1.
a.
gléasadh, cur faoi réir, feistiú.
+–
Tá sé dhá dheisiú féin thiar sa seomra — dhá ghléas féin; ag cur éadaigh air féin, nó ag stócáil le dhul in áit eicínt
Caitheann sí sin an lá dhá deisiú féin. Bíonn a shliocht uirthi. Seoid cheart í ar a theacht amach di
TUILLEADH (5) ▼
Cheal nach bhfuil tú deisithe fós? Shoraidh dhíot! Beidh muid deireanach ag an aifreann
Deiseoidh mé mé féin anois. Níl le déanamh agam ach mo bhróga a athrú. Beidh muid luath go leor ar aon nós
Ní raibh sí deisithe le n-imeacht nuair a chuaigh mise ag glaoch uirthi, agus d'imigh liom ar m'aghaidh féin
Dheisigh mé mé féin le n-imeacht, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, níor chorraigh mé ina dhiaidh sin
Nach gránna an deisiú atá uirthi — feisteas, gléas
+–
Ar dheisigh tú an rothar fós? (ní deasú, ach rud ar bith a bheadh uireasach air — coscáin nó eile — a chur air)
Ba cheart duit an churach sin thíos a dheisiú, agus ghabhfadh muid ar meath corruair. Ar ndóigh níl de dheisiú ag teastáil uaithi, ach brat teara agus maidí rámha
TUILLEADH (9) ▼
Caithfidh mé carr an asail a dheisiú amach faoi chomhair an tsamhraidh
Tá sé ag deisiú an jaunt na laethantaí seo, le dhul ag saothrú ar an rástaí. Is fadó an lá nár thug sé amach cheana é
Caithfidh muid an teach a dheisiú faoi chomhair na tsagairt. Is againn a bheas sé an turn seo — aol a chur suas, troscán a dheasú srl.
Deisigh suas an tslat iascach agus gabhfaidh muid síos lá eicínt go gcaithe muid cupla urchar ar an gcarraig
Tá sí seo thuas ag deisiú tuirne le dhul ag sníomhachán. Bhí T. ag cur cluasa ann aréir agus dhá sciúradh. A Dhia dhá tharrtháil! Tá sé na cianta ó chonaic mé aon tuirne cheana
Nach bhfuil scair eangaí ansin agatsa? Cuir le suain í agus deisigh amach í. Tá báire éisc ar ghob an Bh. Feicfidh tú bualadh ar iasc glas, má sheasann an aimsir seo
Séard a bhí sé a dhéanamh, ag deisiú cochaill le dhul ag saighdeadh. Sin é an fear agat, agus deireadh a gcuid allais tugtha ag a bhfuil sa tír ag crapadh móna roimh na tuiltí
Tá sé ag deisiú an chairr sin le dhá uair, agus dheamhan a bhfuil deisithe fós dhó
Ba cheart daoibh na cocaí féir sin a dheisiú inniu, agus gan a bheith dhá bhfágáil níos faide. An rud a théas i bhfad, téann sé i righneadas adeir siad
+–
Tá an teach deisithe aici anois le aghaidh Gaeilgeoirí
Bhí an crann deilbhe deisithe aici ar m'aghaidh isteach inniu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraí í, go dtéann sí ag deilbh fós
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh an chruachín choirce sin amuigh deisithe agam, d'fhéadfainn mo scíth a ligean go ceann cupla lá — súgáin agus díon uirthi
Tá bád deisithe aige seo thíos anois faoina cuid seolta bocóideacha bacóideacha … Cé nach bhfaca tú í ó chuir sé an seol uirthi? Is breá an ball i mbéal dorais anois í. Tá sé ag brath air a dhul ag déanamh aeir go hÁrainn agus go Contae an Chláir i mbliana léithe
b.
a réitiú, a chur in úd, a stócáil, a shocrú.
+–
Dheisigh sé é féin sa gcathaoir — shocraigh sé é féin inti
Deisigh tú féin ansin ar an stól — socraigh
TUILLEADH (5) ▼
Dheisigh sé é féin amuigh i ngob na curaí, ach ní túisce a bhí carraig Bh. na T. bailithe amach againn ná ba mhian leis athrú go dtí an seas láir
Bhí sé deisithe amuigh i dtosach an bhus, agus drad flithmhagadh air
Ní raibh mé ach deisithe ar an leaba go díreach nuair a chuala mé an chnagairt ar an doras
Nach air atá an deisiú istigh ar an teallach. Is agam a bheadh an sásamh anois splanc dhearg a ghreamú dhá thóin, dhá mba rud é a chuirfeadh as a shó é beagán
An bhfaca tú é dhá dheisiú fhéin ar aghaidh na gréine ansiúd. 'Sé a rinne an liamhán dhó fhéin
+–
Bhí sé deisithe ceart ar achrann muis — faoi réir le dhul ag troid
Sin é an bhuac siúd. Tá sé deisithe ar achrann i gcónaí
TUILLEADH (5) ▼
Tá tú deisithe amach ceart ar dhamhsa bail ó Dhia ort — faoi réir agus fonnmhar
Uair í cheapfainn, atá deisithe amach ar bháistigh. Is olc an gotha atá air. Tá sé dhá cothú rófhada, dhá mbeadh neart air
Sin ó thuaidh spéir atá deisithe amach ar shneachta. Is furasta a aithinte uirthi é! An bhfeiceann tú an dreach atá uirthi?
Tá sé siúd deisithe i gcónaí le dhul chun cainte lena rogha fear a chasfar thart
Sin oíche, dar leat, atá deisithe amach ar ghála. An gcloiseann tú na soinneáin sin? Diabhal cleith a fhágfas siad ar an teach mura bhfuil ag Dia
+–
I nDomhnach is deacair chuile dheisiú a dhéanamh. Tá treampáin mhóra anois ar dhream atá ag dul ag pósadh nach mbíodh orthu fadó chor ar bith
Bhí chuile dheisiú déanta aige le dhul go Sasana, ach loic sé ina dhiaidh sin — chuile réiteach; chuile théisclim
TUILLEADH (2) ▼
Meánn tú an bhfuil chuile dheisiú déanta agat anois? Ná dearmad aon cheo ar aon chor
Tá a fhios ag mo chroí gur deacair chuile dheisiú a dhéanamh le aghaidh an earraigh féin
+–
Deir siad go bhfuil an bheirt deisithe le dhul go Meiriceá más fíor é. Chreidfinn go bhfuil ar chaoi ar bith. Rugadh thall eisean, agus bhí sise ann cheana freisin
Níl mé deisithe ar a dhul ag baint mhóna fós
TUILLEADH (1) ▼
Níl mé deisithe a dhul ag cur fós. Is iomaí stócáil bheag a chaithfeas mé a dhéanamh shula fhéadfas mé a rá: 'chugat a gharraí'
c.
slacht nó maise a chur ar rud.
+–
Teach deisithe é anois deirimse leat. An bhfaca tú an foireann nua a chuir sí isteach. Bhainfidís an solas as do shúile leis an loinnir atá iontu, idir chathaoireachaí boga agus boird
Tá teach deisithe aici sin mo léan, ach d'éireodh di, agus gan í ag déanamh aon bhuille eile, ach ag sciúradh agus ag glantachán agus ag socrú
TUILLEADH (6) ▼
Is bicycle deisithe ceart anois aige é. Is mór an feall nach bhféadann sé three speed a fháscadh air
Is bean deisithe ceart inniu í faoina hata dearg agus cleitiúchaí ann, agus bróga ar dhath na láibe atá thuas ansiúd thuas sa bportach agam
Nach é atá deisithe amach! Ach cá bhfuair sé an parasól, nó cén ghnaithe atá aige dhó?
Tabhair seomra deisithe ar an bparlús atá acu sin anois! Dheamhan ceo dhá mbeadh istigh i bparlús an tsagairt nach bhfuil ann. Is mór an áilleacht é
Beidh carr deisithe aige sin má bhíonn sé ag aon duine. Mo léan géar thú! Nach ag imeacht ag ealaín le rudaí mar sin a chaitheas sé a chuid aimsire
Ba cheart duit an áit sin a dheisiú amach ceart: na clocha sin a bhaint, na logáin sin a líonadh agus crainnte a chur ann
2.
rud a dheasú (Achréidh, fc. deasaigh).
deisigh in iontrálacha eile (8)
Bhí S. gróigthe istigh chois an teallaigh agus chuile chosúlacht air go mba é a chaladh ar feadh na hoíche é. Nach diabhaltaí an dallach dubh a chuir an ceann eile air ina dhiaidh sin, nuair a thosaigh sé ag saighdeadh faoi, agus gur éirigh sé agus gur dheisigh sé an seanbhicycle nárbh fhéidir a dheisiú ar maidin má b'fhíor dó féin. Dheisigh a mh'anam, agus lasc leis an mbeirt siar ar an T. ag céilí
→
deil 1
Chaith mé an lá leis an mbicycle dhá dheisiú. Tá sé ar deil anois dhá mbeadh tyre deiridh agam. Ach sin é an aimléis. Ní féidir a bhfáil
+
→
diogáil
Bhí mé ag breathnú istigh ag an aifreann inniu air. Tá a chloigeann chomh bearrtha chomh diogáilte aige. Agus tá plait in uain a chinn, agus na cupla ribe fada atá ar chaon taobh di slíoctha sall (anonn) ar an bplait i riocht is nach mbeadh sí le feiceáil. 'Sé atá deisithe go deas aige
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé dhá bhearradh agus dhá dheisiú féin nó go raibh sé chomh giogáilte le eireoig
→
dol 1
Tá siad deisiúil, ach m'anam má tá fhéin go bhfuil an t-an-dola ar an teach siúd. Ar ndóigh, ní teach é ach beairic. Cén chaoi ar dheisigh siad é? Is maith an poll i gcéad punt a chuirfeadh a bhfuil de throscán i seomra amháin ann. Diabhal bréag!
M'anam muise nach bhfuil de chailleadh ar an donn réidh féin má dheisíonn tú amach ceart í. 'Sí atá ar an teach nua sin uileag ag clann Mh. Ph. — an teach a rinne siad fhéin. Ar ndóigh, is ansiúd buailte orthu atá a tabhairt amach. Dúshlán aon duine drannadh léithe feiceamuist. An t-éan féin, ní chorródh d'oíche ná de ló nach mbeadh braite ag duine eicínt acu
→
dorcha
Tá muid ina (ár) muintir Dhorchaigh aríst. Cén smál atá ar an seanlampa seo. Tá sé múchta aríst. Dar fiagaí, chuir mé an iomadú carbide ann, ach b'fhéidir nach bhfuil an t-uisce ag dul chuige. Caithfidh tú fuiríocht liom aríst nó go ndeisí mé é