Deisiú
—Briathar; Riaghalta
1.
a.
gléasadh, cur faoi réir, feistiú.
+–
Tá sé dhá dheisiú féin thiar 'san seomra = dhá ghléas féin; ag cur éadaigh air féin, nó ag stócáil le dhul in áit eicínt
Caitheann sí sin an lá dhá deisiú féin. Bíonn a shliocht uirre. Seod cheart í ar a theacht amach di
TUILLEADH (5) ▼
Cheal nach bhfuil tú deisighthe fós? Shoraidh dhíot! Beidh muid deireannach ag an Aifreann
Deiseochaidh mé mé féin anois. Níl le déanamh agam ach mo bhróga a athrú. Beidh muid luath go leor ar aon-nós
Ní raibh sí deisighthe len imeacht nuair a chuaidh mise ag glaodhach uirre, agus d'imigh liom ar m'aghaidh féin
Dheisigh mé mé féin len imeacht, ach an uair a tháinic an crudh ar an táirnge, níor chorruigh mé in a dheidh sin
Nach gránna an deisiú atá uirre = feisteas, gléas
+–
Ar dheisigh tú an róthar fós (ní deasú, ach rud ar bith a bheadh uireasbhach air — coscáin nó eile — a chur air)?
Ba cheart duit an churach sin thíos a dheisiú, agus ghabhfadh muid ar meath corr-uair. 'Ar ndú' níl de dheisiú ag tastáil uaithe, ach brat teara agus maidí rámha
TUILLEADH (9) ▼
Caithfidh mé carr an asail a dheisiú amach faoi chomhair an tsamhraidh
Tá sé ag deisiú an "jaunt" na laetheantaí seo, le dhul ag saothrú ar an rástaí. Is fadó an lá nachar thug sé amach cheana é
Caithfidh muid an teach a dheisiú faoi chomhair na tsagairt. Is againn a bhéas sé an "turn" seo = aol a chur suas, troscán a dheasú etc.
Deisigh suas an tslat iascach agus gabhfaidh muid síos lá eicínt go gcaitheamuid cupla urchar ar an gcarraig
Tá sí seo thuas ag deisiú túirne le dhul ag sníomhachán. Bhí T. ag cur cluasa ann aréir agus dhá sciúradh. A Dhia dhá thárrtháil! Tá sé na cianta ó chonnaic mé aon-túirne cheana
Nach bhfuil scair eangaighe annsin agadsa? Cuir le suain í agus deisigh amach í. Tá báire éisc ar ghob an Bh. Feicfidh tú bualadh ar iasc glas, má sheasann an aimsir seo
'Séard a bhí sé a dhéanamh ag deisiú cochaill le dhul ag saghdadh. Sin é an fear agad, agus deireadh a gcuid alluis tugtha ag a bhfuil 'san tír ag crapadh móna roimh na tuiltí
Tá sé ag deisiú an chairr sin le dhá uair, agus dheamhan a bhfuil deisighthe fós dhó
Ba cheart daoib na cocaí féir sin a dheisiú indiu, agus gan a bheith dhá bhfágáil níos fuide. An rud a theigheas i bhfad teigheann sé i roighineadas, adeir siad
+–
Tá an teach deisighthe aice anois l'aghaidh "gaedhilgeoirí"
Bhí an crann deilbhe deisighthe aice ar m'aghaidh isteach indiu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraidhe í, go dteigheann sí ag deilbh fós
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh an chruaichín choirce sin amuigh deisighthe agam, d'fhéadfainn mo scíth a leigean go ceann cupla lá = súgáin agus díon uirre
Tá bád deisighthe aige seo thíos anois faoi na cuid seolta bocóideacha bacóideacha … Ceadh nach bhfaca tú í ó 'chuir sé an seol uirre? Is breagh an ball i mbéal dorais anois í. Tá sé ag brath air a dhul ag déanamh aeir go h-Árainn agus go Condae an Chláir imbliana léithe
b.
a réidhtiú, a chur in úd, a stócáil, a shocrú.
+–
Dheisigh sé é féin 'san gcathaoir = shocruigh sé é féin innte
Deisigh tú féin annsin ar an stól = socruigh
TUILLEADH (5) ▼
Dheisigh sé é féin amuigh ingob na curaighe, ach ní túisce a bhí carraig Bh. na T. bailighthe amach againn ná ba mhian leis athrú go dtí an seas láir
Bhí sé deisighthe amuigh idtosach an bhus, agus drad flith-mhagaidh air
Ní raibh mé ach deisighthe ar an leabaidh go díreach nuair a chuala mé an chnagairt ar an doras
Nach air atá an deisiú istigh ar an teallach. Is agam a bheadh an sásamh anois, splanc dhearg a ghreamú dhá thóin, dhá mbadh rud é a chuirfeadh as a shógh é beagán
An bhfaca tú é dhá dheisiú fhéin ar aghaidh na gréine annsiúd. 'Sé a rinne an líomhán dhó fhéin
+–
Bhí sé deisighthe ceart ar achrann muis = faoi réir le dhul ag troid
Sin é an bhuac siúd. Tá sé deisighthe ar achrann i gcomhnaí
TUILLEADH (5) ▼
Tá tú deisighthe amach ceart ar dhamhsa bail ó Dhia ort = faoi réir agus fonnmhar
Uair í cheapfainn atá deisighthe amach ar bháistigh. Is olc an góthadh atá air. Tá sé dhá cothú ro-fhada, dhá mbeadh neart air
Sin ó thuaidh spéir atá deisighthe amach ar shneachta. Is furasta aithinte uirre é! 'Bhfeiceann tú an dreach atá uirre?
Tá sé siúd deisighthe i gcomhnaí le dhul 'un cainte len a rogha fear a chasfar thart
Sin oíche, dar leat, atá deisighthe amach ar ghála. An gcloiseann tú na sinneáin sin? Diabhal cleith a fhágfas siad ar an teach mara bhfuil ag Dia
+–
Indomhnach is deacair 'chuile dheisiú a dhéanamh. Tá treampáin mhóra anois ar dhream atá ag dul ag pósadh nach mbíodh orra fadó chor ar bith
Bhí 'chuile dheisiú déanta aige le dhul go Sasana, ach loic sé in a dheidh sin = 'chuile réidhteach; 'chuile théisclim
TUILLEADH (2) ▼
Mea'nn tú an bhfuil 'chuile dheisiú déanta agad anois? Ná dearmad aon-cheo ar aon-chor
Tá a fhios ag mo chroidhe gur deacair 'chuile dheisiú a dhéanamh l'aghaidh an Earraigh féin
+–
Deir siad go bhfuil an bheirt deisighthe le dhul go Meiriocá má's fíor é. Chreidfinn go bhfuil ar chaoi ar bith. Rugadh thall eisean, agus bhí sise ann cheana freisin
Níl mé deisighthe ar a dhul ag baint mhóna fós
TUILLEADH (1) ▼
Níl mé deisighthe a dhul ag cur fós. Is iomdha stócáil bheag a chaithfeas mé a dhéanamh shul a fhéadfas mé a rádh ": chugad a gharrdha"
c.
slacht nó maise a chur ar rud.
+–
Teach deisighthe é anois deirimse leat. An bhfaca tú an fuireann nuadh a chuir sí isteach. Bhainfidís an solas as do shúile leis an loinnir atá ionnta, idir chathaoireachaí boga agus buird
Tá teach deisighthe aice sin mo léan, ach d'eireochadh di, agus gan í ag déanamh aon-bhuille eile, ach ag sciúradh agus ag glantachán agus ag socrú
TUILLEADH (6) ▼
Is "bicycle" deisighthe ceart anois aige é. Is mór an feall nach bhféadann sé "three speed" a fháisceadh air
Is bean deisighthe ceart indiu í faoi na hata dearg agus cleiteadhachaí ann, agus bróga ar dhath na láibe atá thuas annsiúd thuas 'san bportach agam
Nach hé atá deisighthe amach! Ach cá bhfuair sé an parasól, nó cé'n ghnatha atá aige dhó?
Tabhair seomra deisighthe ar an bpárlús atá aca sin anois! Dheamhan ceo dhá mbeadh istigh i bpárlús an tsagairt nach bhfuil ann. Is mór an áilleacht é
Beidh carr deisighthe aige sin má bhíonn sé ag aonduine. Mo léan géar thú! Nach ag imeacht ag ealadhain le rudaí mar sin a chaitheas sé a chuid aimsire
Ba cheart duit an áit sin a dheisiú amach ceart: na clocha sin a bhaint, na logáin sin a líonadh agus crainte a chur ann
2.
rud a dheasú (Achréidh fc. deasú).