Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
mar réimmír aidiachta nó bréithir: dínáireach, díshláinteamhail, dífhascamhail, dímheabhrach, dícéillidhe, dímheasctha, díthochras agus rl.
Dínáire, díshláinte, dífhascadh, díchreideamh, dímheabhair, díthráigh = tá an focal , díth, in a chuid chorpanta d'fhocla de'n tsórt seo

in iontrálacha eile (14)

+
Rinne sé dí-chúis dom. Leag sé a raibh de chlaidheachaí ar na barra garbha agam agus gan a dhath údair aige leis, ach lá annseo ar iarr sé an carr orm le aistir móna a thabhairt abhaile. Ní raibh aon-ghoir agam a thabhairt dó an lá céadna thar laetheantaí an domhain, arae bhí mé féin ag feamnadh an lá céadna. Dubhairt mé leis mara raibh aon-dlúthas mór leis, é a fhágáil go dtí an lá dár gcíonn, agus go bhféadfadh an carr a bheith aige ar feadh an lae. Ach d'imigh sé uaim mar a bhuailfeá ar an gcluais é. Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, tá smut air liom
TUILLEADH (7) ▼
Má ghníonn sé dí-chúis ar bith dhuit íocfaidh sé ann feicfidh tú fhéin air. Fuagair do'n phóilí é agus ceannsóchaidh sé sin é deirimse leat. Má chuireann sé aon-cheo as duit thairis sin gheobhaidh tú a luach. Ná bíodh faitíos ort
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá an droch-fháisc annsin. Is maith éascaidh a dhéanfadh sé dí-chúis dhuit dhá gcaitheadh sé in a cheann é. D'orduigh Dia an anachain a sheachaint
Níorbh fhearr leis sin ag ithe a bhéilí ná ag déanamh dí-chúis' ar dhaoine. Sin é a bhuac. 'Bhfaca tú an cleas a rinne sé ar L. an uair a d'eitigh sé é faoi'n inghin. Chuir sé caiple na dtinncéaraí uiliog isteach in a chuid cuir, gur thalltuigh agus gur rómhair agus gur fhoghluigh siad é as cnáimh éadain. Anois a bhfuil biseach agad?
Dheamhan duine ar fhéad sé sin ariamh é nach ndearna sé dí-chúis air. Tá fíor-dhroch-chroidhe aige. Is bró mhuilinn dó sin a shaoghal mar is mór leis 'chuile dhuine, ná rud ar bith a bheith ag an gcomharsa
Rinne an bhudóg sin dí-chúis dom. Bhí an-ghealladh fúithe, ach níor tháinic biseach ar bith fúithe mar sin fhéin. Th'éis gur choinnigh mé í le leath-bhliain ag ceapadh igcomhnaí go raibh údar maith innte, agus go sceinnfead sí amach, dheamhan ionga ná orlach a tháinig uirre ó shoin. Ní bréag ar bith dhom a rádh go ndearna sí dí-chúis dhom
Cé'n chaoi a ndearna sí dí-chúis dom? Breathnuigh ar a comh-aois de bhromach: é sin thiar ag M. Dhá bhfaighteá-sa breith agus dá roghain ar an bpéire, cé aca a thóigfeá? … Ceann M. d'eile. Agus annsin déarfaidh tú nach ndearna mo cheann-sa dí-chúis orm féin
Níl beithidheach ar bith is mó a dhéanfadh dí-chúis ar dhuine ná an "breed" mór sin. Bíonn an-bhiseach fútha an uair a bhíos sé fútha, ach níor dhóichide sin ná go bhfanfaidís in a ndubhradáin dona ar nós an ceann sin thiar ag J. Th. Níl rath ná righeacht air sin
 
Sin anois searrach nachar ól a lacht ariamh, agus déarfá nach donaide é marar ól féin. Is dílleachta é. Bascadh an mháthair i sean-chlochar annsin thiar trí nó ceathair de laetheantaí th'éis searrach a bheith aice. Chuaidh sí isteach ann ar chuma eicínt, agus cuireadh ar chúl a cinn idir dhá chloich í, agus ní raibh ann ach go raibh sí dí-bheo nuair a fríothadh í. Má seadh féin, níor tháinic sí as
 
Tá na gasúir sin aige an-dí-mheabhrach adeir siad
+
Tá sí an dí-mheasctha (an ghaoth) = tá sí an-luainneach; ní túisce thoir ná thiar í
TUILLEADH (1) ▼
Tá an aimsir an-dí-mheasctha. Ní túisce in a shamhradh ná in a gheimhreadh é. Bhí scathamh de'n trathnóna indé go h-aoibhinn, ach chuaidh sé ar ghála annsin ag dul a chodladh dhuinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
 
Bhí díogarnach anála ann agus a chuisle ag bualadh ar éigin. 'Sé a raibh ann go bhféadfá a rádh go raibh sé dí-bheo. Cuireadh fios ar an sagart ar an toirt, ach má cuireadh féin níor rug sé beo air. Chuir sé an ola air mar sin fhéin. Ba mhór an scéal é — buachaill breagh mar é. Dubhradh ag an gcuisle féin é. Thug an Cróinéara "an-character" air
 
Is fada dí-shláinteamhail í, ach bhí sí ag crochadóireacht léithe go dtí le goirid