin le deis a thabhairt don mhac pósadh. Ach is cosúil nach bhfuil aon tsaint ag an mac an pósadh a dhéanamh
TUILLEADH (9) ▼
Má thugann tú deis domsa uirthi, cuirfidh mise fáinne inti, feicfidh tú féin air. Dar mo choinsias cuirfead
Mharódh sé S. dhá dtugadh sé aon deis dó dorna amháin a chur i gcion, ach ní thabharfadh. Tá S. ró-úsáideach le na lámha aige
Ní thugann an t-aifreann deireanach seo deis do dhuine a dhul in aon áit. Dhá n-abraíodh sé leis an am nua féin é, ba mhór ab fhiú do na daoine é — ba mhór sin
Níor thug sé aon deis dhom labhairt leis. Bhí sé imithe de ghorta gharta
Caithfidh mé fanacht sa mbaile le deis a thabhairt do N. a theacht scaithín
Ná tabhair an deis don tsáirsint ort. Má thugann, leagfaidh sé ort, feicfidh tú féin air
Is maith gasta a bhrisfeadh sé mé dhá dtugainn an deis dó, ach ní thabharfad le cúnamh Dé
Téadh duine ar an mbearna sin agus ná tugaidh deis dó imeacht
Thug tú deis don fhear thall a aon a hairt a chur fúmsa agus mé a chur as cúig. Go gcuire Dia an t-ádh ort, agus bíodh staidéar eicínt ionat, agus ná bí ag caitheamh do chuid cártaí i dtraipisí mar sin
+–
Fanóidh mé go dteaga sé ar mo dheis. Gheobhaidh sé garbh ansin é
Dhéanfainn sin féin, dá dteagadh sé ar mo dheis. B'fhéidir go dtiocfadh amach anseo le cúnamh Dé
TUILLEADH (2) ▼
Mura dteaga sé ar mo dheis go maith, diabhal baol ormsa a dhul dhá dhéanamh. Is iomaí rud is géire a theastaíos uainn ná geata, nach bhfuil againn
Má theagann sé ar mo dheis seanleasóidh mé an garraí sin i mbliana. Ach ní móide go dtiocfadh. Is iomaí cruóig eile orainn, agus b'fhéidir nach dtiocfadh an fheamainn dearg an-chóiriúil
+–
Níl deis mhóna ar bith sa taobh seo tíre. Tá na portaigh rófhada ó láthair. Nach aoibhinn daoibh soir agaibhse, a bhfuil siad ag béal an dorais agaibh
Ná bac le deis fheamainne agamsa. Tá mo chuid talúna ró-aistreánach, agus ar aon chor, 'sé cuid an bheagáin di atá againn. Níl fás mór feamainne ar bith ar na cladaí s'againne
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon deis chaorach againne. Tá an sliabh rófhada ó láthair agus gan aon chúnamh ann le dhul ag breathnú orthu
Is suarach an deis phoitín atá acu. Féadfaidh an póilí siúl isteach ina mullach ina rogha uair, agus ní aireofar ag teacht é
Níl aon deis troda aige anois, ó d'imigh an t-aingeal eile úd — N. J. Sin é a bhíodh ag coinneáil choc leis i gcónaí
Is beag an deis óil atá aige anois ó phós sé thiar ar an bF. sin. Tá sé rófhada ó na hóstaí. Ní fhéadann sé a bheith chomh taithithe iontu agus a bhíodh sé.
Maidir le mo chuid imeachtsa, is beag an deis imeachta atá agam — is beag sin
b.
+–
Bhí mé istigh tigh S. G. tráthnóna agus go deimhin má bhíos féin, bhí deis chainte (stiúir nó slis chainte) ar Mh. Bhí sé ag scilligeadh bréag mar a bheadh Dia dhá rá leis. Is iontas liom go seasann a theanga dhó chor ar bith ar an gceird siúd
Níor chuir sé aon deis chainte air féin fós. Leabharsa nuair a chuirfeas beidh sé ina aimsir. Fan leat
TUILLEADH (2) ▼
Nach air atá an deis chainte! Tá rosc an fhile ceart air. Ní inseodh sé sin anois smid den fhírinne dhá mbeadh sé ag cur dhó seacht lá na seachtaine
Shíl mé go n-imeodh sé nuair a chorraigh J. T. ach mo léan deacrach, ní raibh sé ach ag cur deis chainte air fhéin an uair sin. Dheamhan imeacht ná go mbeadh sé ina lá gheal dhá bhfaigheadh sé ugach ar bith fanacht
+–
Níl aon deis tógtha orm — níl deis nó slí mhaireachtála agam
Duine ar bith atá i gcleithiúnas an dole, tá sé gan deis tógtha. Tá mise ag fáil an oiread dó (dhe) le mo leithide ar bith, ach nuair a bhainim tobac na seachtaine as, is dole sportha é
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an deis tógtha atá air féin ná ar aon duine istigh ar a bhaile. Níl aon duine ar an bhfeadhain acu nach bhfuil taobh le leathghabháltaisín gágach
Ní fheicimse dream ar bith anois is fhearr a bhfuil deis tógtha orthu ná an dream atá ag imeacht ar an scoir. Mise i mbannaí nach ngabhfaidh aon duine acu a chodladh an lá sin d'uireasa béilí feola, ní hé sin domsa agus duitse é
Gabharmint (Government) ar bith nach bhfuil in ann deis tógtha a chur ar na daoine, is gearr é a shaol. Nach lena aghaidh sin atá siad ann. Deile?
+–
Níl aon deis mhaireachtála aige ach ag imeacht mar sin i ndiaidh a chinn roimhe, agus lá oibre a dhéanamh anseo agus ansiúd ar lóistín na hoíche agus ar lón an bhóthair
An bhfuil aon deis mhaireachtála den rath ar an gceann siúd. Shílfeá go mbíonn sé gléasta thar cionn scaití
TUILLEADH (1) ▼
Más leat pósadh, caithfidh tú deis mhaireachtála a fháil thar is mar atá ort. Meas tusa an bpósfaidh bean ar bith cuaille nach ndéanann de mhaith ná de mhaoin ach ag fánadóireacht soir agus anoir an bóthar ó mhaidin go faoithin. Baol uirthi muis!
+–
Ara cén chaint sin ort? Níl deis phósta ar bith ormsa. Fear agus a dhá láimh chomh fada le chéile. Go dtuga Dia ciall duit a dhuine sin
Tá deis phósta air gan doubt ar bith, ach cá bhfaighidh sé bean? Tá sé chomh míshlachtmhar sin, ní dhá roinnt leis é, agus go saighdfí na madraí ann i dteach ar bith dá dtiocfadh sé
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon fhear sa tír is fhearr a bhfuil deis phósta air ná an mac sin thiar ag M. Ph. Ph., agus tá chuile bhean ag cur suas dó ina dhiaidh sin. Níl gus ar bith ann mar a bheadh i bhfear timpeall mná
2.
acra, gléas oibre, oirnis.
+–
Dá mbeadh deis agam dheasóinn, ach níl — acra, oirnis, gléas oibre
Caithfidh mé a dhul i gcoinne mo chuid deiseannaí, agus cuirfidh mise caoi air ansin. Níl ag teastáil ach rinse agus cupla lever
TUILLEADH (12) ▼
Cén deis atá teastáil uait. Faigh siséal agus déan snoíchan beag ansin air. Déanfaidh oiread na fríde é. Is beag nach bhfuil sé ag breith mar atá sé
Nach aige atá na deiseannaí! Do dhúshlán láimh a leagan ar aon cheann acu sin. Má leagann, crapfaidh sé leis ar fad iad, agus cead agat féin caoi a chur air ansin
Níorbh fholáir duit deis thairis sin le é sin a dheasú. Theastódh monkey-wrench le breith air sin. Ní chasfaidh tú é dá fuireasa
Níor mhór dhó sin go leor deiseannaí. Caithfidh tú a thabhairt isteach i ngarage. Níl aon mhaith dhuit daoine a ligean ag potráil leis. 'Sé an chaoi a gcuirfidh siad ó rath ar fad é, i gceann mar atá sé
Tá deis aige le fags a dhéanamh as na nótaí sin: cineál meaisín beag. Mar sin, ná caith uait na nótaí sin feasta. Fónfaidh siad
An bhfuil aon deis agatsa le tobán a thógáil. Tá na cláir agam, agus tá an feire ceart sa tóin, ach níl mé in ann a thógáil ina dhiaidh sin
Cheannaigh mé deis inniu le gruaig a bhearradh. Tá sé thiar ansin sa seomra. Tabhair aniar é go bhfeice sé é
Níl aon chall duit a dhul suas an oiread sin staighrí chor ar bith. Tá deis ansiúd le thú a thabhairt suas. Níl ort ach seasamh istigh ann agus gabhfaidh sé suas uaidh féin
Tá deis anois acu le móin a bhaint thar is le sleáin. Chonaic P. Mh. iad dhá baint leis thart síos. Bhainfeadh sé an oiread in imeacht uaire le céad sleádóirí.
Tá sé seo thíos ag iarraidh deis a dhéanamh a chuirfeas solas ar fud an tí. Sórt muileann gaoithe a bheas ann adeir sé. Bhuailfeadh an ceann céanna faoi rud ar bith
B'éigean dom éirí astu cheal deise. Ní fiú do sheacht mallacht an t-oirdín sin. I gceann mar atá sé, níl aon chois rathúil ann
Is dona í mo dheis le dhul ag deasú bróg: ceap briste, casúr gan aon chois, agus scian nach ngearrfadh an t-im
+–
Cén sórt deis mharcaíochta atá agat? Mótar! Dar príosta. Shíl mé nach raibh cead ag mótar ar bith a dhul chun bóthair anois
Go deimhin agus go dearfa duit, is olc é mo dheis mharcaíochta: seanbhicycle ón díle a bhí caite thuas ar lota an sciobóil, agus a dheasaigh muid an lá cheana. Níl ann ach gur fearr é ná a bheith gan tada
TUILLEADH (5) ▼
Gabhfaidh mé don Ch. R. amárach má fhaighim deis ar bith. Tá bicycle aige seo thíos, ach fear a mbeadh beann mhór aige air a gheobhadh uaidh é. Is dóigh nach mbeidh aon bhus ag dul ann
Cén deis a bhí Gaillimh agat? … Bus an ea. Ba é ab éasca dhuit, agus gan bheith de do mheath féin leis an seanbhicycle sin
Cén sórt deis a bheas agat ag dul chuig an aifrinn. Na boinn! Diabhal an fearr deis eile. 'Siad a bhí ann shular tháinig deis ar bith eile amach
Meas tú a bhfaighidh mé deis ar bith a iomprós as seo mé, nó an mbeidh mé ann ar feadh an lae: 'sé a chosúlacht é, nach é
Níl aon deis bhóithreoireachta aici anois ach na boinn ó buaileadh suas an seanbhicycle uirthi. Is mór an t-ionadh muis go bhféadann sí cónú sa mbaile, agus an faisean a bhí aici a bheith imithe chuile phointe dhá mbainfeadh clog nó watch
+–
Níl aon deis scartha aige. Murach sin, is togha scarthóir é. Ach chinn orainn aon bhara a fháil dó. Nach bambairneach an rud é sin féin; ach tá chuile dhuine anois ag obair lena bhara féin
An bhfuil aon deis scríofa agat — peann nó eile? Dheamhan fad méire agam féin
TUILLEADH (26) ▼
Thug an deartháir deis iascaigh as Baile Átha Cliath chuige: gliondaí, cairteannaí agus eile, ach níl a dhath ag gabháil leis anois
Níl aon deis ghliomadóireachta againn i mbliana. Dheamhan é. Tá potaí agus eile briste. Is mór an lear a theastódh ón gcurach féin shula bheadh sí in araíocht a dhul chun farraige. Tá faitíos orm go bhfuil a (ár) gcuid gliomadóireacht ar iarraidh ó d'imigh na gearrbhodaigh eile
Is deacair deis spealadóireachta a fháil anois. Tá clocha faobhar ar a ghainne freisin chomh maith le spealta
Cén mhaith d'fhear a bheith in ann obair a dhéanamh lá is nach bhfuil aon deis oibre aige. An bhfeiceann tú lántaí, bróga agus eile. Ní féidir a bhfáil
An bhfuil aon deis bhearbóireachta anseo agat? Ní hí an rásúr féin atá mé a iarraidh ach má tá aon bhruisín agat. Tá rásúr agam féin
Níl aon deis shníomhacháin in do thír anois. Má tá, is fada ó chéile é. B'fhéidir go mbeadh cuid de na tuirní féin i ndiaidh a chéile — na creatlaigh — ach tá na rothaí agus na rudaí eile briste le fada. Caithfidh siad filleadh ar cheann gan cíoradh anois, ó tharla nach bhfuil a mhalrait acu
Sin é an deis bhuailte. Breathnaigh air. Duine ar bith a gheobhadh iarraidh dhó sin i mullach a chinn bhí a chnaipe déanta. Seas iarraidh dhom mura gcreideann tú mé!
Má chaitheann bád an stiúir, bíonn job ar an stiúir a chur ar ais. Bíonn an stiúir curtha as na boltaí. Níl aon deis smachtú ar an mbád dá huireasa
Níl aon deis smachtú ar na habhlóirí sin ach neart slaite, agus a tabhairt dóibh te bruite. 'Sé a dhéanamh leo é — 'sé sin
Sin togha deis bhruitheacháin. Ba cheart ceann acu sin a bheith in chuile theach
Tá deis lasta ag J. Sórt boiscín beag é agus níl ort ach do mhéir a chuimilt air, agus tiocfaidh lasair air. An-deis é le píopa nó feaig a dheargadh
Chonaic mise deis ghlantacháin i dteach i mBaile Átha Cliath agus b'fhearr é ná deich scuab. 'Sé a raibh le déanamh leis é a ghreamú sa mballa agus scuabfadh sé an t-urlár lena bhrú síos agus suas. Le electricity a bhí sé ag imeacht
Is diabhlaí an deis sáite a bhí aige: spíle a bhí curtha isteach aige ar bharr scine. Thollfadh sé cruach
Tá deiseannaí marú acu anois thar mar a bhí fadó. Ar ndóigh ní raibh leath na ndeiseanna sin acu sa gcogadh deiridh féin. D'imigh an diabhal orthu. Sin é a bhfuil le rá agamsa leo
Níl aon deis chrochta i bpríosún ar bith in Éirinn ach i mBaile Átha Cliath. Sa seanreacht, chrochtaí daoine in chuile phríosún. Níl crochadóir ar bith in Éirinn ach oiread. Caitear fios a chur ar an gcrochadóir go Sasana nuair a bhíos duine le crochadh
Níl deis éirithe ar bith agam faoin mála seo — rud ar bith a bhéarfadh buntáiste dhom
Dá mbeadh deis luí agam, ghabhfainn a chodladh — leaba nó seol nó sráideog
Ní fheicim deis ólta ar bith ann. Ach cén dochar. Is maith a fháil le n-ól as na buidéil féin
Ní raibh aon deis taosctha againn, mar chaith an diabhal siúd, lena chuid meargántachta, an galún sa bhfarraige. Sin é an scabhaitéara agat!
Is iomaí deis ghearrtha ann thar is scian. Tóraigh rásúr nó tua nó sábh nó ceann de na rudaí géara sin a bhíos taobh amuigh ar ghrátaí. Ní bheidh tú gan deis ghearrtha feicfidh tú fhéin. Ar chuala tú ariamh é: níl aon duine dá mbeidh builín aige nach bhfaighidh scian lena ghearradh
An bhfeiceann tú nach bhfuil deis bhainte ar bith ar an nglas sin ón taobh amuigh. Tá glas eile anseo le cur mura mbeidh aon duine sa teach. Is diabhlaí airdeallach iad, ach is cosúil nach mór dóibh sin. Tá an áit seo faoi ghadaís (gadaithe) as éadan
An bhfuil deis ar bith scaoilte air seo. Má tá, tá sé ag cinnt orm a fháil. Do mhéir a bhrú air sin! Huga leat anois! Ní chuimhneoinn go deo air
Níl deis cheangail ar bith ar an gcapall sin amuigh agus tá faitíos orm go réabfaidh sí an doras. Tá sí an-dodach go deo
Cén sórt deis churtha isteach atá air seo. Dar príosta, is beag a bhíos ar a n-aire agus chomh pointeáilte agus a ghníos siad iad
Ní fheicimse go bhfuil deis dúnta ar bith air, nó má bhí, tá sé dhá uireasa anois
Deirimse cuibhriú leat. Ar ndóigh níor chuir tú aon deis chuibhrithe air. Bhí sé chomh maith dhuit an t-asal sin a ligean ar an scoir lena chur isteach i ngarraí gan cromnasc. An cás céanna
3.
fáltas, maoin, brá gill.
+–
Tá deis aige sin — maoin nó saibhreas. Ní tugtar ar airgead go háirid é, ach ar údar airgid .i. talamh, áit nó gabháltas ar fónamh, beithígh, acraí curaíochta (céachtaí srl.), teacht isteach srl. Deis airgid atá i gceist ann b'fhéidir; sé sin slí airgid
"Is dona an rud onóir gan deis" (seanfhocal) — duine a bheith uaibhreach, leitheadach agus gan aon chur leis ann; uaisleacht dhona; beggared gentility
TUILLEADH (7) ▼
"Onóir gan deis nó putóg gan geir" ar chuala tú ariamh é
Sin í féin muis, an onóir dhona atá ag imeacht leo sin: onóir gan deis nó putóig gan geir, adeir siad
Níl luach a bhéilí aige, agus ina dhiaidh sin agus uileag, shílfeá gur mac duine uasail é, tá sé ag imeacht chomh suimiúil, chomh leitheadach sin. Onóir gan deis ná putóig gan geir, adeir siad
Diabhal bréag nach fiú dhó a bheith ag imeacht agus a chollar agus a tie air. Ní raibh aon lá ariamh nach raibh stróic den leithead ag imeacht le na Seáiníní céanna, pé ar bith sa diabhal cén fáth. Onóir gan deis ar ndóigh. Deile
Ghabhfadh sí thart ar an mbóthar anois gan beannú duit. Tá sí an-mhór inti féin i gcónaí, té (cé) nach mórán le cois na sláinte atá aici anois. Má tá sí in ann snáth a choinneáil faoin bhfiacail, 'sé a clochneart é. Ach tá an onóir inti ina dhiaidh sin — an onóir gan deis
Níl duine ar an bhfeadhain acu nach bhfuil an bealach céanna leis: ardnós agus onóir. Chuala mise ariamh é: putóig gan geir nó onóir gan deis. Sin é a fhearacht acu sin anois é. Is iomaí cor sa saol ón am a bhféadfaidís sin cis ar easair a dhéanamh den tír. Ní dhéanfaidh siad níos mó é, dar mo choinsias
Ní mórán somhaoine dhóibh an onóir sin: onóir gan deis, mar adeireadh T. Ph. Sh., go ndéana Dia grásta air!
+–
Tá deis aige sin nach bhfuil ag aon duine sa mbaile sin: dhá acra is fiche de scoth na talúna, agus feamainn agus sliabh dhá réir. Is buachaill é sin atá ina shuí go te
An bhfeiceann tú a bhfuil de dheis agus d'áirgí aige! Níl aon cheo dhá bhfeileann d' fheilméara nach bhfuil aige. Dar fia tá. Más í an capall fiaigh féin í, tá sí ann
TUILLEADH (3) ▼
Tá deis agus brá gill aige. Dheamhan lá aonaigh dhá n-éiríonn air nach mbíonn suas le leathchéad bullán ansin thiar aige. Go bhféacha Dia ort, tá an oiread sléibhe aige sin agus a thógfadh a bhfuil de bheithígh ó chaorán mór na Gaillimhe go dtí Caorán Mór an Chillín. Níor ghaisce dhó sin, arsa tusa. Is beag atá ar an bhfad sin le hais mar a bheadh in áit eile
Níl cinneadh go deo lena bhfuil de dheis ag an bhfeairín sin muis. Agus ina dhiaidh sin agus uileag, tugadh boiseog sa tóin dó amach as do pharóiste gan aon bhean a thabhairt dó. Dhá dteagadh ceannaí ceirteacha timpeall muis, is maith réidh a d'éireodh ceann leis, is maith sin
Tá deis agus cuid agus maoin aige sin. Dar príosta, dhá bhfeictheá a theach déarfá sin. Is breá áirgiúil an teach é, agus ní taise don ghabháltas talúna é atá aige
+–
Bhí deis sa teach sin tamall, ach is maith bochtaithe é inniu. Tháinig an díleá air. Smál é sin a bhíos ar chuid de na daoine. Dheamhan neart a bhíos acu air
Níl sé taobh leis an méid sin deise. Nach bhfuil geadán eicínt talúna aige i S. F. agus beithígh aige air freisin. Tá agus seala mór
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr le dhul a chuid deise ar fhear Achréidh. Go bhféacha Dia ar do cheann a stór. Bheadh a chúig oiread talúna ag fear Achréidh leis, gan trácht chor ar bith ar an maith a bheadh ann thairis
Shantaigh sé an deis. Sin é an fáth ar chuir sé an iníon ann. Leabharsa ní raibh néal ar bith ar siúd. B'fheasach dó cá raibh an ciste gan aon neach a theacht chuige!
Tá an dola air, ach tá an deis air freisin (feiliméara an Achréidh) — caitheann sé a dhul faoi chostas i dtaobh a chuid talúna; tá cíos agus rátaí troma air srl., ach tá deis airgid aige freisin
·
Bhí sé láidir go maith i ndeis cheana, ach neartaigh sé tuilleadh ó chuaigh an chlann i bpostaí. Tá airgead le dó aige anois
Níl duine ar bith thart sna bólaí sin nach bhfuil láidir i ndeis. Is dóibh is fusa. Déanann siad iarmhais mhóra ar bhainne. An fear is lú beithígh ansin, bheadh suas is anuas le cúig nó sé de cheanna aige
+–
Is mór a thit siad i ndeis le gairid, té (cé) go mb'fhurasta cur acu roimhe seo. Ach tá na caisleáin ag titim agus na cairn aoiligh ag éirí, mar adeir an ceann eile
Tá sé ag titim i ndeis mar a bheadh Dia dhá rá leis. Ba gheal an lá dhó an lá ar phós sé an bhean sin. Tá sruth is gaoth leis ó shin. Ach chonách maitheasa air. Is maith an oidhe sin air
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta dhó sin titim i ndeis, agus gan aon tsiopa eile fhoisceacht dhá mhíle dhó le luach leithphínne a chur as dó. Ní bheidh achar ar bith go mbeidh sé ina ridire má mhaireann dó. Diabhal achar
Tá an saol ag féithiú leis ach ní mór linn dó. Má tá sé ag titim i ndeis, shaothraigh sé go crua é. Dheamhan a dhath a d'éirigh leis sin go bog ó rugadh é, ná cuid dhá dhath
·
Chuala mé gur mór a thug sé anuas i ndeis le gairid. Chonaic mise é sin scaitheamh agus ní raibh aon fhear — ba chuma sa mí-ádh cé hé féin — i gC. Fh. nach leagfadh sé amach punt ar an bpunt leis. Bhíodh leath na dtamhnachaí sin suas ar cíos nó ar féarach aige an uair sin. B'fhada a chaith T. Sh. ag maoirseacht dó i dT. an L. Níor mhaith dhuit maoirseacht a shamhlú le T. inniu. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Ag tuile agus ag trá a chaitheas sé an lá
4.
a.
riocht, bail, staid, caoi.
+–
Níl an deartháir atá sa mbaile ag ól tada, léis (tar éis) an deis atá ar an gceann atá i nG. — ainneoin an bhail, an riocht, an chaoi, an staid a bhfuil sé
Is deas an deis atá ort anois le ól
TUILLEADH (13) ▼
An bhfeiceann tú an deis atá air anois: a chuid éadaigh uileag faoi dhraoib agus é ag eitealla leis an bhfuacht. Is mór dhá fhonn atá ormsa anois deis a chur ort a bheadh deich n-uaire níos measa, mura deas an chaoi duit a theacht isteach mar sin agus do chulaith nua ghlan ina bogeimhin agat
Diabhal mé gob (gurb) aisteach an deis atá ort ag imeacht in do cheoláinín mar sin, i leaba dhuit fanacht sa mbaile i gcionn do mhná agus do chuid páistí, ó thug Dia dhuit iad
Diabhal mé nach ea, (n)ach gurb uirthi sin atá an deis aisteach: ag imeacht agus treabhsar uirthi mar a bheadh ar fhear. Níl cás ná náire uirthi faoi ach oiread
Níl mórán de dheis anois orm muis. Má ligeann tú anall binn bheag den stól liom, beidh mé ar fheabhas an domhain
Is aisteach an deis atá ar an máistir scoile seo thíos: ag scaoileadh anuas na mbrístí de phutach ar bith nach mbeidh a lesson aige. Shílfeá go mba mhór an náire dhó a leithide de chleas a dhéanamh
Níor bheag dó an deis a bhí air agus gan tusa a dhul ag déanamh tuilleadh air. Más thuas a frítheadh é, thíos a fágadh é, nuair a bhí tusa réidh leis
Is diabhaltaí an deis atá air in éadan chuile dhuine. Is fear é atá in áirid a bhuailte muis. Diabhal bréag nach bhfuil. Éistfear leis scaitheamh, ach smutfaidh duine eicínt as a dheireadh é. Má smutann féin, dheamhan leath an chirt a dhéanfas sé leis
Is gránna an deis atá ort dá mbeadh a fhios agat é: ag líochán do smaoise le do theanga. Cén áit ar thug tú an faisean sin faoi deara dhuit féin. Ní anseo é ar aon chor. Beidh duine ar bith ceart a thabharfas comhluadar don bhratainn sin thíos. Diabhal bréag nach mbeidh
Nach aisteach an deis atá air. Ní mian leis duine ná deoraí a ligean isteach faoi chaolachaí an tí. Chuile uair dhá dtéann sé amach, fáisceann sé glas ar an doras. I bhfaitíos atá sé cheapfainn, go gcuirfí aon chaidéis ar an mbean
Is gránna í a dheis: ag imeacht ag éisteacht i ndoirse dúnta le faitíos a dtiocfadh scéal ar bith uaidh. Dhá mbeirtí air, séard a bhí le déanamh leis, a bheith dhá lascadh go dtugtaí dath dubh air. Rómhaith a bheadh sé aige
An bhfeiceann tú an deis atá ar an diabhlánach anois. Sháraigh sé a bhfaca mé ariamh lena chuid ábhailleachta
Sílim leis an deis atá air, go mb'fhearr ligean dó. Tá sé thíos sa talamh ag na daitheachaí bradacha sin
Ní bréag leadaí a thabhairt air. 'Sé a dheis atá air — 'sé sin
+–
An bhfeiceann tú an deis atá ar an mbaile anois aici — ar scáth aon bhean amháin. Ba mhaith suaimhneach an baile é seo shul má leag sí a cois istigh ann. Ach d'éireodh di: tháinig sí as tír an achrainn
Nach dalba an deis atá ar an saol: ríochta an domhain fré chéile in oighear an chochaill. 'Sé deireadh an domhain é mura bhfuil ag Dia. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá air
TUILLEADH (13) ▼
An bhfaca tú an deis atá ar an ngarraí sin thíos leis. Tá coill shalachair ann, agus is fhearr leis ina dhiaidh sin ag obair in aisce do chuile dhuine eile ná cupla lá a chaitheamh dhá ghortghlanadh
Gabh suas agus breathnaigh ar an deis atá ar an leaba a chóirigh mé ar ball beag ag an bpaicle bithiúnach sin. Smachtaigh anois iad. Níl géilleadh ar bith acu domsa. Is gearr aríst go ndéana siad é, mura mbagraí tú orthu
Chonaic tú an deis a bhí ar chois an asail ar maidin. Bhí sé ag imeacht ar thrí cosa. Casadh i ndrochphas eicínt aréir é — mura in iothlainn Mh. é. Ní bheadh carghas ar bith aige sin é a dhonú
Is tútach an deis a bhí ar an gcoca féir sin ar maidin inniu. Dheamhan asal ar an gceathrú nach dhá shracadh a bhí aréir
Féacha an deis a chuir na bruacháin sin ar an lacha. Níor fhága siad liobar clúmhaigh ag gabháil léithe nár streachail siad di. Sin iad na húdair agat. Is beag an dochar dóibh a bheith ligthe leo fhéin fhéin, agus gan aon bhacadh ag dul orthu, ná smid dhá rá leo
Is deas an deis atá ar na cigarettes anois. Thug sí cead dóibh titim sa lathach agus tá siad bog báite. Sin í an stuaim i gcónaí
Is caillte an deis atá mar sin air ag imeacht ar thrí cosa. B'fhéidir dhá mbeireadh sibh air, agus breathnú ar an gcrúib, go mbeadh a fhios agaibh céard atá ag goilliúint air
Is dona an deis atá ar an aimsir seo le dhul in éadan féir. Sílim go mbainfidh mé féin scaitheamh eile amach ar na portaigh nó go n-athraí an aimsir
An bhfeiceann tú an deis atá ar an ngabáiste i mbliana: í rodta ite as cnáimh éadain ag péiste agus ag cuileogaí. I nDomhnach tá, hé brí cén chiall é.
Sílim leis an deis atá ar an mbealach théis na báistí, nach bhfuil sé inrásta ag asal ar bith ualach móna a thabhairt ann. Ní shiúlfadh an fia na cíocraí bradacha sin scaití
Is breá an deis atá ar a (bhur) gcuid móna théis na tuile seo. Breá nár thóg sibh í as a scaradh nuair adúirt mise libh é. Bhí sí in araíocht a gróigeadh an uair sin, ach tá sí ina bogeimhin anois
Is maith an deis atá ar an tír dá mbarr. Nach bhfuil na daoine bánaithe acu. Má thugann sibh léas chúig bhliana eile dhóibh, beidh sibh ag iarraidh a (bhur) gcodach. Tuilleadh diabhail agaibh a ghéilleas dóibh!
An bhfeiceann tú an deis atá air ag imeacht ag ruatharúch (lao) — caoi
+–
Is dona an deis a chuir sé ar a chuid airgid: é a chaitheamh ar sclaibéaraí. Is furasta a aithinte an duine dona i gcónaí. Bíonn sé de bheith air, dhá mbeadh an saol aige, nach bhfágfadh sé cianóig rua aige féin
Níor fhága sé sop feamainne sa gcladach anuraidh nár sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailithe aige i gcónaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirthi ina dhiaidh sin: a fágáil ina meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceáil ag dul chun sochair don chomharsa
TUILLEADH (8) ▼
Fágadh an domhan agus a mháthair talúna aige sin, agus nach dona an deis a chuir sé air. Tá an chuid is fhearr dhe anois ligthe chun fiántais aige, cheal saothraithe agus cheal aire. Dar príosta, is olc an oidhe ar chuid de na daoine tada a fhágáil acu. Déanfaidh siad cis ar easair dó
Nach dona an deis a chuir an bromaire sin thoir ar a shaol. Féacha anois é, agus gan a dhubh ná a dhath aige ach ag rómhar sa bpóicín siúd ó thuaidh den teach. Scread chasta air nach n-imeodh go Sasana nó in áit eicínt agus gan a bheith ag loiceadóireacht ansiúd, ag cur goirín ar chroí an athar chuile uair dhá mbreathnaíonn sé air agus ar chaill sé leis
Is dona an deis a chuir sé ar an uachta a fuair sé … Cheal nár chuala tú é? Fuair sé lán laidhre a mhic ó, agus níl iamh air anois ach dhá ól … Tá sé ráite ariamh a mh'anam: "airgead cailleachaí dhá mhún le ballaí"
Is dona an deis a chuir sí uirthi féin agus a bhfuair sí d'fhoghlaim: a dhul agus an seanliúdramán gránna sin a phósadh. Beidh a shliocht uirthi: beidh aiféala uirthi fós
Cé a chuir an deis siúd ar an dúchán móna? D'fhága duine eicínt béal in airde é, agus níl deoir as aer nach bhfuil ólta aige. Is cuma le cuid de na daoine é, ach an t-ualach sin a thabhairt as agus é a fhágáil faoi thoil deona Dé ansin. Ní gan uí gan ó móin a fháil anois
Diabhal easna dhíot nach tú a chuir an deis siúd ar mo chuid féir aréir! B'fhurasta a aithinte dhom é dhá gcuimhnínn air. Tá an colbha thiar uileag ina chiseach de bharr na hoíche. Beirt eicínt a bhí ag cúirtéireacht ann. Ní hé do mhalrait féin a bhí ann ariamh
Céard a chuir an deis sin ar do bhéal. Tá sé millte gearrtha. Ní féidir go raibh tú ag troid
Tá maith mhór dhuit leabhar nua a fháil don ruifíneach sin go deimhin. Cuirfidh sé an deis chéanna uirthi a chuir sé ar an leabhar cheana. Ní sheasfadh airgead Damer do dhuine ag coinneáil leabhra leis sin
b.
deasú, deisiú, cur faoi réir.
+–
Is breá an deis atá aige ar an teach — caoi bhreá, cuma cheart shlachtmhar air
Níl thairis sin de dheis ar a gharraí muis
TUILLEADH (6) ▼
Tá preabán dheas talúna aige dhá mbeadh aon dheis air, ach sin rud nach bhfuil air, ná nach mbeidh air, má bhíonn sé ina chleithiúnas siúd
Dhá mbeadh deis ar an tóchar atá ann, tá an chuid is fhearr den talamh cuir atá againn ann. Tá muid ag tuineadh leo le chúig bhliana ag iarraidh comhla a chur leis a bhacfadh an taoille, ach bhí sé chomh maith dhúinn a bheith ina (ár) gcónaí, scáth ar thug siad de thoradh orainn. Tháinig seilbhéara ann agus mapaí aige, ach mo léan géar!
Is beag an deis a d'iarrfadh an bicycle sin nuair a bheadh sé ceart. Dá mbeadh péire tubes ann agus mudguard, ba mhaith an cúnamh air iad
Is beag an deis a theastódh ón teach sin chor ar bith nuair a bheadh sé ina theach bhreá. Feictear dhom gur mór an díth céille atá air bualadh faoi theach nua a dhéanamh agus teach chomh breá sin aige cheana
Níl deis ar bith ar an scioból sin le aghaidh damhsa. Ní mór na fataí a chur amach as, agus coca a dhéanamh den tuí, agus an t-urlár a scuabadh agus a sciúradh. Cáid go mbeidh an chuairt mhíosa ann?
Is mór is fiú dhúinn an méid sin deis' a bheith ar gharrantaí bharr an bhaile againn thar is mar a bhí siad. Ní raibh gair ar bith againn a dhul dhá gcur cheana ach féadfar a gcur anois
+–
Nach breá an deis a chuir sé ar an seomra siúd. Is seomra ordnáilte ceart anois é. Tá díol rí de theach aige gan bhréig ar bith
Cuireadh an-deis ar an gculaith siúd dó. Is geall le culaith nua as an bpíosa anois í. Ní aithneofá uirthi gur caitheadh ariamh í
TUILLEADH (14) ▼
Más againn a bheas an sagart i mbliana, caithfear deis eicínt a chur ar an simléar sin. Níl puth dhá tharraingt aige
Is maith uaidh deis a chur ar thobáin leis an gceart a dhéanamh. D'fheicfeá daoine eile, agus dhá mbeadh an stuaim féin iontu, ní bheadh an soilíos iontu
Tá an barr baile ó rath orainn ar fad nuair nach gcuirtear aon deis ar an mbóithrín. Níl aon ghair againn aoileach ná feamainn a chur amach
Ná bac leis siúd ag cur deis ar thada! Bhain sé féar ansin thíos anuraidh, agus níor bhain sé as a bhuille é, gur lobh sé ar an talamh le amlua. Sin é an fear tí agus urláir agat!
Mura gcuire tú deis eicínt ar an leaba sin thuas anocht, ní bheidh aon deis (chodlata) ortsa inti. Tá logán síos ina lár. An tsraith atá tugtha uaithi
Is géar a theastódh deis a chur ar an gcathaoir seo, agus gan a fágáil mar atá sí. Chaith mé an oíche aréir in mo shuí uirthi agus go deimhin, má chaith féin, ní mórán deise a bhí orm. Bhí sí ag sníomh fúm, agus faitíos orm chuile phointe gur ar shlatrachaí mo dhroma ar an urlár a bheinn
Dá gcuirtí deis bheag ar an gcarr sin bheadh sé thar cionn. Ach is deacair dó aon smais a bheith air — carr nár cuireadh bealadh ná paint ariamh air
Cuir deis ar an gcoca féir sin agus ná bíodh leathmhaing mar sin air. An chéad soinneán a thiocfas, iontóidh sé droim ar ais é
Ní foláir duit deis a chur ar an díon thairis sin. Is maith luath a cháinfeas do chliamhain an cur atá tú a thabhairt uirthi (ar an tuí), má chastar aniar é. Tuíodóir pointeáilte é féin
Ní mórán de dheis a chuir sé ar na bróga théis ar bhain siad de chaint amach. Breathnaigh uirthi sin. Nach bhfuil sí ag éirí ó bhonn aríst. Mo choinsias tá
Cuirigí deis eicínt ar bhearna na hiothlann, agus ná bíodh a bhfuil agaibh béal in airde agus asail na tíre ag déanamh plaicín ghabhair dhó (dhe). Is deacair dhaoibh aon teach a bheith agaibh, má mhaireann daoibh ar an tsiléig sin
Shílfeá go gcuirfeadh sí deis eicínt ar a cuid gruaige agus gan í a bheith ag imeacht ina stoithneachán mar siúd. Siúd í ceann gan chíoradh ar chaoi ar bith!
Má tá pota le dhul ar an tine sin, ní mór dhaoibh deis bheag a chur uirthi. Caith anuas gabháilín mhóna chugam … Nach gann gortach a thug sibh isteach í, má tá sibh taobh leis an méid sin
Ní fhéadfaidh mé a dhul ag damhsa ar bith go bhfaighe mé deis ar mo bhróga. Tá péire tosaí ag teastáil uathu go géar
+–
Más leat pósadh i mbliana ní mór duit deis thairis sin a chur ort féin. Ní thiocfaidh siad isteach chomh fada leat anseo ar an teallach. Is beag an baol orthu
Ara cén deis atá sé a chur air féin le posta a fháil. Ar chuala tú ariamh é: mheallfaí bean dá gcaití dúthracht léithe. Níl postaí le fáil sna smeachóideachaí
TUILLEADH (4) ▼
Má bhí rún aige a dhul ag troid, ba dona an deis a chuir sé air féin. Breá nár bhain sé anuas an seaicéad, agus na muinchillí a chrapadh mar a rinne a leithide ariamh
Ní fheicim go bhfuil sé ag cur mórán deise air féin le dhul 'na bhaile mhóir inniu. Déarfainn nach bhfuil. Is fada leis an t-aistir agus is fuar leis an lá
Má tá tú le dhul ag baint mhóna amárach, breá nach gcuireann tú deis eicínt ort féin. An bhfuil bara agat? Ná dorú. Ná sleán. Sílim go mbeidh sí gan baint má bhíonn sí in do chleithiúnas-sa
Más leat earrach a dhéanamh, cuir deis ort féin feasta. Ar chuala tú ariamh gur dhá dtrian den damhsa an chosúlacht
+–
Níl aon deis a (de) rath ar aon duine ar an mbaile seo, le dhul ag saothrú ar bhóithrí fós. Tá leath a gcuid fataí sa talamh gan baint. Sílim go bhfuil chuile dhuine siar le na fataí i mbliana thar is bliain ar bith eile. Tháinig an uair an-fhliuch
Má tá sé ag tnúthán le obair, breá nach mbeadh deis air thar mar atá. Ar ndóigh duine ar bith a d'fheicfeadh é ag fánaíocht faoin mbaile sin thoir, ní thabharfadh sé smeach oibre le déanamh dhó go brách. Is túisce a ghabhfadh sé i dtigh diabhail ag iarraidh fear oibre, ná a bheadh baint ná páirt aige leis
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé sin le dhul faoi bhara! Is deas an deis atá air muis le dhul faoi bhara. Diabhal bréag nach deas. B'fhéidir go dtógfadh sé aon mhéaróigín a thitfeadh di, agus go mbeadh sé in ann a dtabhairt leis go dtí an carnán. Ní mó ná sin é
Is breá an deis glantacháin atá uirthi, a cuid éadaigh Domhnaigh! Déarfainn dhá mbeadh fonn glantacháin uirthi nach gafa gléasta mar sin a thiocfadh sí. Ach bíodh aici. Mura miste léithe féin a cuid éadaigh nua a mhilleadh, ní miste linne
5.
cumas nó spreacadh nó luí le láimh seachas an lámh eile ag obair.
a.
+–
Tá an láí sin ar mo dheis — más ciotach duit, is láí chiotach í, nó más deiseal duit, is láí dheiseal í
Céard í do dheis? — an ciotach nó deiseal atá tú
TUILLEADH (7) ▼
Níl a fhios agam an bhfeilfidh an sleán sin duit chor ar bith. Céard í do dheis
Ní fhéadfaidh mise aon bhuille oibre a dhéanamh nó go bhfaighe mé láí a bheas ar mo dheis. Ar ndóigh ní cheapann tú go bhfuil fear ciotach in ann láí dheiseal a oibriú. Baol air
Ní fhéadfainn aon cheart a bhaint den láí sin. Níl sí ar mo dheis
'Sí atá ar fheabhas ceart. Tá sí ar mo dheis
Is cuma céard í a dheis, mar 'sé an cás céanna dhá gharraí é. Dhá mbeadh sé ciotach agus deiseal chomh maith le chéile, níl aon spreacadh ann le tada a dhéanamh. Diabhal spreacadh ná cuid de spreacadh
Fear nach bhfuil a fhios aige cén deis a bhfuil sé, cén chaoi a bhféadfaidh sé fataí a chur — an deiseal nó tuaifeal é
Níl a fhios aige cén deis ar chóir don láí a bheith (deiseal nó tuaifeal). Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin!
+–
Cinnfidh ar Sheán aon rath a dhéanamh má chuireann tusa an ball suas ar an taobh thoir. Ach ligeann tú chuige i gcónaí ar a dheis í
Is maith le chéile an cúpla sin. An bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil an liathróid ar a dheis ag chaon duine acu — fear deiseal agus fear ciotach. Déanfaidh siad puca den bheirt eile
TUILLEADH (4) ▼
Ceann ar bith a theagas ar a dheis chuige, leagann sé uirthi, ach tá an fear istigh féin sách aigeanta. Níl sé dhá gcur amach ar a dheis chuige. Níl rath ar bith air leis an gciotóig
Shílfeá anois, fear ciotach, go scríobhfadh sé ciotach; gurb é a bheadh ar a dheis. Ach ní fhaca mé aon duine ariamh ag scríobh ciotach. Bíonn siad ann ina dhiaidh sin is dóigh
Ar an taobh siúd is fhearr dhó í. Beidh sí ar a dheis aige. Ciotóg é. Shílfeá nach bhfuil locht ar bith aici ar na gnaithí ach an oiread. Dheamhan cuibhiúlacht ar bith fanta sna mná anois, ná cuid de chuibhiúlacht. Is fada go ligfeadh bean fadó cead d'fhear breith uirthi os comhair na tíre mar sin.
Buail é ó tá sé ar do dheis — ó tá deis, seans nó ligean agat air
b.
+–
An fhad is a bhí mé ag cur suas na móna ar mo dheis, bhí agam. Bhí mé ag tabhairt cnáimh le crinneadh don scarthóir, ach chomh luath agus a d'athraigh siad, agus a mb'éigean dom tosaí in aghaidh deise, bhíodh sé ag forcamhás orm ar an mbruach (ag baint mhóna in aghaidh deise — ag baint an bhinse i riocht is go gcaithfeá an mhóin a chur ar thaobh na láimhe ba lú umhlachta)
B'fhurasta dhuitse earra mhóna a bheith ar bruach agat agus an scarthóir a shárú, ach féacha mise a bhí ag baint in aghaidh deise i gcaitheamh an lae. Is beag an dochar dhom, arsa tusa, a bheith gan sea gan seoladh anois
TUILLEADH (5) ▼
Chaith mé lá ag casadh fóidín baice in aghaidh mo dheise do J. ansin thíos. Mura gcasainn mar sin é, chaithfeadh seisean an chlaise a chur isteach in aghaidh deise, agus ó bhí sé ina sheanfhear, ba mhór liom a dhul ag fiachadh air
Chaith mé an lá ar mo mhine ghéire. Bhí a shliocht orm: is beag le go raibh mé in ann mo sheanbháinín a iompar abhaile tráthnóna
Ní thiocfadh sí liom chor ar bith mar sin. Bheinn ag obair in aghaidh deise. Tá sé ceart go leor agatsa atá ar do dheis
Chaith mé an lá ag tarraingt an tobáin in aghaidh deise, leisce P. Mh. a chur dhá tharraingt scaití in aghaidh a dheise féin. Dhá n-athraíodh muid mar a bhí againn a dhéanamh, thitfeadh seisean i mbun a chos faoi. Dheamhan mórán gaisce a bhí air mar a bhí sé féin
Seas ar an taobh seo agus píceáil amach ar do dheis í. Nach feasach duit gur in aghaidh deise atá tú ag píceáil anois. Shoraidh dhíot nach nglacann go réidh thú féin, agus gan furú mar sin a bheith ort. Is iomaí oíche ag an teampall orainn
·
Is diabhaltaí an báireoir é, agus an chóir a dteagann an liathróid chuige, caitheann sé an poc a bhualadh in aghaidh deise chuile uair. Tá trí chúl amuigh aige anois dhá bualadh in aghaidh deise. Dhá bhfaigheadh sé ar a dheis í, níl a fhios cén gníomh atá ann. Dhéanfadh sé cat agus dhá rioball. 'Sé atá deas air!
Iontaigh ar an taobh eile agus beidh do bhuille ar do dheis agat. Tá tú ag bualadh anois in aghaidh deise, agus do do chloí féin
6.
a.
faoi réir, réitithe, ullmhaithe.
+–
Ní raibh mé ar mo dheis lena dhéanamh an uair sin — ní raibh mé faoi réir nó feistithe
Is mór an seans é, don duine atá ar a dheis le tosaí ar an toirt boise. Ach sin caoi nach bhfuil cuid againne
TUILLEADH (6) ▼
Níl mé ar mo dheis ceart fós, ach nuair a bheas, feicfidh tusa dúchan déanta. Ní stró ar bith dhomsa an garraí sin a fhódú in imeacht cupla lá … Foighid ort go bhfeice tú!
An té a bhí ar a dheis le dhul ag baint mhóna an uair sin, agus an aimsir bhreá a thapú, bhí a shliocht air: tá móin aige. Ach ní raibh fata de bhláth bliana lánaithe ag cuid againn an uair sin. Sin é a d'fhága ar deireadh muid
An té atá ar a dheis anois le dhul ag seanleasú leis an bhfeamainn dearg seo, tá leis. Féadfaidh maicín S. a tapú. Bíonn sé os cionn a chuid oibre i gcónaí. Is ait an saothraí é
Dhá mbeinn ar mo dheis, dhéanfainn sin féin, ach tálta (ó tharla) nach bhfuil, caithfidh sé fanacht go mbeidh breith ag na daoine air. Níl rud ar bith is géire a theastaíos timpeall an tí faoi láthair ná fail mhuc
Ní fheicfidh tú ag caitheamh an phíopa é ach an uair a mbíonn sé ar a dheis ceart: am scortha tráthnóna, nó théis am dinnéir. Is beag an lua a bheadh aige é a dheargadh chomhuain is a bheadh sé ar a tháirm oibre. M'anam nach ndeargfaidh!
Ní mó ná dá mbeadh sé ar mo dheis ceart anois go ngabhfainn do mo mhearú féin ag biorú claíochaí. Tiocfaidh na claíochaí leis an gcaoi atá orthu, nó go bhfaighe na daoine ionú maith ar a dhul ina n-éadan. Seo í an mhí dhubh ar aon chor, agus níl mórán bearradh le baint ag aon cheo den talamh
b.
buntáiste, cóir, i bhfeiliúint.
+–
Nuair a tháinig siad ar a ndeis chuir siad tuilleadh earraí isteach, agus dheamhan i bhfad nó go raibh siopa láidir acu — nuair a bhí an oiread brabaigh nó buntáiste acu de bharr ar dhíol siad roimhe sin
Níl aon mhaith dhuit ag caint ar an rud sin anois. I ndiaidh a chéile a déantar na caisleáin. Tá do dhíol de theach agat faoi láthair. Fan go dteaga sé ar do dheis agus déan ceann ansin. Ach cén smál a bheadh ort a dhul ag bacadh leis anois agus a bhfuil eile ag glaoch ort
TUILLEADH (6) ▼
Shín sé amach páipéar deich bpunt agam. 'Seo anois a bhean chóir,' adeir sé. 'Íoc do chuid dliteanais leis sin, agus ná bíodh deifir ar bith ort dhá íoc liomsa, nó go dteaga sé ar do dheis go maith. Níl dlús ar bith agamsa le airgead.' Caraid a dhéanfadh é, nach ea
Bheadh an scéal ceart go leor dhá bhféadthaí na gálaí sin a íoc ar ais uair ar bith a dtiocfadh sé ar dheis duine, ach ní fhéadfaí. Caithfidh duine a bheith suas leis an lá cairde. Mura mbeadh "bháfaidís" a mbeadh ag gabháil leat
Bíodh foighid agat. Tiocfaidh sé ar do dheis uair eicínt iarraidh a thabhairt dó, agus ná lig do leas ar cairde ansin. Tabhair dhó go trom tairbheach é
Fág mar sin é, nó go dteaga sé ar do dheis go maith. Ach a dteaga, déan é, ach níl dlús ar bith leis go dtí sin
Déarfaidh mé leis é ach a dteaga sé ar mo dheis. Ní bhfaighinn ionam féin a ionsaí faoi láthair. Tá mé faoi chomaoin aige. Ach a gcúití mé an chomaoin sin, beidh mé díreach leis, agus féadfaidh mé mo rogha rud a rá leis. Beidh a shliocht air: gheobhaidh sé an teanga uaimse, feicfidh tú fhéin air
Níl aon ghair aige chaon tsórt a dhéanamh in éindí. Tabhair ionú dhó. Bainfidh sé deatach as Sasana nuair a thiocfas sé ar a dheis. Siúd é an buachaill aice
+–
Nuair a thiocfadh sé ina dheis, dhéanfadh sé é — an uair a bhfaigheadh sé faill air; an uair a mbeadh sé i gcruth a dhéanta
Déanfaidh mé sin féin, má theagann sé in mo dheis. Mura dteaga, fanóidh sé ansin. Ní bhainfidh mé leis go mbeidh mé os cionn mo chuid oibre ceart
TUILLEADH (1) ▼
Cén ghair atá agamsa fanacht nó go dteaga sé in do dheis-se é a dhéanamh. Nach fearr go fada dhom ligean dó ar fad
c.
+–
Tá sé ar a dheis aige dháiríre anois — is féidir leis an rud a dhéanamh gan stró ar bith; níl tiompán ar bith air faoin rud a dhéanamh, nó a chúis a chur i gcrích
Féadfaidh muid a dhul ag baint fóidín aisti (ag baint mhóna) lá ar bith feasta. Tá muid ar a (ár) ndeis aige
TUILLEADH (4) ▼
'Sé atá ar a dheis aige ceart anois. Níl aon fhear in do thír is fhearr an oidhe bean ná é. Beidh Bainis Pheige Ní Eaghra ansin. Níor fhága siad aon éalang ariamh ar an ngnaíúlacht
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aici anois. Measaim nach mbeidh aon duine le dhul ina béal ort. Tá chuile dhuine róchruógach le na fataí
Is mé a bhí ar mo dheis aige ceart dá dteagadh sé, ach níor tháinig. Loic sé. Bíodh aige anois. Is fada aríst go dtuga mise an dóigh dhó, ó d'fhan sé uaim
Is iad atá ar a ndeis aige. Níl talamh ná trá ag cur imní orthu, lá is nach gcuireann siad ach ceapachín amháin fhataí. Ar ndóigh féadann siad sin a bheith ag plé le poitín, chuile lá dhá n-éiríonn ar a súil
+–
Tá a theanga ar a dheis aige ar chuma ar bith — tá sé paiteanta ag caint; is cainteoir maith é
Ná hiarr ina dhiaidh siúd é, má théann sé ag cóiriú aon duine. Tá a theanga ar a dheis aige. Ba dual dó. Cainteoir maith a bhí ina athair féin
TUILLEADH (2) ▼
Tá a theanga ar a dheis aige ar chuma ar bith. Is geall le turnae (aturnae) é ag scoilteadh cainte
Chuirfeadh sí cosa beaga faoi na glasógaí ag caint. Mo léan géar nach aici atá an teanga ar a deis. Bheadh sé fánach ag mo leithidese a dhul ag coinneáil cabaireachta léithe
+–
Sin é an buachaill a bhfuil an chaint ar a dheis aige — ar a chomhairle féin
Tá an dea-chaint i gcónaí ar a dheis aige. Ar chuala tú an oiread nathaíochta ag aon Chríostaí beo agus atá aige. Shílfeá go slóchtfadh sé é féin agus a mbíonn le rá aige
TUILLEADH (3) ▼
Níorbh fholáir do dhuine an Béarla a bheith ar a dheis aige le cara chainte a chur air sin. Maidir le mo leithidese, ní bheadh aon ghnaithe agam ag plé leis
Chonaic mise an chéad am a dtáinig sé sin anseo nach raibh smid Ghaeilge ina phluic. Bheifeá ag caint leis i gcaitheamh an lae agus ní bheadh a fhios aige an focal féin adéarfá. Ach mo choinsias, tá an Ghaeilge ar a dheis aige anois
Tá an ghráiscínteacht sin ar do dheis agat go maith, tá sin. Ach níl do chuid paidreachaí agat leath chomh maith. Diabhal é muis
7.
iontú nó claonadh nó fiar chuig … , ar aghaidh, os coinne.
+–
Shílfeá go bhfuil tú ar dheis na gréine dhuit féin, bail ó Dhia ort (ar dheisiúr na gréine; is annamh adeirtear deisiúr) — ar aghaidh na gréine
Bhí dubhtheas ann inniu ar dheis na gréine. B'éigean dom féin agus do T. Mh. a dhul ar scáth na sceiche thuas ag an mbóithrín trasna
TUILLEADH (5) ▼
Is breá sócúlach atá tú bail ó Dhia ort ar dheis na gréine. Cheal nach n-airíonn tú greadánta inniu í. Ní airíonn
Tá sé aerach agus ar dheis na gréine. Is deas an áit tí é
Osclaígí an doras atá ar dheis na gréine. Ar ndóigh ní gaoth atá ann le go mbeadh sibh dhá choinneáil dúnta
Is gearr a bheas an mhóin sin ag triomú feicfidh tú féin air. Tá deis gréine ansin uirthi. Ní thriomódh do chumhachta na portaigh atá agamsa ar an taobh ó thuaidh den chnoc
Is deacair féar a thriomú i gcónaí ar an taobh sin den chnocán. Ach ní bhíonn anró ar bith air ar an taobh ó dheas mar bíonn deis na gréine air
+–
Tá sé ar dheis na glóire le cúnamh Dé (ar dheisiúr na glóire) — os comhair Dé sna flaithis
Ar dheis na glóire go raibh sé! Bhí chuile dhuine buíoch dó, agus beidh Dia freisin buíoch dó le cúnamh Dé
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ar dheis na glóire anocht, agus má tá féin, is maith a shaothraigh sé í. Níor lig sé faillí in aifreann ná in urnaí ariamh
Níl call duit caitheamh ina diaidh ar bith a bheith agat. Is maith an mhalrait aici é. Tá a hanam geal ar dheis na glóire anocht
Mura bhfuil seisean ar dheis na glóire, is trua don chuid eile againn. Níor ghoid sé ná níor fhuadaigh sé, ná níor chuala aon duine ach an dea-fhocal as a bhéal ariamh faoin gcomharsa. Go dtuga Dia a luach dó!
8.
a.
an cluiche corr.
+–
Diabhal mórán a d'fheicfeá iad ag bualadh deise sa ruta seo anois. Ní bhíodh Domhnach ná dálach fadó nach í a bhíodh uileag thíos ansin thíos ar an mbóthar, ach ní fhaca mé ann anois í le na cianta. 'Sé an áit a mbíodh an daoradh bualadh againn, ar an leic sin ó thuaidh de bhóthar, ar aghaidh gheata Mh.
Téadh muid ag bualadh deise. Gheobhaidh muid an-spraoi air
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh rath ná ríocht leis an gcomhlán a bhí againne. Bhídís ó dheis chuile phointe. Bhí na buachaillí eile seo ró-aigeanta acu
b.
taighríocht chóiriúil nó buntáiste nó ligean buailte sa gcluiche corr.
+–
Caitear crainnte ar dheis — féachaint cén foireann a gheobhas tús buailte ar an liathróid sa gcluiche corr
Fan thusa ar an daoradh bualadh le deis a thabhairt dúinne
TUILLEADH (13) ▼
Nach iad do dhreamsa a bhí ag tabhairt na deise.
Mura mbí tú go maith san airdeall ort féin anois, cuirfidh sé ó dheis thú — d'fhoirinn a dhó nó a chur amach (fc. dóigh agus cluiche corr)
Má dhóitear iadsan, geobhaidh muide deis.
An dó ar chúl daoradh a chuir ó dheis muide trí huaire. Tá boc ag S. Mh. chomh cam le cois deiridh cait
Fuair siadsan deis i ngeall ar do chuid sleamchúis-se. Ní dhéanfadh áit ar bith thú leis an liathróid a chur ach isteach i gcrúib J. Uí Mh. chuile uair. Sin é an chaoi ar chaill muide deis leath na gcuarta
Níl sé in ann deis a bhualadh achar ar bith. Ní raibh aon duine ar an daoradh reatha aon uair dhár bhuail sé í ó mhaidin. Tá muid cuibhrithe ar an daoradh clis ó mhaidin
Amachaidh libh. Tá deis againne
Is gearr an t-achar atá sé in ann an ball a chur leis an deis chor ar bith. Fágann sé daoine ar an daoradh clis i gcónaí
Ag fanacht le deis atá siad le baint as. Chomh luath agus a gheobhas siad deis, déanfaidh siad ar an daoradh teacht abhaile
Is diabhlaí go deo an pleota thú. Nár dhúirt muid leat cheana má aimsítear an liathróid san aer i ndiaidh do dheise go bhfuil dó ann. Ní mian leat ina dhiaidh sin gan a cur isteach i láimh an tset eile
Sin anois deis mhaith. Deifridh a chailleachaí. Beidh sibh uileag sa mbaile
Buailidh deis agam. Caith deis chugam a Sheáinín. Bainidh as a chunúsachaí, bainidh as, nó beidh sibh dóite
'Sé T. a chaith deis chuige an uair sin ar thug sé an boc dalba don bhall. Thug sé abhaile uileag muid an uair sin. 'Sé a bhí deas air. Nár chuir sé siar sa gcrígh dhriseachaí í. Dhá mbeadh an daoradh teacht abhaile thoir ag an D. Mh., ba bheag an stró orainn a bheith ann. Dheamhan stró muis
deis in iontrálacha eile (50+)
→
fara
Níl aon deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mura ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh acu fadó sna seanphúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
→
focal
Níl aon chabhnsailéara istigh i nGaillimh in ann breith ar fhocal uirthi siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
→
freagair
Céard a thug an roiseadh sin do tyre do bhicycle? Tá an tube ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mura gcuire, fágfaidh sé ar an mbóthar thú
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidreamh an deis atá air — shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe i ndiaidh a chinn roimhe ón mbaile
+
→
fág ar
Ní fhágfaidh na driseachaí sin láimh ort mura bhfaighe tú deis thar an scian sin ina n-éadan
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
→
fág
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is ina sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu murach a cuid airgid sin
→
fánach
Buail isteach ann go fánach mar dhóigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaigheann tú deis ar bith tarraing anuas é
+
→
ceal 1
Ní dhéanfaidh tú aon dul ar aghaidh leis, cheal deis. Breá nach gcuireann tú fios ar oirnis síos tigh J.?
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an baol a bheadh ormsa na gnaithí sin a chur ar an méir is faide, murach cheal gan aon deis iompair agam le dhul chomh fada le S. Sh. Ph., agus is mór liom a dhul dhá shiúl.
Ní hin é an chaoi le clochneart a chaitheamh ón ngualainn chor ar bith. Níl tusa ag cur deis ar bith ort fhéin léithe. Ar an láimh atá tú ag cur an stró ar fad, i leaba é a chur ar an ngualainn agus ar an slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú ag cur cosúlacht chaite eicínt ort fhéin!
→
coirigh
Choireodh sé orm — 'sé a choireodh — dhá bhfaigheadh sé an deis, ach is mise fhéin nach dtabharfaidh an deis dhó.
+
→
bealach
Tá an teach ar a ndeis acub ó tharla é bheith ar shúil an bhóthair. Tarraingeann an ceannaí mála ann ag iarraidh lóistín na hoíche, fámairí ag cur tuairisc an bhealaigh, Gaeilgeoirí ag iarraidh nathaíochta, agus chuile chineál duine dhá dtéann an bóthar.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an deis a bheas air anois i gcaitheamh an bhealaigh.
→
coiric
Scread chasta air, an seanriadaire bradach, le deis a bheith air! Muran fada gur thosaigh na mná ag dul sa gcoiricín aige!
→
críoch
Mura bhfuil mé ag dul amú go mór, is bean í sin a thiocfas (rachas, ghabhfas) ó chrích. Bhí neart le fáil aici, ach níor thapaigh sí a deis. Ag dréim le boic mhóra a bhí sí i gcónaí, agus gan aon aird acub sin uirthi. Anois, tá sí fágtha ar an trá thirim.
→
cúl
Dar mo choinsias, dhéanfadh sé é, ar chúla téarmaí, agus faigheadh sé an deis. Ná trust thusa aon duine go deo a fheicfeas tú ag imeacht ar an gcodaíocht sin.
Chuaigh tú le cráin eicínt agus an deis atá ort ag gabháil tharam biorach ó tháinig an oíche ("téann duine le cráin", nuair a bhíos ádh imeartha air)
+
Cén chaoi a mbeadh deis mhaireachtála aige, ag coraíocht le breaclachaí.
TUILLEADH (1) ▼
Diachta dhuit má fuair tú deis athrú nár athraigh dhuit fhéin, tharas do chuid allais a bheith tugtha chuile lá sa mbliain ag breaclachaí bradacha an bhaile seo.
+
→
aer
Ní bheadh a fhios ag duine ó aer go talamh cén deis mhaireachtála atá air.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith a rinne tú é a thapú: is corruair a fhaigheanns duine an deis a dhul ar aer an bhaile mhóir.
Tá S. ina bhruithshléacht le chuile dheis ó d'fhága sé an seanteach. B'ádhúil an lá dhó an teach nua a dhéanamh. Tá sruth is gaoith leis ó shin.
+
→
buail
Bhí sé chuile orlach chomh maith dhuit urchar a chaitheamh ar thulán leis an áit a bhfuil tú dhá chaitheamh. Nach bhfuil a fhios ag do chroí istigh nach mbuailfidh breac ar bith ansin thú. Tá an iomarca tanaíochain ann, agus é ag trá fós. Bheadh deis buailte eicínt ar bhreac dhá dtéiteá ar na starráin sin amuigh.
TUILLEADH (3) ▼
Séard atá do m'fhágáil buailte ar fad, nach bhfuil aon deis agam ach srathar agus cléibh leis an móin a tharraingt abhaile.
Cuiridh deis bhuailte oraibh fhéin — cuiridh sibh (meitheal) féin faoi réir le arbhar a bhualadh; (freisin nuair a bheadh dream ar tí a dhul ag troid)
Tá siad ag bualadh deis (fc. deis)
+
→
buille
I nDomhnach, má fhaighimse aon deis choíchin air, sin buille nach dtiocfaidh leis.
TUILLEADH (4) ▼
Is air nach mbeadh an mhairg an buille feill a thabhairt uaidh, dhá bhfaigheadh sé ar a dheis é.
Tosaíonn sé ag ealaín agus ní bheadh a fhios an súgradh nó dháiríre é nó go bhfaighe sé a dheis le buille spleách a thabhairt duit.
D'ólfadh sé dá mbeadh a dheis aige, ach níl a dheis aige. Sin é an buille, agus an buille dháiríre!
Thapaigh sé a dheis agus 'sí a leasmháthair a thógfadh air é ó tharla go bhfuair sé an buille bog ionat.
+
→
bunúsach
Má tá sé bunúsach fhéin, is dó is fusa mar is aige atá a dheis.
TUILLEADH (1) ▼
Tá S. bunúsach agus tá a shliocht air: tá airgead agus deis aige.
→
burla
Fainic an burla sin thíos ort fhéin. Tabharfaidh sé faoi na fabhraí (foghar, Cois Fharraige: foraí) dhuit é, má fhaigheann sé an deis ort.
Caithfidh mé a bheith ar m'aireachas féin níos mó air mar chuala mé go raibh sé geallta aige dhom an chéad áit a bhfaigheadh sé deis orm — caithfidh mé bheith san airdeall orm féin feasta mar tá sé geallta aige go mbuailfidh sé mé ach é ag fáil deise orm
Beidh sé i ndiaidh a shásaimh a bhaint amach i gcónaí go bhfaighe sé deis ort sa deireadh.
+
→
fionn 2
'Sí is finne dheise dhá bhfaca mé ariamh — bean shlachtmhar
TUILLEADH (1) ▼
'Sí an bhean is finne dheise í dhár chuir aghaidh le aer ariamh
Bíodh ciall agat! Fear foghlamtha thú i ndar liom fhéin, agus ina dhiaidh sin, tá floscaí agus flasúlacht an dream seo do do dhalladh. Ar inis tú é sin do Ch. Sin é an fear a d'inseodh duit cén deis iad. B'fhearr dóibh a dhul agus leasú na bliana anuraidh a íoc ná bacadh lena gcuid flasúlacht
→
fuaigh
Tá togha na feamainne ar na fuaigheannaí seanfharraige sin ach deis a bheith agat lena baint
→
istigh
Tá sé istigh agam dó, agus níl mé ach ag fuireacht (fuiríocht adeirtear i gCois Fharraige) le mo dheis
Is bocht nach leagfainn isteach acu ó fuair mé an deis, mar is corruair a bhfaigheadh an cat bradach fhéin aon bhrabach orthu
→
failligh
Seachain an bhfailleofá do dheis. Ní móide go bhfaightheá chomh réidh aríst í — don't miss/neglect your opportunity; tapaigh do dheis